<<<<   DRÉIMIRE AN LÉIĠINN   >>>>

raiḃ éinne ullaṁ ċun Cúige Ulaḋ a ċosaint
aċ Cúċulainn aṁáin.  D'éiriġ leis an arm
Ṁeiḋḃe go hiomlán a ċoimeád siar agus ḋein
sé síoṫċáin leis na laoċra dob ḟearr ann.
Ṁairḃ sé gaċ laoċ aca, go dtí ná raiḃ fágṫa
in arm Ṁeiḋḃe aċ aon laoċ aṁáin.  Feardia
an ainm a ḃí air.  Ċaiṫ sé féin agus Cúċulainn
a n-óige le ċéile agus mar sin níor ṁaiṫ leo
dul ag troid le na ċéile.
  Aċ ċuir Ṁeiḋḃe d'iaċall ar Ḟeardia dul ag
troid.  Ṫroid an ḃeirt laoċ go dian ar feaḋ
trí lá.  Ar an dtreas lá ṁairḃ Cúċulainn
Feardia.
  An uair sin go díreaċ ṫáinig arm Ċonċuḃair
de ċaḃair ar Ċúċulainn, agus do ruaig siad
arm Ṁeiḋḃe siar go Cúige Ċonnaċt.



40

Focal: © Rialtas na hÉireann, AFOST.