A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 93
“ An ɼaiḃ ſé ċóṁ móɼ ſo ? ” aɼ ſiſe, aguſ
do ẛúiġ ſí tuille gaoiṫe iſteaċ.
“ Aċ, a ṁam,” aɼ ſiad, “ dá mbeifá ag
ſúġaḋ gaoiṫe iſteaċ go deo ní ḃeifá
ċóṁ móɼ leiſ ſiúd ! ”
“ An ɼaiḃ ſé ċóṁ móɼ ſo ? ” aɼ ſiſe,
aguſ do ẛúiġ ſí tuille gaoiṫe iſteaċ.
Ṡúiġ ſí an iomad de’n ġaoiṫ iſteaċ an uaiɼ
ſin, aguſ do ſgoilt uiɼṫi, aguſ ṫuit an
t-anam aiſti.
An Múine :
Ná bí-ſe ſuaſ a’ſ anuaſ le daoine atá
níoſ mó aguſ níoſ ſaiḋḃɼe ’ná ṫu féin,
nú ſgoiltfiḋ oɼt. Ní’l an guſtal agat
ċuige aguſ iſ aṁlaiḋ a beifaɼ ag magaḋ
fút. Déaɼfaɼ guɼ ag ɼiṫ i ndiaiḋ na
h-uaiſleaċta a ḃeiɼ. Déanfiɼ éagcóiɼ oɼt
féin. Bɼiſfaɼ ṫu. Sgoiltfiḋ oɼt. Anſan
ní ḃeiḋ tɼuaġ ṫíoſ ná ṫuaſ duit.
|