OILEAṀAIN ĊON CULAINN 15
“Tair,” ar an inġean, “go dtugad eólas duit go teaċ
na n-aṁus.”
Gluaisios Cú Ċulainn léi go héasca go rángadar doras an
tiġe.
“A óga,” ar an inġean, “goiriḋ ċuġaiḃ an macaoṁ so,
agus deiniḋ muinntearḋas leis, óir is macaoṁ óg ó Éirinn é
iar dteaċt i gcéadóir do’n dún so.”
Do leigeaḋ isteaċ é iarsoin, agus aduḃairt fear díoḃ
leis: “Giḋbé niḋ adéaram-na leat anoċt, ná huaṁantar
uime ṫú. Trí naonḃair atáimid annso agus trí naoi mbeara
imreaṁra ag gaċ duine againn; agus gaċ neaċ roiċios
Droiċead an Éallta is againne ḃíos an oiḋċe sin.”
“Créad do ḃniḋṫear agaiḃ leis?” ar Cú Ċulainn.
“Do ġníḋtear, ” ar siad, “a ċeangall i ḃféig agus i
ḃforṁullaċ an tiġe agus na trí naoi mbeara san d’inneall
ar a ċroiḋe go ria a ċorp-lár umpa go naċ beaḋ ionad beara
i n-a ċorp slán gan teascaḋ agus go ḃfuil a ċuirp agus a
ċruaiḋ-ċneis d’a ṫréigean.”
“Créad an fáṫ fá ndéantar soin agaiḃ?” ar Cú Ċulainn.
“Do ġníḋtear, ” ar siad, “giḋ ḃeaḋ lán do ċuirp d’a
ṡleaġaiḃ tríot naċ goillfeaḋ ort a haiṫle na hoiḋċe anoċt.”
“Is braṫar doṁ-sa,” ar Cú Ċulainn, “nár geineaḋ ar
ḋruim talṁan duine a leigfinn-se ḋó mo ċorp do ṫollaḋ
d’ḟuláireaṁ ar ġaisce orm-sa aċt muna leigfinn do laoċ
a ḃeaḋ im’ aġaiḋ do láṫair iomġona ṫar ceann m’oiniġ.”
“Dóiġ linne do buḋ ċóir sin,” ar fear díoḃ, “dá leigtiḋe
ḋuit ar do ċumas féin.”
“Dar ár mbraṫar féin,” ar fear ba neasa do Ċoin
Ċulainn, ag breiṫ ar ċaol coise air, “ní ġaḃṫar do ḋeaġ-
ċoṁroġa uait annso”; agus iarsoin, do ċeangail i n-áirde
i mullaċ an tiġe é, agus do innleadar na trí naoi mbear
ar a ċionn.
Iarsoin ṫáinig Cú Ċulainn anuas go fóill agus go héadtrom
agus do rin sosaḋ ar ċeann an ḃeara ba neasa ḋó. Do riaċt
gus an bior tanaiste agus do ṫaġaill ṫar an dtreas mbior
agus níor ḋearmaid an ceaṫraṁaḋ bior. Do léim an cúig-
ṁeaḋ bior, agus ráinig an seaċtṁaḋ bior; níor ḋearmaid
an t-oċtṁad bior, agus d’ḟosuiġ ar an naoṁaḋ bíor, agus
do ḃí ar n-a ċoṁnuiḋe ar ḟaid do ḃíodar na trí naoi
mbeara ar inneall.
|