A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 127
pluaiſe ’n-a ḃfuil ſé ’na luiġe, aguſ go
dtagaḋ ſgannɼa oɼm nuaiɼ a ċínn ɼian
coſ na n-ainṁiḋṫe eile ann, aguſ aġaiḋ
gaċ ɼiain iſteaċ, aguſ gan aġaiḋ aon ɼiain
amaċ. Nuaiɼ a ċínn an ní ſin ṫagaḋ
ſgannɼa oɼm, aguſ ní ḟéadainn dul
iſteaċ.”
Ḃí ḟioſ ag an mada-ɼuaḋ ná ɼaiḃ aon
ḃɼeóiteaċt aɼ an león, ná ɼaiḃ ſé aċ ’ġá
leigint aiɼ go ɼaiḃ ſé bɼeóite i dtɼeo go
dtiocfaḋ na h-ainṁiḋṫe uaṫa féin aguſ náɼ
ġáḋ ḋó beiṫ ’ġá ḃfiaḋaċ.
An Múine :
“ Ní h-ionan dul go tiġ an ɼí aguſ
teaċt aſ.”
“ Iſ ſleaṁain iad leacaċa an tiġe ṁóiɼ.”
An ċiall a ċeannaiġ duine eile ḋuit taḃaiɼ
aiɼe ṁaiṫ ḋi.
AN BRAMAĊ AGUS AN LEÓN
Ċonaic an león an bɼamaċ. Ḃí an
bɼamaċ go beaṫuiġṫe aguſ go ſleaṁain.
“ Iſ bɼeáġ méiṫ an gɼeim feóla a
ġeóḃainn ann,” aɼſan león i n-a aigne
féin. “ Ní móɼ ḋom teaċt ſuaſ leiſ aɼ
ċuma éigin aguſ é ṁaɼú ḋom féin.”
Ṫug an bɼamaċ fé ndeaɼa go ɼaiḃ an
león ag faiɼe aiɼ.
“ Ní móɼ ḋom mo ẛúil a ċoimeád oɼt-ſa,
a ḃioɼánaiġ!” aɼ ſeiſean.
Ċuiɼ an león fógɼa amaċ ’ġá ɼáḋ guɼ
|