"Ní ceart suḃ a ḃeirḃiú go láidir," arsa
Mam, "is miṫid duit é a ċur ag cnáṫairt
anois."
Ḃain Síle an corcán de'n dteine agus ċuir
sí ar an dteinteán é.
"Tóg píosa ḋe ar an bpláta féaċaint an
ḃfuil sé tiuġ go leor," arsa Mam, "cuir
ins na potaí gloine é."
Ḋoirt Síle steall maiṫ de'n tsuḃ isteaċ i
bpota.
"Ó, tóg bog é, a Ṡíle," arsa Mam, "nó
scoiltfiḋ an suḃ te an pota."
Aċ d'éiriġ le Síle na potaí a líonaḋ gan
duaḋ, agus ḃí bród mór uirṫi nuair ḃí an
gnó déanta aici.
Tagann sé isteaċ ar ġuailne daoine
Téiġeann sé amaċ 'na ṡnáiṫín síoda? Móin.
|