"Duḃairt cuid de sna garsúin ar scoil
indiu go raiḃ siad fuar agus ḃí an múinteoir
ag magaḋ fúṫa," arsa Liam Ó Broin le Seana-
Ṫaḋg an ċeád tráṫnóna eile.
"Cad 'na ṫaoḃ go raiḃ sé ag magaḋ fúṫa ?"
arsa Seana-Ṫaḋg.
"Duḃairt sé ná fuil aon ċúis ġearáin ag
éinne in Éirinn mar ná bíonn an aimsear ró-
ḟuar ann riaṁ," arsa Liam. "Duḃairt sé go
ḃfuil tíorṫa i ḃfad ó ṫuaiḋ ó Éirinn 'na
mbíonn sneaċta agus leac oiḋre ó ċeann ceann
na bliaḋna. An raiḃ tusa riaṁ in aon tír
aca san ?"
"Ní raiḃ," arsa Taḋg. "Cionnas a raġainn
agus an ḟairrge timċeall ar na tíorṫa san
reoiḋte i gcóṁnaiḋe ?"
"An ḃfuil aon eolas agat 'na dtaoḃ ?"
arsa Liam.
"Tá, beagáinín," arsa Taḋg.
|