Lá ſaṁɼaiḋ go ɼaḃaſ i Maɼſeilleſ ḃíoſ ag ſnáṁ ſan
Mediteɼɼanean aguſ má ḃí, ba ḋóbaɼ ḋom mo ṗoɼt a ḃeiṫ
ſeinnte. Ṫáinig ċuġam, le gluaiſeaċt aguſ le miɼe, iaſc
an-ṁóɼ le 'na ḃéal aɼ oſcailt. Cad a ḋeineaſ aċt mé féin
a ḋéanaṁ ċoṁ beag, caol aguſ do b'ḟéidiɼ liom, mo ċoſa
ċuɼ go dlút le n-a ċéile aguſ mo láṁa ſíoſ díɼeaċ le mo
ṫaoḃ, aguſ 'ſan gcuma ſan do ċuaḋaſ tɼé ḃéal an éiſg aguſ
iſteaċ 'na ḃolg. Ḃí ſé doɼċada duḃ ann, aguſ, áɼ ndóiġ,
ḃí ſé compóɼdaċ te. Taɼ éiſ maċtnaṁ ſeal liom féin,
ċeapaſ dá dtaḃaɼfainn pian dó, go mbaḋ ṁaiṫ leiſ ſcaɼa-
ṁaint liom. Annſan ṫoſnuiġeaſ ag imiɼt aguſ ag léimɼiḋ
aguſ ag daṁſa aguſ 'ſé an ɼud iſ mó a ċuiɼ iſteaċ aiɼ ná
coɼn-ṗípe. Nuaiɼ ṫoſnuiġeaſ aiɼ ſin, ṫug ſé cúpla léim aſ.
Do leanaſ liom aɼ an ɼinnce. Taɼ éiſ tamall do leig ſé
búiɼt áɼd aſ, aguſ búiɼt eile 'na ḋiaiḋ ſin, annſan do
ṗɼeaḃ ſé 'na ẛeaſaṁ go díɼeaċ, a ċeann amaċ aſ an uiſce
aguſ a eaɼball i n-íoċtaɼ. Ḃí long tɼáċtála Iodálaċ ag
|
|