36 AESOP
An Múine :
“ Cogaḋ caɼad caoi naṁad.”
“ Ní ḃíon an ɼaṫ aċ maɼ a mbíon an ſmaċt.”
An ċéad ſmaċt ’ná a ċéile ſmaċt aɼ ḋuine
féin. An ṁuíntiɼ ná cuiɼfiḋ ſmaċt aɼ a
mioſcaiſ féin, ní ḃeid ċoiḋċe aċ ag bɼuiġean
aguſ ag clampaɼ aguſ ag tɼoid, ag iṫe a
ċéile aguſ ag ſtolaḋ a ċéile, aguſ na
cóṁaɼſain ag magaḋ fúṫa, go dtí fé ḋeiɼe
go dtagan a naṁaid ḃunaiḋ aguſ go gcuiɼean
ſé a ṁalaiɼt de ċúɼam oɼṫa.
Iſ uſa do ḋuine é féin ’ġá ſmaċtú
féin ’ná a naṁaid ’ġá ſmaċtú.
|