22 AESOP
AN MADA-RUAḊ SA TOBAR
Ṫuit mada-ɼuaḋ ſíoſ i dtobaɼ, lá. Ḃí
an tobaɼ ɼó ḋoiṁinn aguſ na fallaí ’n-a
ṫímpal ɼó ẛleaṁain aguſ do ṫeip aiɼ teaċt
ainíoſ. B’ é a ḋíċeall é féin do ċoimeád
gan dul fé uiſge.
Ṫáɼla do ṁaċtíɼe ḃeiṫ ag ġaḃáil ṫaɼ
an dtobaɼ. D’aiɼiġ ſé an ɼud ag coɼuiġe
ṫíoſ inſ a’ tobaɼ. D’ ḟéaċ ſé ſíoſ. “ Ó !
a Reinaiɼd an ċɼoiḋe ’ſtiġ ! ” aɼ ſeiſean,
“ cad d’imṫiġ oɼt, nú conuſ a ċuaiſ anſan
ſíoſ! Ó ! Ó ! Ó ! Mo ṫɼuaġ ṫu, a ḟiɼ ḃoiċt !
Go deiṁin féin aguſ go deaɼḃṫa iſ oṫ liom
go móɼ a leiṫéid de ṁatalang do ṫuitim
amaċ duit. Ó ! go deiṁin aguſ go deaɼḃṫa
iſ fada náɼ ṫáinig aon ní cɼoſta oɼm iſ
mó ċuiɼ de ċaṫú oɼm ’ná tu ḟeicſint
i n-a leiṫéid de ċáſ.”
Ċoṁ luaṫ aguſ fuaiɼ an mada-ɼuaḋ caoi
aɼ ḟocal do laḃaiɼt do laḃaiɼ ſé. “ Iſ
maiṫ an ɼud tɼuaġ ḃeiṫ agat do ḋuine,
gan aṁɼaſ, aċ dá ndeintá iaɼaċt éigin aɼ
mé ṫaɼang amaċ aſ an áit ſeo,” aɼ ſeiſean,
“ ba ḋóiċ liom guɼ ṫaiɼḃiġe é ’ná a ḃfuil
de ċainnt agat.”
An Múine :
“ Ní ċoṫuiġid na bɼéiṫɼe na bɼáiṫɼe.”
|