Cad a ḋéanfaimíd feasta gan aḋmad?
Tá deire na gcoillte ar lár,
Níl tráċt ar Ċill Ċais ná a teaġlaċ,
'S ní cluinfear a cling go bráṫ.
An áit úd 'na gcóṁnuiġeaḋ an deiġ-ḃean
Fuair gradam a's meiḋir ṫar ṁnaiḃ,
Ḃíoḋ iarlaí ag tarraing ṫar tuinn ann,
'S an tAifreann doiṁinn dá ráḋ.
Tá ceo ag tuitim ar ċraoḃ ann
Ná glanann le gréin ná la,
Tá smúid ag tuitim ó'n spéir ann,
'S a cuid uisce go leír a' tráġaḋ.
Níl coll, níl cuileann, níl caor ann
aċ cloċa 'gus maol-ċloċáin,
Páirc an ḟoraoise gan craoḃ ann
A's d'imṫiġ an géim ċun fáin.
|