24 AESOP
éigin aguſ mé am’ ċodla ! ” aɼ ſeiſean.
“ Tá ſé ċóṁ maiṫ agam toſaċ do ḃeiṫ agam
aiɼ,” aɼ ſeiſean. Do ṁaiɼḃ ſé an t-aṫaiɼ
niṁe an oiḋċe ſin.
Nuaiɼ a ḃí an t-aṫaiɼ niṁe maɼḃ do ḃí
ſé ſínte amaċ, ċóṁ díɼeaċ le ɼiaġail, aɼ
an úɼláɼ, aguſ gan coɼ ná lúb anonn ná
anall ann.
D’ḟéaċ an poɼtán aiɼ aɼ feaḋ tamail.
Fe ḋeiɼe duḃaiɼt ſé, aſ a ṁaċtnaṁ,--“ Dá
mbeaḋ do ḃeo ċóṁ díɼeaċ led’ ṁaɼḃ ba
ẛiaide do ẛaoġal é.”
An Múine :
An ɼógaiɼe iſ caime deinean an báſ feaɼ
díɼeaċ de.
“ Seaċain gleacaiḋe miliſ ſleaṁain.”
Ná dein caidɼeaṁ le feall nú déanfaɼ
an feall oɼt.
“ Iſ maiɼg a ḃíon ṫíoſ aɼ an gcéad
ḃeáɼnain.”
AN SEALGAIRE AGUS AN COLÚR
Ċuaiḋ ſealgaiɼe amaċ lá ag ſealgaiɼeaċt.
Ċonaic ſé colúɼ aɼ ċɼann. Ċuiɼ ſé ſaiġead
fé ẛɼaing a ḃoġa. Do leig ſé é féin aɼ a
leaṫ-ġlúin ċun an uɼċaiɼ do ċaiṫeaṁ.
Díɼeaċ le linn é ḃeiṫ ċun an uɼċaiɼ
do ċaiṫeaṁ, aguſ a ġlúin ag teaċt ċun
tailiṁ, do ċuiɼ ſé óɼdóg a ċoiſe deiſe
aɼ aṫaiɼ niṁe a ḃí ’n-a luiġe ſa ḃféaɼ laiſtiaɼ
de. Do ɼug an t-aṫaiɼ niṁe aɼ ẛáil aiɼ.
|