Ḃí Daid agus Tomás ar an aonaċ Dé Luain
ag díol dá ḃulán. D'imṫiġ Daid ar a sé a
ċlog ar maidin. Ba ṁaiṫ le Tomás dul an
uair sin leis aċ ní leigfeaḋ Daid dó.
"Tiocfaiḋ tusa isteaċ timċeall a hoċt ar
maidin," ar seisean le Tomás, "agus taḃarfaiḋ
tú an trucail agus an capall leat ċun mé do
ṫaḃairt aḃaile."
|