"Ní fada go mbeiḋ go leor Gaeḋilge aca
nuair a ḃeiḋ mise á múineaḋ," arsa Nóra.
"Múinfiḋ mé cluiċí agus rannta agus aṁráin
Ġaeḋilge ḋóiḃ. Ní laḃarfaiḋ mé leo aċ an
Ġaeḋilg agus geallaim duit naċ fada go mbeiḋ
sí go blasta aca."
"Cad 'na ṫaoḃ ná leigfiḋ tú ḋóiḃ Béarla
a laḃairt ?" arsa Tomás.
"Mar 'sí an Ġaeḋilg teanga na hÉireann,"
arsa Nóra. "'Sí an Ġaeḋilg an teanga a
laḃair na naoiṁ fadó. 'Sí an Ġaeḋilg a
laḃair mo ṡean-aṫair agus mo ṡean-ṁáṫair.
'Sí an Ġaeḋilg is cóir dúinne laḃairt leis, agus
laḃarfaimíd í."
Saiġdiúir beag dearg ar ḃárr na gcrann
Cloċ 'na lár agus caipín ar a ċeann ?
Sceaċóg.
|