Maidin moċ do ġaḃas amaċ
Ar ḃruaċ Loċa Léin;
An Saṁraḋ teaċt 'san ċraoḃ le n-ais
'Gus lonnraḋ te ó'n ngréin;
Ar taisteal dom tré ḃailte puirt
'Gus bánta mine réiḋe;
Cia ġeoḃainn lem' ais aċ an cúilfionn deas
le Fáinne Geal an Lae.
Ní raiḃ bróg ná stoca caḋp ná clóc'
Ar mo stóirín óg ó'n spéir;
Aċ folt fionn órḋa síos go troiġ
Ag fás go bárr an ḟéir;
Ḃí calán crúiḋte 'ci 'na glaic
'S ar ḋrúċt ba ḋeas a scéiṁ;
Do ṫug bárr-gean ó Ḃénus deas
le Fáinne Geal an Lae.
|