Ḃí Rí ar Ċúige Ulaḋ fadó. Conċuḃar Mac
Neasa an ainm a ḃí air agus ḃí sé 'na
ċóṁnaiḋe in Eaṁain Maċa. Ḃí arm mór de
laoċra aige 'na ṗálás. An Ċraoḃ Ruaḋ an
ainm a ḃí orṫa.
Aċ b'é Cúċulainn an laoċ ba ċalma orṫa.
Do rug i gConndae luġḃaiḋ é agus ba
ḋeirḃṡúir do Ċonċuḃar Mac Neasa a ṁáṫair
Ní raiḃ ann aċ garsún nuair a d'imṫiġ sé go
hEaṁain Ṁaċa ċun dul isteaċ in arm an Ríoġ.
|