<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>
SEOIṪÍN SEÓ

Ċuirfinn-se féin mo ḃábóg a ċodlaḋ,
'S ní mar ċuireann daoine eile ;
Beiḋ súisín buiḋe agus cuilt ḋeas olna
Ar mo ṗeata istiġ in a leaba.

  Seoiṫín seó, seoiṫín seó,
  Seoiṫín seó, is tú mo leanḃ!
  Seoiṫín seó, uil leo leo,
  Seoiṫín seó, is tú mo leanḃ!

Ċuirfinn'se féin mo leanḃ a ċodlaḋ
Lá breáġ gréine, gan aon doċar,
i gcliaḃán óir go córaċ socair ;
Fá ḃárr na gcraoḃ is an ġaoṫ ḋá ḃogaḋ.

  Seoiṫín seó, seoiṫín seó,
  Seoiṫín seó, is tú mo leanḃ!
  Seoiṫín seó, uil leo leo,
  Seoiṫín seó, is tú mo leanḃ!


74

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.