A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 125
“ Tá deaɼṁad móɼ oɼaiḃ,” aɼ ſeiſean.
“ Iſ dóiċ liḃ ná deinim-ſe aon obaiɼ. Deinim
go deiṁin. Bím ag obaiɼ coitċianta anſo
iſtiġ, a gan ḟioſ daoiḃ-ſe. Nuaiɼ a ṫugan
ſiḃ-ſe bia aguſ deoċ dóṁ-ſa oibɼiġim-ſe
anſo iſtiġ iad i dtɼeo go mbainim an neaɼt
aſta aguſ anſan cuiɼim an neaɼt ſan móɼ-
ṫímpal ionaiḃ-ſe. An bia a ṫugaḃaiɼ dom
ḋá lá ó ẛin, tá an méid niɼt a ḃí ann ídiġṫe,
aguſ d’á ḃɼíġ ſin ní’l aon neaɼt agam anoiſ
le taḃaiɼt daoiḃ. Imṫiġiḋ anoiſ,” aɼ
ſeiſean, “ aguſ tugaiḋ tuille bíḋ aguſ
diġe ḋom, aguſ geallaim ḋaoiḃ guɼ geaɼɼ
go mbainfad-ſa an lagaċaɼ díḃ.”
Ṫugadaɼ ċuige an bia aguſ an deoċ, aguſ
ba ġeaɼɼ go ɼaiḃ a neaɼt aguſ a miſneaċ acu
féin aiɼíſ.
An Múine :
Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ ball de
ḃallaiḃ beaṫa an duine.
Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ duine ſa
lín-tiġe.
Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ lín-tiġe
ſa ṗaɼóiſte.
Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ paɼóiſte
i n-Éiɼinn.
Tá a ġnó féin le déanaṁ ag gaċ duine ſa
náiſiún, ó’n ɼí anuaſ go dtí bacaċ an ṁála.
Deineaḋ gaċ aoinne an ġnó atá ceapaiṫe
ḋó féin, aguſ deineaḋ ſé ſa ċeaɼt é, aguſ
beiḋ an ɼaṫ aɼ an ngnó go léiɼ.
“ Aɼ ſgáṫ a ċéile a ṁaiɼid na daoine.”
Ní ḟéadfaḋ aoinne maiɼeaċtaint aɼ an
ſaoġal ſo ’n-a aonaɼ.
|