A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 57
Tá foɼmad iſ meaſa ’ná ſúd ann, .i. an
foɼmad a ḃainfaḋ an dá ẛúil aſ féin ċun
aon tſúil aṁáin do ḃaint a’ duine eile.
An Múine :
An t-é ḋéanfiḋ díoḃáil d’á ċóṁaɼſain
le coɼp dɼoċ-aigne déanfiḋ ſé díoḃáil
iſ mó ’ná é dó féin, .i. díoḃáil anama.
FUAR AGUS TEIṪ
Ḃí feaɼ ag imṫeaċt tɼé ċoill. Lá fuaɼ
dob eaḋ é. Ḃí fuaċt aguſ ocɼaſ aɼ an
ḃfeaɼ. Do ḃuail duine fiaḋain uime.
Táinig tɼuaġ ag an nduine fiaḋain dó.
Do ɼug ſé leiſ iſteaċ i n-a ṗluaiſ féin é. Ḃí
an fuaċt ag cuɼ aɼ an ḃfeaɼ ċóṁ móɼ ſan
go ɼaiḃ a ṁéiɼeana le n-a ḃéal aige aguſ
ó ’ġá ſéide.
“ Cad ċuige go ſéidean tú do ṁéiɼeana ? ”
aɼſan duine fiaḋain.
“ Cun iad do ṫéiḋ,” aɼſan feaɼ.
Aɼ ball ṫug an duine fiaḋain bia teiṫ
dó. Ḃí an bia ɼó ṫeiṫ aguſ ḃí an feaɼ ’ġá
ẛéide.
“ Cad ċuige go ſéidean tú an bia? ”
aɼſan duine fiaḋain.
“ Cun é ḟuaɼaḋ,” aɼſan feaɼ.
“ Séidean tú ɼud ċun é ṫéiḋ aguſ ſéidean
tú ɼud ċun é ḟuaɼaḋ ! ” aɼſan duine fiaḋain.
“ Imṫiġ aſ ſo ! ” aɼ ſeiſean. “ Ní ṫaiṫnean
|