arsa Taḋg, "ag fiaḋaċ agus ag iascaraċt a
ċaiṫeann siad an t-am."
"An ag fiaḋaċ coiníní a ḃíonn siad ?" arsa
Liam.
"Ní heaḋ, go deiṁin," arsa Taḋg, "an
t-eleṗant a ḃíonn 'á ḟiaḋaċ aca. Ġeiḃeann
siad luaċ mór ar a ċuid fiacal."
"Ní foláir nó tá a lán eleṗant ann," arsa Liam.
"Tá siad go hana-ḟlúirseaċ ins na coillte
tiuġa atá ag fás ar ḃruaċa na n-aḃann," arsa
Taḋg.
"An ḃfuil na mná ċoṁ leisceaṁail leis na
fir ?" arsa Liam.
"Níl siad in aon ċor," arsa Taḋg. "Siad
na mná a ḋeineann an ċuid is mó de'n obair.
Baineann siad an t-arḃar agus meileann siad
é. Deineann siad ciseáin as an ḃféar tirm.
Deineann siad soiṫiġ ċré agus leigeann siad
dóiḃ tiormú fé'n ngréin."
"Cad é an sórt scoileanna a ḃíonn aca ?"
arsa Liam.
"Ní ḃíonn aon scoileanna aca agus ní
ḟaġann na páistí aon oideaċas," arsa Taḋg.
"Téiġeann cuid ṁaiṫ daoine geal ann anois
a d' iarraiḋ iad a ṁúineaḋ. Go raiḃ raṫ Dé
ar a gcuid oibre."
|