meaḋċaint cúpla tunna an ceann i ɼoinnt aca, aċt do ẛeol
an ġaoṫ ċoṁ h-áɼd ſan ſa ſpéiɼ iad guɼ ḋóiġ le duine naċ
ɼaiḃ ionnta aċt cleití beaga a ḃeaḋ aɼ éinín ḃeag, ḃíodaɼ
cúig ṁíle ſliġe aɼ a laiġead óſ cionn an talaiṁ. Aguſ
nuaiɼ ċuaiḋ an ſtuiɼm i n-éag do ṫuiteadaɼ go léiɼ anuaſ
díɼeaċ inſ na h-áiteannaiḃ 'na ɼaḃadaɼ ċeana aguſ ṫoſnui-
ġeadaɼ ag fáſ aɼíſ. Aċt ſan, ḃí aon ċɼann aṁáin aca náɼ
ṫuit aguſ b'é ſin an cɼann ba ṁó díoḃ. Do ḃí feaɼ aguſ a
ḃéan 'na ſuiḋe aɼ ġéagaiḃ an ċɼainn ſeo, lánaṁa macánta,
tá'ſ agat, a ḃí ag baint cúcumaɼ ('ſan tíɼ ſin fáſann an
glaſaɼa ſan aɼ na cɼannaiḃ); 'ſeaḋ, ḃíodaɼ ag baint cúcamaɼ
nuaiɼ d'éiɼiġ an ġaoṫ aguſ ſcuabaḋ ſuaſ ſan aeɼ iad i
dteannta an ċɼainn. Toiſc meaḋċaint an lánaṁan níoɼ ṫuit
an cɼann go díɼeaċ aċt ṫáiniġ ſé ċum talaiṁ i ngáiɼdín 'na
ɼaiḃ pɼíoṁ-ḟeaɼ an oileáin ag ſiuḃal. Do leag an cɼann an
pɼíoṁ-ḟeaɼ fé aguſ do ṁaiɼḃ é aɼ an bpoinnte. Ba ṁaiṫ
maɼ ṫáɼla aguſ ḃí áṫaſ aɼ ċɼoiḋe gaċ éinne de ṁuinntiɼ an
oileáin maɼ ba ḋana aguſ ḃa ẛainnteaċ an duine é, an
pɼíoṁ-ḟeaɼ úd aguſ ḃí na daoine cɼeaċta, aguſ go beo
|
|
|