<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
CLUASAĊ Ó FAILḂE

  Ḃí buaċaill 'na ċóṁnuiḋe cois na fairrge i
gCiarraiġe tráṫ.  Cluasaċ Ó Failḃe an ainm
a ḃí air.  Ba ḃreáġ lúṫṁar an buaċaill é.
Ḃuaḋfaḋ sé rás ar aon ḃuaċaill sa ċonndae
agus b'é an duine dob ḟearr ar an ḃfuirinn
iomána é.
  Ṫáinig bád iascaiġ isteaċ lá.  Ċuir na
hiascairí an t-ancoire amaċ aċ níorḃ ḟéidir leo
é ṫarraingt aníos arís.  Ḃí Cluasaċ ar an mbád
agus socruiġeaḋ go raġaḋ sé go tóin puill
leis an ancoire a scaoileaḋ.  D'imṫiġ sé síos.
  B'í an ċúis nárḃ ḟéidir leis na hiascairí an
t-ancoire a ṫarraingt aníos ná go raiḃ sé i 
ḃfastóḋ i bpálás a ḃí fé'n ḃfairrge.
  Ṫárla leis gur ḃuail sé bean uasal a ḃí sa
ṗálás agus gur ġortuiġ sé a súil.
  Nuair ċonnaic sise Cluasaċ ḃeartuiġ sí é
ċoimeád sa ṗálás.  Ḃí biaḋ agus deoċ de gaċ


88

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.