"Beiḋ mise im' ṁúinteoir nuair a ḃeiḋ mé
mór," arsa Nóra oiḋċe aṁáin, nuair ḃí an
obair teinteáin déanta aici.
"Tusa id' ṁúinteoir ! " arsa Tomás. "Tusa
a ḃíonn ḋá uair a ċluig ag gaḃáil do ċúpla
ceist uiṁriḋeaċta ! Ba ḋeas an múinteoir a
ḋéanfá go deiṁin ! "
"Aċ beiḋ eolas agam ar gaċ rud de'n
tsórt san nuair a ḃeiḋ mé im' múinteoir,"
arsa Nóra. "Caiṫfiḋ mé cúpla bliaḋain ar
Ċoláiste ag foġluim."
"Agus cad a ḃeiḋ á múineaḋ agat do sna
páistí ?" arsa Tomás.
"Múinfiḋ mé gaċ rud dóiḃ, aċ an Ġaeḋilg
go háiriṫe," arsa Nóra. "Ní leigfiḋ mé
d'aon ṗáiste im' rang focal Béarla a laḃairt."
"Aċ beiḋ orṫa Béarla a laḃairt," arsa
Tomás. "Má's leanḃaí óga iad ní ḃeiḋ focal
Gaeḋilge aca."
|