46 AESOP
An Múine :
“ Iſ tɼeiſe dúṫċaſ ’ná oileaṁaint.”
“ Bɼiſean an dúṫċaſ tɼé ẛúiliḃ an ċait.”
“ An ḟaid a ṁaiɼfiɼ féin iſeaḋ ṁaiɼfiḋ do
ḃéaſ!”
“ Maɼ a ṁaiɼiſ ɼiaṁ iſeaḋ ṁaiɼfá ċoiḋċe,
Ó ṫúiſ an ċluiċe go deiɼe na ſgɼíbe.”
(An Peacaċ ⁊ an Báſ.)
AN LEÓN, AGUS AN MAĊTÍRE, AGUS AN
MADA-RUAḊ
Ḃí an león ag dul i n-aoiſ, aguſ ḃí ſé gan
ḃeiṫ aɼ fóġnaṁ. Ṫáinig na beiṫiḋiġ go léiɼ
go h-uṁal ’ġá ḟéaċaint aċ aṁáin an mada-
ɼuaḋ.
“ Ní ḟeadaɼ cad ’tá ag coimeád an ṁada-
ɼuaiḋ,” aɼſan león.
“ Tá a ḟioſ agam-ſa cad ’tá ’ġá ċoimeád,”
aɼſan maċtíɼe “ Ceapan ſé náċ baoġal dó
feaſta ṫu, aguſ ní ḟéadfaḋ ſé gan a ḋɼoċ-
iompuɼ do ṫaiſbeáint.”
Ḃí an mada-ɼuaḋ amuiċ ag éiſteaċt leiſ
an gcainnt. Do ṗɼeab ſé iſteaċ láiṫɼeaċ.
“ A ɼí onóɼaiġ ! ” aɼ ſeiſean, “ gaḃ mo
leaṫſgéal ! Ḃeinn anſo fadó ɼiaṁ aċ tá
an dúṫaiġ ſiuḃalta agam ag loɼg leiġiſ do
t’ onóiɼ, aguſ tá an leiġeaſ agam, le toil
t’ onóɼa.”
“ Iſ maiṫ é ſin ! Iſ maiṫ é ſin ! ” aɼſan
león. “ Cad é an leiġeaſ é ? Iniſ é. Iniſ é.”
“ Tá,” aɼſan mada-ɼuaḋ, “ an cɼoicean
do ḃaint beo de ṁaċtíɼe aguſ é ḟilleaḋ
teiṫ aɼ do ċeann.”
|