OILEAṀAIN ĊON CULAINN 13
“Truaġ soin, a ṁic,” ar siad, “cá tairḃe ḋuit a
ḟeicsin?”
Ṫar a ċionn soin do ċuaiḋ Cú Ċulainn agus na hóga d’ion-
suiḋe an droiċid, agus na huile ṁacra d’a raiḃ ’san mbaile
do ġaiḃ siad ag a ḃfeicsin. Is aṁlaiḋ ḃí an droiċead soin
.i. an tan do lingeaḋ neaċ é do ċaoluiġeaḋ go mba coṁcaol le
ruibe fuilt agus go mba coiṁgéar le hóplaċ é. Agus do
ṡleaṁnuiġeaḋ go mba coiṁsleaṁain le heascoin é. Agus
d’eirġeaḋ i n-áirde aga eile go mba coṁárd le seólċrann
loinge é. Annsoin do ling Cú Ċulainn go hiongantaċ go
dtárla ar ḋruim an droiċid i n-a ṡeasaṁ, agus do ġaiḃ ag
sladraḋ agus ag tuisleaḋ ar ḋruim an droiċid. Leis sin, do
ċonnarcṫas as an ngrianán i n-a raiḃ Scaṫaċ Cú Ċulainn do
ḃeiṫ ar an ndroiċead, agus is aṁlaiḋ do ḃí an grianán soin
agus seaċt ndóirse móra air agus seaċt ḃfuinneóga idir
gaċ dá ḋoras ḋíoḃ agus caogad leaba idir gaċ dá ḟuinneoig
agus trí ċaogaid inġean i mbraṫaiḃ aondaṫaċa agus trí
ċaogaid i mbrataiḃ corcra agus trí ċaogaid eile i mbrataiḃ
glan-áilne gorma i ḃfoċair Scaṫaiġe. Ní ṁionnuiġeaḋ aon
díoḃ aċt Dar ár gcoróin ġeanmnaiḋeaċta, nó Dar an ḃfear
úd, nó Dar ciste coimeádta mo ṡéad. Agus do ḃí Scaṫaċ
annsoin, agus trí ċaogaid mac mór-ġlonnaċ agus trí ċéad
curaḋ calma ag a coiṁdeaċt i n-éagmuis an luċta do ḃí ag
foġluim uaiṫe.
Is aṁla do ḃí Scaṫaċ an tan soin agus inġean ċrutaċ ċaoṁ-
áluinn a ḃí aici i n-a fiaḋnaise. Uaṫaċ a hainm, agus gé’r
Uaṫaċ a hainm ní aṁla do ḃí sí aċt i n-a hinġin ṁíndeilḃe
ṁaol-ġlúnaiġ ṁong-ḃuiḋe taoiḃ-leaḃair taiṫneaṁaiġ. Is
aṁla ḃí an inġean agus fleasc fíor-áluinn fionn-airgid ar a
ceann céilliḋe cúl-ómraċ agus ciuṁais áluinn ór-ṡnaiṫe i n-a
fiaḋnaise agus claiḋeaṁ cros-órḋa ag fiġe an óir ar a
dorn-ċla.
Ód’ ċonnairc Uaṫaċ, inġean Scaṫaiġe, an t-aon ṁacaoṁ
óg áluinn ildealḃa ar ḋruim an droiċid d’iompuiġ a haigne
agus a ciall, agus do ṫug gráḋ a hanman dó le sileaḋ na súl
le haṫaiḋ aon uaire. Is annsoin do siaḃraḋ a haigne; óir
an t-ionad i n-ar ċóir an snáṫad óir do ċur, snáiṫe airgid
do cuireaḋ ann; agus do ṫigeaḋ daṫa iomḋa ḋi ionnus go
mba coṁbán le bán-scoṫaiḃ í agus feaċt eile ba ċoṁcorcraċ
|