94 AESOP
AN GAḂAR NEAṀBUIḊEAĊ
Ċuaiḋ gaḃaɼ, aguſ é ag teiṫe óſ na
fiaḋaiḋṫiḃ, iſteaċ i ḃfíonġoɼt. Do luiġ ſé
aɼ ſgáṫ an duilleaḃaiɼ aguſ ḃí ſé i ḃfolaċ
óſ na fiaḋaiḋṫiḃ. Ċoṁ luaṫ aguſ ċeap
ſé go ɼaiḃ na fiaḋaiḋṫe imṫiġṫe ċɼom ſé
aɼ an nduilleaḃaɼ a ḋ’iṫe. Do tugaḋ fé
ndeaɼa na géaga ag coɼuiġe. Ṫáinig na
fiadaiḋṫe ċun na h-áite. Fuaɼadaɼ an gaḃaɼ
aguſ do ṁaɼḃuiġeadaɼ é. Saɼ aɼ imṫiġ an
t-anam aſ duḃaiɼt ſé an focal :-
“ Ní’l fáġalta agam aċ an ɼud atá tuillte
agam. Ní ɼaiḃ aon ċeaɼt agam díoḃáil a
déanaṁ do’n ɼud a ḃí am’ ċoſaint aɼ mo
naṁaid ! ”
An Múine :
Ní’l maiṫ iſ uaiſle ’ná maiṫ i n-aġaiḋ an
uilc. Ní cóiɼ ḃeiṫ buiḋeaċ de’n t-é ḋéan-
fid maiṫ i n-aġaiḋ na maiṫeaſa. An t-é
ḋéanfiḋ olc i n-aġaiḋ an uilc, iſ olc an ɼud
le déanaṁ é, aċ b’ḟéidiɼ náɼ ḃ’ḟuiɼiſte
ḃeiṫ dian aiɼ uaiɼeanta nuaiɼ a déanfí an
t-olc ɼó ġɼána aiɼ. Aċ an t-é ḋéanfiḋ
olc i n-aġaiḋ na maiṫeaſa, ní fioſ cad é an
pionóſ iſ ceaɼt a ċuɼ aiɼ.
Dein-ſe maiṫ i n-aġaiḋ an uilc.
Dá ndeineaḋ gaċ aoinne maiṫ i n-aġaiḋ
an uilc níoɼ ḃ’ḟada go mbeaḋ an t-olc
díbeaɼṫa aſ an ſaoġal.
|