Do rug sé leis sleaġ, camán agus liaṫróid.
Nuair ṡrois sé Eaṁain Maċa ḃí cluiċe
iomána 'á imirt ag na garsúin ann. Do riṫ
Cúċulainn isteaċ sa ṗáirc agus ḃuail sé an
liaṫróid le na ċamán féin. Ṫáinig fearg ar
na garsúin eile agus ṫug siad foġa fé le n-a
gcuid camán.
Ḃí Cúċulainn níos óige ná éinne aca aċ mar
sin féin d'éiriġh leis iad go léir a ḃualaḋ.
Ċuir sé an ruig ar ḋuine aca agus do lean
sé é isteaċ i mboṫán 'na raiḃ an Rí.
Do rug an Rí greim ar Ċúċulainn agus ar
seisean : "Cé hé tusa ?"
"Is mise mac do ḋeirḃṡéara," arsa
Cúċulainn.
Deineaḋ síoṫċáin idir é féin agus na garsúin
eile annsan. Ḃí sé 'na ċeannaire orṫa as
san amaċ.
Bairillín beag agus é lán d'ḟeoil ?
Méaraċán.
|