Ċrom Taḋg ar a ḋinnéar d'iṫe agus níor ḟág sé pioc de 'na ḋiaḋ. Nuair smaoin sé ar an dá scéal a ċuala sé ṫuig sé gur ċóir meas a ḃeiṫ aige ar an mbiaḋ. Iṫeann sé a ḋinnéar gaċ lá anois agus ní ċloiseann éinne ag gearán é.