10 AESOP
“ Aiɼiú, gɼeadaḋ ċuġat ! ” aɼ ſeiſean, “ má
tá an t-eóluſ úd go léiɼ agat fé maɼ ḟógɼaiſ
dúinn, náċ móɼ an iongna ná h-imiɼean tú
beagán de aɼ do ċoɼpáinín féin. Ní’l aoinne
anſo indiu iſ mí-ċúmṫa ’ná ṫu. Aguſ ċeapfá
a ċuɼ ’na luiġe oɼainn go ḃfuiliɼ ábalta aɼ
áɼ ngeaɼánta go léiɼ do leiġeaſ. Ṫuit
tonóiſg beag amaċ dóṁ-ſa aguſ baineaḋ
an t-eaɼbal díom. Ċeapaſ, nuaiɼ aiɼiġeaſ
an ḟógaiɼt ſeo uait-ſe, go mb’ḟéidiɼ go
gcuɼfá eaɼbal i n’ inead oɼm. Ní ḟeicim,
áṁ, go ḃfuil eaɼbal oɼt féin. Pɼeit! a
ḋuine, ca ḃ’ḟioſ dod’ leiṫéid-ſe cad a
ḃainean le h-eaɼbal ! ” Aguſ ṫug ſé a
ċúl aiɼ go mí-ċéadfaċ aguſ d’imṫiġ ſé.
Do lean an ċuid eile é aguſ iad go bɼéan
díoḃ féin.
An Múine :
An t-é ná féadan a ġnó féin do ḋéanaṁ
iſ deacaiɼ a ɼáḋ go ḃféadfiḋ ſé ġnó an ḟiɼ
ṫall do ḋéanaṁ,
“ Do ġnó féin, dein, a ḋuine,
Ná bac mo ġnó ná miſe.”
AN COILEAĊ AGUS AN MADA-RUAḊ
Maidin ḃɼeáġ ẛaṁɼaiḋ do ṫáɼla go ɼaiḃ
mada-ɼuaḋ ag ſiuḃal go ciúin aguſ go
h-aicilliġe, i gcóṁgaɼ do ċɼó na gceaɼc.
|