76 RUḊRAIĠEAĊT
ó ġaḃas mo ċéad arm gaisce gus indiu, agus is luġa
ḋéanfad anois é, óir ní buaine blaḋ ’ná saoġal.”
Ar ráḋ na mbriaṫar soin dó, gluaisios roiṁe d’ionsuiḋe
an ċaṫa, agus do lean Caṫḃaḋ i n-a aonar é as an mbaile
amaċ. Níor ċian do ċuadar an tan ṫárla orṫa ḋá inġin
ċaoṁa ċruiṫ-ġeala cúl-ḃuiḋe ar ḃruaċ áṫa agus iad ag
tuirse agus ag truaiġ-éiṁe agus léine ċorcra ċréaċtnuiġṫe
ag a foscaḋ is ag a fuair-niġe aca ar eoċair-imeall an áṫa.
“An ḃfeiceann tú na mná úd, a Ċu Ċulainn?” ar Caṫḃaḋ.
“Do ċím,” ar Cú Ċulainn.
“Má’s eaḋ, is aṁlaiḋ atáid súd go brónaċ buan-ċuṁaċ
iairṁéileaċ ag innsin tusa do ṫuitim do’n ċor so le mór-
ṡluaġ Éireann agus le draoiḋeaċt ċlainne Cailitinn gurab
air sin is cóir duit-se, a ċoṁḋalta ḋílis, fanṁain i ḃfoċair
Éiṁre agus na bantraċta.”
“A oide ionṁain,” ar Cú Ċulann, “ná lean mé niḋ is sia,
óir ní ḟillfead ṫar ais go bráṫ go ndioġlad ar ċeiṫre oll-
ċóige Éireann teaċt do loscaḋ mo ċríċe agus do ċreaċaḋ
mo ḋúin. Agus gé tá na mná úd ag niġe an ċuirp úd d’a
ṫairngre ḋom-sa ḃeiṫ créaċtnuiġṫe agus mo ċorp ḃeiṫ d’a
niġe, is iomḋa corp créaċtnuiġṫe cnáiṁ-ġearrṫa ḃeas i
sruiṫ-linntiḃ fola agus buain-éaga óm’ ċlaiḋeaṁ-sa agus
óm’ ċraoisiġ do’n ċor so. Gé leasc leat-sa mo leigean i
ndáil éaga i n-aġaiḋ ḃfear nÉireann agus mo ḃioḋḃaḋ, is
leisce ’ná san liom-sa dul do ṫollaḋ mo ṫaoiḃ agus do
ċiorrḃaḋ mo ċuirp agus naċ fearr ḟios ag duine mo ṫuitim
do’n turas do ’ná agam féin,” ar Cú Ċullain. “Óir dá
ḃfanar do ċuaḋas d’éag agus dá n-imṫiġear ṫáinig mo ṡaoġal,
agus ná toirmeisc mé niḋ is faide aċt beir iomċomairce
beaṫa agus sláinte uaim d’ionsuiḋe Ulaḋ agus Conċuḃair
agus Éiṁre, agus innis dóiḃ naċ dóċa go ḃfeicfid mise beó
go bruinne an ḃráṫa. Is truaġ ár scaraḋ le ċéile, óir is
imṡníoṁaċ ár n-eidirḋealaḋ liḃ, agus is ró-ḃrónaċ atáim-se
ó ló imṫeaċta ḋom ó Eaṁain Maċa, óir is iomḋa lá ṫángamair
go neaṁaistreaċ éadálaċ ann ó ċrioċaiḃ ciana na cruinne.”
Agus aduḃairt an laoi seo:
A ḟir, ná toirmeisc ár séad,
Do ċuaḋas d’éag, ní cian uaḋ;
Doiliġ d’Eaṁain seaċ gaċ dún,
Dortaḋ mo ċrú do’n tsluaġ.
|