Fuair páistí Scoil Ṗádraig na laeṫeanta
saoire Dé hAoine. Ḃí "Spórtanna" aca i
bpáirc na himearṫa um ṫráṫnóna, agus ḃí árd-
ṡaoġal aca. B'é an múinteoir a ṡocruiġ clár
na gcomórtas agus b'é a ṫug na duaiseanna
ḋóiḃ.
Ḃí "Rás céad slat" do sna garsúin óga
ar dtúis. Do ṡéid an múinteoir an ḟeadóg
agus do riṫeadar leo. Ba ṁór an greann
ḃeiṫ ag féaċaint orṫa. Cad ḋéanfaḋ Tomás
Ó Broin aċ dul sa treo mí-ċeart! Do ṫuit
beirt eile ar mullaċ a gcinn an nóimeant a
ċromadar ar riṫ. B'é Seán Mac Gaḃann a
ḃuaiḋ an rás agus fuair sé liaṫróid mar ḋuais.
Ḃí "Léim Árd" annsan do sna garsúin móra.
Ḃí ḋá ċuaille sáiḋte sa talaṁ aca, agus bata
treasna eatorra. Do leag Seán Ó Broin an
bata gaċ uair do léim sé. Do riṫ garsún
eile féin mbata in ionad léim a ċaiṫeaṁ, agus
|