<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>

  "Cad iad na síolta a ċuirfiḋ tú ?" arsa
Nóra.
  "Cruiṫneaċt, coirce, prátaí agus glasraí de
gaċ sórt," arsa Tomás.  "Fásfaiḋ siad i riṫ
an tsaṁraiḋ agus bainfiḋ mé iad sa ḃfóġṁar
nuair ḃeiḋ siad aibiḋ.  Beiḋ cuid de'n talaṁ
fé ḟéar agam agus beiḋ ba agus buláin,
caoiriġ agus capaill agam.  Bainfiḋ mé an
féar sa tsaṁraḋ agus déanfaiḋ mé é ṡáḃáilt.


44

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.