A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 33
Anſan do laḃaiɼ luċ na tuaṫa le n-a
ċaɼaid. “ Má’ſ é ſeo ſaoġal atá agat
anſo,” aɼ ſeiſean, “ ní beag liom-ſa ḋe ! ”
D’ éaluiġ ſé amaċ aguſ d’ éaluiġ ſé aḃaile,
aguſ ba ṁaiṫ an t-é ḟéadfaḋ é ṁeallaḋ
i dtɼeo na caṫaɼaċ aiɼíſ. Nuaiɼ ḃuailidíſ
na luċaiġ a ḃí ſa ċóṁaɼſanaċt uime ó am
go h-am, aguſ nuaiɼ ḟiafɼaiġdíſ de cad é
an ſaġaſ áite an baile móɼ, ní ḟéadaidíſ a
ḟáġail aſ ċoiḋċe aċ - “ Ní caṫaiɼ maɼ a
ṫuaiɼiſg é ! ”
An Múine :
Seaċain aeɼ an tſaoġail. Seaċain an uaiſ-
leaċt náɼ ṫaiṫiġiſ. “ Ní caṫaiɼ maɼ a
tuaiɼiſg í.”
“ Iſ buan feaɼ i n-a ḋúṫaiġ.”
AN ḞIOLAR AGUS AN MADA-RUAḊ
Ḃí fiolaɼ ag ſoláṫaɼ d’á h-ál maidin.
Do ċonaic ſí ag bɼuaċ pluaiſe, ’ġá ġɼianaḋ
féin, coileán an ṁada-ɼuaiḋ. Do ṫúiɼling
ſí aiɼ aguſ do ſgiob ſí ċun ſiuḃail é ’n-a
ḋá cɼoḃ. Ċonaic máṫaiɼ an ċoileáin í ag
imṫeaċt aguſ an coileán aici. “ Ó ! ” aɼ
ſiſe, “ aɼ ġɼáḋ ṫ’oiniġ, a éan uaſal, ná beiɼ
uaim mo ċoileán bɼeáġ beaṫuiġṫe ɼuaḋ,
aguſ gan agam aċ é ! ” Níoɼ ṫug an ḟiolaɼ
aon toɼaḋ uiɼṫi. Ḃí daoine i gcóṁgaɼ na
h-áite aguſ altóiɼ déanta acu, aguſ ḃí
teine acu aɼ an altóiɼ ċun íḋbiɼte. D’imṫiġ
|