RUḊRAIĠEAĊT

SEÁN UA CEALLAIĠ .I. SCEILG

a ċuiɼ i n-eagaiɼ aɼ áɼ ſcɼíoḃniḃ dúṫċaiſ do
Ċumann Buan-Ċoſanta na Gaeḋilge

M. H. MACANĠOILL AGUS A ṀAC TEÓR.
50, Sɼáid Uaċtaɼaċ Ui Ċonaill,
Baile Áṫa Cliaṫ.

1935.

------------------------

Tioḋlactaɼ ſo
dom’ ḟial-ċaɼaid ḋíliſ
MAITIÚ MACGIOLLAṖÁDRAIG
maɼ ḋeiṁniuġaḋ aɼ ẛaoṫaɼ a ẛaoġail aɼ ſon
Ċumainn Ḃuan-Ċoſanta na Gaeḋilge
iſ aɼ ſon na hÉiɼeann.

------------------------

RÉAṀRÁḊ.

  Riaḋse de’n Táin atá i “Ruḋraiġeaċt."  Aſ scríḃniḃ
Ṁiċíl Ui Longáin a ḃaineas urṁór na scéal cé gur ċuireas
cuid díoḃ i gcomórtas le n-a saṁail i scríḃniḃ eile.  Is beag
tairḃe uaireanta scríḃne do ċur i gcompráid le ċeile.
Ḋeaneas-sa san go haireaċ le “Brisleaċ Ṁór Ṁaiġe
Ṁuirṫeiṁne” fé mar atá i scríḃniḃ an longánaiġ agus ’san
scríḃinn 23 K i nAgadaṁ Éireann.  B’e an tuairim a ḃí 
agam de ḃarr mo ṡaoṫair gur ó ḃéalaiḃ na ndaoine fuairṫeas
an dá innsin, óir do ḃíoḋ abairt áiriṫe i mír áiriṫe de’n
scéal i scíḃinn áiriṫe agus an abairt ċéadna i mír eile de’n
dara scríḃinn.  Agus fo-abairt ḃinn aistriġṫe mar soin
agam, ċonnacṫas dom go raiḃ na focail ċéadna naċ mór
i mír eile de’n scríḃinn eile niḋ ba ṡia amaċ.  Ṁoṫuiġeas
fá ḋeireaḋ gur ḃeag buaiḋte agam de ḃarr mo ḋúṫraċta aċt
aṁáin an uair ḃeaḋ focal éigin ar lár, no an scíḃinn beagán
doiléiġte.
  Le gaisce Ċon Culainn is mó ḃaineann an “Ruḋraiġeaċt.”
Tá scéalta eile ann, aċt ní léiriġid laoċas Ċon Culainn fé
mar ḋeintear annso é.  Tá “Caṫ Rois na Rioġ” ann,
cuir i gcás, agus ċuir an tAṫair Éamonn Ua hÓgáin, C.Í.,
eagar léiġeata air sin; tá “Oiḋe Ċlainne Uisniġ” ann
agus é le faġáil im’ eagar féin de “Ṫrí Truaġa na Scéaluiḋ-
eaċta”; tá fuadaċ Bláṫnaide ann, scéal a ċuireas i
ḃfuirm drama i “gCúroi”; agus tá gearr-innsin agam ar
“An gCoṁrac agus an Áṫ” i “nEaċtraiḋeaċt.”  Is dual
dom a ráḋ fós gur ċuir Seosaṁ Laoide cuid de "Ḃrisleaċ
Ṁór Ṁaiġe Ṁuirṫeiṁne” is de "Ḋearg-ruaṫar Ċonaill
Ċearnaiġ” i n-eagar do Ċonnraḋ na Gaeḋilge fiċe bliaḋan
ó ṡoin; aċt ní ionann a innsin siúd agus an innsin atá annso.
  Is ar éigean is gáḃaḋ a rá gur i Maiġ Ṁuirṫeiṁne do
tógaḋ Cú Ċulainn, no Seatanta, mar a ġairṫiḋe ḋe i dtosaċ.
Deirḃṡiúr do Ċonċuḃar mac Neasa a ṁáṫair .i. Deiċtire.
Ṫug sé cuaird ar a ġaoltaiḃ i nEaṁain Maċa le linn a óige.
Ḃuaiḋ sé ar ṁacaoṁaiḃ Ulaḋ i ngaċ cleas annsúd, mór-ṁór
’san iománuiḋeaċt agus i n-imreascáil.  Is fiú d’aos óg na 
haimsire seo maċtnaṁ do ḋéanaṁ ar ċlisteaċt Ċon Culainn
’san iománuiḋeaċt, agus aiṫris do ḋéanaṁ ar aos óg an 
tsaoġail úd i gcúrsaiḃ lúiṫ-ċleas agus airm-ċleas, ridireaċta
agus dílse.

iii
----------------------------------

  Tar éis do Ṡeatanta ḃeiṫ tamall i nEaṁain Maċa lean sé
Conċuḃar mac Neasa is a ḃuiḋean go dún Ċulainn Céard,
mar a raiḃ fleaḋ aca; aċt níor rug orṫa, i dtreó nár ċuiṁ-
niġeadar air i ndeireaḋ a n-aistir, is gur ḋúnadar na
dóirse air.  Ḃí an áit fé ċosaint ċon fraoċda an uair ṡroiċ
an t-ógán aonair áitreaḃ Ċulainn.  D’ionsuiḋ an ċú é, agus
d’eiriġ coṁrac uaḃṫasaċ eadarṫa ċum gar ṁairḃ an t-ógán
an ċú d’ḟonn é féin do ṡaoraḋ uaiṫe.  Niḋ nár ḃ’iongnaḋ,
ḃí Culann ar buile d’a ḋeascaiḃ; aċt do ġeall an t-ógán
dó go ndéanfaḋ féin feiḋm na con feasta.  Mar soin is eaḋ
fuair sé an leas-ainm Cú Ċulainn.
  Agus é seaċt mbliaḋna d’aois ġaiḃ sé arm gaisce.  Le
n-a linn sin, do ṁairḃ sé triúr mac Neaċta Scéine agus luċt
laoċais nár ḃ’iad.  D’a éis sin, do réir an tseanċuis,
ċuaiḋ sé go scoil airm fá ṫreóraḋ Uaṫaiġe i nGleann na
hUaṫaiḋe i n-iarṫar Ċiarraiġe.  Is cosṁail gur ċuir scríoḃ-
nóir éigin an ṁír sin isteaċ ’san scéal d’ḟonn a ċur i n-a 
luiġe ar ḋaoiniḃ go riaḃ Uaṫaċ i gCiarraiġe agus scoil airm
aici ann ċoṁ maiṫ is mar ḃí i Sceiṫia mar a ndeaċaiḋ Cú
Ċulainn niḋ ba ḋiaḋnaiġe.  Is eól dúinn, áṁ, gur ṫug Cú
Ċulainn ḋá ċuaird eile ar Ċiarraiġe, go raiḃ mac Rioġ Ulaḋ
is a ḃuiḋean ag fóirṫin ar an ḃFéin i gCaṫ Fionntráġa roiṁ
ṫeaċta Ṗádraig, agus Maolṁaoḋóg Naoṁṫa i nUiḃ Ráṫaċ is
fonn air coṁnuiḋe ann díreaċ sul ar ṫáinig na Normanaiġ i
nÉirinn.  Is truaġ gan an caidreaṁ céadna idir Ultaiḃ is
Corca Duiḃne le diaḋnaiḋe.  An muinntearḋas a nascaḋ an
uair d’aḋlacaḋ Brian Bóirṁe, a ṁac agus mac a ṁic i
nÁrd Maċa leigeamair do ḋream iasaċta a ropaḋ le n-ár
linn féin, é fada gairid a ḃeiḋ an scéal aṁlaiḋ.
  Iarsoin ċuaiḋ Cú Ċulainn go hAlbain mar a raiḃ scoil airm
ag Doirinn, inġean an rioġ Doṁnall.  Ḃí Conall Cearnaċ
agus Laoġaire Buaḋaċ i n-a ṫeannta, aċt níor ṡásuiġ éinne
ḋíoḃ an ḃanḟlaiṫ aċt aṁáin Cú Ċulainn.  D’ḟill an ċuid eile
aḃaile, agus leis an aimsir ċuadar ċuadar go dtí an Doṁan Toir.
Ċaiṫ Cú Ċulainn bliaḋain i nAlbain; agus, dála scéil Uaṫaiġe
i gCiarraiġe, ní annaṁ a léiġmíd gurab í Scaṫaċ a ḃí i
gceannas scoile Alban.  I gcionn na bliaḋna ṫáinig faṫaċ
ann, agus ṁeas sé Cú Ċulainn do ṫarcaisniuġaḋ.  Duḃairt
sé leis ná cleaċtaḋ na scola airm i nOirṫear Doṁain na
cleasa suaraċa úd a ḃíoḋ ar siuḃal ag Coin Ċulainn.  D’ḟiaf-
ruiġ seisean de annsoin cá raiḃ an scoil ag Scaṫaiġ, inġean
Rioġ Sceiṫia, aċt ní inneosaḋ an faṫaċ dó.  Ġluais Cú

iv
------------------------

Ċulainn roimis ám, ṫar Gleann na Guaise agus Maġ an
Ṁí-áiḋ, gur aimsiġ féin an áit.  Fé mar ḋein sé an ċéad
uair d’a ndeaċaiḋ go hEaṁain Maċa, d’imir sé ḋá ċluiċe
iománuiḋeaċta i gcoiniḃ na ḃfear do b’ḟearr annsúd, agus
do ḃuaiḋ orṫa.  Duḃairt a dtaoiseaċ ná buaḋfaḋ, áṁ, aċt
nár ṁian leó ḃieht dian ar ógánaċ iasaċta.  Is é freagra ṫug
Cú Ċulainn air sin go mbuaḋfaḋ sé orṫa aṫ-uair.  Agus ḋein.
Ḃí Ferdia mac Duḃáin agus triúr clainne uisniġ i Láṫair i
gan ḟios dó.  Riṫeadar ċuige le lúṫġáir, d’ḟearadar póga
ḋó, agus d’iarradar scéala air ó ḃaile.
  Níor ḃ’ḟada gur ṫug Cú Ċulainn fé ṡáir-ċleasaiḃ na ċríċe
sin ar Ḋroiċead an Éallta, agus d’eiriġ leis gan aon oileaṁ-
ain i gcuma gur ċuir Scaṫaċ spéis ṁór ann.  Ḃí an ḃantraċt
uile ag faire ar a ġaisce ó n-a ngrianán; agus d’adṁuiġ
Scaṫaċ annsoin gur taiḋḃriġeaḋ di go dtiocfaḋ mac Rioġ
Ulaḋ i n-a measc is go mairfeaḋ a ċáil go deireaḋ an doṁain.
Ní raiḃ aon teóra le gárṫaiḃ na macaoṁ, agus ḃí áṫas d’a
réir ar na curaiḋiḃ ó Éirinn.  Ṡeól Scaṫaċ a hinġean áluinn
.i. Uaṫaċ ċum fáilte do ċur riomis.  Aċt ṫug macaoṁa 
áiriṫe bearta cruaḋa le réiḋteaċt dó annsoin, agus ḋein sé
gníoṁarṫa gaisce nár sáruiġeaḋ riaṁ roimis sin.  An
uair ṁeasadar a ṁaslaḋ fá ḋeireaḋ ḋein sé a ndiṫċeannaḋ;
caiṫ sé a gcinn fé ḋéin an ċaisleáin agus d’iarr eineaċla
ar Scaṫaiġ.  Ḋein a beirt ṁac súd .i. Cuar agus Cáiḋ, a
ḟreagairt, i dtreó gur eiriġ troid iongantaċ idir Ċoin
Culainn is iad féin.  Ḃain an tÉireannaċ na cinn díoḃ súd,
leis, agus do ċaiṫ sé fó ḋéin a máṫar iad.
  Ṫárla gur leónaḋ Cú Ċulainn go dona ’san ċoṁrac úd.
Dá ḋuḃrónaiġe do Scaṫaiġ, áṁ, cad a ḋein sí aċt an t-oṫar
do ṫaḃairt go dtí a seómra féin ċum leiġeas do ḋéanaṁ air,
agus a hinġean do ċur ag freastal air.  Ṁeas an inġean
an cion ṫar meaḋon a ḃí aici ar Ċoin Culainn do léiriuġaḋ
ḋó, fá ḋ’o, fá ṫrí.  Aċ níor ġéill sé ḋi.  Do ḋíḃir sé uaiḋ í
gaċ tráṫ.  fá ḋeireaḋ do smaċtuiġ sé go géar í, fé mar
ṫug Caeṁġein Naoṁṫa léasaḋ do Ċaitlin le neanntógaiḃ
d’ḟonn go maolfaḋ an teas amuiġ an teas istiġ.  Cuiṁ-
neoċaiḋ luċ léiġte seanċuis mar imṫiġ a leiṫéid ċéadna
naċ mór ar Ḃolf Teón i bPárais, is nár meallaḋ eisean aċt
ċoṁ beag.  Is mór an ċreadeaṁaint d’ár laoċraḋ an dá niḋ
úd agus an ḟaid aimsire ḃí eadarṫa, ó n-ár ré féin siar go
coṁrac Críostuiḋeaċta le Págántaċt, tráṫ go raiḃ a ṁalairt
ar fad de gnaṫsaiḃ pósta ann.  B’éigin cuid de ċainnt

v
------------------------------

Uaṫaiġe d’ḟágaint ar lár, fé mar b’eigin a ḋéanaṁ uair eile
le cuid de ġníoṁarṫaiḃ Clainne Tuireann tar éis a dtroda
súd ’san Doṁain Toir.  ’San saoġal so, féin, ní leoṁfaiḋe
ḋúinn gaċ niḋ d’a ndearna saiġdiuiriḋe tar éis Cogaiḋ
Deisceirt Afraice, cuir i gcás, no le linn na gCogaḋ Mór
ar fuaid na hEórpa le céadtaiḃ bliaḋan, do noċtaḋ i leaḃar
scoile.  Is iomḋa droiċ-iomċur a ḃíonn i sna longṗortaiḃ
uile ar ċúlaiḃ maċaire an áir.
  D’innis Uaṫaċ do Ċoin Ċulainn fé ḋeoiḋ cionnus na trí
cleasa do b’ḟearr ag a máṫair do ṁeallad uaiṫe, agus ḋein
sé aṁlaiḋ.  Iarsoin do ċaiṫ sé bliaḋain i ḃfoċair Scaṫaiġe.
Ċuaiḋ as san go dún Aoife san Ġréig, is do ċaiṫ blaiḋain
eile ann.  I gcionn na haimsire sin d’insseaḋ dó go raiḃ trí
sáir-ċleasa eile le foġluim aige, agus an gae bulga orṫa.
Fá ḋeireaḋ na bliaḋna úd, d’innis Aoife ḋó go raiḃ sí ag
iomċur clainne is nár ċóir dó imṫeaċt.  is eaḋ duḃairt sé
léi dá mbuḋ inġean do bronnfaiḋe ḋi a roġa féin do ḋéanaṁ
i n-a taoiḃ, aċt dá mbuḋ mac a ḃeaḋ aici Conlaoċ do ṫaḃairt
mar ainm air.  D’ḟág sé fáinne aici le taḃairt dó a ṫúisce
ḃeaḋ a líon i n-a ṁéir; agus ċoṁairliġ di gaċ cleas act
aṁáin cleas an ġai builga do ṁúineaḋ ḋó, is a ċur ċuige féin
i nÉirinn agus é bliaḋain is fiċe d’a aois.  Ġluais Cú
Ċulainn roimis annsoin, gur ċuir cailleaċ isteaċ air is gur
ġoin é, i dtreó go mb’éigin dó a diṫċeannaḋ.  Tráṫ ṡroiċ sé
scoil Scaṫaiġe ḃí deiċneaḃair d’a ċoṁċuraiḋiḃ ag ceileaḃraḋ
léi.  Ċoṁairliġ sise ḋóiḃ ḃeiṫ ar aon  aigne is gan tuitim
amaċ le ċéile.  Dá ndeinidís aṁlaiḋ ní raiḃ dream ar doṁan
a ḃuaḋfaḋ orṫa.  Ġealladar di go ndéanfaidís a coṁairle.
Cár ṁiste maċtnaṁ do ḋéanaṁ air sin go minic.
  Ġluaiseadar rómpa anoir annsoin gur ṡroiċeadar críoċa
ḃFear gCat.  Ḃí Súil annsúd le Fine Foġṁóraċ, a ṫagaḋ
ann ó am go ham ag bailiuġaḋ cánaċ.  Triúr ċlainne Calat-
roim a ḃí i gceannas orṫa.  Ḃí Aoife, inġean an Rioġ, aca le
breiṫ leó mar ċéad-ġein; agus ba ṁain leó Cú Ċulainn féin
d’ḟuadaċ an uair ċonnacadar é.  Aċt is aṁla ṁairḃ seisean
an triúr.  Ḃí de áṫas croiḋe ar an Riġ gur ṫairg sé an ċáin
do Ċoin Ċulainn maraon le n-a inġin.  Ṫóg na hÉireannaiġ
train an ċíosa, agus ċoṁnuiḋeadar ’san áit go ceann sé
seaċtṁaine.  Ṫángadar aḃaile annsoin, agus fearaḋ fáilte
leó; agus duḃraṫas ná buaḋfaḋ sluaiġte na hEórpa orṫa
aċt gan iad féin do ḋul i n-aċrann i n-a ċéile.
  D’eiriġ Conlaoċ suas i dtráṫ, agus d’ḟoġluim cleasa uile

vi
----------------------------

a ṁáṫar aċt aṁáin cleas an ġai bulga.  Ḃailiġ sé cíos di,
agus ṫug sise an fáinne ḋó ċoṁ luaṫ is do ḃí a líon i n-a
ṁéir.  Ṫáinig sé fó ḋéin a aṫar annsoin.  Ar a ṡliġe anoir
dó, ċuaiḋ sé i n-aċrann ’san ḃfaṫaċ Mongán i nAlbain, is do
ṁairḃ é.  Ḃí oireaċtas ar siuḃal i nUltaiḃ agus é ag teaċt
ar dtír ann.  Fé mar ḋein sé i nAlbain, ḋiúltaiġ sé ḋóiḃ a
ṡloinne do luaḋaḋ, agus b’éigin dó urṁór na gcuraḋ do ċoṁrac
d’a ḋeascaiḃ.  Do ḃuaiḋ sé orṫa uile, agus ḃí ar Ċoin Culainn
féin a ṫroid fá ḋeireaḋ.  Ní adṁóċaḋ sé a ṡloinne do Ċoin
Ċulainn aċt ċoṁ beag;  agus níor eiriġ leis an gCoin a 
smaċtuġaḋ no gur ġoin ṫar fóir leis an ngae bulga é.  Ann-
soin, agus an laoċ i mbéalaiḃ báis, is eaḋ ċuir Cú Ċulainn
aiṫne air; agus ḃí oiread san feirge ar an aṫair an uair
ṫuig sé guraḃ é a ṁac féin a ḃí ar lár aige gur ḃ’eagal le
Curaiḋiḃ na Craoiḃe Ruaiḋe teaċta i n-a ġaor.  Ċuir an mac
leónta mar aṫċuinge air i ndeireaḋ gan a leigin i mbruġaiḃ
ifrinn le déṫiḃ fallsa aċta a aḋlacaḋ i dtulaċ árd aoiḃinn.
  An Coṁrac ag an Áṫ idir Ċoin Culainn is Feirdia do
ṫárla d’a éis seo.  Sáirscéal atá ann.  Is iomḋa fáṫ ḃí
leis an dTáin.  Ḃí éad ag Fearġus mac Róiġ le Conċuḃar
mac Neasa, óir ḃí Fearġus i n-a riġ ar Ultabih ċum gur ṗós
sé máṫair Ċonċuḃar. Ġeall sé ḋí-se dá bpósfad sí é go
gcuirfeaḋ sé a mac Conċuḃar, i n-a riġ ar an gcúige go ceann
bliaḋna.  Ċoṁ luaṫ agus fuair Conċuḃar an coṁaċt do
ċlaoiḋ sé leis.  Bhí olc ag Fearġus le Conċuḃar, leis, mar
ġeall ar oiḋe ċlainne Uisniġ, agus ċuaiḋ sé féin is a ṫuill-
eaḋ de ċuraiḋiḃ na Craoiḃe Ruaiḋe go Connaċtaiḃ fá coṁaċt
Meiḋḃe d’a ḋeascaiḃ.  Rud eile: b’é Cú Ċulainn do ṁairḃ
Claitinn i “gCaṫ Ruis na Rioġ,” agus d’eiriġ le Meiḋḃ
clann Ċalaitinn do ġríosaḋ i n-a ċoinniḃ i dtráṫ: mór-
ṁór, do ṁeall sí Feirdia ḋum coṁraiċ leis ag Áṫ Ḟeirdia.
Agus, dar ndóiġ, ḃí dúil ṁór i gcoṁaċt ag Meiḋḃ.
  Agus clann Ċailitinn i n-a n-óige ḋein Meaḋḃ a leónaḋ
go dona.  Agus iad ag eirġe suas, áṁ, ċuir sí i n-a luiġe
orṫa gur ḃ’é Cú Ċulainn ba ḃun le n-a mí-áḋ is le bás a n-aṫar
is do ċuir sí go hAlbain is go Sacsanaiḃ, go Baibiolíon is fé
ċúram Ḃulcain féin iad d’ḟoġluim draoiḋeaċta is diablaiḋ-
eaċta d’ḟonn Cú Ċulainn do ṁilleaḋ.  An uair ḟilleadar
aḃaile d’ḟáiltiġ sí rómpa, is do ġríosuiġ iad féin agus gas-
raiḋe eile de ḟearaiḃ Éireann i gcoinniḃ Con Culainn.  Ḋein
Ultaiġ a ndiċeall ċum Cú Ċulainn do ṁeallaḋ ó’n dtroid.
Ċuireadar go Gleann na mBoḋar é, agus ċuir bantraċt Ulaḋ

vii
--------------------
mar aṫċuinge air a ṡuaiṁneas do ċeapaḋ ann.  Ḃí gaċ duine
ag ṫaṫaint air gan dul ag coṁrac: rí, draoi, oide, curaḋ,
cara, coṁḋalta, máṫair, buime leanán, aos ceoil.  Ċuaiḋ 
a eiċ is a airm, féin, i n-a ċoinniḃ.  Duḃairt filiḋe go 
líonfaiḋe an doṁain d’a ḃuaḋaiḃ is d’a ḃuain-scéalaiḃ aċt an
troid do ṡeaċaint.  Míniġeaḋ dó go raiḃ aingil ós cionn
Árda Maċa ag éiġeaṁ air gan troid; cantan is ceólta aca,
soillse is coṁairṫaiḋe eile aca nár ċóir dó dul i n-aċrann i
ndríodar draoiḋeaċta.  Cé go nduḃairt sé gur aḋraiġ sé an
Tá d’a n-aḋradar súd .i. Dia Uileċoṁaċtaċ a cúm neaṁ is
talaṁ, do ṁeall baḋba Ċailitinn ċum troda é d’a n-aindeoin
uile, agus do leónaḋ é fáin is a eiċ le sleaġaiḃ niṁe.  Iar-
soin ċuaiḋ sé de ṡiuḃal a ċos tré n-a sluaiġṫiḃ no gur aiṫ-
leónaḋ ṫar fóir é.  Ṫáinig doḃarċú ag iḃeaḋ a ḟola annsoin,
aċt do leag sé le urċar í.  “Ba ċú mo  ċead éaċt, agus is
cú m’eaċt diaḋnaċ,” ar seisean.  “Níor ḃ’eol dom riaṁ
gus indiu naċ croiḋe cloiċe no cnáṁa no iarainn a ḃí ionam.”
Leis sin, do ċóiriġ Laeġ le carraig é, a aġaiḋ le n-a náiṁdiḃ
is a ċlaiḋeaṁ i n-a ḋeasláiṁ, agus mar soin is eaḋ do caill-
eaḋ é.  agus a náiṁde deiṁniġṫe go raiḃ sé tar éis ḃáis,
ḋein Luġaiḋ mac Conroi a ḋiṫċeannaḋ.
  Leis sin, d’ḟill a ġaol Conall Cearnaċ ó ṫíorṫaiḃ iasaċta;
ċuaiḋ go hEaṁain Maċa; as san go Maiġ Muirṫeiṁne,
mar ar aimsiġ sé corp Ċon Culainn; as san go Teaṁair mar
a raḃṫas ċum liaṫróid iomána do ḋéanaṁ de ċloigeann na
Con.  Ṁairḃ Conall a raiḃ timċeall na Teaṁraċ, is do ċuir
an ceann go hÉiṁir; ṁairḃ sé clann Ċailitinn, ṁairḃ sé
Luġaiḋ, fear diṫċeannaiḋṫe Con Culainn.  Ṫug sé a gcinn ar
ḃearaiḃ i  láṫair Éiṁre, agus do ċuir i n-aiṫne ḋi iad uile-
Cearnaċ.  Fá ḋeireaḋ d’iarr Éiṁir ar Ċonall Cú Ċulainn
d’aḋlacaḋ i gCill Dálua is í féin do leagan ’san uaiġ ċéadna.
Ṫárla na heaċtraiḋe so uile um Ṫeaċt Ċríost, is tá a rian
orṫa.  Is eaḋ is dóċaiġe go raiḃ Cú Ċulainn i ngoireaċt
bliaḋna d’á ṫrí fiċid an uair  cailleaḋ é.

Sceilg.

Caɼcaiɼ Áiɼd an Aoiḃniſ,
Deireaḋ Bealtaine, 1935.

viii
------------------------------------

RUḊRAIĠEAĊT

OILEAṀAIN ĊON CULAINN

  Cú Ċulainn mac Suḃaltaiġ de ṁaiṫiḃ Clainne Ruḋraiġe de
ṡlioċt Ír ṁic Ṁileaḋ, agus iar mbeiṫ i n-a ṁacaoṁ óg áluinn
dó go mbuaiḋ croṫa agus deiḃe, innscine agus urlaḃra, do
ġaiḃ méad meanman agus aigeanta é le dul d’ḟoġluim lúiṫ
agus lánláṁaiḋ, gaoise agus gaisce fó ċrioċaiḃ an doṁain
ṁóir soir.  Cioḋ do smuain seisean san, do rin tosaċ a 
ḟoġlamṫa i nGleann na hUaṫ ġe ag uaṫaḋ an ġleanna i
gcóige ṁór-ġarg Muṁan i nIarṫar Ċiarraiġe.  Giḋeaḋ is 
beag de ḟoġluim do rin annsoin an tan ṫáinig d’ionsuiḋe a
ċríċe bunaiḋ féin arís i gCuige Ulaḋ.
  Is annsoin do ċinn sé ar ḋul do’n doṁan toir ag foġluim,
agus do ṫoġair a roġa ċompánaċ do ḃreiṫ leis .i. Conall
Cearnaċ mac Aimeirgin, rioġlaoċ Éireann agus bráṫair do
Ċoin Ċulainn féin do leiṫ a aṫar agus a ṁáṫar, aṁail is
follus fós, agus Laoġaire béil-deirg Buaḋaċ, agus ba hiad
san ainmneaċa luċt cumainn agus dioġreais do ċuaiḋ leis.
Do cóiriġeaḋ leó annsoin an Ionráṁaċ .i. long Ċonaill Ċear-
naiġ, agus do ċuireaḋ leó ar an sálṁuir í agus ar an ḃfairrge
líonṁair síor-ġuirm tonn-anfaiḋ go dtug an long soin sruiṫ-
léim sanntaċ sár-luaimneaċ ’san ḃfairrge ḃfíor-ḋoiṁin.
Agus ní aiṫristear a n-imṫeaċta go rángadar i gcríoċaiḃ
áilne eoċar-ġorma Alban.  Is í ba ċoṁaċtaċ agus banġaisc-
iḋeaċ ba neasa ḋóiḃ ’san gcríċ sin .i. Duireann inġean
ṁín-tsleaṁain Rioġ Alban.  Do riaċtadar iarsoin d’ion-
suiḋe na hinġine, agus do ḟear an inġean fáilte ḃinn ṁilis-
ḃriaṫraċ rómpa, agus do freastalaḋ agus do friṫeálaḋ go
maiṫ aici iad.  Do ḃíodar ann le haġaiḋ na hoiḋċe sin
go dtáinig solas-ṫráṫ na maidne ar n-a ḃáireaċ, agus do
ḟiafruiġ an inġean díoḃ annsoin: “Créad um a dtángaḃair,
a óga?” ar sí.  “Ṫángamair,” ar siad, “d’ḟoġluim
cleasa agus gaisce ċuġat-sa.”

-------------------------------

10	RUḊRAIĠEAĊT

  Iarsoin téid an inġean leó amaċ an lá soin, agus do rin
iliomad de ċleasaiḃ gaile agus gaisce i n-a ḃfiaḋnaise.
Dóiġ, áṁ, is minic le sna hoidíḃ diaṁaire a ḃfoġlama do
ḋéanaṁ i ḃfiaḋnaise na ndaltaḋa noċ ṫéid d’a n-ionsuiḋe i
gcríoċaiḃ imċiana.  Agus ba de na céad-ċleasaiḃ do rinn
i n-a ḃfiaḋnaise .i. ṫug sí sleaġ rinnġéar ċúig-reannaċ
ċúiċe, agus d’ḟág ceann na sleiġe ’san talaṁ agus a rinn
ailt-niṁe suas díreaċ, agus do riṫling an ḃanġaisciḋeaċ
go héadtrom aerḋa gur leig í féin ánuas ar rinn an sleiġe
síoṫ-ġuirme go dtárla a huċt agus a hurḃruinne uirṫe, agus
ní ṫug tolg ná eirġe ná éidiuġaḋ uirṫe, agus do ḃí i ḃfad
i n-a coṁnuiḋe uirṫe i n-áirde ar rinn na sleiġe sin.
  “A óga,” ar sí, “tigeaḋ neaċ agaiḃ agus deineaḋ an
cleas úd.”
  Aduḃaradar san gurab é Conall Cearnaċ duine b’uaisle
agus b’ḟurránta ḋíoḃ agus gurab dó ba ḋleaċt tosaċ d’ḟaġáil.
  Iarsoin téid Conall d’ionsuihe na sleiġe, agus gé’r ba
laoċda a láṁ agus gé’r ċroḋa a ċroiḋe, gé’r leadarṫa é do
láṫair coṁlainne agus gé’r ḃa ḋíreaċ a ḋíoḃragaḋ, do
éimiġ an cleas soin do ḋéanaṁ.
  Is annsoin aduḃairt an inġean: “An dtig leat-sa an
cleas úd do ḋéanaṁ?” ar sí le Coin Ċulainn.
  Do ba náir dúinn uile agus sinn i n-ár nUltaċaiḃ iomóḋ
uaiṫe, agus d’eiriġ Cú Ċulainn go héadtrom úiréasca d’ion-
suiḋe an ċleasa, agus lingeas i n-áirde ós cionn na sleiġe
gur leig a uċt anuas ar rinn na sleiġe síṫ-ġéire snas-ġoirme
sin.  Agus ba ċuma leis aċt mar ba é a ionad coṁnaiḋṫe
car an ċoṁlae soin.  Ṫáinig anuas iarsoin, agus do ġaiḃ
an inġean ag agallaṁ Ċonaill Ċearnaiġ agus Laoġaire Ḃuaḋraiġ
go nduḃairt leó: "An niḋ as a ḃfuaireaḃair-na blaḋ
agus nós oirḋearcais riaṁ, a laoċra, congḃaiḋ é, agus ní’l
tairḃe ḋíḃ ḃeiṫ ag foġluim cleasa ridireaċta ná gaisce
feasta, óir do ṫiomsaiġeadar agus do ċuireadar ḃur gcuirp
agus ḃur gcnáṁa, agus do ṫéaċtadar ḃur ḃfolana agus
is aois céille siḃ anois.  Agus má’s maiṫ liḃ aimsir agus
coiṁdeaċt, do ġeoḃaiḋ siḃ agam-se é.”
  Is annsoin aduḃairt Conall: “Ní riogamaoid-ne sin de
leas, óir dá mba le haimsir dúinn is do riġ éigin de rioġaiḃ
an doṁain do ḋéanfaimís é.”
  “Má’s eaḋ,” ar an inġean, “fánaḋ an macaoṁ óg úd

---------------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	11

agam-sa, óir is tualaing mise ar ċleasaiḃ do ṫaḃairt le
foġluim dó, agus mar an gcéadna is dóiġ eisean d’a
ḃfoġluim.”
  Do rin siad aṁla soin, agus do ṫiomsadar tiomnaḋ agus
ceileaḃar d’a ċéile, agus ṫáinig Conall agus Laoġaire rómpa
go hÉirinn, agus fanas Cú Ċulainn i ḃfoċair na hinġine, agus
is é sin turas Ċonaill agus Laoġaire i nAlbain.
  Dála Ċon Culainn d’oirisiḋ i ḃfoċair na hinġine go ceann
bliaḋna, agus lá n-aon i gcionn na bliaḋna d’eiriġ amaċ
d’imirt na glceas d’ḟoġluim leis an mbliaḋain sin.  Agus
níor ċian do ḃí an tan do ċonnairc an t-aṫaċ aḋḃal-ṁór ag
teaċt láiṁ le imeallaiḃ an ḃaile d’a ionsuiḋe, agus ba ḋuiḃe
’ná gual gaḃan gaċ alt de ó ḃonn go baṫas.  Is annsoin
d’ḟifruiġ an t-aṫaċ de Ċoin Ċualainn: “Créad soin do
ġniḋ tú, a ḟir ḃig úd?" ar sé.
  “Ġniḋim,” ar Cú Ċulainn, “mo ċleasa gaile agus gaisce
d’ḟoġluim.”
  “Truaġ soin, a ṁacaoiṁ,” ar an t-aṫaċ.  “Ná bí ag
saoṫruġaḋ leó san, óir an baile i n-a ḃfuilid cleasa na
ridireaċta d’a ríriḃ agus na foġlama bunaiḋ d’a ndéanaṁ ní
áirṁiġtear na cleasa san agat-sa d’a ndéanaṁ ann.  Agus
noċa riaċt tusa ann go bráṫ.”
  “Cioḋ ón, a ḟir ṁóir,” ar Cú Ċulainn.  “ioġuin Scaṫaċ inġean rioġ na
Sceiṫia Móire atá i dtuaisceart an doṁain ṁóir ṡoir.”
  “Ad ċualamair iomráḋ uirṫe,” ar Cú Ċulainn.
  “Is dóiġ go gcualaḃair,” ar an t-aṫaċ.
  “Is iomḋa críoċ forbaḋ fearainn uait-se go nuige
Sceiṫia.  an dtuḃrai-se eólas dom ann, a ḟir ṁóir?" ar
Cú Ċulainn.
  "Noċan dtiuḃar-sa eólas go bráṫ duit ann,” ar an
t-aṫaċ.
  “Ort do ċol agus do ċontraċt,” ar Cú Ċulainn.  “Is
i n-éagmuis do ṫoirḃirt agus d’eólais do rineas-sa riaṁ.”
  Téid an t-aṫaċ uaiḋ iarsoin, agus do ċuaiḋ Cú Ċulainn
d’ionsuiḋe an dúna i n-a mbíoċ a ngnáṫaṁ, agus do ḃí ann
an oiḋċe sin.  agus níor ṡáṁ leis a ṫaoisc tré lúṫġáir a
nduḃairt an t-aṫaċ leis.  D’eiriġ amaċ d’éadáil na maidne,

-------------

12	RUḊRAIĠEAĊT

agus do ṫiomain cead agus ceileaḃraḋ d’a ḃuime .i. Duir-
eann, agus ba ḋoiliġ léi a imṫeaċt uaiṫe agus méad a gráḋa
agus a geana air.
  Dála Ċon Culainn, buḋ liosta le luaḋ gaċ conair ar ġaiḃ
go ráinig an Sceiṫia, agus is ’san áit sin a ḃíodar trí príoṁ-
scola an doṁain ag foġluim .i. scola Afraice, Áise, is na
hEórpa i n-a longṗortaiḃ féin, agus do ċonnairc sul ráinig
an dún an macra óg áluinn ag iomáin ar ḟaiṫċe an dúna.
Agus gé’r scíṫeaċ méirṫneaċ an mac san, d’ionsuiḋe an
iomáin ar dtúis, agus dá dtárla le neaċ aon ṗoc de liaṫroid
d’ḟaġáil níor leig Cú Ċulainn ċum aenneaċ aca í go rug an
báire fó ṫrí uaṫa uile.
  Is annsoin do riaċt ċuige taoiseaċ an ṁarcraḋ.  “A
ṁacaoiṁ,” ar sé, “créad fá rugais an báire orm?”
  “Do ḃearainn  báire eile dá n-imrinn id’ aġaiḋ,” ar Cú
Ċulainn.
  “Dar ár mbriaṫar-na, áṁ,” ar siad, “gaċ a rugais ní
ḃéarfa dá ḃfeasaimís-na do ḃeiṫ ċoṁ maoiḋeaṁṫaċ soin.”
  “Atá a ḟios anois agiḃ,” ar Cú Ċulainn, “agus ḃéarad
an báire seo oraiḃ arís”; agus do rug Cú Ċulainn an báire
sin orṫa.
  Is annsoin do riaċtadar ceaṫrar Éireannaċ a ḃí ann ċuige,
agus do ṫoirḃir siad teóra póg go díl agus do diaċraċ, go
milís agus go muinntearḋa ḋó; agus do ġaḃdar ag fiafruiġe
scéala a gcríoċ agus a ḃfearann de.  Do ġaiḃ seisean ag a 
innsin díoḃ mar an gcéadna, agus id iad ceaṫrar a ḃí ann .i.
Naoise, Áinle, agus Ardán, trí mic uaisle oirḋearca Uisneaċ
de ċlannaiḃ Ruḋraiġe, agus ba ċlann dearḃráṫar máṫar do
Ċoin Ċulainn iad, agus Feirdia mac Duḃáin mic Dáire .i.
rioġlaoċ d’uaisliḃ Connaċt.
  “Maiṫ, a óga,” ar Cú Ċulainn, “cá foġluim de ċleasaiḃ
na gaisce do ġniḋtear agaiḃ ’san áit seo?”
  “Is eaḋ do ġniḋtear linn,” ar siad, “foġluim faoḃair-
ċleas ag Droiċead an Éallta.”
  “Cá faid ḃíos duinne ag foġluim?” ar Cú Ċulainn.
  “Foġluim míosa ráṫa bliaḋna trí lá agus teóra oiḋċe atá
air,” ar siad.
  “Maiṫ, a óga,” ar Cú Ċulainn.  “Taḃraiḋ eólas doṁ-sa
ċuige go ḃfeicinn é.”

---------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	13

  “Truaġ soin, a ṁic,” ar siad, “cá tairḃe ḋuit a
ḟeicsin?”
  Ṫar a ċionn soin do ċuaiḋ Cú Ċulainn agus na hóga d’ion-
suiḋe an droiċid, agus na huile ṁacra d’a raiḃ ’san mbaile
do ġaiḃ siad ag a ḃfeicsin.  Is aṁlaiḋ ḃí an droiċead soin
.i. an tan do lingeaḋ neaċ é do ċaoluiġeaḋ go mba coṁcaol le
ruibe fuilt agus go mba coiṁgéar le hóplaċ é.  Agus do
ṡleaṁnuiġeaḋ go mba coiṁsleaṁain le heascoin é.  Agus
d’eirġeaḋ i n-áirde aga eile go mba coṁárd le seólċrann
lionge é.  Annsoin do ling Cú Ċulainn go hiongantaċ go
dtárla ar ḋruim an droiċid i n-a ṡeasaṁ, agus do ġaiḃ ag
sladraḋ agus ag tuisleaḋ ar ḋruim an droiċid.  Leis sin, do
ċonnarcṫas as an ngrianán i n-a raiḃ Scaṫaċ Cú Ċulainn do
ḃeiṫ ar an ndroiċead, agus is aṁlaiḋ do ḃí an grianán soin
agus seaċt ndóirse móra air agus seaċt ḃfuinneóga idir
gaċ dá ḋoras ḋíoḃ agus caogad leaba idir gaċ dá ḟuinneoig
agus trí ċaogaid inġean i mbraṫaiḃ aondaṫaċa agus trí
ċaogaid i mbrataiḃ corcra agus trí ċaogaid eile i mbrataiḃ
glan-áilne gorma i ḃfoċair Scaṫaiġe.  Ní ṁionnuiġeaḋ aon
díoḃ aċt Dar ár gcoróin ġeanmnaiḋeaċta, nó Dar an ḃfear
úd, nó Dar ciste coimeádta mo ṡéad.  Agus do ḃí Scaṫaċ
annsoin, agus trí ċaogaid mac mór-ġlonnaċ agus trí ċéad
curaḋ calma ag a coiṁdeaċt i n-éagmuis an luċta do ḃí ag
foġluim uaiṫe.
  Is aṁla do ḃí Scaṫaċ an tan soin agus inġean ċrutaċ ċaoṁ-
áluinn a ḃí aici i n-a fiaḋnaise.  Uaṫaċ a hainm, agus gé’r
Uaṫaċ a hainm ní aṁla do ḃí sí aċt i n-a hinġin ṁíndeilḃe
ṁaol-ġlúnaiġ ṁong-ḃuiḋe taoiḃ-leaḃair taiṫneaṁaiġ.  Is
aṁla ḃí an inġean agus fleasc fíor-áluinn fionn-airgid ar a
ceann céilliḋe cúl-ómraċ agus ciuṁais áluinn ór-ṡnaiṫe i n-a
fiaḋnaise agus claiḋeaṁ cros-órḋa ag fiġe an óir ar a 
dor-ċla.
  Ód’ ċonnairc Uaṫaċ, inġean Scaṫaiġe, an t-aon ṁacaoṁ
óg áluinn ildealḃa ar ḋruim an droiċid d’iompuiġ a haigne
agus a ciall, agus do ṫug gráḋ a hanman dó le sileaḋ na súl
le haṫaiḋ aon uaire.  Is annsoin do siaḃraḋ a haigne; óir
an t-ionad i n-ar ċóir an snáṫad óir do ċur, snáiṫe airgid
do cuireaḋ ann;  agus do ṫigeaḋ daṫa iomḋa ḋi ionnus go
mba coṁbán le bán-scoṫaiḃ í agus feaċt eile ba ċoṁcorcraċ

------------------

14	RUḊRAIĠEAĊT

le corċrann coille í.  Ṫug a máṫair .i. Scaṫaċ d’a haire an
malairtiuġaḋ soin ar an inġin.
  “Maiṫ an tráṫ, a inġean,” ar sí; “Créad do ṁeasc do
ċiall agus do ċéadfaḋa mar soin?”
  “Adéarfad leat a aḋḃar, a ṁáṫair,” ar sí.  “Do ċím
aon ṁaċaoṁ suairc séiṁiḋe soiḋealḃaċ ar ḋruim an droiċid,
agus is truaġ liom é, óir an uair scuirid a ċosa uaiḋ de
ḋruim an droiċid is é ḃeir na daṫa iomḋa so orm, agus an
tan gaḃaid a ċosa agus a láṁa greim de’n droiċead is
fuiġleaċ liom é ar ḟeaḃas liom a roċtain gus a aṫair agus
ċuma ṁáṫair féin arís.  Óir d’ḟeadar go ḃfuil neaċ éigin
le’r truaġ a ḃeiṫ mar siúd.”
  “A inġean,” ar Scaṫaċ, “Féaċ go maiṫ an macaoiṁ soin
agus taḃair t’aire ris, óir do taiḋḃriġeaḋ doṁ-sa atá ḋá
oiḋċe ó ṡoin ann macaoṁ a hoileán iarṫair Eórpa .i.
a hÉirinn dom’ ionsuiḋe do ḃéaraḋ buaḋ Droiċid an
Éallta i n-aon ló agus go mairfidís a ġníoṁarṫa gaile agus
gaisce go bruinne an ḃráṫa agus go mba mac do rioġḟlaiṫ
a hUltacaiḃ é.”
  Dála Ċon Culainn, do scuireadar a ċosa agus a láṁa fó’n
am soin ó’n droiċead agus lingeas d’ionsuiḋe láir agus lán-
talṁan go talṁaiḋe teinneasnaċ go dtugadar na trí príoṁ-
scola san fear ndoṁain na hiolġárṫa um a ṁéad agus um a
iongnaḋ neaċ ’san mbiṫ d’ḟóbairt an droiċid go mbeaḋ
Scaṫaċ ag a ṫeagasc aṁail do rin do ċáċ.
  Is annsoin ṫáinig daṫ dear-ṁaiseaċ ar ġruaḋaiḃ an
óg-ṁacaoiṁ agus do himdeargaḋ uime ar ró-ṁéid ba náir
leis na hioġárṫa sceige sin do ċlos.  Do ling arís ċum
saoiḃ-léim iongantaċ árd-uaṫḃásaċ go dtárla i gceart-lár
an  droiċid é, agus d’eiriġ an droiċead faoi gur riaċt an
ceann ba faide uaiḋ do’n dul san.  Agus ṫugadar an macra
Éireannaċ gáir mór ós árd ag coṁmaoiḋeaṁ mar do rin an
tÉireannaċ eile an cleas agus ar áluinne leó neaċ do ṫeaċt
as a gcríċ féin do ḋéanfaḋ na cleasa uile i n-aon ló.
  “Maiṫ, áṁ, a inġean,” ar Scaṫaċ.  “ëÉiriġ, agus fear
fáilte uaim-se agus uait féin leis an macaoṁ úd, agus
taḃair eólas ar ṫiġ na n-aṁus dó.”
  Téid an inġean iarsoin i n-a ċoṁḋáil agus d’ḟear fíorċaoin
fáilte leis ó Scaṫaiġ, agus pógas go díl agus go diaċraċ
uaiṫe féin é, agus ṫug súd an ċomaoine ċéadna ḋi.

----------------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	15

  “Tair,” ar an inġean, “go dtugad eólas duit go teaċ
na n-aṁus.”
  Gluaisios Cú Ċulainn léi go héasca go rángadar doras an
tiġe.
  “A óga,” ar an inġean, “goiriḋ ċuġaiḃ an macaoṁ so,
agus deiniḋ muinntearḋas leis, óir is macaoṁ óg ó Éirinn é
iar dteaċt i gcéadóir do’n dún so.”
  Do leigeaḋ isteaċ é iarsoin, agus aduḃairt fear díoḃ
leis:  “Giḋbé niḋ adéaram-na leat anoċt, ná huaṁantar
uime ṫú.  Trí naonḃair atáimid annso agus trí naoi mbeara
imreaṁra ag gaċ duine againn; agus gaċ neaċ roiċios
Droiċead an Éallta is againne ḃíos an oiḋċe sin.”
  “Créad do ḃniḋṫear agaiḃ leis?” ar Cú Ċulainn.
  “Do ġníḋtear, ” ar siad, “a ċeangall i ḃféig agus i
ḃforṁullaċ an tiġe agus na trí naoi mbeara san d’inneall
ar a ċroiḋe go ria a ċorp-lár umpa go naċ beaḋ ionad beara
i n-a ċorp slán gan teascaḋ agus go ḃfuil a ċuirp agus a
ċruaiḋ-ċneis d’a ṫréigean.”
  “Créad an fáṫ fá ndéantar soin agaiḃ?” ar Cú Ċulainn.
  “Do ġníḋtear, ” ar siad, “giḋ ḃeaḋ lán do ċuirp d’a
ṡleaġaiḃ tríot naċ goillfeaḋ ort a haiṫle na hoiḋċe anoċt.”
  “Is braṫar doṁ-sa,” ar Cú Ċulainn, “nár geineaḋ ar
ḋruim talṁan duine a leigfinn-se ḋó mo ċorp do ṫollaḋ
d’ḟuláireaṁ ar ġaisce orm-sa aċt muna leigfinn do laoċ
a ḃeaḋ im’ aġaiḋ do láṫair iomġona ṫar ceann m’oiniġ.”
  “Dóiġ linne do buḋ ċóir sin,” ar fear díoḃ, “dá leigtiḋe
ḋuit ar do ċumas féin.”
  “Dar ár mbraṫar féin,” ar fear ba neasa do Ċoin
Ċulainn, ag breiṫ ar ċaol coise air, “ní ġaḃṫar do ḋeaġ-
ċoṁroġa uait annso”; agus iarsoin, do ċeangail i n-áirde
i mullaċ an tiġe é, agus do innleadar na trí naoi mbear
ar a ċionn.
  Iarsoin ṫáinig Cú Ċulainn anuas go fóill agus go héadtrom
agus do rin sosaḋ ar ċeann an ḃeara ba neasa ḋó.  Do riaċt
gus an bior tanaiste agus do ṫaġaill ṫar an dtreas mbior
agus níor ḋearmaid an ceaṫraṁaḋ bior.  Do léim an cúig-
ṁeaḋ bior, agus ráinig an seaċtṁaḋ bior; níor ḋearmaid
an t-oċtṁad bior, agus d’ḟosuiġ ar an naoṁaḋ bíor, agus
do ḃí ar n-a ċoṁnuiḋe ar ḟaid do ḃíodar na trí naoi
mbeara ar inneall.
  
----------------------

16	RUḊRAIĠEAĊT

  Dála an ṁacraḋ an ṁear-ċleasa, níor fríṫ ag Scaṫaiġ
ná ag Muġoill Ṁanannáin ná ag Aḃluiġ Áran ná ag Doṁnall
Duḃloingseaċ ná ag ridire ná ag banġaisciḋiġ ’san doṁan,
agus ní raiḃ aca-san uile neaċ d’a dtáinig an bior-ċleas do
ḋéanaṁ an ċéad lá go dtáinig Cú Ċulainn go Scaṫaiġ agus
do ḟoġnaiṁ do luċt na gaisce ar an gcleas soin.
  Giḋeaḋ an tráṫ do gaḃaḋ Cú Ċulainn ar an mbior ndiaḋnaċ
agus do ceanglaḋ i mullaċ an tiġe fó ṫrí é, agus an treas
feaċt ṫáinig loinne agus diḃfearg ar Ċoin Ċulainn leó gur
ḃain na trí naoi gcinn díoḃ, agus iar soin do ṫiomsuiġ a
gcinn agus ṫugadar dioḃragaḋ do gaċ ceann díoḃ fó leiṫ
go dtárla fó ḋóirsiḃ oirḋearca an dúna fó ċosaiḃ na sluaġ
agus na soċaiḋe iad, ionnus go mba móide a n-uaṫ agus a
n-urḋuḃaḋ é ’san mbaile.  Agus do ḃí ann an oiḋċe sin go
dtáinig an ṁaidean, agus ṫáinig as go riaċt doras an
ġrianáin i n-a raiḃ Scaṫaċ, agus do ráiḋ do ḃriaṫraiḃ árda:
“An ḃfuil Scaṫaċ ṫall?” ar sé.
  “Créad soin, a ṁic?” ar sí.
  “An méad de ṡeódaiḃ, de ṁaoiniḃ agus d’ionṁusaiḃ
deaġ-ṁaca rioġ agus róḟlaṫa an doṁain atá i dtaisce agat,
dáil doṁ-sa iad.”
  “A ṁacaoiṁ,” ar Scaṫaċ, “créad soin?”
  “Do b’áil liom a ḋíoġal ort,” ar Cú Ċulainn, “óir
is doṁ-sa dliġtear a ḋíoġal a méad dem’ ḋiċeall foġlama
atá agat gan a dtaḃairt dom agus do ċáċ mar aon liom.”
  “Maiṫ, a ṁacaoiṁ,” ar sí, “is iomḋa duine annso
d’ar ċóra san ’ná tusa.”
  “Má’s eaḋ, noċa dtig dóiḃ a iarraiḋ,” ar Cú Ċulainn,
“óir is liom-sa dliġtear a ḋíoġal ó naċ tig dóiḃ féin.”
  “Créad an díoġal do ḋéanṫá?” ar Scaṫaċ.
  “Coṁrac agus coṁlann d’ḟearaḋ leat-sa,” ar Cú Ċulainn.
  “Do ġeaḃair san, a ṁacaoiṁ,” ar Scaṫaċ.
  “Noċan tú raċas ann,” ar Cuar agus ar Cáiḋ.  Dís
ṁac Scaṫaiġe iad san.
  “Ní haṁla soin,” ar Cuar, “aċt raċad-sa im’ aonar
leis.”
  Agus is aṁla ḃí an fear soin agus é caḃail-reaṁar cliaḃ-
ḟairsing, agus ba ṁór an aoirde é.  Agus d’eiriġ an fear
soin agus é iar ndéanaṁ a ḟoġlama ó n-a ṁáṫair ’san uile 
ċleas gaisce idir uḃaill-ċleas agus toirn-ċleas, fóid-

----------------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	17

ḃéim agus tuaiṫ-ḃéim, béim go follus agus bruaḋnaḋ
iompóḋa agus cleas ar ḃarr slaite agus cleas óſ ógaiḃ,
brais-ḃéim agus fóir-ḋíonaḋ, cleas Cuair agus cleas Cáiḋ
agus cleas fuaraċta go mbídís sin uile ċuige agus uaiḋ
aṁail beaċa lá saṁraiḋ ag dul is ag teaċt le n-a dtionólaḋ
d’a ḃarraíḃ braonscoiṫ.
  Is annsoin ġaiḃ Cú Ċulainn mac Suḃaltaiġ a sciaṫ coiṁ-
reannaċ coṁualaċ faoḃar-ċruaiḋ fionndruine go slaḃraḋaiḃ
sean-airgid sníoṁṫa ṫar a ġeal-ġualnaiḃ ag a himirt le uair
na hiorġuile agus caogad curaḋ cam creideaṁḋa ar a 
ċoinheagar de ċloċaiḃ criostail agus cearb coṁogail go
mba mian súl duine ar biṫ beiṫ ag féaċain air le huair
ċoṁnuiḋṫe na scéiṫe ioldaiṫte sin.  Do ġaiḃ a ċlaiḋeaṁ
trom tort-ḃuilleaċ go féig fadosaiġ go gcruaḋas croiḋe go
gcíocras fola foirḋeirge air, go dtruaill fada fionndruine
air go gcorpaiḃ áilne órḋa go n-árdġaḃáil gaile ós craoḃ-
ċaiḃ agus ós crannlúbaiḃ a ḟuilt go dteascaḋ Fionn le sruṫ
le leónaḋ agus le leadraḋ a ḃíoḋḃaḋ agus a eascarad,
agus do ġaiḃ a ḋá sleiġ coiṁriġne coṁfairsinge go suaiṫ-
neaḋaiḃ síoda saiḋḃir-ḃreaġṫa i ḃfoscaiḃ na gceann gcliaḃ-
ḋearg gcóig-reannaċ go n-a seimeanaiḃ síoda tré n-a ġeal-
ḃraiġdiḃ.
  Do ċuadar iorsoin do láṫair gona agus coṁraic go dtug-
adar troiġṫe le talṁain agus gnúise le hiomġoin.  Do
fosaḋ troiġṫe agus do leaṫnuiġeaḋ láṁa agus do buaileaḋ
béameana agus do hárduiġead aigeanta aca.  Do ḃí maic-
ealla i n-insiḃ, i n-oileánaiḃ agus i gcairrgíḃ ceann-ġarḃa
ó ḃailc-ḃéimeanaiḃ na sciaṫ ag a gcoṁṫuargain agus ó
ṡlatġaire na sleaġ slíopṫa agus ó ḃéimeanaiḃ na gclaiḋeaṁ
dtrom dtort-ḃuilleaċ.
  Is í coṁairle do rin Cú Ċulainn ḃeiṫ d’a anacal agus d’a
imḋidean féin ar ċleasiḃ a scéiṫe, agus do leig do’n ḟear
ṁór a ḃrais-ḃéimeanna do ṫaḃairt gan a ḃfreastal ná a ḃfrio-
ṫálaṁ.  Do ġaiḃ annsoin criṫ agus anḃfainne cosa an ḟir
ṁóir leis an sír-ṡeasaṁ, agus do ċuaiḋ a neart as a láṁaiḃ
le sna síor-ḃuilleaḋaiḃ mionca mór-aiḋḃle, agus do ġaiḃ
ag innealtuġaḋ leis an ḃfear mbeag.
  Iarsoin do eiriġ a loinne agus a luaiṫ-ḟearg i gCoin
Ċulainn, agus ṫug béim do’n ḟear ṁór gur ḃain a láṁ de
ṁaoil a ġualan de, gur ṫuit an láṁ agus an claiḋeaṁ ċum

----------------------

18	RUḊRAIĠEAĊT

láir agus ṫug béim eile dó gur ḃain an ċos ḋeas de, agus
ṫug an treas ḃéim gur ḃain an ċos a ḃi ag iomḟulaing a
ċuirp uaiḋ, agus do ṫuit iarsoin agus a aġaiḋ ar Ċoin
Ċulainn.  Agus ṫárla a ċláirḟiacal meaḋonaċ i mullaċ
ġualan Ċon Culainn, agus níor ḟágaiḃ feoil ná finn-leaṫar
ó ṁullaċ a ġualan anuas go ndeaċaiḋ ṫar barr a ṁeoire
meaḋoin síos de, agus b’é sin ċéad-lomraḋ Ċon Culainn le
láiṁ.
  Iarsoin do ḃain Cú Ċulainn an ceann de Ċuar mac Scaṫaiġe,
agus ṫug urċar de i ḃfiaḋnaise a ṁáṫar.  “An aiṫnid
díḃ an ceann soin?” ar seisean.
  “Do ḃeirim aiṫne air,” do ráiḋ Scaṫaċ, “agus is truaġ
an gníoṁ duit-se, a ṁacaoiṁ, aḋéanaṁ; agus tair isteaċ
go ló go ndéantar leaba ḋuit im’ ṡeómra féin go ndéantar
do leiġeas liom-sa.”
  “Raċad,” ar Cú Ċulainn, ”giḋbé olc maiṫ leat-sa é.”
  Do rineaḋ leaba ḋó iarsoin, agus do gaḃaḋ ar a leiġeas
inte.  Is annsoin do ċuaiḋ Uaṫaċ inġean Scaṫaiġe d’ionsuiḋe
Ċon Culainn.
  “Créad soin uait a inġean?” ar Cú Ċulainn.  “An
é naċ ḃfuil a ḟios agat gurab caill geasa do gaċ neaċ a ḃíos
i n-oṫaras teaċt i gcaoṁṫaċt mná?”
  “An í sin coṁairle do ġniḋir-se?” ar sí.
  “Is í go deiṁin,” ar Cú Ċulainn.
  Leis sin d’iompuiġ an inġean ar a cúlaiḃ, aċt níor ḃ’ḟada
gur ḟill d’ionsuiḋe Ċon Culainn, agus ṫug láṁ ṫar a braġaid.
  “Créad soin uait a inġean?” ar Cú Ċulainn in aṫ-uair.
  “Mise,” ar sí, “iar dteaċt arís dod’ ionsuiḋe.”
  “Iompuiġ ar do ċúlaiḃ arís, óir do ġeoḃair dímbriġ
agus easonóir ar son na tosca soin,” arsa Cú Ċulainn.
  “Noċan é sin do ṡaoileas,” ar an inġean.
  Do ċuaiḋ an inġean d’ionsuiḋe a hiomaiḋe féin iarsoin;
aċt níor ḃ’ḟada go dtáinig an treas feaċt d’ionsuiḋe Ċon
Culainn.
  “Is fearr liom,” ar Cú Ċulainn, “tú do ċur uaim.”
  “Do ṁaiṫfinn san duit, aċt gan mo ṡíor-ċur uait,”
ar sí; “agus do ḃéara mé cuṁṫa suairce séiṁiḋe ḋuit ar
mo leigean agat.”
  “Abair na cuṁṫa soin,” ar Cú Ċulainn.
  “Do ḃraiṫfinn mo ṁáṫair duit,” ar an inġean, “go

----------------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	19

dtugaḋ na trí cleasa ḋuit naċ dtug do neaċ riaṁ roṁat.
Agus is iad so na trí cleasa .i. cleas Cuair, cleas Cáiḋ,
agus cleas Fuaraċta.”  “Dá ſaoilfinn-se iad san uile do ḃeiṫ
fíor, ní ċuirfinn-se as so ṫú anoċt.”  Agus d’ḟiafruiġ
ar n-a ḃáireaċ di cionnus do ġeoḃaḋ na cuṁṫa geallaḋ dó.
  “Do ġeoḃair aṁlaiḋ so,” ar sí .i. “raċaiḋ mo ṁáṫair
indui d’agallaṁ na ndéiṫe aḋarṫa d’a gcredeann agus
cliaḃ curaḋ fúiṫe i nDroiċead an Éallta; agus ar diṫ
airm raċaiḋ ann.  Teagṁaiḋ-se ḋi i n-éagmuis a hairm agus
a hioḟaoḃair, agus bainfir na cuṁṫa soin di.  Noċt do
ċlaiḋeaṁ ós a cionn, agus abair go mbainfir a ceann di aċt
muna dtugann duit na cuṁṫa ſirfir uirṫe.”
  “Do ċuaiḋ Scaṫaċ ċum an droiċid iarsoin, agus ġluais Cú
Ċulainn amaċ i n-a diaiḋ, agus níor ṁoṫuiġ Scaṫaċ éinniḋ
go raiḃ Cú Ċulainn le n-a hais agus claiḋeaṁ coilgḋíreaċ ós
a cionn.  Ód’ ċonnairc Scaṫaċ ſan .i. taiṫneaṁ agus taiḋḃle
an ċlaiḋiṁ idir í agus an grinneall, silleas ós deasárd a
gualan.
  “Créad soin, a macaoiṁ?” ar sí.
  “Maiṫ liom bás d’imirt ort,” ar Cú Ċulainn.
  “Is fearr mé anacal ’ná soin,” ar sí, “agus cuṁṫa
maiṫe d’ḟaġáil uaim.”
  “Abair na cuṁṫa,” ar Cú Ċulainn.
  “Cá cuṁṫa is áilne leat?” ar sí.
  “Trí cleasa atá agat naċ deanais do ḋuile eile riaṁ,”
ar Cú Ċulainn.
  Geallas Scaṫaċ na cuṁṫa san dó; agus do ḃí cáirdeas
na ríoġna ó ṡoin amaċ aige go ceann bliaḋna.
  Ceileaḃras Cú Ċulainn iarsoin do Scaṫaiġ agus d’a hinġin,
agus ní haiṫreitear a scéal go ráinig Dún Aoife ’san Ġréig
agus a tuarasgaḃála.  D’ḟear sí fáilte roiṁ Ċoin Culainn,
agus ṫug gráḋ do-ḟulaing dó; agus is luaṫaide do ḃí diċeall
a foġlama aige é, agus d’ḟan ann ar feaḋ na bliaḋna gur
ṫiomain ceileaḃraḋ ḋi.
  “Maiṫ tráṫ,” ar sí; “ní ċoir d’ḟear do ṁeanma-sa
imṫeaċt go mbaḋ fear foṁṫa tú i sna cleasaiḃ ridireaċta
go coitċeann.”
  “An é naċ fear froṁṫa mé ċeana?” ar Cú Ċulainn.

----------------------

20	RUḊRAIĠEAĊT

  “Ní froṁṫa fós tú,” ar an rioġan, “óir atáid trí cleasa
agam-sa naċ faca tú fós.  Agus fan le n-a ḃfoġluim, agus
beiḋir ós ógaiḃ an doṁain iarsoin go hiomlán.”
  “Má’s eaḋ, fanfad,” ar Cú Ċulainn, “agus cia na trí
cleasa iad?”
  “Cleitín-ċleas, cromaiḋ-ċleas agus cleas an ġai bulga.”
  Do rin Cú Ċulainn an ċoṁairle sin, agus do ḃí cáirdeas
aca le ċéile feasta.  D’ḟoġluim na trí cleasa ar feaḋ na
bliaḋna úd, agus do ṫiomain ceileaḃraḋ ḋi iarsoin.  “Is
fearr doṁ-sa imṫeaċt,” ar sé, “óir is coṁainm an lae seo
ceileaḃraḋ na ridreaḋa ó Éirinn d’a n-oidiḃ, agus do ḃeirid
fiaċa a ḃfoġlama ḋóiḃ.”
  “Noċar ċóir d’ḟear mar ṫusa imṫeaċt an ḃliaḋain
seo,” ar sí, “agus mise taoḃṫrom torraċ, no go ḃfeasfá
cá naoiḋean a ḃronnfar dúinn.”
  “Má’s inġean ḃronnfar ort” ar Cú Ċulainn, “is le gaċ
máṫair soċar a hinġine, agus taḃair do’n ḟear is áil leat
féin í.  Giḋeaḋ má’s mac a ḃeas agat, dein a oileaṁain
agus cleasa ridireaċta do ṁúineaḋ ḋó; agus an uair ḃus
lán an fáinne seo d’a ṁeoir, cuir ċuġam-sa go hÉirinn é.
Agus an uair ṫeilgfeas sleaġ i ndiaiḋ a húrlan agus áiṫeas
do ḋéanaṁ di, agus an uair ḃéaras an ċimḟiaḋ d’aon ḃéim,
cuir de ġeasaiḃ air gan scéala d’innsint d’éinneaċ aṁáin go
bráṫ; agus taḃair Conlaoċ mac Ċon Culainn d’ainm air.”
  Do ġluais Cú Ċulainn iarsoin, agus ṫáinig Aoife ó’n
ndún amaċ d’a ṫioḋlacaḋ; agus is é aiṫeasc diaḋnaċ
d’aiṫin di .i. gan cleas an Ġai Bulga do ṁúineaḋ d’éinneaċ
’san doṁan go bráṫ ná fós do Ċonlaoċ go roiċeaḋ go hÉirinn
ċuige féin.  Ceileaḃras di iarsoin, agus ba ḋoġraċ
ḋoiṁeanmnaċ an inġean d’eis Ċon Culainn, agus ba ṫuirseaċ
imṡníoṁaċ leisean a haigne ag teaċt ’san tsliġe an lá soin.
Agus ṫáinig roiṁe anoir go ráinig Droiċead an Éallta.
Do ling a léim féin an lá soin; agus an tan ṫáinig i meaḋon
an droiċid do ċonnairc ar an gceann eile cailleaċ árd
ḟad-ċosaċ aġaiḋ-ġorm agus eaċlasc aṫġarḃ úir-iarainn i n-a
raiḃ lán a glaice.
  “Maiṫ, a Ċú Ċulainn,” ar sí.  “Leig seaċad an tsliġe
ḋom; ní ionad caiṫiġṫe an t-ionad a ḃfuilim, óir is coṁcaol
le ruibe fuilt é, agus is coṁgairiḋ le halt é, agus is coiṁ-
sleaṁain le heascuin no le húirṡeice é, agus dá dtuiteaḋ

----------------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	21

dealg ’san mball a ḃfuilim im’ ṡeasaṁ ní ḃfaġaḋ oiread a
dtoirisfeaḋ im’ ḟarraḋ.  Giḋ tá oil agus imḋeargaḋ ort
muna leigfiḋ tú an tsliġe ḋoṁ-sa.”
  “Is beó duine d’éis anma, agus ní beó d’éis a oiniġ,” ar
Cú Ċulainn; “agus is í an tsliġe leigfead duit giḋeaḋ is
bás go ġeoḃad féin.”
  Is annsoin d’iaḋaiġ Cú Ċulainn a ḋá ċois agus a ḋá ṡliasaid
agus a láṁa fá ḋruim an droiċid.  Do ḃí an ċailleaċ ag teaċt
ṫairis, agus do ġaiḃ sí ag sosaḋ agus ag oirseaṁ go diab-
laiḋe diḃḟeirgeaċ ar altaiḃ a ċos agus a láṁ gur goineaḋ
agus gur gortuiġeaḋ Cú Ċulainn.  Leis sin, do ling Cú Ċulainn
saoiḃ-léim eadar-ḃuasaċ go dtárla i n-a ṡeasaṁ ar ḋruim
an droiċid, agus ṫug béim ḃiṫ-neartṁar do’n ċailliġ gur
scar a ceann le n-a colainn.  Dóiġ ní ḋearnaḋ agus ní
ḋéanfar a ṡaṁail de ḃéim; agus ag soin tuarasgaḃáil
droiċid na léime is na béime.
  Annsoin do ċuaiḋ Cú Ċulainn d’ionsuiḋe an dúna i n-a
raiḃ Scaṫaċ, agus is aṁlaiḋ do ḃí Scaṫaċ an lá soin agus í
ag múineaḋ do na ridiríḃ ó Éirinn a ḃí aici leis an ré aimsire
a ḃí Cú Ċulainn ag foġluim ó Aoife ’san Ġréiġ Ṁóir ṡoir.
Is iad so ainmneaċa na n-óg-Éireannaċ a ḃí annsoin .i. Laoċ
mór mac Feiḃis de ṡíol Éiḃir Ḟinn, Feirdia ma Duḃáin .i.
laoċ d’uaisliḃ Connaċt, agus Naoise, Ardán agus Áinle,
Fraoċ mac Fioḋaiġ, Fearbaoṫ mac Sirḃeann, Fiaṁan mac
Foraiḋ, Luġaiḋ mac Fiornóis, agus Fearġus mac Róiġ.
Agus an lá do ḃíodar, na ridireaḋa soin ó Éirinn, ċum
imṫeacṫa aḃaile is eaḋ ṫáinig Cú Ċulainn do’n dún, agus do
ṫoirḃir siad do ṁilis-ṗógaiḃ é go díl agus go diaċraċ.
  Iarsoin do ṡuiḋ Cú Ċulainn eadarṫa, agus d’ḟiafruiġ
scéala Éireann díoḃ, agus d’innseadar a scéala uile ḋó
ó ṫúis go deireaḋ agus ó ḟág seisean í go dtángadar féin
aisti.  D’ḟanadar uile ag Scaṫaiġ leaṫ ar leiṫ ag déanaṁ a
ḃfoġlama, nó go raiḃ oiread cleas ag gaċ fear díoḃ is mar
ḃí ag Coin Ċulainn, aċt cleas an Ġai Bulga aṁáin.  Agus
iar dteaċt do ċeann na bliaḋna soin do ṫiomnadar ceileaḃ-
raḋ do Scaṫaiġ agus ṫugadar luaċ a ḃfoġlama ḋi.
  “Maiṫ, a rioġan,” ar Cú Ċulainn, “cóir doṁ-sa imṫeaċt
leo súd.”
  “Noċa n-imṫeoċair,” ar Scaṫaċ, “no go ndíongnaiḋ
mise caradas agus coṁanotaḋ oraiḃ ionnus ná cuirfid fir

----------------------

22	RUḊRAIĠEAĊT

Éireann do ċoṁrac le ċéile siḃ ṫar a gceann féin.  Óir
ní heagal díḃ laoċ eile ar doṁain d’ḃur meallaḋ ná d’ḃur
milleaḋ dá gcoinġḃeaḋ siḃ muinntearḋas le ċéile.  Agus
is iad so fágḃálta agus geasa fágaim-sa oraiḃ agus ar gaċ
n-aon agaiḃ fó leiṫ trém’ ḋéiṫiḃ aḋarṫa agus trém’ ċoṁaċt-
aiḃ .i. má’s é an té ḃus fearr díḃ ḟógras coṁlann ar an
té ḃus measa eisean do ṫuitim ann, agus an té is táire mar
an gcéadna do ṫuitim ann ó ṫiocfas aen éifeaċt ṫar
m’ḟágḃáltaiḃ-se ann.”  Agus do ġaḃdar an niḋ sin do láiṁ
naċ ionsóċaḋ neaċ a ċéile ḋíoḃ go bráṫ.
  Iarsoin do ṫiomnadar cead agus ceileaḃraḋ do Scaṫaiġ.
Ṫángadar rómpa d’ionsuiḋe Éireann, agus ar dteaċt dóiḃ
tré ċríoċaiḃ ḃFear gCat:  “Cia ḃíos ’san gcríċ seo ?”
ar siad le Coin Ċulainn.
  “Aoḋ Ruaḋ .i. rí ḃFear gCat,” ar Cú Ċulainn.
  “Is oirċeas Dúinne,” ar siad, “oiḋeaċt na hoiḋċe
anoċt do ḋéanaṁ aige.”
  “Déanaiḋ,” ar Cú Ċulainn, “agus gluaisiḋ roṁaiḃ.”
  “Créad is áil leat-sa a ḋéanaṁ?” ar fear díoḃ.
  “Raċad,” ar Cú Ċulainn, “ go heoċair-imeallaiḃ na mara
so ṡíos d’ḟios an ḃfeicfinn d’éanaiḃ ná d’ainṁiḋṫiḃ niḋ do
ḃéaraimís d’ionnsuiḋe an dúna linn go mba iongantas ag
bantraċta is ag buiḋniḃ an dúna é.”
  ’‘Déin,” ar siad, “agus raċaiḋ sinne d’ionnsuiḋe an
dúna.”
  “Eirġiḋ go luaṫ,” ar Cú Ċulainn.
  Dála Ċon Culainn, ṫug a aġaiḋ ar an muir dtonn-ġuirm
dtréan-anfaiḋ, agus do ċonnairc ar a ċoṁṫraċt uaiḋ an
t-oireaċtas mór agus iad i n-a suiḋe ar ḃórdaiḃ na mara,
agus a n-aire ar an muir ṁóir amaċ, agus inġean ṁacaoṁḋa
ṁullaiġ díoḃ ṫárla aca ann.  Ṫáinig Cú Ċulainn d’a
n-ionnsuiḋe, agus do ḃí céad d’ḟearaiḃ agus céad de ṁnáiḃ
d’a coimeád ann, Ḃeannuiġios Cú Ċulainn dóiḃ.  “Créad
do ḃeir annso ṫú, a inġean?” ar sé.
  “Adéarfa a aḋḃar san leat, a riġṁíliḋ,” ar sí.  “Inġean
óg mise ag fulaing doċair ṁóir.”
  “Créad an doċar soin?” ar Cú Ċulainn.
  “Atá,” ar sise, “cíos rioġḋa ḃeirid Fine Foġṁóraċ
gaċ bliaḋain as an gcríċ seo, agus céid-ġein ċlainne an

----------------------

OILEAṀAIN ĊON CULAINN	23

rioġ, agus is doṁ-sa ráinig do’n dul so dul leó, óir is mé
ba roġa leis an riġ d’a ċlainn.”
  “Cá líon a ṫig do ḃreiṫ an ċíosa san leó?” ar Cú Ċulainn.
  “Ni ṫig,” ar sí, “aċt trí mic Ċalatroim .i. Duḃ agus
Meall agus Duḃros.”
  Ní cian do ḃíodar mar soin go ḃfacadar an long leaḃair-
ṫéadaċ leaṫan-ṁor d’a n-ionsuiḋe do ċrioṫonnaiḃ na mara
go mór-aḋḃail agus duine duḃ duaiḃseaċ danarḋa doiḋealḃa
i ndeireaḋ na loinge ag a stiúraḋ d’ionsuiḋe an ċuain i
n-a raiḃ cáċ i n-oireaċtas, agus do rin gean ġáire ar ḃfeicsin
Ċon Culainn d’iomarca ar a ċíos i measc cáiċ.
  “Créad do ḃeir an suġċas úd ar an ḃfaṫaċ?” ar Cú
Ċulainn.
  “Ar a aite leis tusa d’ḟeicsin d’iomarca ar a ċíos an
ḃliaḋain seo ṫar gaċ bliaḋain eile,” ar an inġean.
  “Níor ċóir dó-san mo ċoṁmaoiḋeaṁ,” ar Cú Ċulainn,
“no go ḃfeasaḋ mar táim.”
  Ṫáinig an t-aṫaċ ċuċa amaċ iarsoin, agus mar do ċonn-
arcadar, na sluaiġṫe a ḃí i ḃfoċair na hinġine, ag teaċt i n-a
gcoṁḋáil é, do ṫeiċeadar ile uaiṫe aċt aṁáin Cú Ċulainn.
  Sínios an t-aṫaċ a láṁa fada féiṫleaḋa urġránda d’ion-
suiḋe Ċon Culainn, d’a ġaḃáil i n-urṫosaċ a ċíosa rioġḋa,
agus do ṫóg Cu Ċulainn a láṁ go dtug béim dó go ndearna
ḋá leaṫ ċoṁṫroma d’a ċroiḋe i n-a ċliaḃ; agus ṫug an dara
béim gur ṫeasc a ċeann d’a ċolainn.  Is é sin céad-duine
do ṫeasc ná do ṫorċair Cú Ċulainn ó ḋéanaṁ foġlama .i.
Duḃros mac Calatroim.
  Iarsoin do riaċtadar  an dís eile é, agus d’ḟearadar
coṁrac fuilteaċ faoḃraċ ris, agus do ṫuiteadar araon i
ḃfoirċeann an ċoṁraic sin le Coin Ċulainn, agus bainios na
cinn díoḃ, agus d’ḟág annsoin iad; agus níor ṫug úiḋ ná
aire ar an inġin, agus níor laḃair léi agus í i n-a haonar;
aċt do ċuaiḋ sise roimpe d’ionsuiḋe na muinntire do ṫeiċ
ó’n aṫaċ agus do rug orṫa, agus níor innis dóiḃ a ndearna
Cú Ċulainn.
  Dála na laoċraḋ, an tan do scaraḋ le Coin Ċulainn iad,
rángadar rómpa go dún Aoḋa Ruaiḋ, agus ṫáinig an dóirseoir
d’a ḟiafruiġe créad an drong-ḃuiḋean a ḃí ’san doras?
  “Buiḋean de ridireaḋaiḃ Éireann is eaḋ sinn, ar fear
díoḃ, “agus sinn iar dteaċt ó’n doṁan anoir.”

----------------------

24	RUḊRAIĠEAĊT

leigeaḋ isteaċ iad, agus d’ḟear Aoḋ Ruaḋ go fíorċaoin-
fáilte rómpa.
  Dála na hinġine, ṫáinig d’ionsuiḋe dúna a haṫar.
  “Créad soin, a inġean?” ar an rí.  “An tuirse ġaiḃ
tú le ḃeiṫ ag feiṫeaṁ na tráġa?”
  “Ní heaḋ,” ar an inġean, “aċt aon ṁacaoṁ dom’ riaċt
agus dom’ anacal, agus do ṁairḃ sé trí ṁic Ċalatroim, agus
is de’n ḃuiḋin úd ṫall é, mar ṡaoilim; agus eirġiḋṫear
uait-se i gcionn do ċíosa, agus tugtar ċuġat é,” ar an
inġean leis an riġ.
  “Beir buaiḋ agus beannaċt,” ar an rí; “is maiṫ na
scéala innisios tú.”  Agus do ċuir duine ar ċeann a ċíosa,
agus tugaḋ ċuige é.
  Is annsoin aduḃairt Aoḋ Ruaḋ leis an mbantraċt a ḃí
ar ṡlios an dúna: “Eirġiḋ go luaṫ, agus deiniḋ uṁalḟosaiġ
agus foṫragaḋ do na ridireaḋaiḃ ó Éirinn.”
  D’eiriġeadar annsoin an ḃantraċt beól-ċorcra agus
fionn-ṁná an dúna, agus do ṫéiġeadar uisceaḋa ḋóiḃ, agus
do cóiriġeaḋ daḃċa ḋóiḃ, agus do glanaḋ soiġṫiġe ḋóiḃ,
agus d’ḟáiltiġ bean fé ḋeoiḋ roiṁ gaċ fear díoḃ.  Agus
is í d’ḟáiltiġ roiṁ Ċoin Ċulainn .i. Aoife inġean Aoḋa
Ruaiḋ.  Ṫárṫuiġ sí a láṁ i n-a láiṁ ḟéin.  “Mór é cuid
gaile is gaisce na láiṁe seo,” ar sí.
  “Créad soin, an inġean?” ar Aoḋ Ruaḋ.  “An aiṫne
ḃeirir ar an macaoṁ?”
  “Is eaḋ,” ar an inġean, “óir is é do ṁairḃ triúr mac
Ċalatroim agus do ḃain mise a broid agus a deacair.”
  “An fíor súd a óga?” ar Aoḋ Ruaḋ.  “An raiḃ aon
duine d’ḃur muinntir i nḃúr n-easba ná i nḃur ndiaiḋ?”
  “Do ḃí,” ar siad.  “ Cú Ċulainn annsúd do ċuaiḋ ag
marḃaḋ éanluiṫe re bórdaiḃ na mara, agus rug orainn sul
rángamair an dún.”
  “An é seo an Ċú Ċulainn atá iomráiḋte i nÉirinn agus ar
feaḋ na hEórpa?” ar Aoḋ Ruaḋ.
  “Is é,” ar siad-san.
  “Ag súd duit an cíos do ċosnaṁuis,” ar Aoḋ Ruaḋ,
“agus m’inġean i maille ris.”
  “Ort do ċol agus do ċontraċt,” ar Feridia mac Duḃáin.
“A Ċú Ċulainn, noċan roiċ blaḋ éinne d’a mbeaḋ ar aon
tsliġe leat go bráṫ, óir is blaḋ agus nós duit an comrac

----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	25

úd do ḋéanaṁ gan ċuiduiġaḋ iar dteaċt ó ḟoġluim duit;
agus giḋ cian giḋ gairid uainne go hÉirinn noċa mbeiḋ sinn
ar aon tsliġe.”
  Dála Ċon Culainn, ní ṫug d’a úiḋ ná d’a aire aon niḋ d’a
nduḃairt an rí leis, agus do roinn siad cíos rioġḋa soin na
ḃFoġṁóraċ i dtrí rannaiḃ .i. trian do ḃruġaiḃ agus do
ḃiaḋtaċaiḃ ḃFear gCat, agus trian do’n inġin, agus trian
eile dóiḃ féin.
  Do ḃíodar annsoin go ceann coiṫciġis ar ṁíosa.  Do
ṫiomnadar ceileaḃraḋ d’Aoḋ Ruaḋ i gcionn na haimsire
sin, agus do rángadar as soin d’ionsuiḋe Éireann gur
ġaḃdar cuan i dTraċt Falaḋ i gCúige Ulaḋ, agus ṫángadar as
soin go hÉaṁain Maċa mar a raiḃ Conċuḃar mac Faċtna,
rí Ulaḋ.  Fearas Conċuḃar fáilte rómpa agus maiṫe Ulaḋ
ar ċeana, agus fostas Conċuḃar a n-urṁor san go ceann
bliaḋna, agus go háiriṫe Cú Ċulainn agus clann Uisneaċ .i.
Naoise is Áinle is Ardán.  Agus ní raiḃ i n-éinfeaċt ag aon
riġ de rioġaiḃ an doṁain riaṁ laoċra ba fearr ’ná an laoċra
soin ar a dtugtaiḋe Curaḋa na Craoiḃe Ruaiḋe, aṁail is
follus i n-ár ndiaiḋ.  Agus noċar ṫualaing fir Eórpa ar a 
dtraoċaḋ ná ar a dtorċraḋ no gur ṫuiteadar féin amaċ le
ċéile go baoṫ cineaṁnaċ.
  Ag sin agat, a léiġṫeoir ḃig ionṁuin, oieaṁain Ċon
Culainn go nuige seo.


                                           II
        OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN

  Dála na mná toirċe úd d’ḟágaiḃ Cú Ċulainn i gcríoċaiḃ an 
doṁain ṁóir ṡoir do rug sí gein ṁullaiġ leaṫain ṁic agus
do baisteaḋ tré ġeintliḋeaċt é.  Do tugaḋ Conlaoċ mac
Ċon Culainn d’ainm air, agus do hoileaḋ is do leasuiġeaḋ é
’san ionad soin ó aimsir a naoiḋeantaċta go raiḃ urlaḃra
aige.  Do cinneaḋ annsoin é ṫar gaċ macaoṁ ba ṡine ’ná é
féin, agus do múineaḋ cleasa gaile agus gaisce ḋó le n-a
ṁáṫair go naċ raiḃ cleas d’a gcuala ná d’a ḃfacaiḋ naċ
raiḃ aige i gcoitċinne aċt cleas an Ġai Bulga aṁáin.  Do
ġaiḃ ard-oirḋearcas na ċríċe i n-a raiḃ féin as a neart
agus as a láṁaċ, agus do ġaiḃ géille agus braiġde gaċ tíre

----------------------

26	RUḊRAIĠEAĊT

a raiḃ timċeall air; agus do ṫug i láiṁ a ṁáṫar iad d’a
gcoimeád go n-a deiridís fir an doṁain: “Maiṫ an fear
beag úd ag Aoife”; agus do ċuaiḋ an fear bunaiḋ a ḃí aici
uaiṫe, go n-a de sin do lean an forainm de .i. “aoinḟear
Aoife.”
  D’ḟiafruiġ Conlaoċ lá n-aon d’a máṫair: “Maiṫ, a
ṁáṫair,” ar sé, “do buḋ ṁaiṫ liom a ḟios d’ḟagáil uait,
cia hé m’aṫair?”
  “Do ġeoḃair a ḟios san,” ar sí .i. “Cú Ċulainn mac
Suḃaltaiġ a hiaṫaiḃ Éireann aniar t’aṫair.”
  “An ḃfuil rioġaċt an doṁain aige?” ar Conlaoċ.
  “Noċan ḃfuil, a ṁic,” ar sí, “ná rioġaċt aon ċóige
aṁáin de ċóigeaḋaiḃ Éireann aige, giḋeaḋ is fíor-laoċ ró-
láidir é, agus is milis moḋṁaraċ mear-aigeantaċ i ngail
agus i ngaisce é.”
  “Doiliġ liom-sa san,” ar Conlaoċ, “is mo ġeineaṁain
uaiḋ sin, naċ óḋuine ag a mbeaḋ rioġaċt an doṁain do
geineaḋ mé óir buḋ mac díongḃála ḋó mise, mar is dearḃ
go ngeoḃainn-se an doṁan tar a éis.”
  “A ṁic,” ar Aoife, “ag so fáinne t’aṫar d’ḟág sé
agam-sa, agus aduḃairt liom an uair buḋ lán an fáinne seo
dod’ ṁeoir ṁeaḋoin do leigean d’a ionsuiḋe go hÉirinn.”
Tug dó an fáinne iarsoin, agus ba lán an fáinne d’a ṁeoir,
agus do ḃain sé an croimḟiaḋ d’aon ḃéim, agus d’innis a
ṁáṫair a ġeasa uile ḋó.
  “Maiṫ, a ṁic,” ar sí; “imṫiġ i ndiaiḋ t’aṫar ṁóir-
ṁeanmna d’ionsuiḋe Éireann.”
  “Taḃair-se eólas dom ċum Éireann,” ar Conlaoċ.
  Do ṫeagasc Aoife eólas d’a mac, agus ceileaḃras Conlaoċ
d’a ṁáṫair iarsoin.  Ní aiṫristear a ḃeag d’a scéala go
ráinig calaḋ na hAlban go ḃfacaiḋ an t-aon óglaoċ mór
mileaḋta do leaṫtaoiḃ an ċalaḋṫa agus ḋá ċarraig ċloiċe ’san
ġaḃail mara agus sliġe eadarṫa d’ionsuiḋe an dúna do ḃí
ar an dtaoiḃ eile de’n ġaḃail, agus ní raiḃ sliġe ag duine d’a
ċois gan coṁrac leis an aṫaċ óglaiġ.  Do riaċt Conlaoċ d’a
ionsuiḋe, agus aduḃairt an t-aṫaċ leis: “Créad as a
dtáingís, a ḟir ḃig?” ar sé.
  D’innis Conlaoċ a ṫeaċt a críoċaiḃ an doṁain ṁóir
anoir.
  “Ná taġaill an tsliġe,” ar an fear mór,  “óir dá dtigir

----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	27

ann do dhéantar do luiġe agus do leaċt liom-sa ar son cíosa 
an droiċid seo.”
  “An áiġṁilleaḋ atá ort?” ar an macaoṁ.
  “Is eaḋ go deiṁin,” ar an t-aṫaċ.
  “Má do milleaḋ do ċíos riaṁ umat, millfiḋear indiu
é,” ar Conlaoċ.
  “Déin t’ainm agus do ṡloinne ḋom, a ṁacaoiṁ,” ar an
t-aṫaċ.
  “Noċa ndiongan,” ar Conlaoċ.  “Agus tusa, a aṫaiġ cad
é do ċoṁainm-se?”
  “Mongán m’ainm-se,” ar sé.
  “Do ḃeirim mo ḃriaṫar,” ar Conlaoċ, “naċ ainm ḟir
ṡuairc ṡaor-ċlannda an t-ainm sin ort.”
  Cromaid cáċ díoḃ ar a ċéile as a haiṫle gur ḟearadar
coṁrac fíoċḋa fearaṁail fuilteaċ faoḃraċ niṁneaċ neaṁ-
ċáirdeaṁail le ċéile ionnus gur ṫuit Mongán le Conlaoċ i
ḃfoirċeann an ċoṁraic.
  Ṫáinig féin roiṁe iarsoin d’ionnsuiḋe Éireann gur ġaiḃ
cuan agus calaḋṗort i dTráiġ na dTréin-ḟear i gcúige
ollḃlaḋaċ Ulaḋ.  Do ḃí coinne agus coṁḋáil Ulaḋ ar an
dtráiġ sin an lá céadna, agus ód’ ċonnairc Conlaoċ na
sluaiġte cruinniġṫe ’san oireaċtas soin do ṫug carraig
coṁmór cloiċe as an gcoṁṫuras gur rug leis í, agus do
leig ar lár ar árd na tulċa i gcoṁḟogus do na sluaiġtiḃ í.
Agus ṫug d’a ḃréiṫir dá mbeaḋ fir uile Ulaḋ annsoin naċ
teiċfeaḋ rómpa aon ċoiscéim no go dteiċfeaḋ an ċarraig
ċloiċe sin.  Do cóiriġeaḋ leis annsoin cleasa gaile agus
lán-ġaisce ós a ċionn ’san aer agus ’san ḃfirmimeint agus
clé a scéiṫe le sna sluaġaiḃ agus ba ċoṁarṫa diṫe rioġ
do na sluaġaiḃ san .i. an laoċ do ḋéanaṁ na gcóiriġṫe san
d’a láṫair.
  Ód’ ċonnairc Conċuḃar mac Faċtna rí Ulaḋ san aduḃairt:
“Téid neaċ uainn d’a ḟios cia tá annsúd.”
  “Cia raċas ann?” ar siad.
  “Cia do raċaḋ ann,” ar Breicne mac Cairbre Cinnléiṫ,
“aċt mise?” agus d’iarr arm ar Ċonċuḃar, agus ṫug
Conċuḃar soin dó.  Ṫáinig Breicne roiṁe d’ionsuiḋe an
ṁacaoiṁ fá’n dtuairim sin, agus gaċ foigse d’a dtigeaḋ ba
ṁóide a ġaḃaḋ imeagla é ag feicsin na gcleas n-iongantaċ
n-anaiṫnid.  Cuirios Breicne a arm gaisce uaiḋ iarsoin,

----------------------

28	RUḊRAIĠEAĊT

agus do ċuaiḋ d’ionsuiḋe an ṁacaioṁ, agus d’ḟiafruiġ de
cá gcríoċ nó cá dtalaṁ as a dtáinig.
  “Ṫánga,” ar sé, “a críoċaiḃ a doṁain ṁóir anoir.”
  -‘Cad iad d’ainm agus do ṡloinne?” ar Breicne.
  “Ní ḋéanfaiḋ mé mo ṡloinne ḋuit-se ná do neaċ eile go
bráṫ,” ar Conlaoċ.
  “Tair ar an dtulaiġ ṫiġearnais seo ṡuas,” ar Breicne,
“óir is geas d’Ultaċaiḃ aon laoċ do ḃeiṫ i n-a ḃfiaḋnaise
agus clé a scéiṫe leó.”
  “Noċa raċad-sa d’a n-ionsuiḋe,” ar Conlaoċ, “óir is
luġa is geas dul d’a n-ionsuiḋe ná i n-a gcoṁḋáil nó go
scaoiltear í.”
  Do ċuaiḋ Breicne uaiḋ iarsoin an uair ná dearnaḋ a
ṡloinne ḋó agus naċ deaċaiḋ leis, agus an tan do riaċt i
ḃfogus arm aduḃairt:  “is olc tánaḋ ó’n macaoṁ úd,” ar
sé, “agus gan a ṡloinne d’ḟaġáil d’áis nó d’éigean”; agus
d’iompuiġ arís gus an macaoṁ agus do rug na hairm leis
agus aduḃairt:  “o ná dearnais do ṡloinne ó ċiainiḃ déin
anois é óir ní ḟeicfiḋ Ultaiġ mise ċuċa gan do ċeann nó do
ṡloinne.”
  “Noċan mó do ḋéan-sa mo ṡloinne ḋuit anois ’ná ó
ċiainiḃ,” ar Conlaoċ.
  “Taḃair coṁrac doṁ-sa mar soin,” ar Breicne.
  D’ḟéaċ Conlaoċ air, agus do ċonnairc airm laoiċ aige
i n-a láiṁ, agus ba ḋóiġ leis go mba tualang le n-a imirt é.
D’eiriġ an macaoṁ annsoin agus do láṁuiġ a arm gaisce,
agus do ḃain an ḟóid-ḃéim air gur ṫreascair Breicne agus a
ċosa os a ċionn, agus ṫug béim go gcumas dó iarsoin gur
ċroinnleadar a éadaiġe i n-a ṫimċeall mágcuaird, gur ḃa
díoscair a ḋeaġ-noċt agus a íoċtar ó n-a ċrios síos de.  Ag
túrnaṁ a láṁa suas do’n ṁacaoṁ do tógaiḃ Breicne a ċeann
agus d’oscail a rosca go fóirleaṫan anáḋḃail agus aduḃairt:
“Ná déin an tuaiṫ-éaċt agus an meir-ġníoṁ mar soin .i.
an teaċtaire agus an fear turais is fearr ṫáinig go hUltaiḃ
do ṁarḃaḋ.”
  “Cia tusa féin?” ar an macaoṁ.
  “Mise Breicne mac Cairbre,” ar sé; “agus téiġim ar
do ċomairce-se.”
  “Créad do ḃeir arm gaisce agat?” ar Conlaoċ.

----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	29

“Airm Ċonċuḃar ṁic Ḟaċtna iad so,” ar Breicne, “.i.
árd-rí Ulaḋ.”
  An uair d’innis Breicne ḋó gur fear dána é, aduḃairt
Conlaoċ:  “Ní diongantar olc liom-sa le fear dána feasta,
agus déin imṫeaċt go luaṫ.”
  Téid Breicne uaiḋ iarsoin, agus is aṁlaiḋ do ċonnarcadar
ċuċa é agus ḋá dtrian a ċuirp lom-noċtṫa.
  “Créad ṫarrṫuiġ ṫú , a Ḃreicne?” ar siad, “no cia ṫug
an ċoṁarṫa ġeoine sin ar t’éadaċ?”
  “B’ḟearr a ċol agus a ċontraċt,” ar Breicne, “an
macaoṁ mór-ġlonnaċ úd gus a dtárla; agus dá dtéiġdís fir
Ulaḋ uile ċuige ní ṫiocfaḋ aon duine ḋíoḃ uaiḋ gan coṁarṫa
geoine agus fonóṁaide air is mó ’ná a ḃfuil orm-sa.”
  “Cia raċas uainn d’a agallaṁ súd anois?” ar Conċuḃar.
  Aduḃradar uile gurab é Duḃṫaċ Daoldualaċ do ba ċóir
do ċur ann.  Gluaisios Duḃṫaċ ann iarsoin, agus do
ḃeannuiġ do’n ṁacaoṁ.  Beannuiġios an macaoṁ dó fá’n
gcuma gcéadna.
  D’ḟiafruiġ Dubṫaċ a ainm agus a ṡloinne ḋe, agus do
ḋiúltaiġ an macaoṁ an niḋ sin.  “Má’s eaḋ,” ar Duḃṫaċ,
“ní cóir duit geas Ulaḋ do breiseaḋ.”
  Aduḃairt súd nár ḃuḋ miste leis a gcol agus naċar ċuala
geasa ná iomráḋ ar a ngaisce riaṁ roiṁe sin.
  Aduḃairt Duḃṫaċ naċar ċóir dó-san oil ná aiṫis do ṫaḃairt
d’Ultaċaiḃ.
  “Déin imṫeaċt,” ar an macaoṁ, “óir ní ḋiongnaim mo
ṡloinne ḋuit ná d’aon duine eile go bráṫ ar ḋruim talṁan,
giḋeaḋ má’s maiṫ least deaḃaiḋ do ġeoḃair uaim-se é iar
ndul cum do ṁuinntire ḋuit.”
  “A ṁacaoiṁ,” ar Duḃṫaċ, “noċan do ḋeaḃaiḋ leat
ṫánga-sa do’n dul so aċt d’iarraiḋ do ṡloinne ort; agus,
ó naċ áil leat a ḋéanaṁ ḋom, déanfad imṫeaċ go beaċt;
agus má’s deaḃaiḋ do ḋéanfaiḋ Ulaiḋ leat do ḋéanfad-sa
im’ aonar leat é nó i measc ċáiċ, mo ċuid di.”
  Iarsoin do ġluais Dubṫaċ uaiḋ d’ionsuiḋe an oireaċtais,
agus d’innis dóiḃ gaċ ar ċan an macaoṁ leis.  Aduḃradar
san gur ċóir dóiḃ neaċ eile do ċur d’a agallaṁ.
  “Raċaiḋ mise ann,” ar Geanán Gruaḋṡolas mac Caṫḃaid,
agus iarsoin ṫáinig roiṁe mar a raiḃ an macaoṁ, agus focṫas
a ṡloinne ḋe.

----------------------

30	RUḊRAIĠEAĊT

“Ní tarcuisne ḋuit-se,” ar an macaoṁ, “ná diongnaim
mo ṡloinne ḋuit, óir is dem’ ġeasa gan mo ṡloinne d’innsin
d’aon duine aṁáin; agus dá ndeininn buḋ ċóir a ḋéanaṁ
d’ḟear t’innill-se.”
  Iarsoin ṫáinig Geanán Gruaḋṡolas ar gcúlaiḃ, agus d’innis
dóiḃ gaċ ar ċan an macaoṁ leis.
  Do cuireaḋ Caṫḃaḋ draoi d’ḟaġáil scéala a ṡloinne uaiḋ
annsoin, agus ní mó do rin dó-san ’ná do ċáċ, agus ṫáinig
Caṫḃaḋ ar gcúlaiḃ gan scéala.
  Cuireaḋ Conaire Eigeas iarsoin d’a agallaṁ, agus do ġaiḃ
Conaire ag a agallaṁ agus ag taḃair tuarasgaḃála curaḋ
agus caiṫṁíleaḋ Ulaḋ ḋó, agus do ráiḋ Conlaoċ leis impóḋ
ċum an oireaċtais mar a raḃdar, agus aduḃairt na briaṫra
so:  “T’impóḋ, a ṁic ṁóir-ġníoṁaiġ ċum Conċuḃair mic
Faċtna, t’iompóḋ go Fearġus fearaṁail mac Róiġ, t’iom-
póḋ go Conall caṫbuaḋaċ Cearnaċ mac mín-áluinn
Aiṁeirgin.”
  Do ġluais uaiḋ iarsoin ó d’éimiḋ a ṡloinne ḋó.  Agus
is annsoin d’ḟiafruiġ cáċ cia do raċaḋ d’iarraiḋ scéala
d’éis an aosa dána.
  “Cia do raċaḋ ann?” ar Breicne, “aċt ceann na gcuraḋ
agus na gcaiṫṁíleaḋ .i. Conall Cearnaċ.”
  Eirġios Conall agus gaḃas arm agus iolḟaoḃair ċuige
agus do riaċt d’ionsuiḋe an ṁacaoiṁ, agus foċtas a ṡloinne
ḋe sul d’ḟéadfaḋ coṁrac leis.  Do ḋiúltaiġ an macaoṁ a
gáiḃṫeaċ grod-ḃuilleaḋa agus deaḃaiḋ dian deaġ-ṫapaiḋ, agus
do ḋearscnuiġ  an macaoṁ ar Ċonall go mór go nár ḟéad
coṫuġaḋ gaile ná gaisce do ḋéanaṁ.  Agus mar do ṁoṫuiġ
an macaoṁ Conall ar n-a ṫraoċaḋ aige do ḋruid leis agus do
ċuir sciaṫraċ a scéiṫe fá n-a ċosaiḃ, agus do ċuir crios a
ċlaiḋim fá n-a láṁaiḃ, agus do rug leis go mullaċ na tulċa é.
  Do cuireaḋ Laoġaire Buaḋaċ iarsoin d’a ionsuiḋe, agus
ní mó fuair Laoġaire a ṡloinne uaiḋ, agus ó naċ fuair d’ḟógair
caiṫ air agus coṁrac.  Do ḟreagair an macaoṁ soin, agus
do rin siad coṁrac curaḋta aṫaḋ ḟada de’n ló gur traoċaḋ
Laoġaire fé ḋeoiḋ.  Cuireaḋ na craipill agus na cuiḃreaċa
céadna air leis an macaoṁ aṁail do cuireaḋ ar Ċonall, agus
rug leis ar ṁullaċ na tulċa céadna é.
  Iarsoin do cuireaḋ Cealtċar mac Iṫeaċair ċuige, agus
  
----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	31

níor ḃ’ḟearrde a ṫosca soin, óir ní ḋearna an macaoṁ a
ṡloinne ḋó, agus fós do ċuir na craipill ċéadna air.  Cioḋ
traċt, do ċuireaḋar, Ultaiġ, trí caogaid d’a ndeaġ-laoċaiḃ
ċuige, agus do ċeangail an t-ógṁacaoṁ iad uile.  Ód’
ċonnairc Conċuḃar san, do ġaiḃ eagla ṁór é iar ḃfeicsin
curaḋa agus caiṫṁíleaḋa na cóige iar n-a gceangal agus
ar n-a gcuraḋ-ċuibreaċ.
  Cuireaḋ Breicne mac Cairbre d’ionsuiḋe Ċon Culainn
iarsoin go Maiġ Muirṫeiṁne mar a raiḃ ag imirt cleas i
ḃfiaḋnaise a ṫeaġlaiġ agus a ṁeic rioġḋa agus róḟlaṫa ar
ḟaiṫċe Ḋúna Dealgan an ḟarraiḋ.  Do riaċt Breicne d’a
ionsuiḋe, agus d’innis dó laoċra uile Ulaḋ do ḃeiṫ ’san
éigean soin ag aon ṁacaoṁ áluinn iolḃuaḋaċ i dTráiġ na
dTréin-ḟear agus go dtángadar i leas a ḃfóirṫin dó-san.
  Do ċualaiḋ Eiṁear .i. bean Ċon Culainn tuarasgaḃáil an
ṁacaoiṁ roiṁe sin agus aduḃairt le Coin Ċulainn gan dul d’a
ionsuiḋe, agus dá ndeaċaḋ go ḃfaġaḋ féin olc, no go ndiong-
naċ gníoṁ buḋ olc leis.  Agus do ḃí Eiṁear ag a ḟostaḋ,
agus do ġaiḃ lán a dá láṁ d’eangaiḃ an ḃruit uaine a ḃí ar
Ċoin Ċulainn.  Aċt tairngios Cú Ċulainn eiteaḋa an ḃruit
ċuige agus lingios i n-a ċarbad, agus do riaċt gan ṁoill
mar a raḃdar Ultaiġ.  Fearas Conċuḃar fíorċaoin fáilte
roiṁe agus aduḃairt go ráinig leis teaċt i leas a ḃfóirṫin
do’n ċur soin.
  Ód’ ċonnairc Cú Ċulainn curaḋa is caiṫṁíleaḋa na cóige
i gceangal agus i gcruaḋ-ċuiḃreaċ d’aṫruiġ a ċruiṫ agus a
ċaoindeilḃ agus d’iompuiġeadar, a inneaḋa inṁeaḋaonaċa,
i n-a ċorp, agus do ṡiaṫḃradar a ruisc agus a raḋarc agus a
ḋreaċ áluinn daṫaṁail go mbuḋ léor d’aḋḃar uaṫḃáis ḃeiṫ
ag feáċaint an tilleaḋ siaṫḃarṫa do ḃeireaḋ orṫa le huair
na n-airḋean soin aṁail do ċlaoċluiġ a ċruiṫ agus a ḋeilḃ a
innscne agus a urlaḃra le uaṫḃás an ġasciḋiġ iongantaiġ
anaiṫnid sin.
  “Dar linne, a Ċú Ċulainn,” ar Conall Cearnaċ, “is laoċ
naċ láṁaċfar an laoċ soin agus is ainṁeasarḋa a ġníoṁarṫa
gaile agus gaisce um ṫarcuisne do ṫaḃairt orainn, agus
mar ṫugamair táir agus tarcuisne air-sean is orainn ḟein
do himreaḋ meallaḋ agus mearaiḋeaċt d’a ċionn fé ḋeoiḋ.”
  “Ní’l aċt bás doṁ-sa dul d’a ionsuiḋe,” ar Cú Ċulainn,
“aċt munab ar ċleasaiḃ do ṁeall siḃ.”

----------------------

32	RUḊRAIĠEAĊT

  “Ar ċleasaiḃ,” ar Conall.
  Is annsoin do riaċt Cú Ċulainn d’ionsuiḋe an ṁacaoiṁ
agus focṫas a ainm agus a ṡloinne ḋe.  Aduḃairt an macaoṁ
gur geis dó gan a ṡloinne do ḋéanam dó-san ná d’aon eile
ar doṁan.
  “Má’s eaḋ, taḃair comrac doṁ-sa ó naċ ḟaoṁaḋ d’ainm
ná do ḋloinne ḋom.”
  “Do ġeoḃair do ṫoil,” ar an macaoṁ.
  Iarsoin do cóiriġeaḋ láṫair iomġona aca, agus do ċuadar
i n-aṫlaiṁe ar a gcleasaiḃ gaile agus gaisce; agus giḋeaḋ
ċuadar, ní raiḃ ar gcumas neaċ díoḃ fuiliuġaḋ ná foir-
ḋeargaḋ ar a ċéile ar ḟeaḃas a sáir-ḟeicseana agus ar
lúṫṁaireaċt a láṁaiġ.  Do ċuir siad na cleasa soin uaṫa
iarsoin agus do ġaḃdar a gclaiḋṁte iomḃuaileaċa i n-a
láṁaiḃ agus d’ḟearadar coṁraċ fearaṁail fíoċḋa fuilteaċ
faoḃraċ le ċéile, agus do ḋruid siad i ndúire agus i ndéine
an ċoṁraic.  Agus do ḋíoṫláiṫriġeaḋ Cú Ċulainn ionnus
gur ṫug trí troiġṫe ar gcúlaiḃ agus trí in ḃeaḋa a ċleas ar
n-a ḃuaiḋreaḋ an ċéadóir agus trí innḃeaḋa ar ċriṫnuiġaḋ
a ċuirp go mór.  Ní raiḃ aċt taiḋḃsiḋe beaga d’a neart ann.
  Is annsoin aduḃairt Cú Ċulainn:  “A ṁacaoṁ ,” ar sé
“tiaġam ar an áṫ so ṡíos seal eile ċum an ċoṁraic.”
Agus is uime d’iarr Cú Ċulainn leis ċum an áṫa é d’inneall
cleasa soin an Ġai Bulga ó naċ fuair baoġal ná easba ar a
ċleasaiḃ gaile ná gaisce.  Mar do rángadar ar an áṫa,
aduḃarit Cú Ċulainn le Laeġ mac Rianġaḃra .i. a ġiolla féin,
dul i leas an Ġai Bulga d’inneall dó.
  “Dá mbuaḋ tualaing tusa do ḟreastal nó do ḟrioṫálaṁ.”
ar Laeġ, “do ḋéanfaiḋe a inneall liom-sa ar an láṫair seo.”
  “Isam tualaing,” ar Cú Ċulainn.  Leis sin do ṡoiċ
Laeġ an bánġae bulga tré san ḃforġaḃáil uisceaḋa d’ionsuiḋe
Ċon Culainn.  Cóiriġios Cú Ċulainn i laḋar a ċoise deise é
go deaġ-ṫapa, agus do diuḃraiġ uaiḋ d’ionsuiḋe an ṁacaoiṁ
ċleas-innillte agus marḃṫa gaċa tréin-ḟeir agus treascarṫa
gaċa tréan-ċuraḋ agus géir-éirleaċ gaċa gaisciḋiġ.  Agus
níor ġaiḃ daingean ná deiġ-éide leis an gcleas n-iongantaċ
neaṁ-ċaointeaċ soin go dtárla go tubaisteaċ traoċaṁail
an tréan-ġae sin i n-íoċtar bruinne bléin-ṁíne bláiṫ-ġile
ar feaḋ a inneaḋa agus a árann agus a ċléiḃ ’san gcaiṫṁíliḋ.
Do rug deiċ n-uranna fiċead fada fír-niṁneaċa tré n-a
  
----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	33

ċorp go coṁṫrom go n-a drúċt fola foir-ḋerge flann-
ruaiḋe ar íoċtar gaċa urainne ḋíoḃ, gurab ann do ġaiḃ an
uir-rinn uaċtaraċ go mullaċ a ċinn gan contaḃairt gur
ṫuit earsoin ar lár an áṫa go dtángadar trí tonna fíor-
uisce ṫairis.
  Is annsoin ṫáinig Cú Ċulainn ós a ċionn agus do noċt a
ċlaiḋeaṁ do ḋiṫċeannaḋ an deiġḟir.  D’ḟiafruiġ Cú Ċulainn
annsoin:  “Cia tusa féin, a ṁacaoiṁ?  Agus déin do
ṡlonne doṁ-sa anois.”
  “Ultaċ mise má’s fíor mo ṁáṫair,” ar an macaoṁ.
  “Mairg do ṁairḃ an macaoṁ má’s Ultaċ é,” ar Conall
Ceaernaċ iar dtaċt um an am soin ċum an áṫa.
  “Cia t’ainm agus do ṡloinne má’s Ultaċ tú?” ar Cú
Ċulainn.
  “Mise Conlaoċ mac Ċon Culainn,” ar an macaoṁ, “agus
fost do láṁ agus do ċlaiḋeaṁ feasta, a aṫair ionṁain,
óir ní duit dliġṫear mo ḋiṫċeannaḋ.”  Agus aduḃarit an
macaoṁ an laoi seo le doiṁeanmain:

		Fost do láṁ, a Ċú Ċuailgne,
		Do rinnis gníoṁ díombuaiḋe.
		  Maiṫ an tUltaċ, gníoṁ gaile,
		  Do ċuiris i gcróloiġe.

	Conall:
		Mairg do ṁairḃ má’s Ultaċ é
		An macaoṁ so fá ġeil-gné.
		  Buḋ maiṫ an cuinge caṫa
		  Fá ṁac rioġ nó ró-ḟlaṫa.

		Ar do ġaisce fáṫ naċ fonn,
		Is eaḋ aduḃarit Conall,
		  Sul naċ salaċ talaṁ de
		  Faġam-na fios do ṡloinnte.

	An Macaoṁ:
		Is air do ṫánag anall
		Ċuġaiḃ, a ṁaiṫe Éireann,
		  Óir is é m’aṫair gan oil
		  Cú Ċulainn mac Suḃaltaiġ.



----------------------

34	RUḊRAIĠEAĊT

	Cú Ċulainn:
		Truaġ naċ mise folaḋ ’san áṫ
		An tan do goineaḋ i n-antráṫ
		  Sul do muirḃfiḋe maille
		  Má’s tusa Aoinḟear Aoife.

	An Macaoṁ:
		Mairg nár aiṫin mé, a ḟir,
		A Ċú Ċulainn mac Suḃaltaiġ,
		  An tan do ṫeilginn go ḃfonn
		  Na sleaġa i ndiaiḋ a n-urlann.

		Muna mbeaḋ an gae niṁe
		Nár ḃ’aiṫin dom riaṁ roiṁe
		  Ní muirḃfiḋe mé gan ḟeall
		  No go dtuitfeaḋ fir Éireann.

		Mo ḋá ṡleiġ, a Ċonaill Ċaoiṁ,
		Beir leat, agus taisc led’ ṫaoiḃ,
		  Agus mo ċlaiḋeaṁ go ngail
		  Taḃair do ṁac Ṡuḃaltaiġ.

		Atá mo ċuraċ ’san tráiġ
		Eirġeaḋ duine uait ’n-a dáil,
		  Beireaḋ cead ṫar muir mearḋa
		  Noċa dtréig a ṫiġearna.

		Cloċtar liḃ-se an talaṁ te
		Sonna ṫar compán Aoife,
		  Mair do ṁairḃ an dearg daṫa,
		  Truaġ do ġníoṁ, a ḋeaġ-aṫair.

  “Truaġ san, an ṁacaoṁ,” ar Cú Ċulainn.  “Is olc an
tráṫ do rinis do ṡloinne”; agus cuirios a ċlaiḋeaṁ i n-a
ṫruaill.  D’eiriġ an macaoṁ i n-a ṡeasaṁ agus d’iarr
ar a aṫair a ġlacaḋ i n-a láiṁ ionnus go dtuitfeaḋ ar aġaiḋ
go naċ déarfaidís, fir Ulaḋ no aenneaċ eile, go mba meaṫ-
taċt no míolaoċas do ḃéaraḋ air tuitim iar gcúl.
  “Do ġeoḃair an aisce sin,” ar Cú Ċulainn, “óir is aisce
fíorlaoiċ í.”  Aċt do ḃí aṁras ar Ċoin Ċulainn naċ é a ṁac
féin do ḃí aige ann no gur ḟiafruiġ a ainm agus a ṡloinne
arís de.  D’innis dó annsoin guraḃ é a aon ṁac le Aoife
inġean rioġ Gréag; agus do ġaiḃ Cú Ċulainn ag tuirse
  
----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	35

ṫroim agus ag nuallġuḃaḋ diarṁar ós cionn a ṁic; agus
d’ḟiafruiġ Conlaoċ de cia ó ndearnaiḋ foġluim an Ġai
Bulga.
  “Mallaċt uirṫe!” ar an macaoṁ.  “Ba ṫoġṫa léi an
coigcríoċ ’ná dalta a cíoċ agus a huċta; óir is doṁ-sa
dliġeaḋ an cleas soin d’iomarca ar ċáċ.
  Is annsoin d’eiriġ Cú Ċulainn, agus d’iaḋaiġ a ḋá láiṁ
rioġḋa ró-ṁóra fá’n macaoṁ, agus do rug leis as an áṫ
amaċ é.  Cuirios ceann an macaoiṁ ċuige i n-a uċt, agus 
do ḃí ag a éagcaoineaḋ go mór ann.  Do ḃíodar sreaḃa súiġ-
ḋearga agus loċa leaṫna lionn-ruaḋa agus buinneaḋa borba
bog-ḟola ag sniġe agus ag síor-ṫuitim a créaċtaiḃ Conlaoiċ
gur ċraoḃ-ḋeargadar, na frasa fíor-ḟola, an t-áṫ agus an
aḃa uile.  Ṫug Cú Ċulainn d’a úiḋ agus d’a aire sin, agus
do ġaiḃ ag caoineaḋ agus ag molaḋ an ṁacaoiṁ.  Agus do
ḃí Conlaoċ d’a ráḋ leis gan tuirse do ḋéanaṁ, agus go
mbaḋ luġaide buḋ ċóir dó doilġeas do ḋéanaṁ ’ná do ḃeiṫ
air.
  I n-a ḋiaiḋ sin, mar do oirḋearcadar a scéala gaile
agus gaisce, d’iarr mar aisce ar a aṫair a aḋnacaḋ i n-ionad
árd aoiḃinn agus ioḋbairt do ḋéanaṁ do na déiṫiḃ aḋarṫa
d’a raṫ anma gan a leigint i mbruġ ifrinn, agus do ḃíodar
airḋeana báis agus biṫéaga ag teaċt air iarsoin.
  Ód’ ċonnairc Cú Ċulainn soin, ṫug a ḃéal ar ḃéal a ṁic,
agus do ġaiḃ ag tuirse go mór agus ag truaiġ-éiġeaṁ ós a
ċionn agus aduḃairt:  “Is truaġ liom-sa, a ṁic ionṁain,
an toisc agus an turas a ṫángaís ṫar muir agus ṫar mór-
ḟairrge agad’ ṁarḃaḋ led’ aṫair féin gan anacal; agus
b’áḋḃal mo neart agus mo ġaisce ṫar cáċ agus mo ṫraoċaḋ
leat-sa muna dteangḃaḋ an gae bulga dod’ ṁarḃaḋ”.
  Giḋeaḋ ní raiḃ soċar do Ċoin Ċulainn fá’n gcaoi sin,
óir d’éaluiġ anam le corp ag Conlaoċ.  Do rin Cú Ċulainn
lán-ċuṁa léanṁar agus duḃċás diarṁar ag a ḟeicsin, agus
níor ḟulaing ḃeiṫ i ḃfiaḋnaise Ċonlaoiċ an feaḋ do ḃí anam
ag dealṁain leis.  Annsoin do ṫimċeall Cú Ċulainn an
t-oireaċtas ag iarraiḋ Conċuḃair agus maṫa Ulaḋ do ḋioġail
a ḋeiġ-ṁic orṫa; agus do ṡéanadar uile é ód’ ċualadar
marḃaḋ a ṁic féin dó.  Ó naċ fuair iad le n-a n-éirleaċ,
ṫáinig mar a raiḃ Conlaoċ, agus aduḃarit dá saoġaltaiḋe
an mac so buḋ foirḃ-ḟíor an laoċ é.  “Beannaċt agus buaḋ

----------------------

36	RUḊRAIĠEAĊT

ar Ḟeirċeirtne file,” ar sé; “maiṫ an t-ainm ṫug ar an
ionad so .i. Oirbe na ḃFear ar Ṁaiġ Ṁuirṫeiṁne, a ainm go
dti lá an ḃráṫa.”
  Annsoin d’ḟóbair Laoġ mac Rianġaḃra Conlaoċ do ċoscairt
do ḃuaint an Ġai Bulga as.  Ód’ ċonnairc Cú Ċulainn sin:
“A ġiolla,” ar sé, “ná déana soin, óir is fearr liom-sa
gan lá gaisce ná gaile do ḋéanaṁ go héag ’ná corp mo ṁic
d’ḟeicsin d’a ċoscairt im’ ḟiaḋnaise.”
  Iarsoin ṫáinig Cú Ċulainn roiṁe go Tráiġ na dTréin-ḟear
d’ḟéaċain curaċáin Ċonlaoiġ, agus aduḃairt:  “Ní ṫáinig
i n-aon aimsir go hÉirinn riaṁ, i n-aois bliaḋna is fiċe,
curaḋ ba ċróḋa ná laoċ ba láidre ná fear ba fearr i gníoṁ-
aiḃ gaile agus gaisce ’ná an té ag a raiḃ an curaċ so, óir
do ḃí a ḟios ag cáċ gurab í a aois bliaḋain agus fiċe.”
  Ṫáinig Cú Ċulainn roiṁe annsoin gus an dtulaiġ air a
raiḃ a ṁac, agus do tógaḋ an laoiċ-ṁíliḋ leis gan an dtulaiġ
áird aoiḃinn ós cionn an áṫa, agus do toċlaḋ an talaṁ trom-
ḟódaċ dó, agus do haḋlacaḋ é annsoin.  Do cuireaḋ liagán
cloiċe faid na huaṁa ós a ċionn, agus do leig Cú Ċulainn a
uċt agus a urḃruinne ar an Liagán soin Ċonlaoiġ, agus do ḃí
an deiġ-ḟear soin go duḃaċ doiṁeanmnaċ aṫaḋ ḟada de’n ló.
  Ṫáinig Feirċeitne file d’a iarraiḋ ó’n dtulaiġ annsoin,
óir níor láiṁ Ultaċ eile fanṁain i n-a ġaor iar marḃaḋ a ṁic
aċt Feirċeirtne file i n-a aonar; agus aduḃairt Cú Ċulainn:
“Ní leigeann trom-ċuṁa ḋoṁ-sa an liagán ná an leaċtán
so d’ḟágḃáil go héasca, agus is lán-olc liom-sa naċ curaḋ no
caiṫṁíliḋ eile de Ultaċaiḃ do ṁairḃ mo ṁac, óir do ḋioġal-
fainn-se gan aṁras orṫa é”; agus do ċan an laoi seo le
doiṁeanmain:

		Leaċtán so Aoinḟir Aoife,
		Mac lánaṁan lán-ḃaoiṫe,
		  Noċan dtaġaill an ḃioṫ ḃeaċt
		  Macaoṁ ba dána draoiḋeaċt.

		Truaġ naċ é Cealtċar cróḋa
		Do ṁairḃ mo ṁac láin-ḃeoḋa
		  Maiṫ do ḋioġaltaiḋe an gníoṁ liom,
		  Is prap do ḋéanfinn coṁlann.

		  
----------------------

OIḊEAḊ ĊONLAOIĊ MIC ĊON CULAINN	37

		Truaġ naċ é Fearġus mac Róiġ
		Do ṁairḃ mo ṁac i gcéadóir,
		  Do ḋioġlainn é ar m’oide
		  Gan tsluaġ gan tsoċroide.

		Truaġ naċ ’san Ṁuṁain ṁeaḋraċ
		No i Laiġean na lann ḃfaoḃraċ
		  No i gcríoċaiḃ na mborblaoċ
		  Do ṫuit mo ċuɼaḋ Conlaoċ.

		Truaġ naċ é Conall Cearnaċ
		Do ṁairḃ mo ṁac móir-ṁeanmnaċ,
		  Do ḃead a ḟuil ar m’armaiḃ
		  I n-íoc mo ṁic ṁór-áḋḃail.

		Do ċuaiḋ Conlaoċ uainn soir
		Carraiġ Iomroiċiḋ go ráinig
		  Carraig Iomroiċiḋ is de atá
		  Is ann atá a leaċtán.

  Do tógaḋ feart fód-ġlas agus do fearaḋ cluiċe caointe
Conlaoiċ.  Ṫáinig Cú Ċulainn as a haiṫle sin go Dún dreaċ-
ṡoluis Dealgan, agus do ṡuiḋ go hanḃfann aṫuirseaċ ar
ḟaiṫċe an dúna.  D’eiriġ Éimear .i. bean Ċon Culainn i n-a
seasaṁ i gcoṁḋáil agus i gcoinne a fir, agus do ċonnairc
gné ḋuḃaċ ḋoḃrónaċ air.  “A ḋeiġḟir,” ar sí, “créad
é aḋḃar do ṫuirse?”  Do ḟreagair Cú Ċulainn di go héasca,
agus do ċan an laoi seo go héagcaointeaċ doiṁeanmnaċ:

		A Éiṁear, do rineas éaċt,
		Im’ ċroiḋe ṫall atá créaċt.
		  Giḋeaḋ do rineas, borb an ġlonn
		  Do ḃris mo ċroiḋe an coṁlann.

	Éiṁear:
		Cia do ṫaċair an Ċu ċain,
		A ṁic aoġuin Suḃaltaiġ?
		  No cia hé traoċaḋ de
		  Ó’n lá ataoi d’a ḟiafruiġe?


----------------------

38	RUḊRAIĠEAĊT

	Cú Ċulainn:
		Mo ṁac do ṁarḃas monuair,
		Conlaoċ calma claiḋeaṁ-ċruaḋ,
		  Ní ṫig díom iomċur mo ṡleaġ
		  D’aiṫle na n-éaċt, a Éiṁear.

  Do ḃí Conlaoċ feaḋ bliaḋna ’san ḃfeart gan tógḃáil, agus
i gcionn na bliaḋna soin do baineaḋ an gae bulga as, agus
do haḋnacaḋ a ṫaise le Coin Ċulainn ’san áit ċéadna.  Gonaḋ
í sin oiḋeaḋ Ċonlaoiċ mic Ċon Culainn go nuige sin.


                                           III
     COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN
                            AN COṀRAC AG AN ÁṪ
  Do ḃíodar ċeiṫre ollċóige Éireann d’aon aontaḋ i n-aġaiḋ
cóige Ulaḋ agus gan de laoċraḋ lán-táscaṁla cóige Ulaḋ
ag a cosnaṁ aċt Cú Ċulainn mac Suḃaltaiġ aṁáin, óir do ḃí
Ulaiḋ uile ’san ċeasnaiḋim an tráṫ soin, agus do ḃí Conall
Cearnaċ i gcríoċaiḃ allṁurḋa ag tógḃáil cíosa na gcuraḋ.
Ba ṁór, tráṫ, duaḋ agus doċar Ċon culainn ris an ré sin,
óir ní raiḃ lá ná oiḋċe gan coṁrac neartṁar naṁdaiġe d’a
roċtain ó ḟeariḃ Éireann agus go mórṁór ó ḟearaiḃ Connaċt
go n-a b’ann do ṁairḃ sé Cailitinn go n-a ṡeaċt maca fiċead
.i. laoċ lán-ċalma de Connaċtaiḃ.  Agus fós do ṁairḃ
Fraoċ mac Fioḋaiġ agus mórán eile de ċuraḋaiḃ agus de
ċaiṫṁíleaḋaiḃ ná háirṁiġtear annso.
  Ba ḋúr agus ba ḋoiliġ le hhÓileall Mór rí Ċonnaċt agus le
Meiḋḃ Cruaċna ba ḃain-ċéile ḋó an niḋ sin, agus do hiom-
ráḋaḋ aca cia buḋ ċóir do ċur ag coṁrac le Coin Ċulainn
tar éis gaċ niḋ ḋíoḃ san do ḋéanaṁ dó.  Aduḃairt maṫa
fear nÉireann d’aiṫeasc aenḟir guraḃ é Feirdia mac Duḃáin
mic Dáire do buḋ ċóir do ċoṁrac leis, óir ba ċodroma
coṁáṫais i gcaṫaiḃ is i gcoṁlannaiḃ iad, agus is ag aon-
ḃuime do rin siad a gceárda gaile is gaisce d’ḟoġluim .i.
ag Scaṫaiġ Ḋroiċid an Éallta, ag Uaṫaiġ Ġleanna na hUaṫaiġe
ag neaċ díoḃ ar a ċéile aċt aṁáin cleas an Ġai Bulga do ḃí
ag Coin Ċulainn.
		  
----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	39

  Cioḋ tráċt ba tuargain daraċ le dóirniḃ, ba láṁ i nead
naiṫreaċ, ba ceagal gaid um ġainiṁ do ċuraḋ ná caiṫṁíliḋ
dul do ċoṁrac le Ferdia cibé áit no ionad i n-a sáiṫfeaḋ a
sciaṫ.
  Is annsoin do ċuir Oileall Mór is Meaḋḃ feasa agus
teaċta d’iarraiḋ Ferdia, agus d’éaras Feirdia na teaċta
san, óir d’aiṫin an t-aḋḃar fá’r iarraḋ é .i. dul do ċoṁrac
le Coin Ċulainn.  Iarsoin cuirios Meaḋḃ agus Oileall a
n-éigse go n-a n-ollaṁnaiḃ ar ċionn Feirdia go ndéanaidís
a ġláṁaḋ agus a ġríosaḋ, a aoraḋ agus a aiṫisiuġaḋ, go dtóg-
aidís teóra bolg ar a aġaiḋ .i. oil aguſ aiṫnim agus aiṫis
muna dtigeaḋ leó.
  Ṫáinig Feirdia leó ṫar ceann a oiniġ, óir do b’ḟusa leis
tuitim do ġaeṫiḃ gaile agus gaisce ’ná tuitim do ġláṁaḋ
agus do ġríosaḋ na héigse.  Agus iar dteaċt dó, do ġaiḃ
lúṫġáir lán-áḋḃail Oileall agus Meaḋḃ fó n-a ṫeaċt, agus
do ċuireadar mar a raiḃ a n-aois feaḋma agus frioṫáilte
é, agus do dáileaḋ lionn soiṁeisce so-óla ḋó go raḃdar ag
taḃairt ar a hól go raiḃ ar ċaoi meisce agus mearuiġṫe aca.
Mar fuair Oileall agus Meaḋḃ mar soin é, do furáil siad
cuṁṫa móra ḋó ar dul do ċoṁrac le Coin Ċulainn .i. carbad
trí seaċt dtroiġṫe agus timṫireaċt ḋá ḟear ḋéag d’éadaċ
gaċa daṫa gaċ bliaḋain agus coimeád a ḟearainn féin .i.
Mionṁaġ Ai, agus gan cáin ná custam críċe ná aiṫċeannaċ
do ḃeiṫ ar a ṁaċ, ar a ua ná ar a iarsma go bráṫ, agus
Fionnḃarr do ṁnaoi .i. inġean áluinn aontuḃa do ḃí ag
Oileall agus ag Meaḋḃ ba fearr dealḃ is déanaṁ de ṁnáiḃ
na cruinne, agus fós an t-eó óir a ḃí i mbrat Ṁeiḋḃe air a
raiḃ iomad buaḋa.  Aċt ċeana, is cuma do ḃí ag a ráḋ nó
ċan Meaḋḃ an Laoi, agus do ḟreagair Feirdia í:

	Ród-ḃia luaċ mór ’san ṁaiġ
	Ar ċoṁrac Con an ċleasraiġ,
	  Is beiḋ Fionnḃarr duit-se ḋe
	  A ṁic Ḋuḃáin ṁic Ḋaire.

Feirdia:
	Dá ḃfaġainn Fionnḃarr do ṁnaoi,
	Cruaċan is Maġ mór nAoi,
	  Do b’ḟusa anṁain gaċ re uair
	  ’Ná triall go Coin na gcleas uaiḃ.


----------------------

40	RUḊRAIĠEAĊT

Meaḋḃ:
	Ionann gaisce duit-se is dó,
	A Ḟeirdia gan iomargó;
	  Iionann oideaḋa go mbriġ
	  Ag a ndearnaḃair foġluim.

Feirdia:
	Ní d’eagla ná d’uaṁain áiġ
	Inġean Eoċaḋa Feidliġ Fáil.
	  Ná Déanfainn coṁrac leis  an gCoin
	  Aċt mo ċroiḋe d’a ġráḋ do ġoin.

Meaḋḃ:
	Do ġeoḃair, a laoiċ na lann nglan,
	Eiċ go n-aigne n-uallaċ n-ioġuin;
	  Do ġeoḃair fearann agus fonn
	  Is gan anṁain ó’n gcoṁlann.

Feirdia:
	Muna mbeaḋ aslaċ Meiḋḃ’ ’san ṁaġ
	Is teanga dáṁ d’ár ngríosaḋ,
	  Ní raċainn ar ċuṁaiḋ ċruiḋ
	  Do ċoṁrac le Coin Ċulainn.

Meaḋḃ:
	A ṁic Ḋuḃáin na ngruaḋ nglan
	Dá gcoscair Cú na gcuraḋ,
	  Mairfiḋ do ċlú seal níos sia
	  Iar dteaċt ó’n áṫ, a Ḟeirdia.

  Is mór na cuṁṫa soin, ar cáċ.
  “Giḋ mór,” ar Feirdia, “is ag Meiḋḃ a ḃeid uainn-se,
agus ní agam-sa iar ndul do ċoṁrac lem’ ċoṁḋalta agus
lem’ ḟear ċumainn agus ċoṁġaisce .i. le Coin Ċulainn.”
  “Tuigim anois,” aduḃairt Meaḋḃ; “na briaṫra aduḃairt
Cú Ċulainn, agus fós gur fíor iad.”
  “Créad iad na briaṫra soin?” ar Feirdia.
  “Aduḃairt,” ar Meaḋḃ, “naċ fuláir leis do ṫuitim-se
leis .i. le n-a láiṁ féin i n-armaiḃ ’san tír a raċaḋ.”
  “Ní ċóir dó soin do ráḋ,” ar Feirdia, “óir ní hé
mo ṁeaṫtaċt ná mo ṁíolaoċas d’ḟeidir seisean riaṁ, agus
ní abraim-se a leiṫéid leisean, óir ní’l sé agam le raḋ leis-
		  
----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	41

giḋ adeirim gurab mé féin céad duine do ċoṁracfas leis i
mbáireaċ.”
  “Beannaċt ort-sa,” ar Meaḋḃ d’a ċionn san, “agus is
fearr liom san ’ná time agus tarcuisne do ḋéanaṁ ḋuit
ort féin, óir is báḋaċ neaċ um a ṫír féin, agus cá córa do
Ċoin Ċulainn leas Ulaḋ do ḋéanaṁ ’ná duit-se leas
Ċonnaċt?”
  Is annsoin do ċuir Meaḋḃ Feirdia ar ċaoi meisce agus
mearuiġṫe, agus do ġaiḃ briaṫar air i ḃfiaḋnaise ċáiċ fá
ċoṁrac le Coin Ċulainn; óir buḋ ṁaiṫ léi dá dtéiġeaḋ
Feirdia i n-a ċois sin fiaḋnaise do ḃeiṫ aici air ionnus go
mbeaḋ sé le ráḋ aici go mba uaṁain nó imeagla do ḃéarfaḋ
air dul i n-a ċois.  Do ġaiḃ Feirdia ráiḋte curaḋ agus
urraḋa fá Ṁeiḋb um na cuṁṫa do ġeall do ċoṁall dó dá
dtuitfeaḋ Cú Ċulainn leis.  Tug Meaḋḃ san dó go hullaṁ.
  Annsoin do gaḃaḋ a eiċ d’Ḟearġus mac Róiġ agus do hinnleaḋ
a ċarbad dó, agus ṫáinig roiṁe mar a raiḃ Cú Ċulainn.
Fáiltiġios Cú Ċulainn roiṁe.
  “Mo ċean duit, a Ḟearġuis,” ar sé.
  “Do ba tairise liom an ḟáilte,” ar Fearġus; “agus is
uime ṫánag annso d’a ḟoillsiuġaḋ ḋuit-se an té ṫiocfas do
ċoṁrac leat i mbáireaċ.”
  “Cluinim uait é,” ar Cú Ċulainn.
  “Do ċara, do ċoiṁċéile, d’ḟear ċoiṁċleas agus do
ċoṁḋalta gaisce agus foġluma .i. Feirdia mac Duḃáin, an
míliḋ móḋṁaraċ mear-ċalma.”
  “Dar mo ċúis,” ar Cú Ċulainn, “ní d’ḟaġáil caṫa ná
coṁraic is maiṫ liom-sa soin, agus ní ar eagla ná ar uaṁain
aċt ar ṁéid mo ġráḋa ḋó; agus is beag naċar ḃ’ḟearr
liom-sa mé féin do ṫuitim leis an laoċ soin ’ná eisean do
ṫuitim liom.”
  “Ná habair-se naċ fuil uaṁain ort,” ar Fearġus, “óir is
cóir do neaċ eagla do ḃeiṫ air roiṁ Feirdia; óir atá crios
clár-ḋaingean caṫa uime agus noċa ngaḃann arm ná iolḟaoḃar
é le huair deaḃṫa ná diḃfeirge, óir is bruiṫ leoṁan, maḋm
díleann agus tonn báiḋte bíoḋḃaḋ é.”
  “Ná habair sin, a Ḟearġuis,” ar Cú Ċulainn, “óir
luiġim-se fóm’ armaiḃ gaisce naċ buḋ luaiṫe bog-ṡuiḃinn ar
lár buinge biṫléime ioná gaċ alt de fó ḋeis mo ċlaiḋiṁ dá
dteangṁaḋ doṁ-sa i n-aenḟeaċt.  Óir ní ġaḃainn bréid

----------------------

42	RUḊRAIĠEAĊT

daingean druaḋ liom-sa ná lem’ armaiḃ de ġnáṫ, agus is
cian is aiṫnid dúinn a ċéile ag Uaṫaiġ, ag Scaṫaiġ agus ag
Aoife.”
  “Leig as a ḋalta,” ar Fearġus, “óir ní mar gaċ neaċ
eile d’a dtáinig ċuġat-sa riaṁ de Ċonnaċtaiḃ atá Feirdia.”
Agus aduḃairt Fearġus an laoi, agus do ḟreagair Cú Ċulainn
dó:

	A Ċú Ċulainn ċoṁaill nglé,
	is miṫid duit-se eirġe,
	  Sul a dtig ċuġat ’san leirg
	  Feirdia mac Duḃáin dreiċ-ḋeirg.

Cú Ċulainn:
	Atáim-se seal sonn gan seang
	Ag iomḟostaḋ Ḟiana Éireann,
	  Is ní ḃeirim ag teċeaḋ troiġ
	  Ar obaḋ coṁlainn aen ḟir.

Fearġus:
	Aṁnas an fear is géar-ġal.
	Noċan ḟuras a ṫraoċaḋ,
	  Crios coḋna um Feirdia na ndrong
	  Ris naċ gaiḃ caṫ ná coṁlann.

Cú Ċulainn:
	Má do ċoṁraicfeam ar an áṫ,
	Mé is Ferida na ngaisce ngnáṫ,
	  Ni buḋ é sin an scaraḋ gan sceó,
	  buḋ fɼiṫir ár ḃfaoḃair-ġleó.

Fearġus:
	Aṁnas láṁ an laoiċ go ḃfeirg
	A los a ċlaiḋiṁ ċróiḋeirg,
	  Neart ċéad ’n-a ċorp ċalma,
	  Ní ġoin rinn, ní ṫeasc faoḃair.

Cú Ċulainn:
	Bí id’ ṫost, ná tagair an scéal,
	A Ḟearġuis na n-arm niṁ-ṫréan.
	  Ar gaċ fearann, ar gaċ fonn,
	  doṁ-sa ní buḋ haonḟorlann.

		  
----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	43

Fearġus:
	Do b’ḟearr liom-sa ’ná a luaḋ,
	A Ċu Ċulainn ċlaiḋiṁ ċruaid,
	  Go mbéarṫá leat a ḟostaḋ
	  Coscar Ḟeirdia ḋíomasaiġ.

Cú Ċulainn:
	Do ḃeirim mo ḃriaṫar go mbáiḋ
	Gion go mbí tusa ag iomarḃáiḋ
	  Gurab mise ḃuaiḋfios de
	  Ar ṁac Ḋuḃáin ṁic Ḋáire

Fearġus:
	Má taoi-se ag taḃair do láiṁ
	Coṁrac Feirdia ṁic Ḋuḃáin,
	  Arm cruaiḋ agus éadaċ rinn
	  Bíoḋ agat, a Ċu Ċulainn.

  Do ġluais Fearġus roiṁe iarsoin go naċ abraidís fir
Éireann go mba d’a mbraiṫ nó d’a dtréigean do ḃeaḋ sé
dá mbeaḋ ní ḃus sia ag agallaṁ Ċon Culainn.  Ceileaḃraid
d’a ċéile, agus ṫáinig Fearġus roiṁe go dún agus go long-
ṗort ḃfear nÉireann ṫar ais.
  Dála Feirdia, ráinig roiṁe d’a longṗort féin mar a 
riaḃ a ṁuinntear agus d’innnis dóiḃ cuireaḋ agus ráiḋte
do ġaḃáil do Ṁeiḋḃ um coṁrac le Coin Ċulainn ar n-a
ḃáireaċ ag Áṫ an Ċoṁraic.  Níor ḃa suḃaċ a ṫeaġlaċ ḋe sin,
óir ba ḋearḃ leó an tan ċoṁraicfidís, ḋá uaiṫne áiġ is
iorġuile ḃfear nÉireann, go dtuitfeaḋ ceacṫar díoḃ nó go
dtuitfidís araon, agus dá mba ceaċtar díoḃ do ṫuitfeaḋ
gurab é a dtriaṫ agus a dtiġearna féin do buḋ ḋóiġṫiġe do
ṫuitim ann aṁail ba ḋóiġ leó san.
  Do ċodail Feirdia tosaċ na hoiḋċe sin go trom, agus ó
ṫáinig dereaḋ na hoiḋċe do luid a ṁeisce uaiḋe agus do
luid a ċodlaḋ ḋe, agus do ḃí ceist an ċoṁraic go mór air
agus aduḃairt le n-a ġiolla a eiċ do ġaḃáil dó agus a ċarbad
d’inneall dó.  Do ġaiḃ an giolla ag toirmeasc an tsiuḃail
uime, agus aduḃairt:  “Do buḋ fearra ḋúinn gan dul ann,
óir ní mó ṁolad díḃ é ioná ḋíoṁolas.”
  “Bí id’ ṫost, a ġiolla,” ar Feirdia, “óir ní ḃfuil feiḋm
ḃeiṫ ag toirmeasc an tsiuḃail seo umam.  Na geallta ṫugas
do Ṁeiḋḃ agus d’Oileall i ḃfiaḋnaise ḃfear nÉireann is

----------------------

44	RUḊRAIĠEAĊT

nár liom dul i n-a ċois, óir adéarṫaoi go mba uaṁain no
imeagla do ḃéaraḋ orm é; agus dar mo ċúis ní mór naċ
fearr liom-sa mé féin do ṫuitim leis an ríoġaisciḋeaċ
úd ’ná eisean do ṫuitim liom.  Agus dá dtuitfeaḋ Cú
Ċulainn liom ag Áṫ an Ċoṁraic ṫuitfeaḋ Meaḋḃ is urṁór
ḃfear nÉireann ar son na ngeallaḋ úd do ḃaineadar díom
is mé ar ċaoi meisce agus mearuiġṫe”; agus aduḃairt
Feirdia an laoi mar leanas:

	Feiḋm is mó, ón, feiḋm is mó
	Coṁrac le COin Ċulainn Cró;
	  Truaġ naċ ḋá ċéad d’ḟearaiḃ Fáil
	Ṫáinig im’ ḋáil ’san gleó.

	Truaġ an treas, ón, truaġ an treas.
	Do ḃéaraiḋ mé is ár na gcleas;
	  Teascfaimíd feoil agus fuil,
	Gearrfaimíd cuirp agus cneas.

	Truaġ a ḋé, ón, truaġ a ḋé,
	a ṫeaċt do ṁnaoi ’dir mé is é;
	  Leaṫ mo ċroiḋe an Ċú gan loċt
	Is leaṫ ċroiḋe na Con mé.

	Dar mo láiṁ, ón, dar mo láiṁ,
	Dá marḃṫar Cú Ġleanna ’n Scáil,
	  Muirḃfead-sa Meaḋḃ go n-a slóġ
	Is ní ḃus mó d’uaisliḃ Fáil.

	Dar mo sciaṫ, ón, dar mo sciaṫ,
	Dá marḃṫar Cú áṫa Cliaṫ
	  Sáiṫfead-sa mo ċlaiḋeaṁ géar
	Trém’ ċroiḋe, trém’ ṫaoiḃ, trém’ ċliaḃ

	Dar mo ċolg, ón, dar mo ċolg,
	Dá marḃṫar Cú Ġlinne Bolg:
	  Ní ṁuirḃfead duine d’a éis
	GO ḃfaġad créaċt naċ doilg.

	Dar gan ġó, ón, dar gan ġó,
	Dá marḃṫar ár Áṫa Cró,
	  Aḋlacfar mise ’san ḃfeart,
	Buḋ hionann leaċt doṁ-sa is dó.

		  
----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	45

	Fearr liom arm, ón fearr liom arm
	Dom’ ṁarḃaḋ ’san ġleó ġarḃ
	  Ioná éag de ċuṁa na Con
	Do ḃiaṫaḋ gaċ scol nár ṡearḃ

	Abair uaim, ón, abair uaim
	Leis an gCoin do ġéaras buaiḋ,
	  A ṁic Rianġaḃra go beaċt,
	Furáil air gan teaċt a dtuaiḋ.

	Abair ris, ón abair ris--
	Ris an gCoin go gcaoiṁne cneis
	  Gur ṫairngir dúinn Scaṫaċ gan scáṫ
	Mise ar áṫ do ṫuitim leis.

	Mé Feirdia, ón, mé Feirdia,
	Mac duḃáin d’ar buiḋeaċ cliar.
	  Gus anoċt um luiġe gan on
	Níor ḃ’eagal liom ṡoir ná ṡiar.

	Mairg do Ṁeiḋḃ, ón, mairg do Ṁeiḋḃ,
	Do rin orainne an ḟeiḋb,
	  Mise do ċur gan ċeann
	Le Coin Ċulainn is teann feiḋm.

  A haiṫle na laoi sin, dogaḃaḋ a eiċ do Ḟeirdia agus do
hinnleaḋ a ċarbad, agus ṫáinig roiṁe go hÁṫ an Ċoṁraic
sul do lán-tsoillsiġ an lá air.
  “Maiṫ, a ġiolla,” ar Feirdia; “scuir na heiċ, agus cuir
feistiġṫe an carbad go dtrádsda, óir níor ċodlas deireaḋ
na hoiḋċe le ciest an ċoṁraic seo.”
  Do scuir an giolla na heiċ, agus cuireaḋ éadaiġe an
Ċarbaid faoi, agus ṫuit a ṫrom-ṫoirċim suain agus sáṁ-
ċodlata air, agus do ḃí a ġiolla ag forċoimeád dó.
  Dála Ċon Culainn, tar éais Ḟearġuis mic Róiġ d’imeaċt
uaiḋ aduḃairt Laeġ mac Rianġaḃra: “Créad is cóir dúinn
a ḋéanaṁ anois?” ar sé, “óir is aṁla ṫiocfas Feirdia
dod’ roċtain-se fé nua-ṁaise foilce agus foṫraigṫe, agus
buḋ ṁiṫid liom-sa tusa do ḋul go háit a ḃfaġair a leiṫéid
.i. go hÉiṁir .i. inġean Ḟorġaill Ṁanaċ.”
  “Is cóir san do ḋéanaṁ,” ar Cú Ċulainn, agus do ġluais
annsoin go Dún Dealgan, agus do ḃíodar ann an oiḋċe sin,
agus do rin siad uṁalḟosaiḋ agus foṫraigṫe ann.  Ann-

----------------------

46	RUḊRAIĠEAĊT

soin aduḃairt Cú Ċulainn a eiċ do ġaḃáil dó, agus do rineaḋ
aṁlaiḋ le Laeġ mac Rianġaḃra .i. a ġiolla dlúiṫ-ḋíleas féin.
Iarsoin do ċuaiḋe an curaḋ céadaċ cleas-lúṫṁar caṫḃuaḋaċ
céim-ḋioġuin créaċt-ċorcra claiḋeaṁ-ḋearg i n-a ċarbad,
augs do ġáireadar baḋba agus braineoin agus geilte glinne
agus deaṁain aeir, óir do ṁoṫuiġeadar fíor-ḃolaṫ na fola
ar ċraoiseaċaiḃ Con Culainn.
  Níor ḃa ċina do ġiolla Ḟeirdia ar an ḃforċoimeád a raiḃ
an tan ċulaiḋ fuaim agus foṫram, torann agus troim-
ṫeaċt .i. sceaṁġol na scéiṫe, siansán na sleiġe, glain-
ḃéime an ċlaiḋiṁ, bris-ḃéime an ċaṫḃairr, dronġáir na
luiriġe, imċimilt na n-arm dtéid-ḃéimeaċ, nuaill-ġriṫ na
roṫ, cionnġáir an ċarbaid, basġoireaḋ na n-eaċ agus dlúṫ-
ċoṁráḋ an ċuraiḋ agus an ċaiṫṁíleaḋ le n-a ġiolla ag teaċt
ċum an áṫa.
  Dúisiġios an giolla Feirdia.  “Eiriġ, a riġṁíliḋ,”
ar sé; “gaiḃ umat do ċulaiṫ caṫa  agus coṁraic, óir atáṫar
ċuġat ċum an áṫa.”
  Eirġios Feirdia annsoin, agus cóiriġios a ċorp áluinn
clea-lúṫṁar i n-a ċeart-éide caṫa is coṁraic.  Níor ċian
dóiḃ annsoin go ḃfacadar an carbad caoin caol-roiġin go
luaṫ lán-ċliste go bpobuill uaiṫne, go greaċ gneas-ṫirim
gleas-árd agus ḋá eaċ luaṫa bais-leaṫna ciuin-ġéara fá’n
gcarbad agus iad go feargaċ faoḃraċ fír-niaḋta ag buain
trom-ḟód de ṡáir-ṡlios gaċa iomaire ar a ṁaoile leó.
  Leigtear d’ionssuiḋe an áṫa iad .i. eaċ duḃ dualaċ deas
deireeaċ druim-leaṫan diann-aigeantaċ fá ċuing de’n ċarbad
agus eaċ liaṫ luaṫ leaḃar-ḃláiṫ fá’n gcuing eile.i. an Duḃ-
seaḃac lá fuar gaoiṫe no le sioḋ gaoiṫe géaer-earraiġ lá
mearuiġṫe Márta no le laoġ áluinn allta ar ná ċéad-
ġluaiseaċt do ċonaiḃ i n-a ḋiaiḋ ḋá eaċ Ċon Culainn fá’n
gcarbad an tan soin.
  Do riaċt Cú Ċulainn ċum an áṫa iarsoin agus d’éiriġ ar
an leiṫ dtuaisceartaiġ.  Ṫárla Feirdia ar an leiṫ ndeis-
ceartaiġ, agus fearas fáilte roiṁ Ċoin Culainn: “Mo
ċean duit, a Ċú Ċulainn,” ar sé.
  “Do buḋ tairise liom-sa an ḟáilte sin gus indiu,” ar
Cú Ċulain;  “aċt indiu ní ṡaoilim gur tairsie í; agus, a
Ḟeirdia,” ar sé, “do buḋ ċóra ḋoṁ-sa fáilte do ċur roṁat-

----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	47

sa ’ná duit-se fáilte do ċur roṁam-sa, óir is tú ṫáinig do’n
Ċóige a ḃfuilim.  Agus a Ḟeirdia, níor ċóir duit-se teaċt
do ċoṁrac liom-sa, aċt buḋ ċóir doṁ-sa dul do ċoṁrac
leat-sa, óir is agat atáid mo ṁná agus mo ṁacaṁa míne
áilne.
  “Maiṫ, áṁ, a Ċú Ċulainn,” ar Feirdia, “créad ṫug tusa
do ċoṁrac liom-sa?  Óir an tan do ḃíomair araon ag
foġluim ag Uaṫaiġ, ag Scaṫaiġ, agus ag Aoife, níor ḃ’ḟear
díongḃálta doṁ-sa, óir is tú b foirḃḟear friṫeálta ḋom .i.
le hinnleaḋ mo ṡleaġ agus le córuġaḋ mo leabṫan.”
  “Is fíor san,” ar Cú Ċulainn, “agus is lem’ óige agus
ar ṁ”anaostaċt féin ṫoraḋ-sa do ġniḋinn-se sin duit-se,
aċt ní hé sin tuarasgaḃáil atá orm-sa anois, óir ní ḃfuil ’san
mbiṫ mbraonaiġ aon laoċ naċ díongḃálfainn do láṫair caṫa
nó coṁraic indiu.  Agus, a Ḟeirdia, níor ċóir duit-se
teaċt do ċoṁrac liom-sa tré ionnlac agus tré eadarċasaoid
Ṁeiḋḃe agus Oilealla de ċionn a ngeallta mbréige agus a
gcuṁṫa ḃfallsa agus a n-inġine fá’r milleaḋ mórán de ḋeaġ-
ḋaoiniḃ riaṁ; agus gaċ aon ṫáinig ar na cumṫaiḃ ceilge
sin ní rug buaiḋ ná biseaċ dóiḃ, aċt do ṫuiteaḋar uile
liom-sa.  Ní mó ḃéaraiḋ biseaċ duit-se, a Ḟeirdia, agus is
mairg duit mo ċárdeas-sa do ṫréigean ar aon ṁnaoi ’san
doṁan, óir do ḃíomair mar aon i cgeárdaiḃ gaile agus
gaisce, agus maraon do ṫéiġmís i ngaċ caht agus i ngaċ
coṁrac, i ngaċ fíoḋ agus i ngaċ fásaċ, i ngaċ dorċadas
agus i ngaċ diaṁair.”
  “Leig as a leaṫ, a Ċu Ċulainn,” ar Feirdia, “agus cá
gaisce air a raċam indiu?”
  “Leat-sa do roġa gaisce indiu,” ar Cú Ċulainn, “óir
is tú ráinig an t-áṫ ar dtúis.”
  “An meaḃair leat-sa, a Ċú Ċulainn,” ar Feirdia, “na
cleasa áiġ agus iorġaile do ġniḋmís ag Uaṫaiġ, ag Scaṫaiġ
agus ag Aoife?”
  “Is meaḃair,” ar Cú Ċulainn.
  “Má’s meaḃair,” ar Feirdia, “tiaġam orṫa.”
  Is annsoin do follṁuiġeaḋ láṫair gaisce do na deaġ-
laoċaiḃ sin, agus do ċuadar ar agcleasaiḃ lúiṫ agus lán-
láṁaiġ.  Agus do ġaḃdar ḋá scéiṫ cliste coṁḋaingeana
orṫa agus a n-oċt gcolga ndéid agus a n-oċt ngaeṫe go
n-imridís cuġṫa agus uaṫa, agus ní ṫeilgidiís ná haimsiġdís.

----------------------

48	RUḊRAIĠEAĊT

Do ġaiḃ gaċ aon díoḃ ag díriuġaḋ ar a ċéile de an cleasaiḃ
sin ó ḋuḃ-ṡolas na maidne go meaḋon lae gur cloiseaḋ a
n-ilċleasa le tilleaḋ agus le coṁscoltaḋ a sciaṫ sciaṁ-
ġlana gur ḃa maoiḋte na himḋiuḃraigṫe, agus do ḃí de
ḟeaḃas a ngaisce nár ḟolaiḋ neaċ ar a ċéile ḋíoḃ an lá soin.
  “Scuiream ċeana,” ar Cú Ċulainn, “máṡ áil leat-sa é.”
  Do scuir na ciaṫṁíleaḋa iarsoin, agus do ċuireadar
a gcleasraḋa uaṫa as a láṁaiḃ.
  “Cá gaisce air a raċam anois, a Ċu Ċulainn?” ar
Feirdia.
  “Leat-sa do roġa gaisce go hoiḋċe,” ar Cú Ċulainn.
  “Tiaġam, má’s eaḋ, ar ár sleaġnaiḃ snasta sleaṁan-
ċruaiḋe,” agus do ġaḃdar ag diuġragaḋ ar oile.  Gé ar ró-
ṁaiṫ a n-imḋeaġail do ḃí de ḟeaḃas a ngaisce gur ċréaċtnuiġ
siad a ċéile.
  “Scuiream de’n ġaisce seo, a Ċú Ċulainn,” ar Feirdia.
  “Scuiream ċeana má’s áil leat-sa é,” ar Cú Ċulainn.
  Scuireadar iarsoin, agus do ċuireadar a n-airm as a 
láṁaiḃ.  D’ionnsuiġeadar féin a ċéile a haiṫle sin, rug
siad ar ḃraġdaiḃ ar a ċéile, agus do ṫoirḃir siad a ċéile do
ṗogaiḃ go milis muinntearḋa.  Ṫugadar a n-eiċ ar aon scur
agus a ngiollaḋa ċum aon teine an oiḋċe sin, agus do rinneaḋ
ḋá ċosair-leabaiḋ úrluaċra ḋóiḃ go ḃfrioṫáilte ḃfear
ngonta friú, agus ṫángadar a bpianluiḃe íce agus sláinte
d’a n-ionnsuiḋe d’a n-íc i n-a gcneaḋaiḃ agus i n-a gcréaċtaiḃ,
agus gaċ luiḃ agus gaċ lus tsláinte d’a gcuirtiḋe le cneaḋ-
aiḃ Con Culainn do ċuirtiḋe coṁroinn díoḃ ṫar áṫ siar ċum
Feirdia go naċ déarfaidís fir Éireann gurab iomarca leiġis
do ḃéaraḋ air é dá dtuitfeaḋ Feirdia leis.  Gaċ biaḋ agus
gaċ deoċ d’a gcuirtiḋe ó ḟearaiḃ Éireann ċum Feirdia do
ċuireaḋ coṁroinn ṫar áṫ soir ċum Con Culainn de, óir ba
lia biaḋ Feirdia annsoin ’ná biaḋ Ċon Culainn.
  Do ḃíodar aṁlaiḋ an oiḋċe sin go ham eirġe ḋóiḃ ar n-a
ḃáireaċ, agus ṫángadar fómpa go hÁṫ an Ċoṁraic.
  “Cá gaisce air a raċam indiu?” ar Cú Ċulainn.
  “Leat-sa do roġa gaisce indiu,” ar Feirdia, “óir is
agam-sa do ḃí mo roġa gaisce indé.”
  “Teiġeam ar ár mainísiḃ muineaċa indiu,” ar Cú Ċulainn,

----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	49

“óir is foigse dúinn an ċoṁṫuargain do ḋruim ár n-eaċ ’ná
an diuḃragaḋ indé.”
  “Gaḃtar ár n-eiċ ḋúinn,” ar Feirdia, “agus innealtar
ár gcarbaid go ndéanam caṫuġaḋ ar ár n-eaċraiḋ le ċéile.”
  “Ag soin an ceart,” ar Cú Ċulainn.
  Is annsoin do ċuadar ar a mainísiḃ móir-ṁeanmnaċa an lá
soin, agus do ġaḃdar ag tollaḋ is ag treascairt ó ḋuḃ-
ṡolas na maidne go dtáinig fuine néall nóna.  Dá mba
ġnáṫ eoin do ḋul ar eiteallaḋ tré ċorpaiḃ daoine do raċaidís
tré n-a gcneas agus tré n-a gcréaċtaiḃ an lá soin go mbéar-
aidís caoba cró d’a gcuid fola is feóla tré n-a gcneaḋaiḃ
agus tré n-a gcréaċtaiḃ ’san ḃfirmeimint.  Ó ṫáinig tráṫ
fuine nóna ḋóiḃ ba scíṫeaċ a n-eiċ is ba ṫuirseaċ iad féin.
  “Scuiream de’n ċoṁrac so, a Ḟeirdia,” ar Cú Ċulainn,
“óir is scíṫeaċ ár n-eiċ agus is méirṫneaċ sinn féin.”
  “Is fíor san,” ar Feirdia; “is tuirseaċ taṁlag sinn
ó’n gcoṁrac so.”
  Do scuireadar annsoin agus ṫgadar a n-airm i láṁaiḃ
a ngiolla, agus rángadar féin a ċéile agus ṫugadar tuarṫa
póg d’a ċéile.  Do ḃíodar, a n-eiċ, i n-aon scur agus a
ngiollaḋa ag aon teine an oiḋċe sin.  Do rineaḋ ḋá ċosair-
leabaiḋ úrluaċra ḋóiḃ go ḃfrioṫ-aḋairṫiḃ ḃfear ngonta
go dtángadar a bpianluiḃe íce agus sláinte d’a ḃfeiḋm
d’ḟéadfaḋ ná d’ḟoġanfaḋ dóiḃ le haiḋḃéilġe a gcneaḋ agus
a n-iomġona aċt iopṫa agus orṫana do ċur leó do ṫoirmeasc
a ḃfola agus a ngaoṫa cró agus gaċ iopaḋ agus gaċ orṫain
d’a ḃéarṫaiḋe d’Ḟeirdia re n-a ċneaḋaiḃ do ċurtaiḋe
coṁroinn de ṫar áṫ soir go Coin Culainn.
  Do ḃíodar mar soin an oiḋċe sin, agus d’eirġeadar go
moċ ar n-a ḃáireaċ agus ṫángadar go hÁṫ an Ċoṁraic.  Do
ċonnarcṫas do Ċoin Ċulainn míḋeilḃ ṁór agus aṫraċ croṫa
ar Ḟeirdia an lá soin seoċ gaċ lá eile go nduḃairt: “Is
olc atoi-se indiu, a Ḟeirdia, óir do ḋoirċiḋ t’ḟolt agus do
ruaimneaḋ do rosc agus do ċuaiḋ do ċruṫ agus do ḋeilḃ
féin díot.”
  “Ní ar eagla ná ar uaṁain do ċoṁraic-se atáim mar
soin,” ar Feirdia, “óir ní’l ’san gcruinne gcoiṁleaṫain
aon laoċ naċ díongḃálfainn do láṫair caṫa no coṁraic
indiu.”

----------------------

50	RUḊRAIĠEAĊT

  “Is truaġ san, a Ḟeirdia,” ar Cú Ċulainn.  “Is truaġ
ḋuit-se féin teaċt i n-aġaiḋ do ċoṁḋalta is d’ḟir armain
agus do carad gráḋa ar ċoṁairle aon ṁná ’san doṁan.”
  “Is truaġ, áṁ,” ar Feirdia, “dá ndéaluiġinn-se leat-sa
gan deaḃaiḋ do’n dul so do ḃeinn fá oil is ḟá aiṫis ag fearaiḃ
Éireann go bráṫ, agus go mór ṁór ag fearaiḃ Connaċt, ag
Meiḋḃ agus Oileall, óir déarfaidís gurab eagla do
ḃéaraḋ orm é.”
  “Truaġ san, a Ḟeirdia,” ar Cú Ċulainn.  “Ar ċoṁairle
fear agus ban an ḃeaṫa, ní ṫréigfinn-se ṫusa, agus ní mó
ḋéanfainn urċóid duit, agus is beag naċ dearnaḋ caoba
ḋem’ ċroiḋe tré ḃeiṫ ag coṁrac leat.”
  Is annsoin aduḃairt Feirdia: “An méid ataoi-se ag
ceasaċt ar mo ḋeilḃ-se indiu, beiḋ sé de ḃarr mo ġaisce
um ṫráṫnóna.  Agus, a Ċú Ċulainn, cá gaisce air a raċam
indiu?”
  “Leat-sa do roġa gaisce indiu, óir is agam-sa do ḃí
mo roġa gasice indé,” ar Cú Ċulainn.
  “Tiaġam ar ár gclaiḋṁtiḃ clais-leaṫna cros-órḋa indiu,”
ar Feirdia.
  “Tiaġam,” arsa Cú Ċulainn.
  Is annsoin do ġaḃdar ḋá leaṫain-scéiṫ ḋaingeana leaḃar-
ṁóra umpa, agus do ġaḃdar ag slat-ḃualaḋ, ag oirleaċ agus
ag aṫċumaḋ a ċéile gurab coṁmór le ceann mic míosa gaċ
toċt agus caobaḋ cró do ġeiridís de ġuailniḃ agus de
ṡliastaiḃ agus de ṡlinneánaiḃ a ċéile.  Mar soin dóiḃ go
fuine néall nóna.
  “Scuiream de’n ċoṁrac so,” ar Feirdia annsoin.
  “Scuiream,” arsa Cú Ċulainn.
  Do scuireadar annsoin, agus ṫugadar a n-airm i láṁaiḃ a
ngiolla.
  Gé’r coṁrac ḋá ḟear suḃaċ soiṁeanmnaċ a gcoṁrac i
dtúis an lae sin do scaradar le ċéile an oiḋċe sin go duḃaċ
doiṁeanmnaċ doḃrónaċ, agus ní raḃdar, a n-eiċ, ar aon scur
ná a ngiollaḋa ar aen teine, agus níor ṗógadar féin a ċéile
aṁail ba ġnáṫ leó do ḋéanaṁ gaċ lá gus an lá soin.  Do
ḃíodar mar soin gur eiriġ Feirdia ar n-a ḃáireaċ, agus ṫáinig
roiṁe go hÁṫ an Ċoṁraic, agus ba ḋána ḋiḃfeirgeaċ ḋeaġ-
aigeantaċ an té ṫáinig ann; agus ba hé sin lá eidirġleó na
buidne sin, óir do ċonnacṫas do Ḟeirdia go dtuitfeaḋ neaċ

----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	51

éigin díoḃ an lá soin, no go dtuitfidís araon.  Is annsoin
do ġaiḃ Feirdia a ċaṫ-earraḋ coṁlainn agus coṁraic uime
le teaċt Ċon Culainn d’a ionsuiḋe, agus is eaḋ ḃí ’san ċaṫ-
earraḋ soin .i. léine ór-áluinn sróill-iomḋa fá ġustal a
ġeil-ċneis agus fuaṫḃróg ḋuinn-leaṫar ḋeaġ-ḟuaiḋte ṫairis
sin amuiġ, agus do ġaiḃ fuaṫḃróg ḋaingean iarnaiḋe eile
amuiġ ar eagla an ġai bulga an lá soin.  Do ġaiḃ a ċaṫḃarr
áluinn geal-ċruaḋa um a ċeann, air a raḃdar mórán criostal
agus cormogal ag a ċuṁdaċ ar n-a eagar do ċloċaiḃ uaiscle
ró-ṫaiṫneaṁaċa agus do ġaiḃ a ṡleaġ ṡlíopṫa ṡáirniṁneaċ i
n-a láiṁ ḋeaġ-ṫapa ḋeis, agus do ġaiḃ a ċlaiḋeaṁ géar
soḃuailte soiġearrṫa soṡáiṫte ar a ṫaoiḃ ċlí go n-a urḋorn
óir agus do ġaiḃ a sciṫ ṁór ṁíleaḋta ḃaill-dearg ar stuaiġ-
leirg a ḋroma agus líne de leitriḃ áilne óir iar n-a nuaiḋ-
scíoḃaḋ i n-imeallḃórdaiḃ na scéiṫe sin, d’a ḟaisnéis naċ
raiḃ ar ċúl scéiṫe ná claiḋiṁ ’san doṁan laoċ ba fearr
misneaċ agus sáir-ġníoṁarṫa ioná an laoċ soin.  Do ċuir
Feirdia cleasa iongantaċa an-aiṫnid i n-áirde an lá san nár
ḟoġluim riaṁ ag aon duine aċt aige féin.
  Ráinig Cú Ċulainn an t-áṫ iarsoin.  “An ḃfeicir na
cleasa úd do ġniḋ Feirdia, a Laeġ?” ar sé.
  “Do ċím,” ar Laeġ.
  “Má’s eaḋ, do ġeoḃad-sa iar n-uair na cleasa úd,” ar sé,
“agus, a Laeġ ionṁain, má’s orm-sa beiḋ rian maḋma indiu,
dein-se mo ġláṁaḋ, mo ġríosaḋ agus m’imḋeargaḋ agus
olc do ráḋ liom go mbuḋ ṁóide m’ḟeirg agus m’ḟír-niṁ é.
Agus má’s roṁam-sa ḃias rian maḋma déin mo ṁolaḋ
agus gaċ is maiṫ do ráḋ liom ionnus gur móide mo ṁeanma
é.”
  “Do ġéanfad ċeana,” arsa Laeġ.
  Annsoin do ġaiḃ Cú Ċulainn a ċaṫ-earraḋ coṁraic agus 
coṁlainn uime, agus do ċuir cleasa suaṫaintiseaċa síor-
ġaisce i n-áirde an lá soin nár ḟoġluim riaṁ ó Aoife, ó
Scaṫaiġ ná ó aon neaċ eile.  “Cá gaisce air a raċam indiu,
a Ḟeirdia?” ar sé.
  “Leat-sa do roġa gaisce indiu,” ar Feirdia, “óir is 
agam-sa ḃí mo roġa gaisce indé.”
  “Téiġeam ar ċluiċe an áṫa,” ar Cú Ċulainn.
  “Tiaġaṁ ann,” arsa Feirdia; agus cé duḃairt san is air
ba ṁeasa leis dul de ċleasaiḃ an doṁain.

----------------------

52	RUḊRAIĠEAĊT

  Ba ṁór an gníoṁ do rineaḋ ar an áṫ an lá soin .i. ḋá
niaḋ agus ḋá naṫair niṁneaċa iarṫair Eórpa, ḋá ċionneall
gaisce na nGaeḋeal, ḋá láiṁ tioḋlaicṫe séad agus maoine,
toirḃeirt agus tuarastail iarṫair doṁain .i. fear coisciġṫe
deaḃṫa agus diḃfeirge do Connaċtaiḃ, fear eile comeádta
clú si creaċ d’Ultaċaiḃ do ḋul do ċoṁrac le ċéile feaḋ a
mbeaṫa roiṁe sin gus an lá soin, agus dul do ṁarḃaḋ a ċéile
tré ċeilg agus tré iomċasaoid ṁná.
  Is annsoin do ġaḃdar an dís deaġ-laoċ ag diuḃragaḋ ar
oile de na cleasaiḃ sin ó ḋuḃṡolas na maidne moiċe go
meaḋon lae; agus ó ṫáinig an t-am soin orṫa do ró-las fear
ar na féineaċaiḃ agus do ċoṁḋruideadar le ċéile.  Do
lingeas Cú Ċulainn d’ur an áṫa gur láṁuiġ cuiḃreaċ scéiṫe
Feirdia, agus do ċréaċtnuiġ ṫar bile na scéiṫe é.  Annsoin
ṫug Feirdia buille d’a uillin ċlí fó’n scéiṫ gur ċuir Cú
Ċulainn de anonn ṫar ur an áṫa aṁail éan ar eiteallaḋ.
  Lingeas Cú Ċulainn an dara léim no go raiḃ fó ċuiḃreaċ na
scéiṫe céadna do ḃualaḋ Feirdia.  Ṫug Ferdia béim d’a
ġlúin ċlé ’san scéiṫ gur ċuir Cú Ċulainn aṁail mac beag ṫar
ur an áṫa do’n taoḃ eile.  An tan ċonnairc Laeġ mac
Rianġaḃra san:  “Dar liom, a Ċú Culainn,” ar sé, “do ċuir
an míliḋ atá id’ aġaiḋ tú aṁail ċuireas bean a mac; do
ṁill tú aṁail braiċ a muilleann; do cuiḃriġeaḋ tú aṁail
féiṫle fioḋḃaḋ; do ċuaiḋ tríot aṁail téid ſeaḃac tré ṁin-
éanaiḃ go naċ fuil do ḋlúiṫ ná do ġaol le gail ná le gaisce
go bruinne an ḃráṫa ná go foirċeann do ḃeaṫa.”
  Annsoin is eaḋ d’eiriiġ Cú Ċulainn i luaṫas na gaoiṫe no
mar aṫlaiṁe na fáinle no aindéine draguin go raiḃ an treas
feaċt ar ċuiḃreaċ Ḟeirdia, d’a ḃualaḋ go fír-ṁillte.  Aċt
do ṫug an caiṫṁíliḋ, Feirdia, anḃáil arraċtaċ ar an scéiṫ
gur ċuir Cú Ċulainn uaiḋ ar lár an áṫa ionnus go nearnaiḋ
riastaċa ruaḋ-ċorcarḋa ḋe gur líon ata is onfais é aṁail
anál a leas no go ndearnaḋ aṫaċ uaṫṁar iongantaċ an-
aiṫnid de go nár ṁó Foġṁór no fear mara ioná an míliḋ
mear-ċalma ós cionn Feirdia.
  Ba hé dlús an ċoṁraic do rin siad go ḃfanaḋ a gceinn
ar a n-uaċtar agus a gcosa ar a n-íoċtair agus a láṁa ar
ṁeaḋonaiḃ a ċéile ṫar bileaḋaiḃ na sciaṫ agus d’iom-
ḋornaiḃ a gclaiḋeaṁ ionnus gur scaoileadar a sciaṫa ó

----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	53

ḃileaḋaiḃ go bruinne agus do lúbadar agus d’ḟilleadar a
sleaġa ó rannaiḃ go hurlain.  Agus do ġáireadar, geilte
glinne agus deaṁain aeir, do ḃileaḋaiḃ a sciaṫ agus d’iomḋor-
naiḃ a gclaiḋeaṁ agus d’urlanaiḃ a sleaġ, agus do ċuireadar
an aḃa as a hionad féin gur ḃa hionad ionlaiġ do rioġnaiḃ
agus d’ógṁnáiḃ lár an áṫa, go naċ raiḃ braon uisce ann aċt
muna sileaḋ arís ann leis an suaiṫreaḋ agus leis an slat-
ḃualaḋ do ġnídís, na curaḋa agus na caiṫṁíleaḋa, le ċéile
ar lár an áṫa.  Do b ’é dlús an ċoṁraic do rin siad, gé gur
ṁéaduiġ deacra ḃfear nÉireann ar ḋoġair agus ar ḋásaċt
le fuar-scar na ḃféineaḋ gur ḃriseadar a n-igeaḋa is a
n-urċoṁaill, a láṁa agus a leitreaċa; agus do ḃíodar fó
ḟaoḃair-ċleasaiḃ na gclaiḋeaṁ ris an ré sin.
  Annsoin do fuair Feirdia baoġal feaċt ar Ċoin Ċulainn go
dtug béim de ċolg ċlais-leaṫan dó gur ḟoiliḋ i n-a ċliaḃ,
gur ṫuit a ċrú i n-a ċrios gur ḃa foir-ḋearg an t-áṫ do ċrú
ċuirp an ċaiṫṁíleaḋ.  Agus do ġaiḃ Feirdia annsoin ar a
ḃraiṫ do ḃraiṫ-ḃéimeanaiḃ móra aiḋḃseaċa.  Do smaoin
Cú Ċulainn ar a ċáirdiḃ sioṫḃraḋa do ṫeaċt d’a ḟóirṫin mar
ba ġnáṫ leó teaċt i ngaċ éigean d’a mbíoḋ, agus níor ṁó
éigean a raiḃ riaṁ ’ná an t-Éigean san.
  Is annsoin ṫáinig Doilḃ agus Iondoilḃ d’ḟurtaċt agus
d’ḟóirṫin Ċon Ċulainn, agus do ċuadar go Feirdia gaċ taoḃ
de, agus do ġaḃdar a dtriúr ag tuargain Ḟeirdia, agus ní
ḟeiceaḋ Feirdia na sioṫḃraḋa giḋeaḋ do ṁoṫuiġ sé torann
an triair go n-a gcleasaiḃ ag coṁṫuargain na scéiṫe air.
Agus do raid d’a úiḋ is d’a aire an tan do ḃíodar ag
Scaṫaiġ ag foġluim maraon go dtigeaḋ Doilḃ agus Iondoilḃ
d’ḟurtaċt agus d’ḟóirṫin Ċon Ċulainn i ngaċ éigean a mbíoḋ.
  “Ní coṁṫrom ár gcoṁrac ná ár gcoṁḃualaḋ anois, a Ċú
Ċulainn,” ar Feirdia.
  “Créad soin?” ar Cú Ċulainn.
  “An iad so do ċáirde sioṫḃraḋa agus tú féin dom’
ṫuaragain-se?” ar Feirdia;  “agus níor ṫaisbeánais
doṁ-sa riaṁ iad.”
  “Ní hurasa ḋoṁ-sa san do ḋéanaṁ,” ar Cú Ċulainn,
“óir dá dtaisbeántaiḋe an feiġfiaḋ i n-aenḟeaċt do ḋís de
ṁacaiḃ Míleaḋ, do raċaidís i ndraoiḋeaċt agus i ndiaṁair
do ṁaicne Dé Danan; agus, a Ḟeirdia, atá an coḋain-ċleas
agat-sa orm-sa, agus níor ṫaisbeánais dom riaṁ é.”

----------------------

54	RUḊRAIĠEAĊT

  Gurab annsoin do ṫaisbéanadar d’a ċéile an uile ġliocas
draoiḋeaċta agus gaisce d’a raiḃ aca go naċ raiḃ d’iomarca
ag neaċ díoḃ ar a ċéile aċt cleas a Ġai Bulga aṁáin do
ḃeiṫ ag Coin Ċulainn.  Cioḋ tráċt, ó fuaireadar, na sioṫ-
ḃraḋa, Cú Ċulainn iar n-a ċréaċtnuġaḋ ṫugadar trí trom-
ġaona gaċa fear díoḃ ar Ḟeirdia.  Is annsoin do raid Feirdia
urċar d’a ḋeis gur ṁairḃ Doilḃ do’n deaġ-urċar soin, agus
do raid an dara urċar d’a ċlí gur ṫreascair an dara síoguiḋe
ar an áṫ do’n urċar soin, gurab d’a ḋearḃaḋ soin atá an
rann so:

		Créad fá nduḃraḋ Áṫ Ḟeirdia
		Ris an áṫ ’g ar ṫuit an triar?
		  Ní luġa ró-ṡuiġṫe an ḃaiḋḃ
		  Áṫ Doilḃ agus áṫ Iondoilḃ.

  Ó ṫorċraḋ na sioṫḃraḋa caoṁ-áilne agus na béiṫreaċa
cruaḋa caṫḃuaḋaċa do ḃí ag Coin Ċulainn do neartuiġ san
go mór briġ agus meanma Feirdia, agus do ḃeireaḋ ḋá ḃéim
fó gaċ béim ó Ċoin Ċulainn.  Tráṫ ċonnarcṫas san do Laeġ
mac Rianġaḃra .i. a ṫiġearna d’a ṫraoċaḋ do ḃéimeanaiḃ
tinteaṁla toirḃeartaċa Feirdia, do ġaiḃ Laeġ ag imḋeargaḋ
Ċon Culainn go mór, agus do líon a ḃruiṫ agus a ḃriġ i gCoin
Ċulainn uime sin gur líon at agus onfais é aṁail líonas gaiṫ
i mbéal oscailte go ndearnaḋ stuaḋ an-aiṫnid uaṫḃásaċ
de, aṁail stuaḋ niṁe le fras fearṫna.  Agus d’ionsuiḋ
Feirdia annsoin mar ḋéine draguin agus mar neart onċon.
Is annsoin d’iarr Cú Ċulainn ar Laeġ an gae bulga d’inneall
dó, agus is aṁla do ḃí an gae bulga soin, gur le sruṫ do
hinnealtaiḋe é, agus a laḋair agus trioċad rinndo ṫeilgṫiḋe é, alaḋ
aon ġai leis ag teaċt i nduine agus trioċad rinn le n-a
scaoileaḋ, agus ní ḃaintiḋe as corp an duine é no go mion-
ċoscarṫaiḋe an corp ċuige.
  Do ċuaiḋ Laeġ go heoċair-imeallaiḃ an áṫa agus go hionad
na forgaḃála, agus do líon an linn agus d’ḟost an sruṫ,
agus d’innill an gae bulga.  D’ḟéaċ giolla Ḟeirdia an saoṫar
soin, óir aduḃairt Feirdia leis ar maidin roiṁe sin:  “Maiṫ,
a ġiolla,” ar sé, “coisc Laeġ ḋíom-sa indiu, agus coiscfead-
sa Cú Ċulainn.”
  “Truaġ san,” ar an giolla, “óir ní fear díongḃála ḋó
mise; mar is fear coṁlainn céad eisean i measc fear

----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	55

nÉireann agus ní haṁlaiḋ doṁ-sa, giḋ noċa riaċt a ḃeag d’a
ċongnaṁ soin ṫorm-sa.”
  Is aṁla do ḃíodar, na giollaḋa, ba dís ḋearḃráṫar iad .i.
Laeġ mac Rianġaḃra agus Iḋ mac Rianġaḃra; agus mar do
ċonnairc Iḋ mac Rianġaḃra Laeġ ag déanaṁ na forgaḃála, do
ċuaiḋ sé sios agus do scaoil an sruṫ agus do leig a inneall
ó’n ngae bulga.  Do ruiṫniġeaḋ agus do ró-ḋeargaḋ um
Ċoin Ċulainn ó do ċonnairc a inneall ag dul ó’n ngae bulga;
agus lingios do ṁaol talṁan go raiḃ ar ḃile scéiṫe
Feirdia go húiréadtrom aṫlaṁ agus go fuinneaṁail fear-
aṁail fíorċalma.
  Do raid Feirdia croṫaḋ ar an scéiṫ gur ċuir Cú Ċulainn
faid naoi gcéimean ṫar áṫ siar.  Scartas agus scréaċas
Cú Ċulainn ar Laeġ, d’a ráḋ leis an gae bulga d’inneall dó.
Riṫeas Laeġ gus an linn, agus do ġaiḃ ag fostaḋ an tsroṫa.
Sceinnios Iḋ d’ionsuiḋe a ḃráṫar, agus d’oscail an sruṫ.
Do scaoil an curaḋ leis sin.  Gluaisios Laeġ ċum a ḃráṫar,
agus do ċoṁraic siad ar a láṫair sin, aċt níor ċoṁṫrom
é coṁrac na díse sin.  Cioḋ tráċt, do leag Laeġ mac
Rianġaḃra a ḋearḃráṫair agus d’easonóir go mór é, giḋ níor
ḃ’áil leis arm d’imirt air.
  Leanas Feirdia Cú Ċulainn ṫar an áṫ anonn.  Scartas
agus scréaċas Cú Ċulainn ar Laeġ d’a ḟógraḋ ḋó an sruṫ
d’ionsuiḋe, aċt níor leig giolla Ḟeirdia soin dó.  Iompuiġios
Laeġ air, agus leagas ar lár an áṫa é, agus toirḃrios maol-
doirn ṁóra ṁionca ṫar a ġnúis agus ṫar a aġaiḋ gur ḃris a
ḃéal agus a ṡrón, gur ṡaoḃ a rosc agus a raḋarc, agus fágḃas
é i n-a luiġe leoin agus lán-ḃaoġail, agus do stad an sruṫ
agus do líon an linn agus do ċoisc glóir-ċriṫ na haḃan agus
d’innill an gae bulga.
  Eirġios giolla Ḟeirdia as a ṫáṁ, agus ṫug láṁ ṫar a ġnúis
agus ṫar a ġeal-aġaiḋ; d’ḟéaċ i n-a timċeall, agus do ċonn-
airc Laeġ ag inneall an ġai bulga ar áṫ an ċoṁraic.  Riṫios
go prap fír-éascaiḋ gus an linn, agus do ḃris an coraḋ go
cliste calma, agus do meaḃaiḋ an sruṫ i n-a ḃuinneaḋaiḃ
borb-ġlóraċa bioṫ-ġarga bual-dlúiṫe buain-ḃriste ar amas
a ḃaeṫréime a ḃunaḋ.
  Do ruiṫniġeaḋ agus do róiḋeargaḋ um Ċoin Ċulainn an
tan do ċonnairc a innill ag dul ó’n ngae bulga, agus lingios
do ṁaol-talṁain an treas feaċt go raiḃ ar ḃile finn-

----------------------

56	RUḊRAIĠEAĊT

scéiṫe Feirdia ag a ṫuargain anuas.  Do raid Feirdia buille
d’a ġlúin ċlí i leiṫ na loinn-scéiṫe gur ċuir Cú Ċulainn fó
linntiḃ.  Is annsoin ṫug Feirdia teóra trom-ġoin ar Ċoin
Ċulainn.  Scartas agus scréaċas Cú Ċulainn ar Laeġ ag
gaḃáil láiṁe ar an ngae bulga d’inneall dó.  Fóbras Laeġ an
gae d’inneall, aċt níor leig giolla Feirdia soin dó.  Fear-
guiḋtear Laeġ annsoin d’a ríriḃ le n-a ḃráṫair, agus ṫug
siḋe d’a ionsuiḋe, agus iaḋaiḋ a ḋá láiṁ ṫairis gur ṫreascair
go talaṁ é agus gur ċuir craipill fó ċéadóir air.
  As a haiṫle sin, go soláṁaċ sár-ċalma, do líon an sruṫ
agus d’ḟáisc agus d’innill an gae bulga, agus d’ḟógair do
Ċoin Ċulainn an gae bulga do ḟrioṫálaṁ, óir ní ṫaḃarṫaiḋe
gan raḃaḋ roiṁe é.  Iar n-a ḟeicsin do ġiolla Ḟeirdia, do
scread go fír-ṁillte, ó naċ raiḃ ar ċumas dó a ṫiġearna
do ċaoṁnaḋ ná giolla Ċon Culainn do ċosc.  Ód’ ċonnairc
Feirdia a ġiolla ar n-a ṫraoċaḋ agus an gae bulga iar n-a
inneall, do raid béim de’n scéiṫ síos do ḋíon íoċtair a
ṁeaḋoin.  Is annsoin do ṫeilg Cú Ċulainn an ceart-ġae
do ḃí i n-a láiṁ de lár a ḋeárnan ṫar bile na scéiṫe agus ṫug
urċar de i mbrollaċ a ċoḋain-ċneis do’n ċuraḋ gurab roiġne
an leaṫ alltraċ de iar ndul tré n-a ċroiḋe.
  Do raid Feirdia béim d’a scéiṫ suas do ḋíon a ḃraġaid
agus a ċléiḃ, gé’r ḃ’í an ċaḃair iar ndéis.  Do ṫeilg Cú
Ċulainn an gae bulga a laḋair a ċoise annsoin agus ṫug
urċar de d’ionnsuiḋe Ḟeirdia go ndeaċaiḋ tré’n ḃfuaṫḃróig
iomḋaingin iarnaiḋe aiṫleiġte go neaċaiḋ tré san mbuaiḋ-
ċloiċ agus tré ċompar ċléiḃ agus ċroiḋe ’san gcaiṫṁiliḋ
gur ḃa lán gaċ alt agus gaċ ionad d’a ḟurránaiḃ frais-
ġeára.
  “Is leór san, a Ċu Ċulainn, a ċumainn ċroiḋe,” ar Feirdia,
“agus gaḃaim ar  son mo ré agus mo ṡaoġail agus anois nár
ċóir gan coṫrom coṁraic do ṫaḃairt dom agus mé im’
ḟíor-ċaraid agus im’ ċoṁḋalta gaisce agat.”  Agus aduḃ-
airt feasta an laoi seo le doiṁeanmain:

		A Ċú na gleas gcain,
		  Ní deas duit mo ġoin;
		A láṁ gan loċt rom-lean
		  Is ort ró-ḟear m’ḟuil.

----------------------

COṀRAC ĊON CULAINN IS FEIRDIA MIC ḊUḂÁIN	57

		Ní hurasa taoḃ re troċ
		  Gluaisios go moċ ós áṫ,
		Rem’ ḋaltán saor seang
		  Do ċlaon Meaḋḃ mo láṁ.

		Meaḋaiġ m’easna fúiḃ,
		  Mo ċroiḋe-se is mo ċrú,
		Má ró-éaras báiḋ
		  Torċair mé, a Ċu!

  Ṫug Cú Ċulainn siḋe d’ionnsuiḋe Feirdia annsoin, agus
d’iaḋaiḋ a ḋá láiṁ leaḃaire lán-láidre i n-a ṫimċeall, agus
do ṫóg leis é idir arm is earra is éide ṫar an áṫ anonn.
Leigios Cú Ċulainn Feirdia ar lár annsoin, agus tuitios féin
i dtáiṁ-néaltaiḃ ós a ċionn.
  Ód’ ċonnairc giolla Ċon Culainn an niḋ sin, aduḃairt:
“D’eiriġeadar fir nÉirinn d’ár n-ionnsuiḋe,” ar sé,
“agus, a Ċu Ċulainn, eiriġ as do néall, óir ní coṁrac aen
ḟir do ḃéaraid dúinn feasta ó do ṫuit Feirdia leat.”
  “Is miṫid doṁ-sa eirġe feasta,” arsa Cú Ċulainn,
“ód’ ṫuit Feirdia liom,” ar sé, “ba ḋursan duit naċ neaċ
ró-ḟeidir mo ċeirt-ġníoṁarṫa gaile agus gaisce-se d’agallais
le teaċt ċugainn.  Ba ḋursan leat naċ le Laeġ mac Rianġaḃra
do rinis coṁairle an ċoṁraic seo.  Ba ḋursan duit naċ ar
aiṫeascaiḃ fíor-ġlana Fearġuis mic Róiġ d_ḟaoṁais.  Ba
ḋursan duit naċ é Conall caṫḃuaḋaċ Cearnaċ ba ċoṁairleaċ
ort;  óir is iad-san ró-ḟeidir mo ċeirt-ġníoṁarṫa gaile
agus gaisce-se.  Agus, a Ḟeirdia,” ar sé, “is mór an
ḃroid agus an t-éigean do raideadar, Connaċtaiġ, ort
mar go dtáinig tú do ċoṁrac liom-sa ar ṁór-Táin Bó
Cuailgne, giḋeaḋ ní ḃfuaireas riaṁ coṁrac is mó do ċuir
orm ioná an coṁrac so agus coṁrac Conlaoiċ m’aon ṁac
féin.”
  “A Laeġ ṁic Rianġaḃra,” arsa Cú Ċulainn fós, “noċt
Feirdia feasta, agus bain a arm agus a éide ḋe go ḃfeicinn
an t-eó óir a ṫug Meaḋḃ dó ċum coṁraic liom féin.”
  Do rin Laeġ aṁail aduḃraḋ leis, agus ṫug an dealg i
láiṁ Ċon Culainn, agus gaḃas Cú Ċulainn ag nualġuḃaḋ deór
ós cionn Feirdia, agus aduḃairt an laoi seo:

----------------------

58	RUḊRAIĠEAĊT

		Dursan an t-eó óir,
		  A ḟeirdia na ndáṁ,
		A ḃailc ḃéimeanaiġ ḃaeṫ
		  Ba ḃuaḋaċ do láṁ.

		Do ḃarr ḃuiḋe ċas,
		  Ba ḃras caoin an séad,
		Do ċrios dualaċ maoṫ
		  Máḋ do ṫaom an t-éag.

		Ár goṁḋaltas ba ċaoin
		  Raḋarc súla saoir,
		Do sciaṫ go mbile óir
		  Fiċe ceall ba fiú i maoin,

		Do ṫuitim dom’ láiṁ
		  Guiḋim naċ ba ċóir,
		Níor ḃa coṁrac caoin.
		  Dursan an t-eó óir.

  “Maiṫ, a Laeġ,” ar Cú Ċulainn, “taḃair doṁ-sa an
gae bulga feasta, óir ní ḟéadaim ḃeiṫ i n-a éagmuis.”
  Iarsoinn do mion-ċoscraḋ corp an ċuraiḋ .i. Feirdia, le
Laeġ, agus tugaḋ an gae bulga do Ċoin Ċulainn.
  “Fágam an t-áṫ feasta,” ar Laeġ, “óir ní’l aċt súgraḋ i
ngaċ coṁrac d’a ḃfuaireamair riaṁ ag féaċain coṁraic
Feirdia.  Agus dá mbuḋ slán mise, buḋ neiṁniḋ loim gaċ
coṁrac d’a ḃfaġainn ó ḟearaiḃ Éireann feasta ód’ ċuireas
Feirdia ḋíom.”  Agus do ċan Cú Ċulainn an laoi seo:

		Cluiċe gáire coṁrac cáiċ
		Go roiċ Feirdia ’san áṫ,
		  Ionann foġluim do friṫ ḋúinn
		Ionann dúinn ró ḋruim ráṫ.

		Ċeiṫre fir ċreiṫre fiċid ċeiṫre céad
		Míle fear noċa bréag
		  An méid naċ deaċaiḋ slán d’a dtig
		  Óm’ láiṁ i gcoṁrac aen ḟir.

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 59

		Ṫárla dom coṁrac ṫar tille
		Ba ḋoiliġe liom ’ná soin uile.
		  Is é do ṫoll mo ṫaoḃ slán
		  Coṁrac Ḟeirdia mic Ḋuḃáin.

  Gonaḋ é sin coṁrac Feirdia agus Con Ċulainn go nuige
seo.


			IV

	BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 

  Feaċt n-aon d’a dtángadar uaisle uile Éireann go hEaṁain
Maċa go suḃaċ soiṁeanmneaċ, agus ṫáinig Cú Ċulainn mac
Suḃaltaiġ go Dún Dealgan iar mbreiṫ mbuaiḋ coscair agus
coṁmaḋma ar ḟearaiḃ Éireann i gcaṫ gáiḃṫeaċ Ḟinneaḃra,
i gCaṫ Rois na Rioġ ós Bóinn agus i ngaċ caiṫ eile d’a dtárla
ḋó.  Óir ní raiḃ ceist áġa ná éaga ná oiḋeaḋa air ó
ṫuiteadar san leis.
  Is aṁlaiḋ d’ḟág Cailitinn a ḃean taoḃṫrom torraċ an t-am
soin, agus an uair ṫáinig am tuisṁiġṫe a toirrċeasa
ḋi, do rug sí seasear clainne do’n toirḃeart soin .i. triúr
mac agus triúr inġean.  Agus ṫáinig Meaḋḃ Cruaċna inġean
Eoċaḋa Feidliġ .i. Bainrioġaon Ċonnaċt d’a n-ionnsuiḋe agus
do rin sí aimidiḋe tuaṫ-ċaoċa díoḃ, óir do ḃain sí a leaṫ-
ċosa deasa agus a leaṫ-láṁa clí ḋíoḃ; agus do leasuiġeaḋ
agus do hoileaḋ iad go raḃdar i gcionn a seaċt mbliaḋan.
Iar mbeiṫ ’san aois sin dóiḃ, ṫáinig Meaḋḃ d’a n-ionnsuiḋe
arís, agus is eaḋ aduḃarit:  “An ḃfuil a ḟios agaiḃ,” ar sí,
“cia ṁairḃ ḃur n-aṫair?”
  “Atá a ḟios againn,” ar siad-san, “gurab é Cú Ċulainn
mac Suḃaltaiġ do ṁairḃ é.”
  “Is fíor san,” ar Meaḋḃ, “agus deiniḋ-se imṫeaċt
ar fuaid an doṁain do ḋéanaṁ foġlamṫa, agus ionsuiḋiḋ na
draoiṫe is oirḋearca ar doṁan, agus deiniḋ fios agus
draoiḋeaċt d’ḟoġluim uaṫa.”

----------------------

60	RUḊRAIĠEAĊT

  Is annsoin do gluaiseadar an seisear siaḃarṫa seirg-
ġnéiṫeaċa saoiḃ-ṡuiḃlaċa sin clainne ciorrḃaiṫe Cailitinn
rómpa, agus do ċuadar go hAlbain, agus do ḃíodar trí
bliaḋna inte.  Do ċuadar as soin go Sacsaiḃ, agus do
ḃíodar ḋá ḃliaḋain eile ann ag foġluim draoiḋeaċta agus
diablaiḋeaċta.  Téiġid as soin do’n Ḃaoibliolóin, agus do
ṡuḃlaiġeadar ar ḋraoiṫiḃ an doṁain ó eirġe gréine go háit a
fuinniḋ agus déanaṁ foġlamṫa go rángadar i gcríoċaiḃ allṁurḋa
ifrinn, agus do ḃíodar bliaḋain i ḃfoċair Ḃulcain .i. gaḃa
ifrinn, agus do rin airm dóiḃ .i. trí sleaġa agus trí sceana
agus trí claiḋṁte.
  “Ag sin díḃ ḃur n-airm,” ar sé, “agus deiniḋ imṫeaċt
leó, agus tuitḟiḋ trí rí le sna trí sleaġaiḃ slinn-ġéara sin,
agus is iad trí sleaġa is mó niṁ agus urċóid do rineaḋ
liom-sa riaṁ iad, óir is oirḋearc na trí rí ṫuitfiḋ leó.”
Agus aduḃairt an laoi:

		Ag soin ḃur n-airm áiġ
		A ċlann Ċailitinn ċáiḋ;
		  Tuitfiḋ leó cé caoṁ a ġné
		  Cú Ċulainn Ṁuirṫeiṁne.

		Ainmne ḃur sleaġ le cur caṫ
		Gaoḋ is Áġ is Urċra
		  Ainmne ḃur gclaiḋeaṁ go mblaḋ
		  Lot is Leónaḋ is Leadraḋ.

		Tuitfiḋ liḃ an Ċú ċeárdaċ
		Ċneaḋaċ ċréaċtaċ caṫḃuaḋaċ,
		  Aon ṁac Deiġċine gan on,
		  Ar ḃur gcionn ṫuaiḋ atá san.

  Is annsoin aduḃairt Ḃulcan leó:  “Muirḃfiġear trí rí
le sna trí sleaġa soin .i. Cú Ċulainn rioġaisciḋeaċ eireann;
Laeġ mac Riangahḃra .i. ríhiolla Éireann, agus an Liaṫ,
Maċa .i. riġ-eaċ Éireann.”
  Do ċeileaḃradar clann Ċailitinn annsoin do Ḃulcan, agus
do ġluaiseadar le seólaḋ na gaoiṫe glórṁaire, agus ní coṁ-
nuiḋe do rineadar go rángadar faiṫċe féar-uaine Cruaċna i
gcríoċaiḃ comáilne Ċonnaċt.  Dála Meiḋḃe Cruaċna, d’eiriġ
sí go moċ de ló agus de lán-tsoillse an lae sin, agus do
ċonnairc sí na haimidiḋe iongantaċa aduaṫṁara amuiġ ar

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 61

an ḃfaiṫċe.  D’aiṫin sí gurab iad clann Ċailitinn do ḃí ann,
agus do ċuir brataċ iongantaċ ór-ṡnáiṫ uimpe, agus
ṫáinig amaċ mar a raiḃ na haimidiḋe tuaṫ-ċaoċa.
Ċuir sí fáilte rómpa, agus do ṡuiḋ sí eadarṫa, agus d’ḟiaf-
ruiġ a n-éaċta agus a n-imṫeaċta ḋíoḃ ó ḟágadar Éire gus
an uair sin, agus aduḃairt Meaḋḃ an laoi:

		Dia ḃur mbeaṫa, a ṡeisir ṡaor,
		Go clár Fódla na ḃfionn-ċraoḃ
		  An tualaing liḃ, mór an moḋ,
		  Dul do ḋioġal ḃur n-aṫor?

		Is tairise linn, a Ṁeaḃ ṁór
		D’ḟáilte, do ċuirm, do ċoṁól,
		  Id’ḋiaḋ-se, a lí ġlan.
		  Ṫáinig diṫ ár n-aṫor.

		Ḃur n-aṫair níor ḃa lag
		Go n-a ṡeaċt macaiḃ fiċead;
		  Is é Cú Ċulainn do ṁairḃ,
		  Ba ġníoṁ uaṫṁar aṫġarḃ.

		Innsiḋ doṁ-sa gaċ tír,
		A ċlann ċróḋa Ċailtitinn,
		  Cá hoideaḋ ba réiḋ linn,
		  Ag a ndearnaḃair foġluim?

		Ár n-oideaḋa i nAlbain
		Curas mór is Capuir;
		  Ár n-oideaḋa i Sacsaiḃ ṡoir
		  Froṁa is Freaṁaiḋ mac Fioḋaiġ.

		Ár n-oideaḋa ’san ḃFrainc amuiġ
		Do b’é Goḃa mac Fioġail;
		  Ár n-oideaḋa ’san Ḃaibiolóin
		  Casal Fioġa mac Fioġóil.

		Rángamair ar ndul ṫar cuan
		Go ḃulcan na n-arm n-ionḟuar;
		  Do ṡíuḃlamair niḋ ba lia
		  Go hínsiḃ árda Aigian.

  “An ndearnaḃair ḃur ḃfoġluim i sna críoċaiḃ sin go
maiṫ?” do ráiḋ Meaḋḃ.
  “Do rineamar,” ar siad, “óir do ḋéanfaimís caṫa

----------------------

62	RUḊRAIĠEAĊT

cróḋa coṁmóra de na gaosadánaiḃ agus de na bolgánaiḃ
béice, de ḃarr na ruileógaiḋe agus de ḋuilleaḃar na
daraiġe.”
  Iarrsoin ṫug Meaḋḃ léi go tiġ Cruaċna iad, agus do
frioṫálaḋ iad do nuaḋ gaċ biḋ agus do ṡean gaċa diġe
gur ḃa meiscṫe meiḋreaċ glóraċ iad, agus do ḃíodar trí lá
agus trí oiḋċe i gCruaċain.
  Is annsoin do tionólaḋ mór-ṡluaġ le hOileall agus le
Meiḋḃ agus le ċeiṫre ollċoige Éireann go Cruaċain, agus
do ċur Meaḋḃ teaċta go Luġaiḋ mac Conroi, agus ṫáinig
Luġaiḋ d’a hionnsuiḋe, agus do ḃí féin agus Meaḋḃ ag aiġneas
iomagallṁa le ċéile go nduḃairt Meaḋḃ:
  “A Luġaiḋ,” ar sí, “an ḃfuil ḟios agat cia do ṁairḃ
t’aṫair?”
  “Atá ḟios agam,” ar Luġaiḋ, “gurab é Cú Ċulainn mac
Suḃaltaiġ do ṁairḃ é.”
  “Is fíor san,” ar Meaḋḃ, “agus ṫángadar clann Ċaili-
tinn ċuġam-sa anois d’éis an doṁain do ṡiuḃal ag foġluim
draoiḋeaċta is diablaiḋeaċta fá ċoṁair Ċon Ċulainn do
ṫuitim leó, óir ní ḃfuil triaṫ ná tiġearna, rí ná róḟlaiṫ i
gceiṫre ollċóige Éireann d’a raiḃ i n-aġaiḋ Ċon Ċulainn nár
ṫuig a aṫair no bráṫair a ċarad no a ċliaṁain le Coin Ċulainn
i gCaṫ ṁór-ṫána Cuailgne agus i ngaċ caṫ eile d’a dtárla
siad leis.  Gurab as soin is cóir díḃ-se mór-ṡluaiġ Éireann
do ṫionol agus dul d’a ionsuiḋe do ḋioġailt ḃur n-uilc agus
ḃur n-éagcóra ar Ċoin Culainn.”
  Do ġaiḃ Luġaiḋ do láiṁ ḃeiṫ i n-a ṫaoiseaċ no i n-a ċeann
feaḋma ar an sluaġ soin i gcoinne Ċon Culainn agus ṫáinig
Luġaiḋ roiṁe go rioġra Muṁain, agus do ċuir teaċta go
laoċraḋ Laiġean, agus ṫáinig ċuige Maicniaḋ mac Ḟinn agus
Conṁac mac Rosa, agus d’ionsuiġeadar Meaḋḃ, agus aduḃ-
airt Meaḋḃ:  “A Ṁaicnaiḋ agus a Ċonṁaic,” ar sí, “an
gcualaḃair clann Ċailitinn do ṫeaċt go hÉirinn?”
  “Ní ċualamair,” ar siad.
  “Ṫángadar go fiosaċ fáiḋeaṁail mór-ḋraoiḋeaċta,”
ar Meaḋḃ.  “Agus an ḃfuil ḟios agaiḃ cia ṁairḃ ḃur
n-aiṫreaċa?”
  “'Atá,” ar Maicnaiḋ, “óir is é Cú Ċulainn do ṁairḃ iad.”
  Do ċuir Meaḋḃ fios ar Earc mac Cairbre, agus ṫáinig

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 63

Earc do láṫair.  “A Eirc,” ar Meaḋḃ, “cia do ṁairḃ
t’aṫair?”
  “Cú Ċulainn do ṁairḃ é,” ar Earc, “i gCaṫ Rois na
Rioġ ós Bóinn.”
  “Is fíor san,” ar Meaḋḃ, “agus tionóltar mór-ṡluaġ
liḃ-se do ḋioġailt ḃur n-aiṫreaċ agus ḃur gcarad uile ar
Ċoin Ċulainn.”
  Do ġaiḃ Earc le n-a n-ais ċum an mór-ṡluaġ soin do
ḟreagairt agus d’imġiġ féin agus Maicniaḋ agus Conṁac d’a
n-árusaíḃ féin, agus do ḃíodar ċeiṫre ollċóige Éireann go
socair síoṫċánta go dtáinig am imṫeaċta ḋóiḃ.  Annsoin do
ṫionóladar na Cóigeaḋaiġ agus ṫángadar go Cruaċain agus
do ḃíodar trí lá agus trí oiḋċe ann, agus i gcionn na haimsire
sin do ḃluaiseadar as an mbaile amaċ, agus is í sliġe do
ġaiḃ siad ṫar Maiġ Cruinn agus ṫar Tuaim Móna agus ṫar
Maiġ Finn, áit ar ṫuig Fionn mac Loinn ċraosaiġ le Coin
Ċulainn, agus as soin go Seanáṫ ris a ráiḋtear Áṫ leaṫan
Luain.  Do ġaḃdar sosaḋ agus longṗort na hoiḋċe sin ann-
soin, agus d’eirġeadar i moċ na maidne ar n-a ḃáireaċ agus
ṫángadar go Gleann an Eoin agus go Gleann Mór agus go
Crónloċ ris a ráiḋtear Loċ Luaṫa an tan so.  Do ġaḃdar
longṗort an oiḋċe sin, agus do ġluaiseadar ar maidin i sna
ródaiḃ ró-réiḋe go rángadar Taillte Taoḃuaine, agus do
ġaḃdar longṗort na hoiḋċe sin ann, agus do hairdgeaḋ leó an
ċríoċ ba ċoinṁneasa ḋóiḃ.  Agus mar do ċualadar, Con-
ċuḃar mac Faċtna agus maṫa Ulaḋ, an ċríoċ d’a creaċaḋ
is d’a coṁloscaḋ le mór-ṡluaġ Meiḋḃe agus le míleaḋaiḃ
Muṁan agus le laoċraḋ Laiġean agus le curaḋaiḃ Connaċt,
d’ḟaifruiġ Conċuḃar rí Ulaḋ cá háit a raiḃ Leaḃarċom.
  “Atáim annso,” ar sí.
  “Éiriġ,” ar Conċuḃar, “agus gluais roṁat ar lorg Ċon
Culainn agus taḃair ċuġam é, óir is ċuige do rineaḋ na
sluaiġte ceilge seo a ċluinimíd do ċnuasaċ; agus fágaḋ sé
Dún Dealgan agus Maġ Muirheiṁne agus tigeaḋ dom’
ionsuiḋe-se gan fuireaċ go hEaṁain Maċa, agus fanaḋ ar mo
ċoṁairle agus ar ċoṁairle Ġeanainn Ġruaḋṡolais mic
Ċaṫḃaiḋ agus Feirċertne file agus a n-aos ealaḋan, óir má
ḃeirid na sluaiġte ceilge úd air agus draoiḋeaċt ċlainne
Cailitinn tuitfiḋ sé leó.  Agus dá ḃfanaḋ ar mo ċoṁairle-
se do ċeilfiḋe orṫa é no go mbeireaḋ Conall Cearnaċ orainn,

----------------------

64	RUḊRAIĠEAĊT

agus buḋ dearḃṫa liom-sa dá mbeaḋ Conall Cearnaċ mar
aon leis go dtuitfeaḋ fir Éireann leó araon agus leis an
gcaḃair do ḃéaraimís-na ḋóiḃ.  Óir níor leig eagla roiṁ
Conall Cearnaċ ḋóiḃ teaċt niḋ b ṡia ’ná mar ṫángadar ’san
ċóige, agus ní mó ’ná mo ċuid-se de Ṁiḋe millte aca fós.
Aċt seaċnaḋ Cú Ċulainn mór-ḟionnġail Ṁeiḋḃe agus draoiḋ-
eaċt ċlainne Cailitinn líonn-ṁillte agus aingiḋeaċt ollaṁan
agus feaḋmanas fíor-neartṁar ċeirṫre ollċóige Éireann ar
aon ionad coinne angus eisean i n-a aonar agus iad uile ar
tiḋe a ṁarḃṫa.  Óir is é Cú Ċulainn a ṁairḃ Fionn mac Rosa
i gcaṫ Fionnċoraḋ agus is é fós do ṁairḃ Fraoċ mac Fioḋaiġ
agus Garḃġas mór ’san gcaṫ gcéadna agus Dáire mac Conroi
agus mórán de ṁaṫaiḃ Muṁan.  Do ṫuit leis Cairbre Niaḋ-
ḟear i gCaṫ Rois na Rioġ ós Bóinn, agus do cuireaḋ leis ár
ḃFear mBreaġ agus Miḋe ’san ċaṫ ċéadna.  Agus do ṫuit
leis éaċt ba ṁó ’na san uile .i. Cúroi mac Dáire mic Áird-
rioġ Muṁan agus ceann laoċraḋ Leiṫe Moġa agus tréan-
ċosnaiṁaiġ Éireann uile.  Gurab as soin is cóir dó-san
fanṁain ar ċoṁairle Ċaṫḃaiḋ draoi a ċard agus a ċoṁ-
ḋaltaiḋe agus ar mo ḃeannaċt-sa agus ar ḃeannaċtaiḃ
Ulaḋ uile d’a iomġaḃáil do’n toisc seo.”
  Téid Leaḃaroṁ le sna scéalta soin go Dún Dealgan
mar a raiḃ Cú Ċulainn.  Fearas Cu Ċulainn fáilte roiṁ
leaḃarċoim agus fiafruiġios scéala ḋi.
  “Atáid scéala móra iongantaċa agam,” ar sí.
  Is annsoin d’innis gaċ a nduḃairt Conċuḃar léi ó ṫosaċ go
deireaḋ; “agus atáid,” ar sí , “bantraċt agus bandal-
taḋa, maṫa agus mór-uaisle, éigse agus ollaṁain cóige
Ulaḋ d’a iarraiḋ ort na mór-ṡluaiġte do ṡeaċnaḋ do’n ċor
so agus Dún Dealgan agus Maġ Muirṫeiṁne d’ḟágḃáil agus
gan dul id’ aonar i n-aon ċoṁlann i n-aġaiḋ an ṁór-ṡluaiġ
úd.”
  “Déanam an ċoṁairle sin,” ar Laoġ mac Rianġaḃra .i.
giolla Ċon Culainn.  Do Ġluaiseadar rómpa iarsoin, Cú
Ċulainn mac Suḃaltaiġ agus Laoġ mac Rianġaḃra agus
Leaḃarċom, agus ṫángadar mar a raiḃ Éiṁear bean Ċon
Culainn agus í féin is a coṁḋaltaiḋe ar ḟaiġċe an dúna.
Do rineaḋ coṁairle leó annsoin .i. an ċoṁairle ṫug Conċuḃar
agus maṫa Ulaḋ ḋó do ḋéanaṁ agus dul go hEaṁain Maċa
mar a raiḃ maiṫe Ulaḋ.  Ġéill Cú Ċulainn ċum na coṁairle

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 65

sin do ḋéanaṁ gé’r leasc leis é, óir níor ḟág sé Maġ
Muirṫeiṁne ná Dún Dealgan riaṁ roiṁe sin ó’n lá do ġaiḃ
arm gaisce go haois na huaire sin ar eagla caṫa no coṁraic.
  Iarsoin do tógḃaḋ Éiṁear i n-a carbad agus do follṁiġeaḋ
an dún leó go luaṫ, agus do scuireaḋ a eiċ agus a ċarbad ann
agus do ċuir an Duḃḟaoilean agus an Liaṫ Maċa ar ḟéar-
ġor gaḃála agus do ċuaiḋ Cú Ċulainn i n-a ġrianán ġlan-
raḋarcaċ ġloiniḋe.  An tan do ċualadar Conċuḃar agus
maiṫe Ulaḋ Cú Ċulainn do ṫeaċt do rineaḋar muirn agus
meiḋir ṁór roiṁe, agus aduḃarit Conċuḃar le Geanann
Graḋṡloas mac Caṫḃaiḋ agus le na hollaṁnaiḃ agus le
bantraċt na cóige uile Cú Ċulainn do ċomeád is do ċomair-
liuġaḋ go dúṫraċtaċ.  “Óir atáṫar d’a ṫairngre le tréiṁse
de ḃliaḋnaiḃ gur leis an mór-ṡluaiġ a rineaḋ do ċurinniuġaḋ
le fearaiḃ Éireann agus le himiodal Meiḋḃe agus le draoiḋ-
eaċt ċlainne Cailitinn do ṫiocfaḋ Cú Ċulainn do ṁarḃaḋ
gan aṁras.  Gurab air sin is cóir díḃ-se ḃur n-inteleaċt
agus ḃur n-ealaḋna do ċaiṫeaṁ um an ċúis sin do ċoimeád;
óir is deiṁin dá dtuitfeaḋ comeád agus cosnaṁ
cóige Ulaḋ go bráṫ.”
  “Is fíor soin,” ar Caṫḃaḋ draoi agus ar cáċ go coitċeann,
“agus raċaimíd-na d’a ionsuiḋe gion gur dóċa naċ fuil
taiḃe ḋuinn ann.”
  Iarsoin do ġluaiseadar, an aos ealaḋan agus an ḃantraċt,
do’n ġrianán a raiḃ Cú Ċulainn agus Éiṁir agus d’ḟearadar
fáilte go fíorċaoin rómpa agus do ṫoirḃreadar teóra póg
go díl agus go deaċraċ dóiḃ.  Do ṡuiḋeadar, fileaḋa agus
fionn-ḃantraċt agus aos ceoil agus ealaḋan an dúna uile, i
n-a ḃfoċair, agus do cuireaḋ búird altaċa deaġ-órduiġṫe
i n-a ḃfiaḋnaise, agus do rin siad ól agus aoiḃneas agus
urġárduġaḋ meanman, agus gan aṁras do ḃí ceól agus
cluiċiḋe suḃċais i ḃfiaḋnaise Ċon Culainn d’a ḃréagaḋ.
  Dála ḃfear nÉireann, ṫángadar go Maiġ Muirṫeiṁne
agus do ġaḃdar sosaḋ agus longṗort ann; agus do leigeadar
sirṫe agus tromġárṫa fó na críoċaihb i n-a n-uirṫimpist
agus do creaċahd agus do loisceaḋ agus do luaṫ-ṁarḃaḋ
do hairgeaḋ agus do móir-ḋíoṫuiġeaḋ Maġ Muirṫeiṁne,

----------------------

66	RUḊRAIĠEAĊT

Dún Dealgan agus Maċaire Ua gConaill leó.  Agus ṫángadar
clann Ċailtinn, ċum ḃfear nÉireann, agus do laḃair meaḋḃ
Ċruaċna leó, agus is eaḋ aduḃairt: “Do ġeallaḃair dúinn,”
ar sí, “go dtiiuḃraḋ siḃ Cú Ċulainn d’ár n-ionsuiḋe fá ċeann
trí lá agus trí oiḋċe.”
  “Má do ġeallamair,’ ar siad, “coṁlíonfam gan
ċontaḃairt.”
  Is annsoin do ṫángadar, clann Ċailitinn, agus ba hé seo
a dturasgaḃáil .i. trí baḋba seirgṫe siuḃlaċa siaḃarṫa
saoḃ-ġlúineaċa agus trí haimidiḋe duḃa duaiḃseaċa droċ-
ḋaṫaċa dian-ġáiḃṫeaċa diabliaḋe dealḃ-ġránda, agus do
ġluaiseadar rómpa go réimeaṁail ró-éadtrom le foluaṁain
na gaoiṫe no go rángadar go hEaṁain Maċa, agus do ṡuiḋe-
eadar, na trí haimidiḋe fiosaċa fuaṫṁara fíor-ġránda san,
ar ḟiaṫċe na hEaṁna, agus do ḃuaileadar ar úir na talṁan
do ḃuaint is do ṫoċailt i n-a dtimċeall go ndearnadar
iliomad de ṡluaiġtiḃ agus de ṡoċraidíḃ ar an ḃfaiṫċe de
ġasánaiḃ siuḃlaċa sanais, de ḃolgánaiḃ béice agus de
ḋuilleaḃraiḃ daṫ-áilne daraċ agus de ḃarraíḃ beiṫe.
  Do ċulaiḋ Cú Ċulainn gáir na gcaṫ is na gcoṁlann ag lot
is ag luaiṫ-ṁilleaḋ na críċe, agus is é do ḃí ag coimeád
Con Ċulainn an tan soin .i. Geanann Graḋṡolas mac
Caṫḃaiḋ.  D’ḟéaċ Cú Ċulainn amaċ, agus do ċonnairc na
caṫa ag coṁṫuargain a ċéile gan ċoigilt; agus mar do
ċonnairc do himdeargaḋ go haġaḋ-náireaċ uime.  Do líon
buinne borb-neartṁar feirge agus raċt meanman mear-
aigeanta ’san gcuraḋ, agus do ṗreab i n-a ṡeasaṁ.  Air sin
d’iaḋaiḋ Geanann Gruaḋṡolas a ḋá láiṁ leaḃaire lánĠasta
go harraċtaċ timċeall Ċon Culainn, agus do ċuir i n-a ṡuiḋe
arís é.
  “Truaġ san, a Ġeanainn,” ar sé.  “B0ḟearr liom ’ná ór
an doṁain agus maiṫeas na cruinne timḋiḃe mo ṡaoġail do
ṫeaċt roiṁ an gcoiṁġleó seo do ċluinim; agus beiḋ aiṫis
ḟiaḋnaċ d’a innsin orm dom’ éis, óir tá an sean-ḟocal ann
gur buaine blaḋ ’ná saoḃal.”
  “Leig sin ṫart, a Ċú Ċulainn,” ar Geanann, “óir ní ḃfuil
aċt saoḃluċt siaḃarṫa dsiḋe annsúd a leigeas sianġárṫa
duaiḃseaċa draoiḋeaċta d’ar ḋealḃadar, clann Ċailtinn
ċlaoin-ṁillte, fáḋ’ ċoṁair-se, dod’ ċealgaḋ agus dod’
ċoṁḃuaiḋreaḋ.”

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 67

  Giḋeaḋ, d’ḟéaċ Cú Ċulainn amaċ arís do ċonnairc
na caṫa cóiriġṫe ar an ḃfaiṫċe amuiġ agus, dar leis, do
ċonnairc Groiḋ mac Lir mic Ṁanúir do ṡeinm go suḃaċ sír-
ḃinn, agus ba ġeasa ḋó-san éisteaċt le sna hógánaiḃ sona siḋe
sin.  D’aiṫin ar na niḋṫiḃ sin gur claoiḋeaḋ go fírinneaċ a
ḃuaḋa, agus gur briseaḋ a ġeasa, go dtáinig deireaḋ a
ċaiṫréime agus gur claioḋeaḋ a ġail, a ġaisce agus a ġníoṁ
le draoiḋeaċt ċlainne Cilitinn.  As a haiṫle sin, d’eiriġ
Baḋb inġean Ċailitinn i rioċt fionnóige agus ṫáinig roimpe
ós cionn an ġrianáin a raiḃ Cú Ċulainn agus aduḃairt: “A
Ċu Ċulainn, coiṁeiriġ; a ilreaċtaiġ ilċleasaġ éaċt-ṁinic
ar ġairḃ-ġleó; aṁic díona Muirṫeiṁne.”  Do ḃúir siad
agus do ġáir siad, na haicmeaḋa eaċtrann ilċineoil, ‘nár
ṫig olc dod’ ċoiṁearġe, a Ċú Ċulainn.”
  Iar ráḋ na mbriaṫar san do Ḃaiḋb, d’imṫiġ roimpe ó’n
ngrianán amaċ an uair d’éimiġ Cú Ċulainn dul léi, agus do
ġáireadar, na sluaiġte, arís nuair ṫáinig an ḃaḋb ċuċa.  Mar
do ċualaiḋ Cú Ċulain scréaċaḋ na mbaḋb is eaḋ aduḃairt:
“Is trom tuirseaċ liom ḃeiṫ ag éisteaċt le sna gárṫaiḃ
so, a Ġeanainn, agus ceaduiġ dom an sluaġ d’ionnsuiḋe
agus na siaṫḃraiḋe scáiṫ-ḃréige seo do ḋian-scaoileaḋ, óir
do ṫraoċadar, na gárṫa so, mo’ ṫreise, agus do ṁíniġ mo
neart is mo laoċas.  Do ċlaoċlaiḋ ceól coiṁḃinn carṫanaċ
na cúirte mo ċuiṁne is mo ċéadfaḋ, agus do rug mo lúṫ agus
mo láṁaċ uaim; agus is truaġ liom bantraċt brat-áilne
caoṁa cóir-ġeala na cóige seo ag curaḋaiḃ Connaċt is Muṁan
is Laiġean.  Agus do ċailleas mo ġeasa uile, agus ṫáinig
coṁarṫa mo ċríċe diaḋnaiġe.” AGus aduḃairt an laoi le
doiṁeanmain:

	Gáir na sluaġ um ṫulaiġ Teaṁraċ
	  ós gaċ dionn,
	Caoineaḋ ban ar ḟaiṫċe Eaṁna,
	  méala lionn;

	Mná Ulaḋ i leabṫaiḃ Connaċt,
	  borb an gleó;
	Is dom'ḋiṫ-se tig an trom-old,
	  dearḃ leó.

----------------------

68	RUḊRAIĠEAĊT

	Muna mbeaḋ draoiḋeaċt ṁór-ṡluaiġ
	  feaḋ do ṁairfinn,
	Ní ṁuirḃfidís mé fir doṁain
	  a los airm;

	Muna mbeaḋ clann Ċailitinn,
	  cruaiḋ a ḃfis,
	Noċa leadraidís fir Luaċra
	  leaḋb dem’ ċnis.

	Fionnaid eóluiġ, tréan an torann,
	  borb a mbriġ
	Is soiléir dóiḃ naċ fuil Conall
	  ins an tír.

	I gCruiṫe an tuaiṫ do ċuaiḋ Conall
	  ṫar Muir mBeann
	Im’ láiṁ-se do ḟágaiḃ Conall
	  an tír teann.

	Is tusa a rin a meirtne meaḃla
	  d’éis an ḟir,
	Go nár toraċt duḃ-ṡluaġ Eaṁna
	  ṫar mo lir.

	Mairg do’n iolar, mairg don lia
	  mairg bioṫ-ḃuan
	Mairg sluaġ Gaoiḋeal, mairg aen-ḟear,
	  mairg do’n tiuġ-ṡluaġ.

	Biaiḋ mairg doṁ-sa, biaḋ mairg dóiḃ-sean
	  buḋ dá ṁairg,
	Fearfad-sa leó coṁlann cróḋa,
	  d’a mbeiḋ mairḃ.

	Do-ġéansa gníoṁ talcṁar teann
	  dá mbeiṫ faoiḋ,
	Muirḃfead-sa leaṫ giolla nÉireann
	  i n-ioc Laoiġ.

	Do-ġéansa gníoṁ eile teann,
	  fáṫ gan ċeilt,
	Muirḃfead-sa leaṫ eaċ ḃfear nÉireann
	  i n-ioc m’eiċ.


----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 67

	Do-ġéansa gníoṁ talcṁar teann,
	  fáṫ gan feall,
	Fear agus leaṫ ḃfear nÉireann
	  do-faoṫ leam;

	Do-faoṫ mise is m’eaċ is m’arm
	  do ṫrí gáiḃ,
	Do-faoṫ Eaṁain ṁór-ġarg Ṁaċa,
	  truaġ a ngáir.

  “Leig seaċad soin, a Ċu Ċulainn,” ar Geanann, “agus ná
taḃair dod’ aire sian-ġárṫa saoiḃ-ṁillte siḋe na mbréag-
ṡluaġ gcleas-uaiḃreaċ soin clainne Cailitinn, dod’ ṁeascaḋ
agus dod’ ċoṁḃuaiḋreaṁ, óir atáid le seaċt mbliaḋna ag
siḃal an doṁain ag foġluim draoiḋeaċta fád’ ċoṁair-se i
ndóiġ go dtuitfeá le sna harmaiḃ niṁe a ṫugadar leó, agus
atá móir-neart fear nÉireann ullaṁ inneallta ċuġat ar
Ṁaiġ Ṁuirṫeiṁne, agus seaċain-se tú féin orṫa, go ceann
seaċt lá ó ndiu, óir raċaiḋ an draoiḋeaċt ar neaṁniḋ an
tan soin, agus eirġeoċaiḋ coṁaċta Caṫḃaiḋ dod’ ṡaraḋ-sa,
agus tiocfaiḋ Conall Cearnaċ a críoċaiḃ na cruinne dod’
ċaḃair agus dod’ ċoṁḟóirṫin. Fan ar mo ċoṁairle-se do’n
ċor so .i. fan le feill-ċeárda fallsa fíor-ġránda clainne
Cailitinn do ḋul ṫar n-ais agus i n-anḃfainne, agus buḋ lán
an doṁan ded’ ċoṁċtaiḃ, ded’ ḃuaḋaiḃ agus ded’ ḃuain-
scéalaiḃ go bruinne an ḃráṫa d’a n-aiṫris is d’a n-innsin
dod’ éis.”
  Do ġaiḃ Cú Ċulainn do láiṁ go ḃfanfaḋ ar an gcoṁairle
giḋ ḋe do ṫiocfaḋ saoġal a oiniġ agus a eagnaṁa.
  Is annsoin do canaḋ ceól sír-ḃinn agus ealaḋna uisle
iongantaċa, agus do ḃíodar, fileaḋa agus flaṫa, buiḋne
agus bantraċt ag fleaḋ-ól agus ag fiṫċilleaċt, ag muirn
agus ag meiḋir fá gaċ taoiḃ i n-a ṫimċeall.  Agus d’imṫiġ-
eadar clann Ċailitinn, rómpa, agus ní rugadar Cú Ċulainn
leó an lá soin, agus ṫángadar go longṗort fear nÉireann
ṫar n-ais.  D’ḟiafruiġeadar, na mór-uaisle, scéala Ċon
Culainn díoḃ.  “D’éimiġ orainn a ṫaḃairt linn indiu,” ar
siad, “agus do ḃéarfam linn i mbáireaċ é.”
  D’ḟanadar an oiḋċe sin agus d’eirġeadar go moċ ar n-a
ḃáireaċ, agus ṫángadar i n-a dtrí haiṫidiḃ fuaṫṁara fíor-
ġránda leacan-ḃuiḋe lom-luinneaċ ar ḟaiṫce na hEaṁna.

----------------------

70	RUḊRAIĠEAĊT

Do ṫúirlingeadar annsoin, agus do ḋealḃadar ċeiṫre laoċ-
ċaṫa ró-ṁóra de gasánaiḃ sanais agus de ḃréagánaiḃ beiṫe
de ḋruim a ndraoiḋeaċtaa, agus do ċuireadar, na ċeiṫre
caṫa coṁmóra san, ioġárṫa aḋḃal-ṁóra gáiḃṫeaċa géar-
luaṫa asta ós árd gur ċlos fó na críoċaiḃ ba ċoiṁneasa
ḋóiḃ iad.  Is orṫa ḃí coimeád Con Culainn an lá úd .i. ar
inġeanaiḃ triaṫ agus taoiseaċ Ulaḋ agus ar a gcoiṁleanán
féin ’sí sin Niaṁ.  Do rin na mná coṁairle eadarṫa féin
cionnus do Ċoimeádfaidís Cú Ċulainn leó go haiṁleisc,
agus ṫángadar go Gleann na mBoḋar.
  “Atáim-se ag seaċnaḋ an ġleanna so riaṁ,” ar Cú
Ċulainn, “agus ní ṫánag ann aon uair is luġa orm ’ná an
tan so, óir déarfaiḋ fir Éireann gurab ar teiċeaḋ uaṫa
ṫánag ann.”
  Iarsoin ṫángadar rómpa ċum na rioġḃruiġne a rin Caṫḃaḋ
’san ġleann fá ċoṁair Ċon Culainn, agus do scuireaḋ an
Duḃḟaoilean agus an Liaṫ Maċa ar urlár an ġleanna.  Do
ṡuiḋ Cú Ċulainn ar ṡlios na rioġḃruiġne agus do ṡuiḋ Niaṁ
inġean Ċealtċair agus an ḃantraċt do’n leiṫ eile;  do
ṡuiḋeadar, aos ceoil agus oirfidiġe agus ealaḋan, ar ṡlios
eile ag déanaṁ a gceoil agus a n-oirfidiġe, agus do ġaḃdar
ag caiṫeaṁ a ḃfleaḋ go ceólṁar cluiċeaṁail annsoin.
  Dála ċlainne Cailitinn, ṫángadar a dtriúr go suaraċ sír-
éadtrom ar ḟaiṫċe na hEaṁna mar a ḃfacadar Cú Ċulainn
an oiḋċe roiṁe sin; agus ó naċ fuaireadar ann é do sireaḋ
Eaṁain Maċa uile ḋó, aċt ní ḃfuaireadar ann é, agus do
b’iongnaḋ mór leó cá áit ar ġaiḃ Cú Ċulainn gan ḃeiṫ i ḃfoċair
Éiṁre agus Conċuḃair nó Curaiḋe na Craoiḃe Ruaiḋe.
D’aiṫniġeadar gurab iad coṁaċta Caṫḃaiḋ do ḃí d’a ḋíon
orṫa, agus d’eirġeadar go héanaṁail aorḋa le foluaṁain na
gaoiṫe geintliḋe draoiḋeaċta do ḋealḃadar, d’a dtógḃáil
do ċuarduġaḋ na cóige uile go nár ḟágadar fíoḋ ná fáin-
ġleann, diaṁair ná droiḃéal ’san gcóige uile gan a
gcuarduġaḋ.
  Fá ḋeoiḋ do ċonnarcadar an Liaṫ Maċa agus an Duḃ-
ḟaoilean ar urlár an ġleanna agus Laoġ mac Rinġaḃra d’a
ḃforċoimeád.  D’aiṫniġeadar air sin go raiḃ Cú Ċulainn

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 71

’san ġleann, agus do ċualadar foġar na fial-ḃuiḋne ’san
mbruiġin ag fleaḋ-ól agus ag aoiḃneas ag cur meanman ar
Ċoin Ċulainn, agus do ḋealḃuiġeadar caṫa aḋḃal-ṁóra le n-a
ndraoiḋeaċt, agus do ṫógadar trom-ġárṫa torran-ṁóra
marḃṫaċa i ndóiġ Ċon Culainn do ṫarrac orṫa.
  Ar gclos na ngárṫa úd ’san mbruiġin, do ṫógadar gáir
aḋḃal-ṁór ceoil agus aoiḃneasa ós árd ċum ná tiuḃraḋ Cú
Ċulainn d’a úiḋ no d’a aire iad.  Agus níor ḃ’ḟearrde ḋóiḃ,
óir is túisce ċualaiḋ Cú Ċulainn na trom-ġárṫa ’ná a ṁuinn-
tear, agus is eaḋ aduḃairt:  “Is truaġ soin,” ar sé.  “Is
mór na gárṫa so do ċluinim ag fearaiḃ Éireann ag créaċtaḋ
na cóige go coitċeann, agus ṫáinig críoċ mo ṡaoġail-se
anois; ní ḃeiḋ maṫṁaoine go bráṫ dom’ éis, agus do cailleaḋ
an ċóige ḋe.”
  “Leig seaċad soin, a Ċú Ċulainn,” ar Caṫḃaḋ, “agus
ná taḃair dod’ aire iad, óir ní ḃfuil aċt sian-ġárṫa siḋe
ionta d’ar ċumadar, clann Ċailitinn, ċuġat-sa; agus ná
cuir suim ionta, aċt coṁnuiḋ mar a ḃfuil tú ag ól agus ag
aoiḃneas.”
  Aċt ċeana, níor leig Caṫḃaḋ agus an ḃantraċt do Ċoin
Ċulainn aire ṫaḃairt do ċlainn Ċailitinn an tan soin.  Agus
ba ró-ṫuirseaċ clann Ċailltinn de sin go nduḃairt Baḋb
inġean Ċailitinn: “Deiniḋ anṁain annso go ndeaċad-sa
do’n ġleann ós a ċionn.”  Air sin do ġluais sí roimpe ’n-a
haon-ruaṫar go beag-náireaċ ċum na bruiġne, agus do ċuir
í féin, tré ḋraoiḋeaċt, i rioċt mná de ṁnáiḃ coiṁdeaċta
Néiṁe inġean Ċealtċair, agus do ġoir léi an rí agus an
ḃantraċt as an mbruiġin amaċ no go ndeaċadar fá’n gleann.
An tan ṫángadar go diaṁair an ġleanna, do ċuir an ḃaḋb
ceó draoiḋeaċta idir iad féin agus an ḃruiġin, agus ṫáinig
féin uaṫa, óir do ḃí a ḟiois aici gur ḃain Niaṁ mionna de Ċoin
Culainn gan dul d’ionsuiḋe fear nÉireann go dtugaḋ sí féin
cead dó.
  Annsoin do ċuir an ḃaḋb deilḃ is éagcosc Néiṁe uirṫe féin
agus ṫáinig mar a raiḃ Cú Ċulainn agus aduḃairt leis na
sluaiġte d’ionsuiḋe, no muna ndeineaḋ gur ċaillte a ceannas
agus a ċóige go bráṫ.
  “Is truaġ,” ar Cú Ċulainn agus is deacair taoḃ do
ṫaḃairt le mnaoi ṫar t’éis-se; óir do ṡaoileas-sa ná tiuḃarṫá
an cead soin dom ór an doṁain ar ṁaiṫeas na cruinne

----------------------

72	RUḊRAIĠEAĊT

go hiomlán.  Agus ó’s tusa ċeaduiġeas doṁ-sa dul i ndáil
ċaṫa le fearaiḃ Éireann agus draoiḋeaċt ċlainne Cailitinn,
raċad ann.”
  Is annsoin d’eiriġ Cú Ċulainn go hobann diṫionsaċ, agus
ag eirġe ḋó i n-a ṡeasaṁ ṫárla beann d’a ḃrat fá n-a ċosaiḃ
ionus go dtárla i n-a ṡuiḋe arís d’a aindeoin.  Aċt d’eiriġ
arís go prap tré ḃioḋgaḋ an ḃascaiḋ sin ar n-imḋeargaḋ
uime, agus do sceinn an dealg óir a ḃí i n-a ḃrat go ndeaċaiḋ
go fíor-ṁullaċ na rioġḃruiġne, agus ar ṫuitim anuas do’n
deilg arís do ċuiḋ tre'n-a ṫroiġ go talaṁ.  “Is truaġ
soin,” ar Cú Ċulainn, “is bioḋga dealg agus ní bioḋga brat,
agus is ag taḃairt roġa ḋoṁ-sa atá sé.”  Agus iarsoin ṫáinig
amaċ as an mbruiġin agus d’ḟógair do Laeġ mac Rianġaḃra
na heiċ do ġaḃáil agus an carbad d’inneall.
  Annsoin d’eiriġ Caṫḃaḋ is Geanann agus an ḃantraċt
uile i n-a ndiaiḋ, agus do ṁeasadar Cú Ċulainn do ċongḃáil
diġ níor ḟéadadar a ḟostaḋ ná a ṫoirmeasc go ndeaċaiḋ
ar an ngleann amaċ.  Do ḃíodar fir Éireann, ag feiṫeaṁ air
ann, agus mar do ċonnarcadar Cú Ċulainn do ṫógḃadar
trom-ġárṫa go hárd uaṫḃásaċ, agus do ċalaiḋ Cú Ċulainn
iad.  Is mór do taiḋḃsiġeaḋ dó an uair sin naċ facaiḋ roiṁe
riaṁ, agus d’aiṫin annsoin gur ċaill a ġeasa agus a ḃuaḋa
uille, agus do ḃíodar cáċ ag a ċeannsuġaḋ go nduḃairt
Caṫḃaḋ leis:
  “A ḋalta ionṁain,” ar sé, “fan ar mo ċoṁairle-se agus
ar ċoṁairle do leanáin agus na bantraċta indiu, agus
coiscfead-sa draoiḋeaċt ċlainne Cailitinn i mbáireaċ is ó
ḃáireaċ amaċ.”
  “A oide ionṁain,” ar Cú Ċulainn, “ní’l fáṫ ḃeiṫ ag
coimeád m’anma feasta, óir do ṫáinig mo ṡaoġal agus do
ċailleas mo ġeasa;  agus do ċeaduiġe Niaṁ dom dul i ndáil
ḃfear nÉireann, agus raċad ann.”
  Iarsoin ṫáinig Niaṁ i láṫair agus do rug ar ċaol ċoim air,
agus aduḃairt:  “Is truaġ soin, a Ċú Ċulainn ṁ’anman,”
ar sí.  “Ní ṫiuḃrainn-se an cead soin duit ar ór an doṁain;
agus ní mé do ċeaduiġ duit dul ann aċt Baḋb inġean Ċailitinn
do ċuaiḋ im’ rioċt-sa dod’ ṁeallaḋ;  agus fan-se agam-sa,
a ċara agus a ċaeṁ-leanáin,” ar sí.  Giḋeaḋ níor ċreid Cú
Ċulainn aon niḋ d’nduḃairt Niaṁ leis, agus d’ḟógair do
Laeġ mac Rianġaḃra na heiċ do ġaḃáil agus an carbad do

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 73

ċóiriġaḋ agus a ċleasa d’inneall go luaṫ.  Ṫáinig Laeġ
roiṁe do ġaḃáil na n-eaċ, agus ní ṫáinig aon uair riaṁ ba
ṁeasa leis agus ba leisc leis a ngaḃáil ’ná an traṫ soin.
Agus do ċroṫ srianta os coṁair na n-eaċ, aċt do ṫeiċeadar
uaiḋ;  agus do ṡeaċain an Liaṫ Maċa é, agus do ḃí sí fraoċḋa
fír-niṁneaċ leis.
  “Uċ, is truaġ san,” ar Laeġ.  “Mana mór-uilc doṁ-sa
agus duit-se tusa do ṫeiċeaḋ roṁam-sa, a Liaṫ Ṁaċa, agus
tá an t-olc i ngar doṁ-sa mar atá duit-se, óir is ionann
 suḃċas agus duḃċas dúinn agus do b’annaṁ liḃ-se naċ i
gcoinniḃ na srianta do riṫfeaḋ siḃ.”  Agus do ḃí Laeġ ag
agallaṁ leis an Léiṫ Maċa, agus aduḃairt a ṫeastas féin
uirṫe.  “Ba ró-annaṁ leat-sa, a Liaṫ Ṁaċa,” ar sé,
sian-ġárṫaċ agus cuing do ċarbaid do ċuarduġaḋ, óir ba
ṁear le mór-ċaṫaiḃ tú agus ba héadtrom mear-aigeantaċ i
n-aontaiġiḃ agus i n-oireaċtasaiḃ tú, agus ba ḃreaġ soġaḃála
le hionsuiḋe sluaġ.”  Giḋeaḋ níior ḟan an Liaṫ Maċa an tan
san leis, agus d’innis sé sin do Ċoin Ċulainn.  Tig Cú
Ċulainn féin d’a gaḃáil, agus níor ḟan leis;  agus ba ċoṁ-
mór le maodorn riġṁíleaḋ na braona fola do sileaḋ ṫar a
gruaḋaiḃ do’n Léiṫ Maċa.”  Ṫáinig Laeġ mac Rianġaḃra
do ṫaoiḃ eile de’n Léiṫ Maċa, agus aduḃairt:  “A Liaṫ
Ṁaċa,” ar sé, “is córa duit maiṫ do ḋéanaṁ indiu ’ná
roiṁe seo riaṁ,” agus aduḃairt an rann so:

	A Liaṫ Ṁaċa ṁearaḋḃal
	  Mór gcaṫ riaṁ air ar imris
	Córa ḋuit móir-ṁeanma indiu
	  ’Ná gaċ lá riaṁ do rinis.

D’ḟan an Liaṫ Maċa leis an tan soin;  agus do gaḃaḋ an
duḃḟaoilean agus do cuireaḋ an carbad orṫa.  Do ġaiḃ Cú
Ċulainn ar inneall a ċleasa gaile agus glan-ġaisce, a airm
agus a iolḟaoḃair .i. uḃall-ċleas agus cleitin-ċleas agus
cleasa eile naċ áirṁiġtear annso.  DO ling i n-a ċarbad gan
ċeaduġaḋ do neaċ d’a raiḃ i n-a ṫimċeall, agus do ṫuiteadar,
a airm, uaiḋ fán n-a ċosaiḃ ’san gcarbad go ndeaċadar as a
gcóiriġṫiḃ siuḃail agus as a n-ionadaiḃ iombuailte, agus ba
ṫuar droċ-ḟáistine agus cailleaṁna ḋóiḃ uile an niḋ sin
d’imṫeaċt ar Ċoin Ċulainn.

----------------------

74	RUḊRAIĠEAĊT

  DO ġluais roiṁe iarsoin go hEaṁain Maċa, agus ní fada do
ċuaiḋ an tan ṫárla na caṫa deaġ-ċóiriġṫe air;  agus, dar leis
féin, do ċonnairc creaċa na hÉaṁna d’a gcruinniuġaḋ agus
grianán Éiṁre d’a ṫreascairt go talaṁ;  agus dar leis fós
ná raiḃ cnoc ná tulaċ i n-a ṫimċeall ná raiḃ lán de ċuraḋaiḃ
agus de ċaiṫṁíleaḋaiḃ, agus teaċ na Craoiḃe Ruaiḋe ar
ċoṁlasaḋ agus Eaṁain Maċa uile i n-a haon-doġair teine
agus i n-a ceó ḋuḃ ḋorċa ḋeataiġ ṁóir.
  “Is truaġ soin, a Caṫḃaiḋ,” ar sé.  “Gé tá siḃ-se dom’
ḟostaḋ-sa is mór na gárṫa agus na héiġṁe iad so timċeall na
hEaṁna.”
  Do ḟreagair Caṫḃaḋ é, agus is eaḋ aduḃairt:  “A ṁic
ionṁainn,” ar sé, “is mór na mearuiġṫe agus na mí-aimsiġṫe
do ḃeirid na scáṫ-ṡluaiġte scoṫ-anḃfanna draoiḋeaċta san
ort agus gan aon duine ann aċt féar agus duilleaḃar crann.”
  Giḋeaḋ, níor ċreid Cú Ċulainn aon ḟocal d’a nduḃairt
Caṫḃaḋ leis aċt gluaiseaċt roiṁe go ráinig go hEaṁain
Maċa, agus an ḃantraċt roiṁe agus i n-a ḋiaiḋ ag gol is
ag gárṫaḋ.  Agus do ċuaiḋ Cú Ċulainn gus an grianán a
raiḃ Éiṁear, agus ṫáinig sí amaċ i n-a ċoinne, agus aduḃairt
leis túirling agus dul isteaċ ’san ġrianán.
  “Ní raċad,” ar Cú Ċulainn, “no go raċad i gcead ċeiṫre
ollċóige Éireann agus go Maiġ Muirṫeiṁne no go dteangṁad
leis an mbuiḋin seo ag creaċ-loscaḋ mo ḋúṫaiġe.”
  “Ná déin éinniḋe ded’ ḃaraṁail,” ar Éiṁear, “óir ní’l
ann ar fad aċt draoiḋeaċt, agus ná taḃair dod’ aire iad.”
  “Is briaṫar doṁ-sa, a inġean,” ar Cú Ċulainn, “naċ
fanfad do’n toisc seo go roiċead longṗort fear nÉireann.”
  An tan ċualadar an ḃantraċt soin, do ṫógḃadar gol-
ġárṫa móra agus éiġṁe loma loiscneaċa agus faoiḋe fada
fíor-ṫruaiġ, agus do ġaiḃ Cú Ċulainn ag ceileaḃraḋ d’a
ṁnaoi agus do’n ḃantraċt, agus do ċuaiḋ ag ceileaḃraḋ d’a
ṁuinntir go Dún Dealgan.  Do lean Caṫḃaḋ agus na fileaḋa
go diaċraċ é, agus níor stad Cú Ċulainn go dtáinig ar ḟaiṫċe
a ḋúna féin.  Agus do ṫáinig Deiċne amaċ .i. máṫair Ċon
Culainn iar n-aiṫne ḋi ar na héiġṁiḃ gurab i ndáil na sluaġ
do b’áil leis dul.  Iarsoin ṫug sí an bullán bisiġ dó, agus
ba ḃuaiḋ ḋó-san le dul ċum siuḃail no ċum seaċráin deoċ
d’ol as.  Ba ġnáḋ leis an mbullán an deoċ do ḃeiṫ go suairc

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 75

so-ḃlasta ann, agus is é niḋ fuair Cú Ċulainn ann a lán de
ḟuil ċróiḋeirg.
  “Is truaġ san, a ṁáṫair ionṁain,” ar ṡe.  “Ní hiongnaḋ
gaċ duine eile dom’ ṫréigean-sa agus an cruṫ a dtugais-se
an bullán dom.”
  Do ġaiḃ Deiċne an bullán an dara feaċt agus do líon é
agus ṫug do Ċoin Ċulainn é, agus is fuil do friṫ an dara
uair ann.  Do líon sí an bullá an treas uair, agus is fuil
do friṫ ann gaċ tráṫ.  Do ġaiḃ fearg Cú Ċulainn agus do ṫug
urċar do’n ḃullán fá ċarraig ċoṁmóir cloiċe gur briseaḋ é,
agus Tulaċ an Ḃulláin ainm na háite ó ṡoin i leiṫ.
  “A ṁaṫair,” ar Cú Ċulainn, “ní tusa is ciontaċ liom-sa
aċt mo ġeasa féin ar n-a gcailleaṁain agus mo ṡaoġal ar
dteaċt;  agus ní ṫiocfad-sa beó ó ḟearaiḃ Éireann do’n
ċor so”;  agus aduḃairt an laoi ann:

	A Ḋeiċne, is fás dod’ ḃullán
	  Do radais dom fá ḋoġra nduiḃ
	Nom raċad i sruiṫ-linntiḃ fola
	  Noċa cara cáċ rod-ċluin.

Deiċne:
	An ar Ċonċuḃar, a Ċú Ċulainn,
	  An ar Ċaṫḃaḋ ċaraid mná,
	An ar do ṁáṫair a ḟanaim
	  An ar Ġeanann, an ar cáċ?

	An ar do ċumscraḋ, a ċuraḋ,
	  An ar do ċoṁḋalta go raṫ,
	An ar do ḃuime is ar t’oide?

Cú Ċulainn:
	Aċt gé do cailleaḋ mo ġeasa,
	  Agus gé ṫáinig críoċ mo ré,
	Noċa dtréigfinn mo ḃuaḋa oiniġ
	  Ó’n scéal do ċuala indé.

  Is annsoin do ġaiḃ a ḃean agus a ṁáṫair agus an ḃantraċt
uile d’a iarraiḋ air anṁain go teaċt do Ċonall Cearnaċ.
  “Ní ḟanfad,” ar sé.  “óir ṫáinig mo ré agus mo reiṁeas,
agus ní ṫréigfead mo ḃlaḋ ná mo ḃuaḋ coscair ar ḃréig
ḋíombuain an tsaoġail seo.  Níor éimiġeas caṫ ná iorġail

----------------------

76	RUḊRAIĠEAĊT

ó ġaḃas mo ċéad arm gaisce gus indiu, agus is luġa
ḋéanfad anois é, óir ní buaine blaḋ ’ná saoġal.”
  Ar ráḋ na mbriaṫar soin dó, gluaisios roiṁe d’ionsuiḋe
an ċaṫa, agus do lean Caṫḃaḋ i n-a aonar é as an mbaile
amaċ.  Níor ċian do ċuadar an tan ṫárla orṫa ḋá inġin
ċaoṁa ċruiṫ-ġeala cúl-ḃuiḋe ar ḃruaċ áṫa agus iad ag
tuirse agus ag truaiġ-éiṁe agus léine ċorcra ċréaċtnuiġṫe
ag a foscaḋ is ag a fuair-niġe aca ar eoċair-imeall an áṫa.
  “An ḃfeiceann tú na mná úd, a Ċu Ċulainn?”  ar Caṫḃaḋ.
  “Do ċím,” ar Cú Ċulainn.
  “Má’s eaḋ, is aṁlaiḋ atáid súd go brónaċ buan-ċuṁaċ
iairṁéileaċ ag innsin tusa do ṫuitim do’n ċor so le mór-
ṡluaġ Éireann agus le draoiḋeaċt ċlainne Cailitinn gurab
air sin is cóir duit-se, a ċoṁḋalta ḋílis, fanṁain i ḃfoċair
Éiṁre agus na bantraċta.”
  “A oide ionṁain,” ar Cú Ċulann, “ná lean mé niḋ is sia,
óir ní ḟillfead ṫar ais go bráṫ go ndioġlad ar ċeiṫre oll-
ċóige Éireann teaċt do loscaḋ mo ċríċe agus do ċreaċaḋ
mo ḋúin.  Agus gé tá na mná úd ag niġe an ċuirp úd d’a
ṫairngre ḋom-sa ḃeiṫ créaċtnuiġṫe agus mo ċorp ḃeiṫ d’a
niġe, is iomḋa corp créaċtnuiġṫe cnáiṁ-ġearrṫa ḃeas i
sruiṫ-linntiḃ fola agus buain-éaga óm’ ċlaiḋeaṁ-sa agus
óm’ ċraoisiġ do’n ċor so.  Gé leasc leat-sa mo leigean i
ndáil éaga i n-aġaiḋ ḃfear nÉireann agus mo ḃioḋḃaḋ, is
leisce ’ná san liom-sa dul do ṫollaḋ mo ṫaoiḃ agus do
ċiorrḃaḋ mo ċuirp agus naċ fearr ḟios ag duine mo ṫuitim
do’n turas do ’ná agam féin,” ar Cú Ċullain.  “Óir dá
ḃfanar do ċuaḋas d’éag agus dá n-imṫiġear ṫáinig mo ṡaoġal,
agus ná toirmeisc mé niḋ is faide aċt beir iomċomairce
beaṫa agus sláinte uaim d’ionsuiḋe Ulaḋ agus Conċuḃair
agus Éiṁre, agus innis dóiḃ naċ dóċa go ḃfeicfid mise beó
go bruinne an ḃráṫa.  Is truaġ ár scaraḋ le ċéile, óir is
imṡníoṁaċ ár n-eidirḋealaḋ liḃ, agus is ró-ḃrónaċ atáim-se
ó ló imṫeaċta ḋom ó Eaṁain Maċa, óir is iomḋa lá ṫángamair
go neaṁaistreaċ éadálaċ ann ó ċrioċaiḃ ciana na cruinne.”
Agus aduḃairt an laoi seo:
	A ḟir, ná toirmeisc ár séad,
	  Do ċuaḋas d’éag, ní cian uaḋ;
	Doiliġ d’Eaṁain seaċ gaċ dún,
	  Dortaḋ mo ċrú do’n tsluaġ.

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 77

	Méala mise i linntiḃ cró
	D’ógaiḃ Ulaḋ ré gaċ ló;
	  Laoċraiḃ Ulaḋ uile i gceas,
	’S ní ṫiocfaiḋ mo leas do’n ló.

	Truaġ gan m’oide Conall cruaiḋ
	  Re ndul fá’n sluaġ ag teaċt im’ ḋáil;
	Ní ḃeiḋ tulaċ gan brón ban
	  Aċt iaṫ Ulaḋ do ṁaiġ Fáil.

  A haiṫle na laoi sin, d’iompuiġ Cú Ċulainn a aġaiḋ ar
Éiṁir, agus do ġaiḃ ag féaċain uirṫe agus ag féaċain an
ḃaile uaiḋ agus ag éisteaċt le sna mór-ġárṫaiḃ soin do
leigidís an ḃantraċt asta, agus do taiḋḃriġeaḋ dó go ḃfaca
sé torannuġaḋ na n-aingeal ós cionn ráṫa leis a ráiḋtear
Árd Maċa indiu.  Agus do ċonnairc gur lán de ḋeallraṁ
agus de ṡoillsiḃ, de ċeóltaiḃ agus de ċantanaiḃ agus
d’oirfidiġe ó neaṁ go talaṁ do ḃí an ḟaiṫċe mór-dtimċeall
Árda Maċa.  Is mór do ṫaiṫniġ le n-a aigne an niḋ sin do
ċonnairc, agus do ḃí i n-a ċroiḋe go mór an niḋ do ċualaiḋ,
agus d’innis do Ċaṫḃaḋ draoi gaċ nid d’a dtárla.
  “Agus ní hionann so,” ar sé, “agus na taiḋḃsiġṫe do
ċonnarc ó ċiainiḃ go huaṫṁar urġránda ag teaċt d’ionsuiḋe
na hEaṁna ḋom.  Agus aḋraim-se an Té d’a n-aḋraid súd
dó .i. Dia Uile-ċuṁaċtaċ do ċum neaṁ agus talaṁ, agus
mo ċean do’n éag feasta, agus gaḃaim buiḋeaċas ar son mo
ré agus mo ṡaoġal.”
  Annsoin do ġaiḃ ag ceileaḃraḋ do Ċaṫḃaḋ, d‘Éiṁir agus
do’n ḃantraċt, agus do ċuir a ḋruim le hEaṁain, agus do
ġluais roiṁe go súḃaċ sólásaċ.  Do ċuaiḋ a ḋoḃrón agus
a ḋólás de agus ṫáinig go hÁṫ na Foraire agus as soin go
Sliaḃ Fuaid, agus ċonnairc deataċ mór ar leaṫtaoiḃ an
ċonaire agus ṫáinig d’a ionsuiḋe, óir ba ḋóiġ leis gur drong
éigin d’ḟearaiḃ Éireann a ḃí ann agus cuid de ċreaċaiḃ
Cóige Ulaḋ aca.  “A Laoiġ ṁic Rianġaḃra,” ar sé, “luiġ
broid ar an eaċraiḋ go ndeaċam d’ḟios cia go ġní an teine
úd.”  Air sin ṫáinig roiṁe gus an drong a ḃí ag déanaṁ
na teine, agus is iad do ḃí ann .i. clann Ċailitinn noċ do ḃí
ag déanaṁ na draoiḋeaċta do Ċoin Ċulainn roiṁe sin.  Is
é seo dealḃ do ḃí ar na siaṫḃraḋaiḃ saoḃa soin .i. aon súil

----------------------

78	RUḊRAIĠEAĊT

ṁór dearg diablaiḋe i n-aġaiḋ gaċ mná díoḃ agus aon láṁ
ċruaiḋ-ḟeiṫeaċ ḟaid-ingneaċ a huċt gaċ droċ-ṁná díoḃ agus
aon ċos ċais-leaṫraċ ċlúṁaċ ċam-ġlúnaċ ċaol-ġránda a
cromán gaċ mná baiḋbe ḋíoḃ agus cinn-ḃirte briste bórd-
ɼeaṁra do ċoċall ċruinn ḋuiḃċiar lámn de ċnáṁaiḃ boc agus
reiṫeaḋa ar n-a gceangal do ċoirr-ḃearaiḃ cinn-ġéara
caorṫainn aca.
  Mar do ċonnairc Cú Ċullain an ṁóir-ṫeine sin ag na
haimidíḃ aḋuaṫṁara san d’a déanaṁ do ċuir clár clé an
ċarbaid leó agus ṫáinig ’san tulaiġ seaċa.  An uair do
ċonnairc Baḋb inġean Ċailitinn ag teaċt i ḃfogas dóiḃ é,
gaḃas bio de na bearaiḃ agus ṫug urċar díreaċ díongḃálta
ḋe d’ionsuiḋe aiġṫe agus éadain Ċon Culainn, agus do ċuaiḋ
cór ḃuinne an ḃeara soin i gceann na Con go dtug créaċt
daingean doileiġis dó agus créaċt millte eile do’n Léiṫ
Maċa gur ḃa leónta iad araon ó’n urċar soin.  Agus do
rug Cú Ċulainn ar an mbior céadna agus ṫug urċar de
d’ionsuiḋe Baiḋbe inġean Ċailitinn gur ċuir tré n-a corp
treasna anonn is anall an bior.  Riṫeas an ḃaḋb d’ionsuiḋe
ḃfear nÉireann agus an bior tríte, agus do ḃí Cú Ċulainn
go duḃaċ doḃrónaċ d’éis an urċair sin go nduḃairt:  “Is
truaġ soin.  Do rug an t-urċar soin leaṫ mo lúiṫ agus mo
láṁaiġ uaim, agus muna mbeidís clann Ċailitinn dom’
ċiorrḃaḋ le draoiḋeaċt do ṫuitfidís mór-sluaġ fear
nÉireann liom do’n dul so, agus aduḃairt an laoi:

	Do tollaḋ mo ṫaoḃ liḃ-se
	  Óm’ ṁullaċ go talṁain;
	Mo ṁallact do’n droing rom-ġoin
	  Rug uaim roinn dem’ anmain

	Dá ḃfeasaidís curaiḋe Eaṁna
	  Mar rugaḋ uaim mo láṁaċ
	Mise an curaḋ caṫḃuaḋaċ,
	  D’a móir-ṫriaṫaiḃ ṫánag.

	Ṫuitfeaḋ liom-sa ṫar fóirṫin
	  Caṫa mór-ċróḋa Ċonnaċt
	Muna mbeaḋ clann Ċailitinn
	  D’a dtáinig mo ṫaoḃ do ṫollaḋ.

A haiṫle na laoi sin, aduḃairt Cú Ċulainn le Laeġ mac

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 79

Rianġaḃra na heiċ d’oiriseaṁ, “óir ṫángadar trom-
néalla dom’ ionsuiḋe,” ar sé.
  “Déanfad,” ar Laeġ, “agus do b’ḟearr anṁain ’ná teaċt
do’n turas so, óir d’iompuiġ séan is sonas i n-ár n-aġaiḋ,
agus na huile ḃuaḋa ded’ ċoiṁdeacṫ gus an uair seo.  Óir
ní fir do-ġniḋ do ṁilleaḋ aċt mná, agus ní ṁuirḃfidís fir
an doṁain tú aċt le draoiḋeaċt;  agus is de ḋraoiḋeaċt na
mban tiocfaiḋ do ċloḋ, agus ní ṁuirḃfeá féin Cúroi mac
Dáire muna mbeaḋ draoiḋeaċt do ḃeiṫ agat ċuige.”
  Is annsoin do ṫáinig Cú Ċulainn d’ionsuiḋe fear nÉireann,
agus mar ċonnarcadar ċuċa é aduḃradar ná raiḃ ’san doṁan
aon ḟear do b’ḟearr oineaċ ’ná é agus go mbuḋ ċóir dóiḃ
Cú Ċuileasc ċáinte do ċur d’iarraiḋ a ṡleiġe air.  Téid
Cú Ċuileasc i gcoinne agus i gcoṁḋáil Ċon Culainn agus
trí caogaid éigeas maraon leis.  Fearas Cú Ċulainn fáilte
roiṁ Ċoin Ċuileasc, agus aduḃairt Cú Ċuileasc leis:
  “Taḃair aisce ḋom, a Ċú Ċulainn,” ar sé.
  “Cá aisce sin?” ar Cú Ċulainn.

	“Is í aisce iarraim,
	  A Ċú Ċulainn ċruaiḋ
	Do ġae ġorm ġasta
	  Ċuireas ár gaċ sluaiġ.’

	“Mairg ṡireas an aisce,
	  A Ċú Ċuileasc ċruaiḋ,
	Fir Éireann im’ aġaiḋ
	  ’S mo ġae do ḃreiṫ uaim.’

  “Cionnus do ḃéara mé mo ṡleaġ duit?” ar Cú Ċulainn
fós.  “An é a gráin no a hurlann do ḃéara mé roimpe?”
  “Ní ceaċtar díoḃ,” ar Cú Ċuileasc, “aċt fiar-ṫreasna.”
  Do leig Cú Ċulainn an ċraoiseaċ ċró-reaṁar treasna fá
ḟeirg ṁóir ċuċa gur ṫuit Cú Ċuileasc go n-a ṫrí ċaogaid
éiġeas marḃ gan anam ar an láṫair sin de niṁ na craoisiġe.
  “Truaġ soin,” ar Cú Ċulainn;  “ṫáinig saoġal ṁ’oiniġ
go bráṫ tar éis Cú Ċuileasc is a ṫrí ċaogaid éigeas do
ṫuitim liom.  Agus leig broid ar an eaċaiḋ, a Laeġ, go
mbéaraimís ar na sluaiġtiḃ i n-a n-ionadaiḃ iomḟosta.”
  “An mbéarad an tsleaġ liom?” ar Laeġ.
  “Ní ḃéarair,” ar Cú Ċulainn;  “Óir ní ḋeaċas-sa i

----------------------

80	RUḊRAIĠEAĊT

ndiaḋ aon tioḋlaicṫe d’a dtugas uaim riaṁ roiṁe seo, agus
ní raċad i n-a ḋaiḋ sin anois.’
  Giḋeaḋ do ṫúirling Laeġ, agus do ṫóg an tsleaġ, agus do
ṫángadar rómpa d’ionsuiḋe fear nÉireann.  Agus ba ċlos
’san longṗort a raḃdar, fir Éireann, Cú Ċulainn do ḃeiṫ d’a
n-ionsuiḋe.  An uair do ċulaiḋ Luġaiḋ mac Conroi sin,
aduḃairt:  “Raċad féin d’a ḟéaċain.”
  Ṫáinig Luġaiḋ d’ḟéaċain croṫa agus deilḃe Con Ċulainn
agus aduḃairt ag taḃairt a ṫuarasgaḃála ós árd d’ḟearaiḃ
Éirean:  “Do ċím ċuġaiḃ,” ar sé, “carbad féiġ foluaim-
neaċ fionn-druine go mbuaḃail uaine go dtarḃ-ċlár uṁaiḋe
mar luas ḟáinle no siḋe gaoiṫe, agus eaċ liaṫ lúṫṁar luaiṫ-
léimneaċ fódṁar forránta go lúṫ ċeiṫre gcrú go mbéim-
eanaiḃ splancaṁla teine treaṫan-ruaiḋe agus eaċ eile
caol-ċosaċ ceann-ḃeag cas-ṁongaċ maol-ċluasaċ agus giolla
doinn-ḟionn daṫ-ċorcra i ḃarraḋ an óglaiġ, aṁail buḋ rós
dearg-líṫe a aiġṫe agus ceannċoċall sróill uime agus é ag
treóraḋ na n-eaċ san ar gaċ leirg ba háil leis féin.”
  Annsoin ṫáinig Luġaiḋ i ndáil ḃfear Éireann agus
aduḃairt leó eirġe;  “óir,” ar sé, “atá Cú Ċulainn cos-
caraċ caṫḃuaḋaċ coiṁṫiġeaċ ċuġaiḃ;  agus is mairg sluaġ,
mairg fir, mairg mná mairg macaoṁa, mairg inġeana, mairg
tír ċum a dtig an fear foirtil beó flaiṫeaṁail feaḋm-
láidir dána díscir deaġ-ṫapa mór-ċroiḋeaċ meanmnaċ
mórḋálaċ soin.”
  D’eirġeadar ċeiṫre ollċóige Éireann i gcrioslaċaiḃ a
sciaṫ agus a luireaċ annsoin, agus do ċóiriġeadar iad i n-a
gcipíḃ coṁḋlúṫa caṫa fá ċoṁair Ċon Culainn, agus d’eiriġ
Meaḋḃ Ċruaċna agus do ġaiḃ na hairm niṁe a ṫugadar,
clann Ċailitinn ċuirpṫe leó go hÉirinn fá ċoṁair Ċon Culainn
do ṁarḃaḋ.  “Ca ḃfuil na trí rí atá im’ ḟarraḋ-sa ar na
sluaġaiḃ so?” ar sí, “.i. Luġaiḋ mac Conroi, Macniaḋ mac
Finn agu Earc mac Cairbre?”
  “Atáimid annso,” ar siad.
  “Ag so ḋíḃ,” ar Meaḋḃ, “na hairm niṁe d’a ḃfuil i
ndán Cú Ċulainn do ṫuitim leó, ag glacaiḋ ċuġaiḃ-se iad,
agus dioġlaiḋ ḃur n-aṫreaċa agus ḃur mbráiṫre ar Ċoin
Ċulainn.”  Iarsoin ṫug sí sleaġ i láiṁ gaċ laoiċ-ṁíleaḋ
ḋíoḃ.
  Is annsoin do ċonnairc Cú Ċulainn fir Éireann uaiḋ.

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 81

“A Laeġ ṁic Rianġaḃra,” ar sé, “leig broid ar an eaċraiḋ,
agus taḃair clár clé an ċarbaid leó, agus tair timċeall
ḃfear nÉireann.”  Leis sin do ġaiḃ confaḋ caṫa agus móir-
ḟeirge Cú Ċulainn agus do ċriṫniġ a ḃaill ó ḃonn go baṫas,
agus ṫángadar, a ṡula is a ioscada, roiṁe agus a ġlúna is a
lorgain i n-a ḋiaiḋ, agus ṫáinig mórán eile siaḃarḋaċta ḋó
ná háirṁiġtear annso.  Annsoin ṫug Cú Ċulainn cruinn-
ċleas céad, toirnċleas ḋá ċéad, toirnċleas trí ċéad,
ċeiṫre ċéad, ċúig ċéad, óir níor ḃ’ḟuláir leis oiread san
d’ḟearaiḃ Éireann do ṫuitim leis de gaċ coinsgleó do
ḋíoġailt a n-uilc agus a n-éagcóra ar a eascáirdiḃ.
  Ṫugadar seól trom ar an gcarbad annsoin gur ḃa leór de
ḋíon agus de aindíon an ḟaid do ċuaiḋ roiṫ an ċarbaid i
dtalaṁ gur eirġeadar cloċa agus carraige na talṁan i
n-áirde ris na roṫaiḃ;  agus do ċeartuiġ é féin i dtimċeall
fear nÉireann go ná raċaidís uaiḋ soir ná siar ar teiċeaḋ,
agus ṫug luaiṫ-eascairt bioḋḃa mná ḋóiḃ agus fágas druim
ar ḋruim i n-a gcorpaiḃ marḃa iad gur ḃa linnte fola fír-
ḋeirge gaċ ionad a ngaḃdar, ionnus go mba líonta Maġ
Muirṫeiṁne de ċorpaib marḃa an oiḋċe sin.  Óir níor
imṫiġ neaċ díoḃ uaiḋ gan marḃaḋ, gan conáċ no cneaḋ no
coṁarṫa léise no lorgan no bioṫ-ainiṁ éigin go críċ a mbeaṫa.
D’imṫiġ féin slán uaṫa, agus ṫáinig do’n ṫaoiḃ ṡiar de n-a
sluaġaiḃ agus do ġaiḃ a ċrann taḃaill ċuige, agus aduḃairt:
“A Laeġ,” ar sé, “tionóil cloċa na talṁan agus na maiġe
ċuġam go gcaiṫinn as mo ċrann taḃaill le sna sluaġaiḃ iad.”
  Do rin Laeġ san gur ġaiḃ Cú Ċulainn dóiḃ go nár leig
suan ná socraċt dóiḃ an oiḋċe sin ná go ceann seaċt lá agus
seaċt n-oiḋċe aċt aṁail do ḃeidís beaċa i mbéal cuirceoige
lá foġṁair no saṁraiḋ.
  Is aṁlaiḋ do ḃiodar, fir Éireann, ó’n dtoirnċleas timċeall
ċuaird treaṫan-ṁor ṫug Cú Ċulainn orṫa ionnus go mba
haon-ṁaḋm coitċeann dóiḃ uile roiṁe.  Agus ní ġaḃaḋ
cead sciaṫ ná luireaċ, caṫḃarr ná craoiseaċ le sioṫ-
ṁaḋmaiḃ sár-luaṫa doċosanta na curaḋ lán-ċalma .i. Cú
Ċulainn.
  Mar do ċonnairc Meaḋḃ Ċruaċna san, do ġaiḃ ag
aiṫisiuġaḋ an tsluaiġ agus ag gríosaḋ rioġraḋ Éireann i
n-aġaiḋ Ċon Culainn.  Mar do ċualaiḋ Maicniaḋ mac Finn
sin, ṫáinig i gcoinne Ċon Culainn agus ṫug urċar d’a leaṫan-

----------------------

82	RUḊRAIĠEAĊT

ċraoisiġ d’ionsuiḋe na curaḋ go coilg-ḋíreaċ go dtárla i
mullaċ a ġualan deise ionnus gur ḃa réabṫa ronnta ró-
leadarṫa a ġeal-ġuala ó ruaṫar an reaṁar-ġai agus gur ḃa
créaċtaċ cneas-oscailte an Liaṫ Maċa do’n urċar an ndul
tríṫe go talaṁ.
  An ḟaid do ḃí Cú Ċulainn ag sreang-ṫarraing na sleiġe
as an gcréaċt ṫug Earc mac Cairbre urċar díreaċ deaġ-
ḟreastail d’a ionsuiḋe go dtárla an géar-ġae i mullaċ a
ġualan clí do’n ċaiṫṁíliḋ go rug lán a faoḃair d’a rioġualan
léi.  Do ḃí Laeġ mac Rianġaḃra i ḃfogus dó go dtárla an
tsleaġ ḋó go dtug ainiċréaċt air.  Agus an ḟaid do ḃí Cú
Ċulainn ag tarraing na sleiġe as an ngiolla do ṫeiċeadar
na hóig-rioġa soin uaid, agus do follṁuiġeaḋ láṫair dó,
  “A Ċú Ċulainn,” ar Laeġ, “is marḃ mise do’n urċar so,
agus níor goineaḋ mé i gcaṫ ná i gcoṁrac riaṁ roiṁe seo.”
  “Uċ, uċ!” a Laeġ, “augs tioḋlacṫar mise leat sula
dtuitfiḋ tú féin i dtaisíḃ ná i dtáiṁnéalaiḃ,óir atáiim ag
dul i n-anḃfainne.  Do ṡiuḃlas an doṁan id’ ċuideaċtain,
agus níor leóṁuiġ neaċ fuiliġaḋ ná foirḋeargaḋ orm go
dtí indiu.  Agus, dar liom anois, atá snuaḋ ḋuine no ġiolla
gan iġearna orm, agus is doiliġ liom ár scaraḋ, a ṫiġearna
ḋílis, agus a ċoṁċumainn mo ċroiḋe,’ ar Laeġ.
  “Beir buaiḋ agus beannaċt,” a Laeġ ionṁain,” ar Cú
Ċulainn, “óir ní ḃfuair triaṫ ná tiġearna riaṁ, agus
ní ḃfaġaiḋ go bráṫ giolla ba fearr ’na tú.  Agus do ḃeirim-
se fóm’ ḃriaṫar go gcluinfid fir Éireann mar do ḋioġlad-sa
tusa orṫa ar maidin i mbáireaċ i Maiġ Muirṫeiṁne.  Ó’n
lá ṫárlamair i gcumann le ċéile ní ċuala aenneaċ díom-
buiḋeaċ díot de ló ná d’oiċe ó ṡoin go haois na huaire seo.
Agus do ḃeirim mo ḃeannaċt duit féin is d’Éiṁir, agus
innis do’n rioġain ná tréigfinn-se í ar a ḃfuil de ṁnáiḃ ’san
gcruinne dá mbeinn beó,” agus aduḃarit an laoi seo le
doimṁeanmain .i.

	Éiriġ, a Laeġ, fá mór scéal
	Agus gurab soirḃ do ṡéad;
	  Innis d’Ultaiḃ go n-a gcloinn
	  Mar do ḟágḃais Cú Ċulainn.

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 83

Laeġ:
	A Ċuagáin, gé raċad uait
	Ṫar Muirṫeiṁne, ṫar Sliaḃ Fuaid,
	  Adéaraid óig na hEaṁna
	  Gur giolla mé gan tiġearna.

Cú Ċulann:
	Ná habair-se sin, a Laoiġ,
	A ṁic Rianġaḃra gan ġaoi:
	  Buḋ briste mo ċroiḋe ḋe
	  Dá n-abrá an niḋ ráiḋe.

	Beir mo ḃeannaċt leat, a Laoiġ,
	I ndáil Éiṁre an ḟuilt ċlaoin:
	  Innis di má garḃ a gol
	  Ná tig marab le a ċaoineaḋ.

	Adeirim-se sin, a ḟir,
	Le hÉiṁir áluinn ionṁain;
	  Noċa mbéad i mbeaṫa ḋe
	  Tar éis caṫa Muirṫeiṁne.

	Innis mo ġníoṁa ’san gcaṫ
	D’Éiṁir ’s do Ċonall Cearnaċ:
	  Cloisfid Ulaiḋ is gaċ dream
	  Mo ċumasc is fir Éireann.

	Do ṁarḃas céad díoḃ dia Luain,
	Ba ṁóide easbaḋ an ṁór-ṡluaiġ,
	  Ḋá ċéad dia Máirt, miste a maoin,
	  Is trí ċéad dia Céadaoin.

	Ċeiṫre ċéad liom-sa Diardaoin
	Um seaċt macaiḃ Aḃraċaoin,
	  Ċúig céad ’san Aoine méad gluin
	  Is sé céad dia Saṫrain.

	Ḋá ċéad déag dia Doṁnaiġ
	Do ṁarḃas lem’ ċrann taḃaill
	  Noċa mbréag a n-abraim de
	  Ó ġréin-eirġe go hoiḋċe.

----------------------

84	RUḊRAIĠEAĊT

  Dála Laeġ mic Rianġaḃra, do ġaiḃ ag ceileaḃraḋ do Ċoin
Ċulainn, agus ṫáinig roiṁe go tuirseaċ doḃrónaċ, agus
gé do ḃí ag déanaṁ na ceileaḃra soin ba leasc leis é.  Óir
níor ṁaiṫ leis imṫeaċt uaiḋ an ḟaid a ḃí de neart ann
anṁain i n-a ṡeasaṁ;  agus do ġaiḃ ag féaċaint i n-a ḋiaiḋ
ar gaċ faġairt do ḃeireaḋ Cú Ċulainn go cróḋa cleas-
lúṫṁar fá ġiollaḋaiḃ ḃfear nÉireann agus fá n-a ndaoscar
ṡluaġ.  Do ġaiḃ go gáiḃṫeaċ grod-urlaṁ ag cleas-ḃualaḋ na
ngiollaiḋe;  agus ṫug ionsuiḋe aṫġarḃ ar a gcuraḋaiḃ d’a
n-éirleaċ agus d’a n-aṫċumaḋ gur ṫuit giolla agus leaṫ
ġiollaḋa ḃfear nÉireann leis i ḃfiaḋnaise Laeġ mic
Rianġaḃra.
  Ṫáinig as san fó ḟearaiḃ Éireann go raċtṁar ruaṫar-
ḃorb, agus níor ġaiḃ curaḋ ná cuṁdaċ leis ionnus gur ġaiḃ
d’a dtraoċaḋ agus d’a dtreascairt d’a ḋeis agus d’a ċlé
go ndearnaiḋ cumasc tríoṫa agus ṫarsta gur ċuir i n-aon
ṁaiḋm suiḃail agus seaċráin iad ċum sír-ṫeiċṫe.  Agus
gaḃas rómpa agus i n-a ndiaiḋ agus do gaċ taoiḃ díoḃ d’a
leadraḋ agus d’a luaṫ-ṁarḃaḋ gur ṫuit fear agus leaṫ
a ċneaḋ agus a ċréaċt féin.  Agus fós ní raiḃ aon duine
de’n leaṫ eile gan easba coise no láiṁe, no leaṫ-ṡúil no
bioṫ-ainiṁ éigin eile air go críċ a ḃeaṫa.
  Mar do ċonnairc Meaḋḃ Ċruaċna na hára is na heasbaḋa
is na héaċta aḋḃal-ṁóra san ag Coin Ċulainn d’a ndéanaṁ
ar ḟearaiḃ Éireann d’ḟiafruiġe de ġuṫ árd-ṁór aiḋḃseaċ cá
raiḃ Luġaiḋ mac Conroi?
  “Atáin annso,” ar Luġaiḋ.
  “Do ġeallais dom,” ar sí, “go dtuitfeaḋ Cú Ċulainn
do’n tsleiġ niṁe do rineaḋ le Ḃulcan gaḃa ifrinn duit.”
  “Má do ġeallas,’ ar Luġaiḋ, “is cóir a ċoṁall duit
má’s féidir é.”
  Air sin, d’eiriġ Luġaiḋ go laoċda leoṁanda do’n láṫair
sin le gríosaċt Meiḋḃe, agus do ġaiḃ an ċraoiseaċ ċró-
ḟairsing ċrann-reaṁar ċaṫaċ is ṫug urċar fír-neartṁar
go colgaċ coiṁdíreaċ do’n ċaiṫṁíliḋ go dtárla don ġae
ḋoilḃṫe ḋraoiḋeaċta soin go ndeaċaid go n-a seiṁeaḋaiḃ
’san Duḃḟaoilean agus ṫug ainiċréaċt eile ar Ċoin Ċulainn
go rug an tsleaġ a hurlann tríd do’n ċor soin.  Aċt do
ṫarraing sé an tsleaġ as féin agus do scuir sé an Duḃ-

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 85

ḟoilean agus do ċuir an carbad ar an Léiṫ Maċa agus an
tsleaġ eile tríṫe agus í ar fuaid an ċaṫa.
  Do ling Cú Ċulainn as an gcarbad agus do ċuaiḋ fó ḟearaiḃ
Éireann agus do ḋian-scaoileadar uile roiṁe.  Do ġaḃdar
soir is siar, ba ḋeas agus ba ṫuaiḋ, agus níor leoṁadar ḃeiṫ
i ḃfoigse buille an urċair dó.  Do ḃí a ionaṫair le n-a
ċosaiḃ, agus do ṫúirling brain-ḟiaċ béal-uaṫṁar borb-
ġlóraċ ar na hinneaḋaiḃ go dtárla cam-lúb d’a ċaolánaiḃ fá
ċosaiḃ an ḟiaiġ, agus do ṁuiḋ a ġean ġáire ar Ċoin Ċulainn
ar n-aiṫne ḋó gurab é a ġáire ḋiaḋnaċ é.  Ṫángadar neoil
an éaga d’ionsuiḋe Ċon Culainn agu do ġluais roiṁe d’ion-
suiḋe loċ-ṫobair a ḃí i gcoṁḟogus dó, agus gaḃas d’a
niġe agus d’a ṫanaċaḋ féin gurab air sin adeirtear Loċán
an Tanaċṫa leis ó ṡoin i leiṫ.
  An uair ċonnairc Laeġ mac Rianġaḃra an ṁaġ d’a foll-
ṁuġaḋ agus an sluaġ d’a ṡeaċnaḋ agus Cú Ċulainn d’a
ḟoṫragaḋ féin is ag leigean uisce tré n-a ċréaċtaiḃ ṫáinig
d’a ionsuiḋe;  agus mar ċonnairc Cú Ċullain ċuige é gaḃas
lúṫġáir ṁór é agus do ġaiḃ ag córuġaḋ is ag ceangal a
ċréaċt go raḃdar ag teilgean fola fír-ḋeirge ḋíoḃ ionnus
go raiḃ an loċ-ṫobar linn-uaine i n-a fuil ċróiḋeirg.  Ní
fada do ḃí aṁlaiḋ sin go dtáinig an doḃarċú ag ól na fola,
agus mar do ċonnairc an ċuraḋ ċalma crú a ḋoirp d’a hól
ag an gcoin gaḃas cloċ ċuige agus ṫug urċar ar amas na
con gur ṁairḃ í.
  “Beir buaḋ agus beannaċt, a Ċú Ċulainn,” ar Laeġ mac
Rianġaḃra.  “Ní ṫugais urċar mearḃaill, agus ní ṫáinig
do ṡaoġal fós, agus dioġail tú féin ar ḟearaiḃ Éireann.”
  “Is truaġ san a Laeġ,” ar Cú Ċulainn.  “Ní ṁuirḃ-
fiḋear duine ná ainṁiḋe liom-sa go bráṫ d’a héis siúd, óir
ba ċú mo ċéad-éaċt agus is cú m’éaċt diaḋnaċ.”  Agus
aduḃairt:  “Beir leat mé, a Laeġ ionṁain, d’ionsuiḋe na
carraige cloiċe úd ṫall os do ċoṁair gurab ann do ġeoḃad
bás;  agus deisiġ m’arm orm, agus an ḟaid do ċífiḋ fir
Éireann mé mar soin ní leigfiḋ eagla ḋóiḃ teaċt im’ġoire
ċum mé do ḋíġċeannaḋ go mbeiriḋ Conall Cearnaċ orṫa
faoi sin.”
  Air sin do ġluaiseadar rómpa, agus níor leoṁuiġ Laeġ
buain leis ná dul i gcaḃair dó.  Iar roċtain dóiḃ gus an
ċarraig do leig a uċt uirhte, agus do ḃuail láṁ ar a ċroiḋe,

----------------------

86	RUḊRAIĠEAĊT

agus do ġaiḃ d’a ṁeas cionnus do ḃí sé, agus aduḃairt:
“Is truaġ san, a Laeġ.  Do ḃeirim fám’ ḃréiṫir naċ feadar
riaṁ gus indiu naċ croiḋe cloiċe no cnáṁa no iarainn do ḃí
ionam;  agus, dá mbeaḋ a ḟios agam gur croiḋe fola no
feóla do ḃí ionam, ní ḋéanfainn leaṫ a ndearna de ġaisce
riaṁ.”
  Annsoin do ċóiriġ Laeġ é i n-a ṡeasaṁ leis an gcarraiġ
agus a aġaiḋ ar ḟearaiḃ Éireann, agus do ċuir a sciaṫ i n-a
ḋorn ḋaingean ḋílis ḋeaġ-ṫapaiḋ ċlí agus a ċlaiḋeaṁ i
n-a ḋeasláiṁ ċuaraḋta ċleas-lúṫṁair ḋoileónta ba ḃoirb-
neartṁar riaṁ gus an lá soin.  Do scar a anam le n-a ċorp
annsoin agus a ḋrom leis an gcarraig agus a láṁ i láiṁ
Laeġ ṁic Rianġaḃra;  agus do ṫuit ceann gaile agus gaisce,
oiniġ agus eagnaṁa, cosanta agus cróḋaċta na hÉireann an
uair sin .i. Cú Ċulainn mac Suḃaltaiġ.
  Ṫáinig Laeġ mac Rianġaḃra annsoin go tuirseac doḃrónaċ
ó’n gcarraig, agus do ċonnairc an Duḃḟaoilean ag eirġe as a
néall, agus téid d’a hionsuiḋe, agus do ḃuain an tsleaġ
niṁe aisti, agus do ḃíodar deóra donn-ḟola le n-a gruaḋaiḃ.
Do ċuaiḋ Laeġ uirṫe, agus ṫáinig ar an árṁaiġ go cuṁaċ
cian-tuirseaċ tar éis a ṫiġearna do ṫuitim, agus ṫáinig ṫar
Sliaḃ Fuaid d’ionsuiḋe na hEaṁna.
  Dála ḃfear nÉireann, do ḃíodar go ceann trí lá agus
trí n-oiḋċe ag faire Ċon Culainn agus níor leig eagla ḋóiḃ
dul i n-a ġoire ris an ré sin.  Ḃí Cú Ċulainn marḃ na trí lá
agus na trí hoiḋċe sin;  agus ḃí an Liaṫ Maċa ar fiar-
laoide na Maiġe i n-a timċeall go hanḟosaiġ ag iṫe is ag sír-
ṡiuḃal, aċt ní leoṁfaḋ duine ná ainṁiḋe dul i n-a goire aċt
í ag fiaiḋ-screadaiġ ar fuaid an áir.
  Aduḃradar, fir Éireann, gur cealg do ḃí ag Coin Ċulainn
d’a imirt ċum breiṫ orṫa de ṡliġe éigin, agus gur d’aon
toisc do ḃniḋ sé anṁain annsúd “d’a ḃféaċain an dtioc-
faimís i ngoireaċt buille no urċair dó,” ar siad.
  “Ca ḃfuil Baḋb inġean Ċailitinn?” ar Meaḋḃ.
  “Atáim annso,” ar baḋb.
  “Éiriġ go héascaiḋ,” ar Meaḋḃ, “agus taḃair ċuġam
scéala an beó no an marḃ é Cu Ċulainn.”
  “Raċad féin annsoin,” ar sí, “gibé bás do ḃéaras mé
d’a ċionn, agus is é rioċt a raċad ann,” ar sí, “i rioċt
eoin ar eiteallaḋ ’san aer;  agus má tá beó muirḃfiḋ mise

----------------------

BRISLEAĊ ṀÓR ṀAIĠE ṀUIRṪEIṀNE 87

do’n ċéad-urċar uaiḋ, agus, má’s marḃ atá, tiocfad i ngar
dó, agus mar ċífiḋ siḃ mo ċoṁarṫa tigiḋ ḋom’ ionsuiḋe.”
  Iarsoin do ġluaiṡ an baḋb roimpe i rioċt fionnóige go
ndeaċaiḋ i ḃfad ós cionn Ċon Culainn i ḃfraiġṫeaċaiḃ na
firmiminte fíor-áirde, agus do ḃí ag druidim anuas i
ndiaiḋ ċéile go dtáinig i ngar dó agus gur leig trí scréaċa
ós a ċionn, agus do ṫúirling ar a scéiṫ.  Mar do ċonnarc-
adar, fir Éireann, san d’ionsuiġeadar féin é, agus is aṁlaiḋ
do ḃí Cú Ċulainn agus a ċlaiḋeaṁ noċtṫa i n-a láiṁ ḋeis aige.
Agus do ḃí de curantas ’san láiṁ sin ná féadfaḋ fir Éireann
an claiḋeaṁ do ḃuaint aisti agus é marḃ, ná a ḋorn d’oscailt.
  “Gearrtar lúṫaċ na láiṁe aige,” ar Luġaiḋ mac Conroi,
“agus tuitfiḋ an claiḋeaṁ aisti.”  Do gearraḋ lúṫaċ na
laoċ-láiṁe annsoin, agus do ṫuit an claiḋeaṁ coṁtrasna
uaiḋ;  agus na trí fiċid mac rioġ a ḃí láiṫreaċ ċum na
láṁa do ġearraḋ de Ċoin Ċulainn do scar an claiḋeaṁ a
dtrí fiċid láṁ léo;  agus is iad soin na héaċta diaḋnaċa do
rin Cú Ċulainn.
  “Diṫċeanntar Cú Ċulainn liḃ,” ar Meaḋḃ.  D’ḟiafruiġ-
eadar, fir Éireann, cia d’ar ċóir a ḋiṫċeannuġaḋ.  “A
Luġaiḋ,” ar Meaḋḃ, “is leat-sa Cú Ċulainn do ḋiṫċeann-
uġaḋ, óir is é do ṁairḃ t’aṫair.”
  D’eiriġ Luġaiḋ iarsoin, agus do  ḋiṫċeannaiġ sé Cú Ċulainn
agus iar n-a ḋiṫċeannuġaḋ ḋó, leigeadar trí gárṫa móra
ag coṁmaoiḋeaṁ a gcoscair.  Annsoin d’eirġeadar, daṫa
áilne iongantaċa, do ċeann Ċon CUlainn, agus ṫáinig niaṁ
ró ḋeallraṫaċ i ngruaḋ leis ionnus gur ċoiṁḋearg le gréin
ṫar fáin-ġleanntaiḃ í agus gur ċoiṁġeal le sneaċta aḋḟuar
aon-oiḋċe an dara gruaḋ de.
  Do rineadar, fir Éireann, coṁairle annsoin d’a ḟéaċain
cá ċóige i nÉireann a mbéarṫaiḋe an ceann soin Ċon Culainn,
agus aduḃradar ó’s le Meiḋḃ do rineaḋ an sluaġaḋ gurab í
dliġios an ceann do ḃreiṫ léi go Cruaċain.
  “Ní ḃéar-sa liom é,” ar Meaḋḃ, “aċt beireaḋ Earc
mac Cairbre leis é, óir is é imleacán oireaċtais Éireann
Teaṁair.”  Do rug Earc an ceann leis go Teaṁair.
  Annsoin d’imṫiġeadar, fir Éireann, d’a gcóigeaḋaiḃ is
d’a gcoṁrannaiḃ féin, agus d’órduiġeadar a gcaiṫṁíleaḋa
d’ḟágáil d’a n-éis ar eagla Ċonaill Ċearnaiġ do ḃreiṫ orṫa. 

----------------------

88	RUḊRAIĠEAĊT

  Dála Éiṁre, bean Ċon Culainn, do ḃí sí ar ṗortaiḃ is ar
árdaiḃ is ar ṁúraiḃ an ġrianáin ag féaċain ar an maiġ
uaiṫe agus ag éisteaċt le gaċ scéal d’a mbeireaḋ uirṫe.
Níor ċian di lá mar soin ag féaċain i n-a timċeall an tan
ċonnairc sí an t-aon ṁarcaċ ṫar maiġ ne hEaṁna d’a hion-
suiḋe agus é ag teaċt go lag anḃfainneaċ ainéascaiḋ, agus
do ġaiḃ criṫeagla ṁór í d’a ḟeicsin, óir d’aiṫin gurab é
Laeġ mac Rianġaḃra do ḃí ann.
  “Is fíor soin,” ar Éiṁear, “is é seo Laeġ mac Rianġaḃra
agus an Duḃḟaoilean d’ár n-ionsuiḋe iar ḃfágáil Ċon Culainn
agus na Léiṫe Maċa marḃ ar Ṁaiġ Muirṫeiṁne fá linntiḃ
fola agus fá ċaobaiḃ cró, agus is doiliġ díoġḃálaċ liom naċ
iad Cú Ċulainn agus an Liaṫ Maċa ṫáinig dom’ ionsuiḋe,”
ar sí.  “Óir is iomḋa lá ṫángadar go meanmnaċ mórḋálaċ
’san tsliġe úd d’ionsuiḋe na hEaṁna.”
  Ar ḟeicsin Laeġ do luċt an dúna ṫángadar, bantraċt
agus fileaḋa agus fíor-ollaṁain na hEaṁna, amaċ i n-a
ċoinne agus d’ḟiafruiġeadar scéala ḋe.  D’innis Laeġ a
scéal dóiḃ ó ṫúis go deireaḋ.  Iar gclos na scéal soin do
ċáċ do ṫógadar gárṫa móra troma taiḋḃseaċa agus gola
árda uaṫḃásaċa éagcaoineaċa fíor-ṫruaiġe ag mnáiḃ, ag
Laeġ rómpa go Dún Dealgan agus fuaireadar an dún iar
n-aloscaḋ rómpa, agus do ġluais Éiṁear is a bantraċt mar a
raiḃ corp Ċon Culainn agus do leagadar pobuill áluinn
ioldaṫaċ ós cionn a ċoirp agus do ṡuiḋeadar, an ḃantraċt,
i n-a ṫimċeall agus do ġaḃdar ar ḋéanaṁ doiġis is doḃróin
ós a ċionn.
  Is annsoin ṫáinig Leaḃarċom d’ionsuiḋe Éiṁre, agus
aduḃairt Éiṁear léi dul ar lorg Ċonaill Ċearnuiġ ar fuaid an
doṁain ṁóir;  “agus innis dó,” ar sí, “Cú Ċulainn do
ḃeiṫ marḃ.”  Do ġluais Leaḃċom roimpe go ráinig go
hinḃear mór i gríċ Cuailgne, agus do ċonnairc aon long ag
gaḃáil cuain ann.  Ṫug baraṁail guraḃ í an Eangaċ do ḃí
ann .i. long Ċonaill Ċearnaiġ, agus téid d’a hionsuiḋe.
Ṫáinig Conall Cearnaċ as an loing, agus cuirios fáilte roiṁ
Leaḃarċoim, agus cuirios Leaḃarċom fáilte roiṁ Ċonall
Cearnaċ agus d’innis dó scéal Ċon Culainn mar do marḃaḋ
é le fearaiḃ Éireann.

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 89

  “Uċ! Uċ!” ar Conall, “is goirt doiliġ liom-sa an scéal
soin;  do gonaḋ mo ċroiḋe im’ ċliaḃ leis,” agus aduḃairt:

	Goirt roṁ-ġaoṫ géar rom-ġonaḋ
	  Ár n-olc áḋḃail;
	Cú ċaoṁ Ċulainn díon óg Ulaḋ
	  Ní liom-sa naċ goirt



			V

	DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ

	ar ḟearaiḃ éireann ag báis ċon ċulainn orṫa

  Dála Ċonaill Ċearnaiġ mic Aiṁeirġin mic Ċaistrillsiġ
mic Ċais mic Ḟaċtna mic Ċapa mic Ġionga mic Ruaiḋrí
Ṁóir ó ráiḋtear Clanna Ruḋraiġe de ṡlioċt Ír ṁóir mic
Ṁileaḋ.  Ar dteaċt ó’n eaċtra ḋó agus mar fuair scéala
marḃṫa Con Ċulainn ó Leaḃarċoim, is ró-ḋoilġeasaċ do ġaiḃ
an scéal soin ċuige;  agus níor ḃ’iongnaḋ soin, óir ba hiad
dís inġean Ċaṫḃaid draoi .i. Deiċne agus Fionnċaoṁ ba
ṁáiṫre do Ċoin Ċulainn agus do Ċonall Cearnaċ.
  “Gaḃtar mo ċarbad agus m’eiċ,” ar Conall, “go
ndeaċad d’ḟios cá líon d’ḟearaiḃ Éireann do ḃí ag marḃaḋ
mo ḋalta agus mo ċaoin-ḃráṫar ar Ṁaiġ Muirṫeiṁne.”
  Do gaḃaḋ na heiċ agus do hinnleaḋ an carbad agus do
b’iad ainmneaċa na n-eaċ soin .i. an Deargḋrúċtaċ agus an
Caoinċeann Coṁḟada.  Lingeas Conall Cearnaċ i n-a ċarbad,
agus ṫáinig roiṁe go réim-ḋíreaċ, agus do ġaiḃ laige agus
anḃfainne é.  Ċuaiḋ ḋá dtrian a neirt agus a ġaisce uaiḋ,
agus do ġaiḃ fearg ainṁear é go dtug buille de’n ṫslait
eaċraḋ a ḃí i n-a láiṁ do’n Ċaoinċeann Ċoṁḟada gur torċraḋ
leis í ar an láṫair sin.  D’eiriġ Conall go haṫlaṁaċ a
haiṫle an eascair, agus do ḋíriġ an carbad ar an nDearg-
ḋrúċtaiġ, agus do ling féin uirṫe go deifreaċ.  Do b’é
sin an treas fear do rin marcaiġeact aen-eiċ ar dtúis i
nÉirinn .i. Luġ Láṁḟada i gCaṫ Maiġe Tuireaḋ, Cú Ċulainn i
Maiġ Muirṫeiṁne agus Conall Cearnaċ ar an nDearg-
ḋrúċtaiġ.

----------------------

90	RUḊRAIĠEAĊT

  Ṫáinig Conall roiṁe go Maċaire na hEaṁna agus go
hAṫ na Foraire ar Ṡliaḃ Fuaid agus go Maiġ Muirṫeiṁne,
agus, iar roċtain na Maiġe sin dó, do ċonnairc na colla
ciorrḃaiḋṫe cróiḋearga gurab líonta an ṁaġ uile ḋíoḃ idir
eaċ is giolla roiġ is ró-ḋuine, agus do ġaiḃ ag cuar-
duġaḋ na maiġe go nduḃairt:  “Is mór d’ḟearaiḃ Éireann
do ṫuit lem’ ḋalta, agus do-ċím céad iomaire agus céad
marḃ ar gaċ iomaire ḋioḃ agus naċ féidir a n-áireaṁ ó ṡoin
amaċ.”  Agus do ċuarduiġ timċeall na maiġe, agsu ṫárla
an Liaṫ Maċa ḋó, an tsleaġ niṁe tríṫe, tonnġal fola fá n-a
taoḃaiḃ agus carra cuinge a carbaid fá n-a leiṫ ċlí.  “Do
b’annaṁ leat-sa san , a Liaṫ Ṁaċa,” ar Conall, “agus fan
liom-sa,” ar sé, “óir is mise do ṫiġearna díongḃálta tar
éis Ċon Culainn.  Agus gaiḃ do ċarbad go neaċaimís do
ḋíoġailt Ċon Culainn ar ḟearaiḃ Éireann.”
  Iarsoin do ḋruid Conall i gcoṁḟogus do’n Léiṫ Ṁaċa,
aċt ní ṫug sí taoḃ leis;  agus do ċuaiḋ sí i measc an árṁaiġe
agus innsid eólaiġ nár ḟág sí claiḋe ná ceann cluana i
nUltaiḃ gan iarraiḋ go dtáinig go Linn an Eiċ is gur ling
inte gur báṫaḋ í.  Agus ṫáinig Conall go corp Ċon Culainn,
agus do gaiḃ an corp i n-a uċt ċuige, agus do ġaiḃ ag déanaṁ
doilġis ṁóir, go nduḃairt an laoi:

	Cú Ċulainn ba haṁra an ġein,
	  Calma eisean ó aois ḃig
	Gur ṫuit le Luġaiḋ na nÁġ:
	  Laoċ ba fearr ná ’n triaṫ ní ṫig.

	Do-ḃéarsa Luġaiḋ gan ċeann,
	  Atá dream d’a ḃfuil a ḋíṫ
	No go scaoiltear a ċorp go n-áġ
	  Noċa ndiongan go bráṫ síṫ.

	Doiliġ liom a ḋul ’san gcaṫ
	  Gan Conall i ngar d’a ṡlios;
	Baoṫ do’n deaġ-ṁaċ dul ’san dtreas
	  Go mbeaḋ mo ċneas maraon ris.

	Is é do ba ḋalta ḋom
	  Íḃid brain diġ as ċrú
	Ní ḋiongan gáire ná gean
	  Ó ċuaiḋ ṫar ceal mo Ċú.

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 91

  “Adlacṫar Cú Ċulainn liḃ feasta,” ar Éiṁear.
  “Ní déantar,” ar Conall, “no go ndioġlad-sa ar ḟearaiḃ
Éireann é agus no go dtig a ċeann d’ionsuiḋe a ċolna;
óir ní ḃfuil cóige i nÉireann i n-a ndeaċaiḋ an ceann naċ ba
héigean a ḟaġáil doṁ-sa.  Agus is mór na gárṫa so a ċluinim
timċeall Eaṁna agus Maiġe Muirṫeiṁne, agus is lán cóige
Ulaḋ de ġol agus d’éagcaoine d’eis Ċon Culainn.  Á! ba
ṁaiṫ an fear coimeádta críoċ an fear atá i n-a ċorp ċíorṫa
agus i n-a ċaob ċró im’ ḟiaḋnaise;  agus rugadar, na trom-
ġárṫa so, mo ċiall agus mo ċuiṁne uaim, agus is maiṫ do
ḋliġid Luġaiḋ mac Conroi do ḃeiṫ ag ciorrḃaḋ Ċon Culainn,
óir is é Cú Ċulainn do ṁairḃ maiṫe Clainn Deaġa timċeall
Ċonroi ar Ṡliaḃ Mis i Muṁain.  Agus is dursan liom-sa
gan Cú Ċulainn ag freagairt na n-Éiġeaṁ so agus a eiċ agus
a airide mar aon leis.”
  Air sin do ġluais Conall roiṁe d’ionsuiḋe longṗuirt fear
nÉireann go hÁṫ Maoilinn ris a ráiḋtear Áṫ Ḟeirdia agus go
Gleann Mór ris a ráiḋtear Gleann mBulcain;  agus ṫug
súil seaċa, agus do ċonnairc an deataċ mór do leaṫtaoiḃ
an ċonaire.  “Is fíor soin,” ar Conall, “is drong éigin
d’ḟearaiḃ Éireann atá annsúd agus cuid de ḃuaiḃ Ulaḋ aca
ann.”
  Do ṫáinig d’ionsuiḋe an deataiġ, agus is é do ḃí ann .i.
Connla mac Crioṁṫainn agu déanaṁ farṫa ó Luġaiḋ.  Riṫeas
Connla le scéala ċum Luġaiḋ, agus d’innis dó aon ṁarcaċ
do ḃeiṫ ar an maiġ d’a ionsuiḋe.  Óir is aṁlaiḋ do ḃí
Luġaiḋ ar n-a anṁain tar éis fear nÉireann d’ḟorċoimeád
dóiḃ ar eagla go dtiocfaḋ Conall Cearnaċ a gan ḟios orṫa
agus creaċa agus braiġde agus éadála aca d’a mbreiṫ as an
gcóige amaċ.
  “Do ċím-se,” ar Connla, “aon ṁarcaċ d’ḃur n-ionsuiḋe
agus aon eaċ mór deaerg faoi, agus ní ḟaca riaṁ aon ṁarcaċ
is fearr do ṫimċeallas an ṁaġ ’ná é.”
  “Óir is é rioġlaoċ Éireann .i. Conall Cearnaċ mac Aiṁeirġin
atá ann;  agus is mairg ċum a dtig an fear soin fá ḟeirg,
óir ní ḋeaċaiḋ a ḃioḋḃaḋ slán riaṁ ar muir ná ar tír.  Agus
ciḋ ba ċara ḋúinne é is eascara ḋúinn anois é, agus aduḃairt
an laoi:

----------------------

92	RUḊRAIĠEAĊT

	Aon ṁarcaċ ar an maiġ,
	A Laeġ laoċda loinnṁir,
	  Ní ceal ar ċuraḋ na gclann,
	  Adeirim gurb é Conall.

	Má’s é Conall atá ann,
	Calma curaḋta coiṁteann,
	  Do-ċiḋ ár gcara ar an maiġ
	  Ní cáirdeaṁail giḋeaḋ cara.

	Ṫáinig Conall roiṁe iar soin
	Gus an áit a raiḃ Luġaiḋ,
	  Fir an doṁain roiṁe amaċ
	  Níor ḃa céim leis a gcoṁrac.

	Sloinn do ċaradas, doiliġ liom,
	Is ní heagal duit, ar Conall;
	  Muna raiḃais ar an maiġ
	  Ag marḃaḋ mic Suḃaltaiġ.

	Briaṫar baoise duit-se sin,
	A Ċonaill ṁic Aiṁeirġin;
	  Is mé do ḃain a ċeann de,
	  De Ċoin Ċulainn Ṁuirṫeiṁne
	
	Má’s tú do ḃain a ċeann de,	
	De Ċoin Ċulainn Ṁuirṫeiṁne,
	  Fúigfir do ċeann ar an maiġ
	  I ndioġailt ṁic Ṡuḃaltaiġ.

	Cáirde coṁlainn ḋom, a ḟir,
	A Ċonaill ṁic Aiṁeirġin;
	  Go dtigiḋ mo ċaṫa rem’ ċois
	  Ós an ṁaiġ Airgeadrois.

	Do-ḃéarsa soin, a ḟir,
	A Luġaiḋ laoċḋa loinnṁir,
	  Aċt go ḃfaġad do ḃriaṫar ann
	  Naċ séantar leat mo ċoṁlann.

	Do ḃeirim fóm’ ḃréiṫir díḃ
	Fá mo scéiṫ is fá mo ċlaiḋeaṁ
	  Aċt go dtagaiḋ mo ṡluaġ amaċ
	  Ná héimeoċad aon ṁaɼcaċ.

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 93

  Is annsoin do nasc Conall ar Luġaiḋ mar do roiċfeaḋ
i measc a ṁuinntire féin naċ teiċfeaḋ uaiḋ agus go mbeaḋ
ar Ṁaiġ Airgeadrois ag feiṫeaṁ leis.  Ṫáinig Conall roiṁe
iarsoin i n-a ċaṫ-ruaṫar confaḋ go haonġlaise ḃreaġ agus
níor ċian dó ann an tan do ċonnairc trí ċaogaid curaḋ
armṫa éidiġṫe d’a ionsuiḋe.  D’ḟéaċ Conall orṫa, agus
d’ḟiafruiġ díoḃ cia’r ḃ’iad féin.
  “Máine mór Éiḃeart,” ar fear díoḃ .i. mac mór-ġráḋaċ
Meiḋḃe Cruaċna agus Oilealla, agus aḋḃar árd-rioġ Ċonnaċt.
  “Is róṁaiṫ liom a ḃfaġáil i ḃfoċair a ċéile,” ar Conall,
“má do ḃíodar ag marḃaḋ Con Ċulainn.”
  “Is deiṁin gur ġoin mise é,” ar Máine.
  “Goinfear tusa i n-a áit,” ar Conall.
  Iarsoin d’ionsuiḋ Conall é go heasmuinntearḋa ainṁín,
agus ṫugadar uile tulgáin d’a sleaġaiḃ sioṫ-ḟada sáir-
niṁneaċa i n-éinḟeaċt ar Ċonall, agus congḃaiḋ Conall
cupaḋ a scéiṫe le sna craoiseaċaiḃ gur ḃris agus gur ṁionuiġ
a n-airm uile, agus do ċuaiḋ go fearḋa fír-niaḋta fá na
curaḋaiḃ, agus do ṫoṁais go tolgaċ tréan-láidir a ṫréan-
ḃuilleaḋa ṫar taoḃaiḃ tréin-ṁileaḋ agus ṫar corpaiḃ curaḋ
gur ḃa ciorrḃaiṫe coṁrannta cnáiṁ-réabṫa agus gur ḃa
millte marḃṫa maiṫe muinntire Máine do’n ṁór-ċumasc
soin.  Agus ṫáinig Conall roiṁe mar a raiḃ Máine féin ’san
imreasán, agus ṫug buille corp-ġearrṫa cnáiṁ-leadarṫa ḋó
gur ġearr idir arm, earra agus éide é d’aon ḃuille, agus ní
ḋeaċaiḋ aenneaċ as d’a ṁuinntir gan marḃaḋ ar an láṫair
sin le Conall.  Annsoin ċuaiḋ Conall fá’n ḃfioḋḃaiḋ coille
ba ċoiṁneasa dó, agus do ḃain crann a talaṁ agus do ṡníṁ
é, agus do ċuir snaiḋm ar a ḃun agus do ċuir ceann Máine
ar an ngaḋ.
  “Is maiṫ liom an ceann soin do ḃeiṫ agam,’ ar Conall,
“óir do ḃeirim mo ḃriaṫar ná fillfead ar an mbaile go
bráṫ go mbeiriḋ mé lan an ġaid seo de ċeannaiḃ taoiseaċ
agus tréin-ḟear Éireann loim, agus gur tosaċ díṫe d’ḟearaiḃ
Éireann mo ṫeaċt ṫar muir do’n turas so.  Óir ní ḃfuil dún
ná deaġ-árus i nÉireann ná beiḋ goil agus gárṫa ionta óm’
ċumasc-sa i ndioġailt mo ḋalta orṫa, giḋeaḋ ní maiṫ liom
mar is i gConnaċtaiḃ do rineas mo ċéad dioġailt agus mo
ċéad deargaḋ láiṁe.  Agus beiḋ Sruṫ Máine d’ainm ar an
sruṫ so ó so suas mar do ṫuit Máine mac Oilealla ann.”

----------------------

94	RUḊRAIĠEAĊT

  Téid Conall roiṁe iarsoin go Teaṁair na Rioġ, agus do
ḃí óglaċ de Ultaċaiḃ i dTeaṁair an tan soin i ḃfoċair rioġ
Teaṁraċ.  Ceann Bioraiḋe ainm an óglaiġ, agus is aṁlaiḋ
do ḃí Earc mac Cairbre i ndaiḃiġ foṫruigṫe ann.
  “Is maiṫ liom,” ar Earc, “mar atáid Ultaiġ anoċt
agus gan fear dioġalta fola ná cosnaiṁ críċe aca tar éis
Con Ċulainn.”
  Eirġeas taom báiḋte i gCeann Bioraiḋe iar n-a ċlos soin
dó, agus aduḃairt:  “An ḟaid is ṁairfiḋ Conall Cearnaċ
agus Conċuḃar rí Ulaḋ go n-a gclann agus rioġra Ulaḋ ar
ċeana gurab éagcóir dó-san ráḋ ná beaḋ fear dioġalta
fola beó de Ultaċaiḃ tar éis Con Ċulainn do ṁarḃaḋ.”
  Iar gclos coṁráiḋ sin Binn Ċioraiḋe d’Earc mac Cairbre,
do ġlac cloċ ċuige, agus ṫug urċar d’ionsuiḋe Cinn Bioraiḋe.
Cromas Ceann Bioraiḋe a ċeann roiṁ an gcloiċ agus do
leig seaċa í go ndeaċaiḋ tré ṫaoiḃ na ḃruiġne amaċ.  Do
ġluais Ceann Bioraiḋe roiṁe iarsoin, agus is í sliġe i n-ar
ġaiḃ sé ’san ḃealaċ céadna a raiḃ Conall Cearnaċ ag teaċt
d’ionsuiḋe na Teaṁraċ, agus fáiltiġios a ċroiḋe d’a ḟeicsin,
óir d’aiṫin sé guraḃ é an rioġlaoċ Conall a ḃí ann, agus
aiṫniġios Conall eisean go nduḃairt:  “Scéala leat, a
Ċeinn Ḃioraiḋe, no cia atá i dTeaṁraiġ?”
  “Atá Earc Mac Cairbre,” ar Ceann Bioraiḋe, “agus é
ar n-a ḟoṫragaḋ i ndaḃaiċ ḟoṫruiġṫe, agus ṫug a ḃriaṫar ná
raiḃ fear dioġaltaa fola de Ultaiḃ beó tar éis Ċon Culainn.”
  “Ní fíor dó san,“ ar Conall.  “Atáim-se beó fós, agus
is fear dioġalta fola agus gréise mé.”  Agus d’innis Ceann
Bioraiḋe a imreasán le hEarc do Ċonall, agus do b’é sin
an gearán le caraid.  Agus fillios Ceann Bioraiḋe le
Conall go Teaṁair, agus do ġaiḃ ċuige ó Ċonall an gad air a
raiḃ ceann Ṁáine ṁic Oilealla agus aduḃairt:  “Bíoḋ buain
na gceann anuas ort-sa, a Ċonaill, agus a n-iomċur orm-sa.”
  Iarsoin do ċonnarcadar iomáin d’a ullṁuġaḋ ar ḟaiṫċe
na Teaṁraċ.  Do ċuadar d’a ionsuiḋe, agus is iad do ḃí ann
ḋá ṫaoiseaċ le hEaɼc mac Cairbre .i. Maol agus Maḋm;
agus is í ba liaṫróid aca i n-a coṁair ceann Ċon Culann le n-a
ḃualaḋ eadarṫa.
  “Créad so agaiḃ?” ar Conall.
  “Ort do ċol duais,” ar siad;  “nár ċuala tú Cú Ċulainn
do ṁarḃaḋ d’ḟearaiḃ Éireann ar Ṁaiġ Ṁuirṫeiṁne?”

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 95

  “Do ċuala, go deiṁin,” ar sé.
  “Má ċuala tú,” ar siad, “is é seo a ċeann mar liaṫróid
againne.”
  “Uċ, uċ!  is olc liom an ceann soin do ḃeiṫ agaiḃ mar
soin;  agus tiocfaiḋ na cinn sin oraiḃ féin díḃ tré ḃur
n-iomáin ar an gceann soin.”
  Iarsoin d’ionsuiḋ Conall iad go hainṁín éagcáirdeaṁail,
agus ṫug sáṫ sotal-ḃorb de’n ċúlglais ċeinn-ġearrṫa i gcorp
gaċa caiṫṁíleaḋ ḋíoḃ gur ḃa ċréaċtṁar ċoṁḟurtaċ ó na
trom-ġonaiḃ sin iad gur ḋiṫċeannuiġ Conall iad go deiṫ-
ḃreaċ ar an láṫair sin.  Do ċuir an dá ċeann ar an ngad i
ndioġailt a n-iomána ar ċeann Ċon Culainn, agus aduḃairt:
“Ní liom-sa is cóir ceann mo ċarad agus mo ċoṁḋalta do
ċoṁmaoiḋeaṁ, dar liom-sa,” agus aduḃairt an laoi:
	Ceann Ċon Culainn i dTeaṁraiġ
	Ṫug Ulaḋ fá ḋoiṁeanmain;
	  Tuirseaċ mise d’éis an ḟir,
	  Olc liom a éag ’s a aḋlacaḋ.
  As a haiṫle sin, aduḃairt Conall le Ceann Bioraiḋe:
“Imṫiġ,” ar sé, “agus beir ceann Ċon Culainn leat mar a
ḃfuil a ċorp agus Éiṁear ar Ṁaiġ Ṁuirṫeiṁne.”
  “Ní ḋéanfad,” ar Ceann Bioraiḋe, “óir bíoḋ naċ
marḃóċainn aċt fear ’san ló d’ḟearaiḃ Éireann, ní ḟágfad
tusa dá marḃṫá céad gaċ lá agus céad gaċ oiḋċe.”
  “Is fearr liom-sa a ċeann do ḃreiṫ ċum a ċolna ’ná san
uile,” ar Conall.
  D’eiriġ Ceann Bioraiḋe iarsoin, agus rug an ceann leis go
Dún Dealgan, óir is ann do ḃí Éiṁear agus an corp, agus
ṫug i láiṁ Éiṁre an ceann, agus do ṫáinig féin ṫar ais mar
a raiḃ Conall.  Do ġlac Éiṁear an ceann agus d’ḟáisc le n-a
huċt agus le n-a hurḃruinniḃ é, agus do ġaiḃ d’a ṗógaḋ go
díl agus go diaċraċ agus ag déanaṁ truaiġṁéile ós a ċionn.
Agus do ġaiḃ ag suġaḋ na fola agus ag a hól agus ag suġaḋ
a ḃeoil, agus do ċuir tlaċt saineaṁail sróill uime.
  “Uċ, uċ!” ar sí, “ba ṁaiṫ snuaḋ agus searc an ċinn
seo, gé tá mar seo indiu;  agus is mór de inġeanaiḃ rioġ
agus ró-ḟlaṫ an doṁain do ḃeaḋ dod’ ċaoineaḋ dá ḃfeasaidís
tú ḃeiṫ marḃ gan anam mar soin agus gan iad id’ ḟoċair.
Luċt iarraḋta óir is airgid, ionṁais agus éadála agus iad
aṫċuingeaċ ort ċoṁ maiṫ.  Ó, is truaġ mise ṫar t’éis, óir

----------------------

96	RUḊRAIĠEAĊT

ní raiḃ bean ag fear ná gan fear i nÉirinn ná i nAlbain naċ
raiḃ ag formad liom fád’ ċeann-sa.  Óir dob’ iomḋa seoide
agus maoine, cána agus cíosa do ṫugais dom’ ionsuiḋe le
neart laoċ-láiṁe seo.”  Agus do ġaiḃ a láṁ i n-a láiṁ
agus do ḃí ag taḃairt a teasta agus a tuarasgaḃála féin
uirṫe go nduḃairt:  “Is truaġ soin,” ar sí.  “Is mór de
rioġaiḃ agus de rioġṫaoiseaċaiḃ agus de ṫréin-ḟearaiḃ an
doṁain do cuireaḋ i ndáil ḃáis agus i n-airḋeanaiḃ éaga do
luaṫ-ḃuillíḃ na laoċ-láiṁe seo, agus is mór de éanaiḃ agus
de ainṁiḋṫiḃ allta an doṁain do ṫuit léi.  Is mór de
ṁaoiniḃ agus de ionṁasaiḃ an doṁain do scaoileaḋ leis an
láiṁ seo d’ḟiliḃ agus d’ollaṁnaiḃ agus do luċt iarraḋta an
doṁain go nduḃairt an laoi seo le doiṁeanmain:
	“Uċ! a ċinn, ón, uċ, a ċinn,
	Cé do meascaḋ tú ar an linn,
	  Na soċuiḋe d’a dtugais éag
	Mór gcuraḋ mór gcéad, a ċinn.

	Uċ! a ṡúil, ón, uċ, a ṡúil,
	Do radais doiṁeanma dúinn,
	  Ionann ionad i mbeiḋ ár leaċt
	Ionann feart a ċlaiḋfiḋear dúinn.

	Uċ! a láṁ, ón, uċ, a láṁ,
	Do ḃí tusa seal go sáṁ,
	  Minic do ċuirtiḋe fóm’ ċeann,
	Uċ! do b’ionṁain leam an láṁ.

	Is maiṫ liom, ón, is maiṫ liom,
	A Ċu Ċulainn ċruaiḋ na mbeann,
	  Nár imḋeargas riaṁ do ġnúis
	’S naċ dearna drúis ṫar do ċeann.

	Ionṁain béal, ón, ionṁain béal,
	Ba ḃlasta le hinnsin scéal.
	  Ó d’ḟás gean ar do ġruaḋ
	Níor éarais truaġ ná tréan.

	Ionṁain rí, ón, ionṁain rí,
	Nár éar riaṁ fós neaċ um niḋ,
	  Fiċe laeṫe gus anoċt
	Ó ċoṁraic do ċorp lem’ ċlí.

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 97

	Ionṁain fear, ón, ionṁain fear
	le’r torċraḋ mór-ṡluaġ le seal,
	  Ionṁain folt fíor-órḋa fuar,
	Ionṁain liom a ġruaḋ ġeal.

	Mo ḃaill uile, uċ is uċ,
	Is luaiṫe ’ná crainn le sruṫ;
	  Anois ní ḟoilcim mo ċeann
	’S ní abraim gaċ am aċt Uċ!

  As a haiṫle sin aduḃairt Éiṁear:  “Is fada táṫar d’a
ṫaisbeánaḋ doṁ-sa go dtuitfeaḋ Cú Ċulainn le fearaiḃ
Éireann, agus do tárfas dom múir Ḋúna Dealgan do ṫuitim
go talaṁ.  Do ċonnarc mar scoiltfiḋe a sciaṫ ó ḃile go
bórd, agus mar do brisfiḋe a ċlaiḋeaṁ is a ċraoiseaċ i n-a
gceart-ṁeaḋon.  Taiḋḃriġeaḋ dom fós Conall Cearnaċ do
ḃeiṫ d’a ṁarḃaḋ im’ ḟiaḋnaise, agus do ḃíodar, draoiṫe
Éireann, d’a ṫairngreaċt go dtuitfeaḋ Cú Ċulainn le harmaiḃ
niṁe ċlainne Cailitinn agus le Luġaiḋ mac Conroi.  Agus, a
Laeġ ṁic Rianġaḃra,” ar Éiṁear, “do ḃíomair ár seisear
ar aon tsliġe agus ar aon raon i ḃfoċair a ċéile;  agus do
b’aoiḃinn dúinn, óir dá sirṫiḋe an doṁan uile ní ḃfaġṫaiḋe ár
n-iontsaṁail ar aon ionad .i. tusa agus Giolla na hIaḃruiḋe,
an Liaṫ Maċa agus an Duḃḟaoilean, Cú Ċulainn agus mise.
Tá sé ag briseaḋ mo ċroide im’ cliaḃ ḃeiṫ ag éisteaċt le
faoiḋe fada fíor-ṫruaiġe agus le golaiḃ guirte árda éag-
coimseaċa fear abus ban, óglaċ agus caiṫṁíleaḋ Ulaḋ ag
caoineaḋ Ċon Culainn, agus Ulaiḋ uile ’san gceasnaiḋm agus
gan de neart aca soin do ḋioġailt ar ḟearaiḃ Éireann.”
  A haiṫle an ċoṁráiḋ sin do ḋéanaṁ d’Éiṁir agus do
Laeġ mac Rianġaḃra le ċéile do rin siad caoiḋe agus nuall-
ġuḃa troma tuirseaċa go nduḃairt Éiṁear:  “Is dursan ár
n-iomscaraḋ le ċéile anois agus ba ṡuaiṁneasaċ ár gcoṁ-
roinn gus indiu i n-aon ionad.”
  “Is fíor san,” ar Laeġ, “agus ní ḋéanfad-sa giollaiḋeaċt
d’aenneaċ d’ḟearaiḃ Éireann tar éis mo ṫiġearna ḋílis .i.
Cú Ċulainn.”
  “Is truaġ liom-sa san,” ar Éiṁear;  “agus, a Laeġ, ar
aiṫin Cú Ċulainn mise ḋíot, no ar ṫug aon teagasc ċum a
ṫiodlaice?”

----------------------

98	RUḊRAIĠEAĊT

  “Níor ṫug,” ar Laeġ, “aċt d’aiṫin sé ḋuit-se gan dul
le fear go bráṫ aċt muna raċṫá le fear d’ḟearaiḃ Ulaḋ.”
  “Déanfad an ċoṁairle sin,” ar sí, “óir ní ḃeiḋ fear
d’ḟearaiḃ Éireann agam tar éis Ċon Culainn;  agus ní fágfad
an áit seo go dtig Conall Cearnaċ dom’ ionsuiḋe.”
  “Ní córa do neaċ eile fanṁain le scéala ’ná ḋoṁ-sa,” ar
Laeġ;  agus do ġaiḃ siad ag caoineaḋ leaṫ ar leiṫ, agus níor
leig eagla ḋóiḃ Cú Ċulainn d’aḋlacain no go mbeireaḋ Conall
Cearnaċ orṫa.
  Dála Ċonaill Ċearnaiġ, tar éis Maol agus Maḋm do
ṫuitim leis, mar aduḃramair, do ċuir scéal ċum Eirc mic
Ċairbre teaċt amaċ d’a agallaṁ, agus muna dtagaḋ,
“Luiġim-sé fóm’ ḃréiṫir,” ar sé, “naċ fuil ’san mbaile
líon a ċosanta orm.”
  Do hinnseaḋ san d’Earc mac Cairbre, agus do ġaiḃ a ċuid
arm agus éide uime, agus ṫáinig as an ndún amaċ go feargaċ
agus trí ċaogaid laoċ maraon leis.
  “A Eirc,” ar Conall, “is saḋail suaiṁneaċ atáṫar
agat tar éis Cú Ċulainn do ṁarḃaḋ.”
  “Ná bagair na spraing-ḃriaṫra san orm-sa,” ar Earc,
“óir ní ṫaḃarfar eiric ná eineaċla ann aċt béim i n-aġaiḋ
béime agus goin i n-aġaiḋ gona.”
  “Is trua soin,” ar Conall, “agus naċ geoḃainn-se le n-a
n-ais ar óir an doṁain agus ar ṁaiṫeas na cruinne gan an
ceann soin ort do ḃuain díot agus a ċur ar an ngad so.”
  Is annsoin d’ionsuiḋ Earc is a ṫrí ċaogaid curaḋ cleas-
lúṫṁar agus Conall a ċéile a i n-aenḟeaċt.  Do rin Conall
roiṫ ró-niṁneaċ d’a loinn le sna leaṫan-ġaeṫiḃ, agus ṫug
rioġlaoċ Éireann, fear taistil an doṁain, an té nár gaḃaḋ i
gcaṫ ná i gcoṁrac riaṁ air ó ġlac arm gaisce i n-a láiṁ, go
calma curaḋta deaġ-laoċais, árd-ruaṫar naṁdaċ eas-
cáirdeaṁail fúṫa, agus do ṫuargain iad i n-a ṫimċeall go
sanntaċ sáir-ḋiaċraċ, fearaṁail, fír-neartṁar guraḃ créaċ-
taċ cnáiṁ-ġearrṫa muinntear Eirc ṁic Ċairbre ó na hurluiġe
sin gur ġaḃdar maḋm reaṫa agus mór-ṫeiċṫe agus seaċráin
gan ċéill gan ċuiṁne gan ċumas as an árd a raḃdar amuiġ
agus istiġ gur ḟágḃaḋ Earc i n-éagċoṁlann is gur ċuir Conall
an géar-ġae crainn-reaṁar i n-uaċtar a uċta agus a urḃruinne
i nEarc mac Cairbre.  Do ċuir ceann na sleiġe ṫar a seim-
eanaiḃ tré n-a ċeart-ṁeaḋon, agus ṫug coilg-ḃéim laoċda

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 99

láidir treasna a ṫaoiḃ agus a ċolna go ndearnaḋ ḋá ordán
de idir scéiṫ agus claiḋeaṁ, corp is caṫḃarr, agus do ḃain
a ċeann de, agus do ċuir ar an ngad é.
  “Is maiṫ liom an ceann so do ḃeiṫ agam ar an ngad.”
ar sé, “agus is deiṁin go ndioġailfad-sa Cú Ċulainn ar
ḟearaiḃ Éireann.”  Do ċuir sé an ceann go Teaṁraiġ, agus
ṫáinig féin i ndiaḋ an ṁaḋma soin ag marḃaḋ is ag díoṫ-
láiṫriuġaḋ muinntire Eirc gur torċraḋ leis caogad curaḋ
um dóirsiḃ na Teaṁraċ.
  Annsoin is eaḋ ṫáinig Muireaḋaċ mac Fearġusa amaċ
agus caogad eile mar aon leis do ḋioġailt Eirc ar Ċonall,
agus d’ḟág céad laoċ eile ar gaċ doras de ḋoirsiḃ na
Teaṁraċ.  Agus ṫáinig céad laoċ leis féin agus d’a leadraḋ
coṁrac do Ċonall, agus d’ionsuiḋ an caiṫṁíliḋ coscraċ
céim-ċalma .i. Conall, an ċomrac;  agus do ġaiḃ d’a leadraḋ
is d’a síor-ḃualaḋ de ḃéimeanaiḃ boirb-neartṁara agus de
ṡáiṫtiḃ síor-luaṫa agus de ġonaiḃ doiṁne doileiġis gur
ṫuiteadar, an céad laoċ soin, leis.  D’imṫiġ Muireaḋaċ
féin ar teiċeaḋ go míolaoċas d’ionsuiḋe na coda eile d’a
ṁuinntir, agus mar do ráinig an dara doras de ḋóirsiḃ
agus do ġaiḃ d’a aiṫisiuġaḋ de ḃúiṫriḃ móra, agus d’ḟógair
coṁrac air.
  Mar do ċulaiḋ Conall san líonas roḃarṫa móir-ḟeirge
agus raċt aigeanta é, agus ṫáinig go mór-ḋásaċtaċ d’a
n-ionsuiḋe gur ṫuit céad laoċ eile do’n ḃorb-ruaṫar soin.
Do ċuaiḋ Muireaḋaċ uaiḋ ar éigin gus an treas doras agus
leanas Conall go sanntaċ sáir-neartṁair é, agus do ġaiḃ
ag leadraḋ na laoċaraḋ gur imṫiġ Muireaḋaċ de ṫoraḋ a
luaṫais gus an ceaṫraṁaḋ doras.  Aċt ċeana, do ṫuit céad
laoċ ar gaċ doras díoḃ le Conall; agus do ḋioġail sé náire
ar Ṁuireaḋaċ mac Fearġusa, óir do diṫċeannaḋ le Conall é
ar lár-ṁeaḋon na Teaṁraċ.  Annsoin do ċuir sé an ceann
ar an ngad agus aduḃairt dá mbeaḋ tiġearnas na dúiṫċe
díleas do Ṫeaṁraiġ go loiscfeaḋ í.  “Aċt ó’s é imleacán
agus port oireaċtais Éireann é,” ar sé, “ní loiscfeam é
do’n ċor so.”
  Ṫáinig Conall roiṁe amaċ go maḋmaċ móir-éaċtaċ d’éis
ar ṫuit leis de ċuraḋaiḃ na Teaṁraċ;  agus, an t-eolas i
n-ar ġaiḃ, ṫárla Conlaoċ mac Faṫaṁuin dó agus é iar n-a

----------------------

100	RUḊRAIĠEAĊT

ḟágḃáil do Luġaiḋ mac Conroi i ḃforḟaire ar Ċonall.  D’ion-
suiḋ cáċ a ċéile ḋíoḃ gan ċoigil, agus ṫug Conall béim go
niṁ do Ċonlaoċ gur ḃain an ceann d’a ċolainn agus gur
ċuir ar an ngad é.  “Dar mo ḃréiṫir,” ar seisean, “is
maiṫ liom mac Faṫaṁuin do ḃeiṫ i gcosair cró im’ ḟiaḋnaise,
agus a ċeann do ḃeiṫ ar iomċur agam.”  Agus do ḃíoḋ
Ceann Bioraiḋe ag goid na gceann de’n ġad i ndóiġ gur móide
do ḋéanfaḋ Conall éaċta, óir ba ḋearḃ leis naċ stadfaḋ
Conall go líonaḋ an gad de ċeannaiḃ.
  Annsoin gluaisios Conall roiṁe go cróḋa calma caṫḃuaḋaċ,
agus an t-eólas i n-ar ġaiḃ ṫárla Cuileann Breaġ ḋó.  Ba
ṫréin-ḟear teann treas-ḃorb an fear soin, giḋeaḋ do ḋiṫ-
ċeannaiḋ Conall é, agus do ċuir a ċeann ar an ngad, agus do
ġaiḃ ag marḃaḋ a ṁuinntire go ndearna aon ṁaḋm anḃuainn-
eaċ d’a riaḃ roiṁe; agus do ġaiḃ ag maoiḋeaṁ an ċinn do
ḃeiṫ ar a ċumas féin aige, agus aduḃairt:
	Cuileann Breaġ ó ḃruaċ Miḋe
	  Atá sunn ’n-a luiġe gan gó
	Cé do claoċlaḋ a ḋealḃ ’s a ḋreaċ
	  Is tearc neaċ do b’ḟearr cloḋ.

	Cuileann Breaġ ó ḃruaċ Miḋe
	  Atá sunn ’n-a luiġe fá ċró
	Noċa ṫaraill fíoḋ ná cruaċ
	  Ceaṫrar laoċ ba ċoṁlann dó.

  Ṫáinig Conall roiṁe iarsoin go Fíoḋ cró Caoiṁe, agus
do ċonnairc deataċ mór do leaṫ-taoiḃ na feaḋa i gcoṁḟogus
dó.  “Is fíor soin,” ar seisean;  “dream éigin d’ḟearaiḃ
Éireann atá annsúd agus cuid de ḃuaiḃ agus de ḃraiġdiḃ
Ulaḋ aca ann.”
  Téid Conall d’ionsuiḋe na teine, agus is iad do ḃí ann .i.
clann Ċailitinn, agus mar do ċonnarcadar, na haimidiḋe
aḋuaṫṁara urġránda soin, Conall d’a n-ionsuiḋe do ċriṫ a
gcroiḋṫe i n-a gcliaḃ roiṁe.  Giḋeaḋ, níor ġaiḃ criṫ ná
uaṫḃás Conall cé gur aiṫin guraḃ iad a ḃioḋḃa agus a eas-
ċáirde do ḃí ann .i. clann ċoirpṫe Ċailitinn.  Aċt is eaḋ
aduḃairt ar n-a ḃfeicsin dó .i. “Do ḃeirim a ḃuiḋe le sna
déiṫiḃ d’a n-aḋraim breiṫ oraiḃ, óir ní ṫárla liom riaṁ ar
muir ná ar tír dream is fearra liom d’ḟaġáil ’ná siḃ.  Agus
gion ná tuitfeaḋ liom d’ḟearaiḃ Éireann aċt siḃ i nḃur

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 101

n-aonar, buḋ ṁaiṫ liom mo ṫuras agus mo ṫoisc i nÉireann do
ḋioġail Ċon Culainn oraiḃ.  A Ċeann Ḃioraiḋe, is buiḋeaċ do
ḃeinn díot-sa aċt an ceann úd do ḃreiṫ go hEaṁain Maċa;
agus is faoiġleaċ lán-lúṫġáireaċ do ḃeid bantraċt agus
banḟlaṫa, maiṫe agus mór-uaisle Ulaḋ a ḟeicsin,” agus
aduḃairt an laoi:

	Ní heaḋ ná cáirde rom-ċar
	Ṫeagṁas dom ó táim im’ aonar;
	  Ba foirḋearg an féar d’a ḃfuil
	  Fágfad a mbéil fá ċonaiḃ.

	Béarad-sa ḃur gceinn ba ṫuaiḋ
	A ċlanna Ċailitinn ċruaiḋ
	  Tuitfiḋ siḃ liom gan taise
	  Do niṁ ċruaiḋ mo ċúlġlaise.

	Gaċ ar marḃaḋ liom uile
	Idir ṁaiġ ṁín agus mire,
	  Mór is fearr liom an linn seo
	  ’Ná ar ṁarḃas dem’ ċoṁḋaoine.

  Annsoin do ġluais Conall roiṁe go díreaċ dásaċtaċ
d’ionsuiḋe na teine, agus d’eirġeadar na haimidiḋe ainṁeaċa
uaṫḃásaċa san ar aonċosaiḃ agus ar aonláṁaiḃ, agus do
ġaḃdar go fraoċda fír-niṁneaċ ag tuargain agus ag lán-
ḃualaḋ Ċonaill, agus do ġaiḃ an rioġlaoċ, Conall, d’a gcoṁ-
ṫuargain san go ḃrioġṁar boirb-neartṁar do ḃrad-ḃuillíḃ
buan-ṁarḃṫa ionnus gur ḃain na sé cinn ainṁeaċa aiṫiseaċa
ḋíoḃ, agus gur ċuir ar an ngad iad.
  Ṫaínig Conall roiṁe ’san tsliġe iar mbreiṫ buaḋ-ċoscair
ċlainne Cailitinn, go ráinig Maġ Airgeadrois, agus ṫar
glaise ċruinn ris a ráiḋtear Glaise Ċró indiu.  Do ċonnairc
sé na caṫa ceangailte cóiriġṫe fá n-a ċoinne féin, agus is
iad do ḃí ann .i. Connla coṁḋalta Luġaiḋ mic Ċonroi agus
móir-líon teaġlaiġ Luġaiḋ maraon leis.  D’ionsuiḋeadar
féin agus Conall a ċéile, agus do rineadar urlaiḋeaċt
aḋḃal-ṁór ainṁeasarḋa agus gleó gáiḃṫeaċ grod-ḃuailteaċ
dian-ṁasluiġṫeaċ, agus do b’é críoċ agus foirċeann an
imris sin naċ deaċaiḋ aenneaċ díoḃ as gan marḃaḋ munab
i ngealtaċt é gur ṫuiteadar uile de ḃoirb-ḃéimeanaiḃ
Ċonaill.

----------------------

102	RUḊRAIĠEAĊT

  Ṫárla Conall is Connla d’a ċéile fá ḋeoiḋ, agus do ḃíodar
ag iomḃualaḋ a ċéile go dian dásaċtaċ doċosantaċ gur
torċraḋ Connla le Conall.  Do ċuir sé a ċeann ar an ngad,
agus do ḃaiḃ ag féaċain an árṁaiġe i n-a ṫimċeall agus na
cuirp ċiorrḃaiṫe cró-leadarṫa ag sileaḋ a ḃfola i n-a sruiṫ-
linntiḃ fá’n nglaise do ḃí ag sniḋe le hais an ṁaċaire i n-a
raḃdar, gur ḃa caoba cró agus linnte fola an ġlaise ġlan-
ḟuar ġainiṁe.  Iar n-a ḟeicsin sin do Ċonall is eaḋ aduḃairt
gur ḃa Glaise Ċró a hainm ó súd amaċ.
  Iarsoin do ġluais Conall roiṁe, agus ní fada ráinig leis
dul an tan ṫárla Luġaiḋ mac Conroi air agus caṫa cóiriġṫe
aige;  agus ní teiċeaḋ do rin Conall rómpa aċt d’ionsuiḋ
iad i gcéadóir.  Ba ċosṁail le anfaḋ tuinne tréine ag cur a
héisc fá ṫír Conall ag dian-scaoileaḋ agus ag dlúṫ-ṁarḃaḋ
maṫ-ṡluaġ Clainne Deaġaiḋ i n-a ṫimċeall gur ṫuiteadar
uile leis dóid fria dóid agus bonn re bonn.  Do ċoṁraic
sé féin agus Luġaiḋ le ċéile agus do ḃí gahbáil na mbuilleaḋ
ag dul ar Luġaiḋ go nduḃairt:  “A Ċonall,” ar sé, “ní
coṁṫrom ár gcoṁrac:  tusa agus do ḋá láiṁ agat agus mise
ar aon láiṁ, agus is aṁlaiḋ do ḃéam coṁṫrom do láṁ ḋeas
do ċeangal duit-se.”
  Do rin Conall aṁlaiḋ, agus do ġaḃdar d’a gclaiḋṁtiḃ
clais-leaṫna coilg-ḋíreaċa i gcorpaiḃ agus i muinéalaiḃ a
ċéile go dtug Luġaiḋ buille brioġṁar boirb-neartṁar do
Ċonall gur ġearr na ceangail d’a láiṁ.  Iar ḃfeicsin na
láiṁe scaoilte do Luġaiḋ, aduḃairt le Conall a láṁ do
ċeangal arís, agus do rin Conall aṁlaiḋ sin.  Giḋeaḋ, do
b’é críoċ agus foirċeann an ċoṁraic gur ṫuit Luġaiḋ le
Conall ar an láṫair sin gurab aṁlaiḋ sin do ḋioġail Conall
Cearnaċ bás Ċon Culainn ar ċlainn Ċailitinn, ar Luġaiḋ mac
Conroi agur ar ḟearaiḃ Éireann.
  Do ċuir cinn na dtaoiseaċ uile ar an ngad gurab lán an
gad de ċeannaiḃ rioġ agus ró-ḋaoine agus árd-ṫaoiseaċ
ḃfear Éireann agus do ċuir ar a ṁuin iad, agus d’imṫiġ
roiṁe i sna ródaiḃ róiḋíreaċa i n-aṫġairid gaċa conaire go
ndeaċaiḋ go Dún dreaċ-ṡoluis Dealgan mar a raiḃ corp
Ċon Culainn.  Do leig na cinn ar an ḃfaiṫċe agus do ċuir
ar ċuaillíḃ bioraiḋe iad i dtimċeall na faiṫċe fairsinge,
agus do leigeaḋ trí ġárṫa ’san dún.
  Ar ḃfeicsin na laeċ-ċeann san ar na leaḃair-ċuailliḃ,

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 103

ṫáinig Éiṁear amaċ, agus is eaḋ aduḃair:  “Mór ceann iad,
agus fáilte roṁat, a riġṁíliḋ.  Ní bás dom’ Ċoin créaċt
iomḋa na hEaṁna ó ṁaireas fear dioġalta fala d’Ultaċaiḃ
d’a éis.  Déantar a aḋlacaḋ feasta, agus leigtear mise im’
ionad-sa i n-a ḟoċair ’san uaiġ, óir is duḃaċ doṁ-sa marṫain
d’a éis.  Agus innis dom cia hiad d’uaisliḃ fear nÉireann
ar na biorċuailliḃ i dtimċeall na faiṫċe.”  Annsoin do rin
Éiṁear an laoi, agus do ḟreagair Conall í mar leanas:

	A Ċonaill, cia leó na cinn
	  Ó’s dearḃ linn gur ḋeargais d’arm
	Na cinn seo ċím ar an ngad
	  Sloinntear leat fios a n-ainm.

	A inġean oiḋearc na n-eaċ,
	  A Éiṁear na mbreaṫ mbinn,
	Is i ndioġail Ċon na gCleas
	  Ṫugaṡ ċuġat andeas na cinn.

	Cia an ceann mallaċtaċ mór?
	  Dearg mar rós a ġruaḋ ġlan
	Is é is neasa ḋom’ leiṫ ċlí,
	  Ceann an tsaoi nár ṫréiġ a ḋaṫ.

	Ceann rioġ Miḋe na n-eaċ mear,
	  Earc mac Cairbre na ngruaḋ ndearg,
	Is i ndioġail mo ḋaltáin féin
	  Ṫugas i gcéin a ċeann dod’ ḟarraḋ.

	Cia an ceann so dom’ leiṫ ċlí?
	  Dearg a lí, gan loċt a ḋealḃ
	An ceann ciḋ ṫárla gan ċorp
	  Maiṫ liom cé holc le Meaḋḃ.

	Máine mear ó meaiġ na n-eaċ,
	  Mac Meiḋḃe do ċreaċ gaċ cuan,
	Do scaras a ċeann le n-a ċorp,
	  Liom-sa fós do ṫuit a ṡluaġ.

----------------------

104	RUḊRAIĠEAĊT

	Cia an ceann ar ṁ’aġaiḋ anonn
	  Go ḃfolt ḃfionn go mala sinn?
	Rosc mar oiḋre, déid mar ḃláṫ,
	  Is áilneaċt ós cruṫ an ċinn.

	Is leis siúd do ṫuit an Ċú
	  ’Sé raid a ċorp ’n-a ċrú'ṫais
	Luġaiḋ mac Conroi na mbeann
	  ’Ga dtugas a ċeann ṫar ais.

	Cia’n dá ċeann ar ṁ’aġaiḋ ṡoir,
	  A Ċonaill na ngail ngaoiṫ?
	Geal a n-aġaiḋ, duḃ a ḃfolt,
	  Dearg a ngruaḋ le fuil laoiġ.

	Cinn Ṁaoil is Ṁaḋma ṁóir
	  An dá ċeann san is dóiġ linn;
	Is aca fuaireas ceann na Con
	  Ar múr Teaṁraċ na scor slim.

	Cia’n dá ċeann ar ṁ’aġaiḋ ṫeas,
	  A Ċonaill ṁóir na gcleas lúiṫ?
	Aondaṫ ar ḟoltaiḃ na ḃfear,
	  Dearg a ngruaḋ, geal a ngnúis.

	Cuileann Breaġ is Connla cruaiḋ,
	  Dís do ḃeireaḋ buaiḋ le feirg:
	A Éiṁear, ’s iad san a gcinn
	  D’ḟágas a gcuirp fó linn deirg

	Cia hiad an seisear is olc scéiṁ
	  Do ċím féin ar ṁ’aġaiḋ ṫuaiḋ?
	Gorm a n-aġaiḋ, duḃ a ḃfuilt,
	  Agus a ruisc ar ḋaṫ an ġuail.

	Is iad súd na sé baiḋḃe,
	  Marḃ millte ’s a mbéil le gaoiṫ
	Clann Ċailitinn luċt na gcleas
	  Dream naċ raiḃ ar leas mo laoiċ.

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 105

	Gaċ a dtéid ó ċleas na Con
	  De ċlainn Ċailitinn de ġnáṫ,
	Do ṁarḃas an seisear san;
	  Lem’ arm ṫuit siad seoċ cáċ.

	Cia ’n dá ċeann soin ag foiḋe roṁainn,
	  A Ċonaill ċóir do ċuir báiḋ?
	Ár gráḋ t’oiniġ ná ceil orm
	  Ainm na díse ṫuit led’ láiṁ.

	Cinn Laoġaire ’s Ċlára Ċuilt
	  An dá ċeann soin do claoiḋeaḋ lem’ ġoin.
	Do ġoineadar Cú Ċulainn ṫarainn:
	  Tríd sin do ḋeargas m’arm ’n-a ḃfuil.

	A Ċonaill ḃúiḋ is ársa i gcéill,
	  Cia an ceann so d’ar ġéill cáċ?
	Donn-ór fá ṫréillsiḃ an cinn
	  Is cuṁdaċ slim de’n airgead ḃán.

	Ceann mic Ḟinn ó Rosa Ruaḋ,
	  Maicniaḋ fuair bás lem’ neart,
	A Éiṁear, sin é a ċeann,
	  Árdrí Laiġean na lann mbreac.

	Cia an ceann soin id’ leaṫláiṁ,
	  A Ċonaill ċáiḋ, is báḋaċ linn?
	Ó naċ maireann Cú na gcleas,
	  Créad ḃeir tú ar leas an ċinn?

	Ceann ṁic Ḟearġusa na n-eaċ
	  Muireaḋaċ do ċreaċ gaċ colt
	Mac mo ṡéaṫraċ an tor teann
	  Cé scaras a ċeann re a ċorp.

	A Ċonaill ṁóir ó Ṁaiġ an Scáil
	  Créad do ṫuit led’ láiṁ gan on
	De na slóiġtiḃ do ṁill sinn--
	  Leat i ndioġail cinn na Con?

----------------------

106	RUḊRAIĠEAĊT

	Naonḃar, trí fiċid céad,
	  Adeirim leat ciḋ tréan an sluaġ
	Do marḃaḋ liom-sa druim ar ḋruim
	  De niṁ mo ċlaiḋiṁ ċoiṁġéir ċruaiḋ.

	A Ċonaill, is cionnus táid
	  Ár gcaoṁ-ṁná tar éis na Con?
	An cuma leó mo ċolt ’s mo ċéis,
	  An gcuirid spéis i n-a ġol?

	An dá ġáir do ċráiḋ mo ċorp,
	  A Éiṁear ḟionn na ḃfolt mbláiṫ
	Gáir ċoṁmaoiḋte na ḃfear nglan
	  Is gáir na mban is truaġ gáir.

	A Éiṁear, créad do ṁian féin
	  Gan an Ċú dom’ réir fó raṫ?
	Is gan mo ḋaltán forġlan troiġ
	  D’ḟeicsin dom ag dul i gcaṫ.

	A Ċonaill, ó’s uireasa ḋom,
	  Ni ḃacfad le neaċ go bráṫ;
	Do-ġeoḃad bás de ċuṁa mo Ċon,
	  A ċumainn, ná ceil ar ċáċ.

	An Duḃ ’s an Liaṫ Maċa mear,
	  An dá eaċ ba ġlan gníoṁ,
	Gaċ neaċ le’r toɼċraḋ i dtráṫ
	  A saoṫar siar d’iomrios m’ḟíoċ.

	A Ċonaill, ó’s miṫid dúinn
	  Cú Ċulainn ’san úir do ċur,
	Cuirtear é i gCill Dálua
	  I leabaiḋ ċuṁaing ċruaiḋ ċloċ.

	’N-a ḟoċair raċad féin ’san ḃfeart
	  Ó’s fíor gur fann mo neart mar tá;
	Cuir mo ḃéal ar ḃéal na Con
	  Is deareaḋ ḋom iar ndul d’a lá.

  A haiṫle na laoi sin, d’ḟoráil Éiṁear ar Ċonall feart fair-
sing doiṁin do ḋéanaṁ do Ċoin Ċulainn, agus do luiġ féin

----------------------

DEARG-RUAṪAIR ĊONAILL ĊEARNAIĠ 107

mar aon le n-a caeṁ-ċéile, agus do ċuir a béal ar a ḃéal.
“A Ċuagáin ṁ’anma,” ar sí, “a ċuraḋ agus a ċoiṁleanáin,
a aon roġa de ḟearaiḃ na talṁan uile, is iomḋa bean do ḃí
tnúṫaċ liom-sa fád’ ċeann gus anois, agus ní ḃeiḋ mé ṫar
t’éis.”  Agus do ċuaiḋ a hanam aisti, agus do haḋnacaḋ í
féin agus Cú Ċulainn le Conall, agus do ṫóg sé a liag ós a
leaċt agus do fearaḋ a gcluiċe caointe leis féin agus le
Ultaiḃ uile.
  Gurab é sin Deart-ruaṫar Ċonaill Ċearnaiġ.


MÉIDREAĊT.
Leaṫ. a 33. fost do láṁ .. .. .. .. Deiḃiḋe Scaoilte. 36. leaċtán so Aoinḟir Aoife .. .. Deiḃiḋe Scaoilte. 39. Rod-ḃia luaċ mór ’san ṁaiġ .. .. Deiḃiḋe Scaoilte. 42. A Ċú Ċulainn ċoṁaill nglé .. .. Deiḃiḋe Scaoilte. 44. Feiḋm is mó, ón .. Rannaiġeaċt Mór Gairid Aicleaċ. 56. A Ċú na gcleas .. Bruilingeaċt ar Leaṫrannaiġeaċt Ṁóir. 58. Dursan an t-eo óir .. .. .. Leaṫrannaiġeaċt Ṁór 58. Cluiċe Gáire .. .. .. .. Rannaiġeaċt. 60. Ag soin ḃuir n-ainm áig .. .. Ógláċas Deiḃiḋe. 61. Dia ḃur mbeaṫa .. .. .. Deiḃiḋ Scaoilte. 67. Gáir na sluaġ .. .. .. Ógláċas ar Ṡéadnaḋ nGairid. 73. A Liaṫ Ṁaċa .. .. .. .. .. Rannaiġeaċt. 75. A Ḋeiċne, is fás dod’ ḃullán: bruilingeaċt, no Ógláċas ar Ṡéadnaḋ Ṁór. 76. A ḟir, ná toirmeisc .. .. Rannaiġeaċt Ṁór Aicleaċ. 78. Do tollaḋ mo ṫaoḃ .. .. Ógláċas ar Rannaiġeaċ Ḃiġ. 79. Is í aisce iarrainn: Cró Cumaisc idir Rinn Áird agus Leaṫrannaiġeaċt 82. Eiriġ, a Laeġ .. .. .. .. Ógláċas ar Ḋeiḃiḋe. 90. Cú Ċulainn ba haṁra .. .. Rannaiġeaċt Ṁór Aicleaċ. 92. Aon ṁarcaċ ar an maiġ .. .. Ógláċas ar Ḋeiḃiḋe. 95. Ceann Ċon Culainn .. .. .. Ógláċas ar Ḋeiḃiḋe. 96. Uċ, a ċinn .. .. Rannaiġeaċt Mór Gairid Aicleaċ. 100. Cuileann Breaġ .. .. .. Ógláċas Rannaiġeaċta. 101. Ní heaḋ na cáirde .. .. .. Ógláċas ar Ḋeiḃiḋe. 103. A Ċonaill, cia leó na cinn: Ógláċas ar Rannaiġeaċt Ṁóir Aicleaċ. ----------------------
108
FOCLÓIR
Tá ċuid ṁaiṫ anacair ag gaḃáil le foclaiḃ áiriṫe ’san leaḃrán so: táid bun ós cionn le ċéile. Cuir i gcás: aigeá i n-ionad ag a i sna scríḃníḃ; anṡoir, anṡiar i n-ionad anoir, aniar; ċum na háṫa agus ur an áṫa le hais a ċéile; ar leatṫaoib an ċonaire; an ċuraḋ ċalma, agus ceann na curaḋ i mballaiḃ eile. Tá ċsioḃal ann i n-ionad ṡuiḃal; uaiḋe agus uaiḋ; an bantraċt agus an ḃantraċt; leis an gasraḋ, laċroiḋ, marcraḋ, macraḋ, rioġraḋ, aċt gur minic laoċra, macra rioġra ann, leis. Tá i gcoḃair ann agus i gcaḃair; ris a ráiḋtear agus rias a n-abartar; feaca agus facaḋ; braṫ agus braiṫ, ḃíodar agu ḃádar, agus ní ḃfuil go ró-ṁinic. Annsoin tá malairt litriġṫe ar ṁórán focal, dioġal, díoġal, dioġail, díoġailt, cuir i gcás; cúig, cíuge, cóige; diaiḋ, deoiḋ, deoiġ; gé, giḋ, giḋeaḋ; ionsuiḋe, ionnsuiḋe, ionnsuiġe; úiḋ, uiḋ, uiġe; éiriġeadar, eirġeadar; ġaḃadar, ġaḃdar; leaṫ, leiṫ. Ní fearr atá an scéal i dtaoiḃ anmneaċ áiteann ags daoine: Eiḃear, Éiḃear, Éiḃir, Eiṁir, Éiṁir; Deiċne, Deiġċine, Suḃaltaċ, Suḃaltaċ, Sualtaċ, Sualtam; Feirdiaḋ, Feirdia, Firdia, Fear Diaḋ mac Duḃáin, Daṁáin; Clanna Déaġaiḋ, Deaġa; Ultaiġ, Ollataiġ, is maɼ soin de. Ḃí ag beiriḋ i n-ionad ag breiṫ go minic ’san scríbinn: ag beiriḋ ar ċaol coise air, cuir i gcás, aċt d’ḟágas ar lár é. Aċt glacas le fonn le leiṫéid dliġios, fiofruiġios, gluaisios, leigios, tuitios. Tá aḋa mar iolraḋ ann coitċianta: bandlataḋa, builleaḋaiḃ, ridireaḋ- aiḃ, uisceaḋa. Tá tógaiḃ, fágaiḃ agus na fuirmeaċa san de’n ḃréiṫir ann go minic mar atáid i mbéalaiḃ na ndaoine i ḃfo-áit fós. Ní gáḃaḋ mórán do ráḋ i dtaoiḃ ainmneaċ na ndaoine: míniġtear a n-urṁór i Laoi na gCeann. Agus i bpáirt ainmneaċ na n-áiteann, tá Gleann an Eoin, Gleann Mór, Loċ Luaṫa; Maġ Cruinn, Maġ Ḟinn is Tuaim Móna ar an ṡliġe idir Ċruaċain is Tailltin, urṁór na coda eile idir Lusca is Eaṁain Maċa agus eólad d’a ċur ag an aos óg orṫa go fóirleaṫan le tamall. Tá Caṫ Finneaḃra is Caṫ Fionnċoraḋ mar ṁalairt ainmne ar an gcaṫ céadna. Is éigin dom a adṁáil go ḃfuil trí focail ann .i. cimḟiaḋ, croim- ḟaiḋ agus cumscraḋ ná tagann liom a míniuġaḋ, aċt is dóċa naċ misde a ḃfágaint fá’n aimsir. Rud eile: Cé go léiġtear i “nDear-ruaṫar Ċonaill Ċearnaiġ” “nár gaḃaḋ i gcaṫ ná i gcomrac riaṁ air ó ġlac arm gaisce,” tá a ṁalairt le léiġeaṁ i “nOiḋeaḋ Ċonlaoiċ mic Ċon Culainn.” Deall- ruiġeann sé, leis, gur córa an méid atá ar leaṫanaċaiḃ a 97 is a 98 -- ó ḋeareaḋ na filiḋeaċta (97) anuas go dtí “Dála Ċonaill Ċearnaiġ” (98) do ḃeiṫ ar leaṫanċ a 88, roiṁ “Is annsoin ṫáinig Leaḃarċom d’ionsuiḋe Éiṁre.” Tá mo ḃuiḋeaċas ag dul do Ṫorna toisc gur léiġ sé na froṁṫa ḋom go cúramaċ; má tá loċt ’san leaḃrán orm féin is cóir a ċur. ---------------------- Foclóir 109 A .i. as; a hoileán .i. ó oileán; a hÉirinn; a hUltaċaiḃ; a bruid agus a deacair; a ċríoċaiḃ imċiana; a luċt aon ṁná. Aga .i. tamall. Aḋnáireaċ .i. an-náireaċ; aġaḋ- náireaċ .i. rian náire ar an aġaiḋ. Áiġṁilleaḋ .i. fonn millte mis- niġ. Ailt-niṁe .i. agus niṁ i n-a haltaiḃ. Aimidiḋe .i. luċt siḋe. Aimsir, -- dul i n-aimsir, le haimsir .i. dul ar ṫuarastal. Ainiċréaċt .i. créaċt millte Airḋeana .i. triġṫiḋe. Airide .i. araid, giolla eaċ, fear carbaid. Áiṫead .i. raṫ. Aiṫleaiġte .i. leaġta aṫuair. Alaḋ .i. rinn, gléas gonta. Alltraċ .i. ṫall. Amas .i. iarraċt, buille; ar amas a ḃaet-réime a ḃunaḋ .i. iarraċt fá ḃunuġaḋ a réime gan aḋḃar. Aṁus .i. siaġdiuir iasaċta ar ṫuarastal. Anacal .i. coiṁdeaċt, cosaint, saorad. Anaostaċt .i. easba ṁór-aoise Anḃáil .i. sár-iarraċt. Anṁain .i. fanaṁaint. Árd-oirḋearċas .i. sár-ċáil. Árṁaċ, árṁaiġ .i. láṫair caṫa agus áir. Arraċtaċ .i. sár-ṫréan. Aslaċ .i. gríosaḋ. Aṫa, aṫaḋ .i. tamall, faid. Aṫlaiṁe .i. aicliḋeaċt. Aṫraċ .i. aiṫearraċ, aṫruġaḋ. Báḋaċ .i. báiḋeaṁail. Biaiḋ .i. beiḋ. Baṫas, baiṫeas .i. mullaċ cinn. Bioḋḃa .i. naṁa, foġlaiḋe, daor, duine ciontaċ. --- Bioḋg, bioḋga .i. scannraḋ, tam- all tinnis. Blaḋ .i. cáil. Bog-ṡuiḃinn .i. leoiṫne, poṫ gaoiṫe. Bolgán béice .i. púca paḋail. Brain-eoin .i. fiaċ duḃ. Braiċ .i. biotáille, broṫ, cuḃar. Braiṫ .i. braṫ; moṫuġaḋ. Braiṫ-ḃéime .i. builliḋe fé ṫuairim. Ḃraiṫfinn .i. ṁoṫóċainn; scéiṫ- finn ar. Bréid .i. éide, clúdaċ. Braonscoiṫ,--dá barraiḃ b .i. de ṫoraḋ meala a rinn na mbláṫ. Briaṫar .i. focal. Tugtar mal- airt treó ar an ḃfocal i sna scéaltaiḃ so; cuir i gcáis: dar ár mbriaṫar-na, dar mo ḃréiṫir, ar Conall; d’a ḃréiṫir fám’ ḃréiṫir, fóm’ ḃriaṫar. Bruiṫ .i. broṫ. Buaḃall .i. corn, aḋarc; Fiaḋ- aile. Buinge, bang .i. buille ráṁa. Buinne .i. slios, cuiṁais; corn, aḋarc; scéiṫeaḋ, pléascaḋ. Cain .i. maiṫ, fionn. Car an ċoṁlae .i. feaḋ an lae. Ceas .i. taom; ceasnaiḋin, ceas- naoiḋin i.i taom creaṫa, fonn suain no codlata. Ceasaċt .i. gearán. Ceileaḃar .i. scaraḋ. Cinn, do ċinn .i. do ṡocruiġ. Cinneaḋ .i. ceapaḋ. Cionġáir .i. fuaim. Ciorrḃaḋ .i. leadraḋ, riastraḋ, bascaḋ. Cipiḋe .i. sluaiġte, treasna, buiḋ- eanta. Coḋain-ċleas .i. cleas go ḃfuil baint aige le éide cosanta. Coḋain-ċneas, coḋain ċneis .i. éide cosanta leis an gcroiċ- eann istiġ. Codroma .i. coṁṫroma. ---------------------- 110 Foclóir Coinsgleó .i. iarraċt coṁraic. Coirr-ḃeara .i. biora casta, cruinne. Col .i. bac, ropaḋ, briseaḋ móide, peaca; ort do ċol is do col duais (col duaḃais) .i. droiċ-ċríoċ ort! Ort do ċol is do ċontraċt .i. droċ-raṫ ort! Coṁall .i. coiṁlíonaḋ. Coṁtraċt .i. feóra. Cormogal .i. seód, geam, ruaḋ- ċloċ luaċṁar. Cosair-leabaiḋ .i. leaba urláir. Craoiseaċ, craoisiġ .i. lann, bior. Creideaṁḋa .i. creideaṁnaċ. Cróiḋearg .i. ar ḋaṫ lán-dearg na fola. Cruḋ, cruiḋ .i. croḋ, raċmas, stór. Cuṁa, cuṁaiḋ .i. breab, cuṁṫa .i. taḃarṫaistiḋe, geallta. Cumasc .i. coṁrac, troid. Dá: dá gcoscair .i. má ċoscann tú; dá dtigir .i. má ṫagann tú; dá ḃfanar do ċuaḋas d’éag, agus dá n-imṫiġear ṫáinig mo ṡaoġal .i. dá ḃfan- ainn do raċainn d’éag, agus dá n-imṫiġinn ġeoḃainn bás. Daḃaċ, daḃaiġ, árus foṫraigṫe. Daoscar-ṡluaġ .i. gramraisc, dríodar daoine. Deaḃaiḋ .i. troid. Déaluiġinn .i. scarainn. Ḋéan-sa .i. déanfad-sa. Díoḃragaḋ, díḃriuġaḋ, díoḃ- racaḋ .i. caiṫeaṁ, radaḋ. Dioġuin .i. coṁṫrom, teann, tiuġ; ceadṫaċ. Díongaḃálfainn .i. ċuirfinn díom. Diongan .i. déanfad; diongantar .i. déanfar. Diṫionsaċ .i. le deaḃaḋ, deiṫḃir. Do-faoṫ .i. tuitfiḋ. Doġair, doġra .i. dóiġtean, las- air. Dom-riaċt .i. do ṡroiċ mé. Dornċla .i. cos ċlaiḋiṁ. --- Droiḃéal .i. ball doġluaiste coille. Dronġáir .i. glór. Duirm--de ḋruim a ndraoiḋ- eaċta .i. de ḃarr. Dursan .i. cruaḋ-ċás, aḋḃar bróin. Eadarḃuasaċ .i. aeraċ, éadtrom, ’san aer. Eanga .i. imealla. Éaras .i. eitiġeann, diúltaiġeann. Eidirḋealaḋ .i. scarṁain. Eidirġleó .i. críoċnuġaḋ, soċ- ruġaḋ, réidṫeaċt. Éiġṁe .i. aṫċuingiṫe. Éimiġ .i. eiṫiġ, ḋiúltaiġ; d’éimiġ orainn a ṫaḃairt linn .i. ṫeip orainn. Eiteaḋa .i. sciaṫáin, sleasa. Eom .i. éin. Fadosaiḋ .i. réiḋ. Faġairt .i. faoḃar, fearg. Fágálta, fágala .i. órduiġṫe ceileaḃarṫa, aṫċuinġṫe scar- aṁna. Faoiḋe .i. impiḋe, éiġeaṁ. Faoṁaḋ .i. géilleaḋ, aontuġaḋ; faoṁais .i. ġéillis. Fear .i. gaiḃ, cuir, tairg; fear fáilte .i. fáiltiġ. Feasa .i. luċt lorga eólais. D’ḟeidir .i. d’aiṫin, do b’eol. Féiġ .i. géar. Féig, féige .i. clar droma tiġe. Feiġfiaḋ .i. luċt siḋe, sioṫ- ḃraḋa, a gcleasa. Féiṫle fioḋḃaḋ .i. bláṫa no lusa coille. Fiarlaoide .i. treasnuġaḋ. Fionnóg .i. fiaċ, croṫóg liaṫ. Fóbairt .i. taḃairt faoi, ionsuḋe. Foċtas .i. fiafruiġeann. Foiriseaṁ, oiriseaṁ .i. anṁain. Folaṁain, foluamain .i. fír- ṁire. Forbaḋ .i. deiġilte; iongantaċ. Forċoimeád .i. cosaint, faire. ---------------------- Foclóir 111 Forgaḃáil .i. greamaḋ, gaḃáil le neart. Fost .i. cosc, cóiriġ. Frioṫ-aḋairtiḃ .i. peiliúrṫa fillte. Friṫ .i. ṫárla. Friú .i. leó, rómpa. Fuaṫḃróg .i. aprún, léine, éide cneis. Fuiliuġaḋ .i. fuil do ṫarrac. Fuine, fuineaḋ .i. luiġe gréine; go háit a fuineaḋ .i. mar ċuaiḋ i luiġe. Furrán .i. urann, rinn gai. Gaoi .i. bréag. Geal-ċruaḋa .i. geal-ċruaiḋe. Gláṁaḋ .i. aiṫisiuġaḋ, ag taḃairt asṁuċáin. Gnáṫaṁ .i. taiṫiġe. Go .i. agus; go mbuaiḋ crota, agus deag-ċuma air; go gcumas, gu gcruaḋas, go gcorp- aib; sciaṫ go mbile óir, go dtruaill, agus mar soin de. Gus .i. go dtí. Igeaḋ .i. greama. Imċiana .i. a ḃfad i gcéin. Imḋeaġail .i. cosaint, seaċaint, scaraḋ. Imdiuḃracaḋ .i. caiṫeaṁ, teil- gean. Imiodal .i. éad, fuaṫ, claon- aireaċt. Innḃeaḋa .i. gearrṫa, créaċta. Ioġuin .i. ’sé sin; ’sí sin. Ionlaḋ, ionlaiḋ .i. áit niġeaċáin, no ḟoṫraigṫe. Ionsuiḋe .i. ag taḃairt foġa, ag taḃairt fá, ag déanaṁ ar. Iompa .i. úmpa, orṫa. Íopaḋ .i. piseóg. Iorġail .i. gaisce airm. Ioscada .i. cúla na nglún. Isam tualaing .i. is féidir liom. Láṁ--i láiṁ .i. i seilḃ; do ġaiḃ Luġaiḋ do láiṁ .i. ṫóg Luġaiḋ air féin. --- Lánlaṁaiḋ .i. láṁaċ agus gaċ a mbaineann leis. Laoċḋa, laċda .i. mar ba ḋual do laoċ. Los -- a los .i. de ḃriġ, de ḃarr. Luas .i. luaṫas, mire. Luid .i. ċuaiḋ. Macra, macraḋ .i. gasraḋ ógánaċ. Mainíse muineaċa .i. roiġin- ċleasa ó ṁuin éaċ. Mana .i. aḋḃar, rian. Maoile .i. loime. Mar--mar do ċualaiḋ .i. an uair Ċulaiḋ. Marab .i. munar. Maṫa, maiṫe .i. flaṫa, taoisiġ. Meiḋreaċ, meaḋraċ .i. aeraċ. Meirtne .i. laige, easba misniġ. Meoir .i. méir. Mion-ċoscraḋ .i. gearraḋ, réabaḋ, go mion. Móir-díoṫuiġeaḋ .i. creaċaḋ é uile ṫar fóir. Muir mBeann .i. Muir Meann. Muirḃḟiġear .i. marḃóċar. Muirn .i. lúṫġáir ġráḋa. Naċar .i. nár. Naoiḋeantaċt .i. óige; aois leinḃ. Nuaill-ġriṫ .i. scréaċ. Ód’ .i. ó do. Oil .i. maslaḋ, loċt gráin. Oiriseaṁ .i. coṁnuiḋe, fanṁaint. Oirleaċ .i. éirleaċ, dian- ġortuġaḋ. Onfais .i. suaṫaḋ. Óplaċ .i. cloċ ġeal. Ordán .i. roinnt, cuid. Orṫain .i. piseóg. Pianluiḃe .i. luiḃe leiġis. Pobuill, pobaill .i. brat, éide. Raċt .i. toċt feirge, buille. Reiṁeas .i. seal, tamall, ré. Riaċt .i. ṡroiċ, ċuaiḋ. Rioċt .i. fuirm, deilḃ. Rian maḋma .i. raon caillte. ---------------------- 112 Foclóir Riastaċa .i. sreaḃa, sraṫa. Riogamaoid, rigmíd; Ní rioga- maoid-ne sin de leas .i. ní ṫeastuiġeann san uainn. Ris .i. leis. RIṫling .i. ṡleaṁnuiġ d’a heiteall. Ró-ḟeidir .i. d’aiṫin. Roiṫ .i. roṫa. Rom-ġoin .i. do ġoin mé. Ros-ḃia .i. beiḋ agat. Ruileóg i.i roideóg, no saġas saileaige a ḟásas i mbogaċ. Ruiṫniġeaḋ .i. lasaḋ, gealaḋ. Saineaṁail .i. fó leiṫ. Saoḃluċt siaḃairṫa .i. luċt anac- air siḋe. Saoiḃ-ṁillte .i. creaċta. Scáṫ-ṡluaiġte .i. sluaiġte bréige. Scoṫ-anḃfanna .i. lag-ḃrioġa. Seaċa .i. ṫair, ar leaṫ-taoiḃ; seaċad .i. ṫart. Seimeaḋ, seimeana .i. nasca, tairngiḋe miona. Siaḃarṫa, sioṫḃraḋa .i. ag baint leis an aos siḋe. Sianġárṫa .i. cantan seinm, glór. Sir--do sireaḋ Eaṁain Maċa uile ḋó .i. cuarduiġeaḋ. Sirṫe .i. iarrataisiḋe. Slátġaire .i. fuaim léasta na sleaġ. Sladraḋ .i. bualaḋ. Slat-ḃualaḋ, slad-ḃualaḋ .i. léasaḋ, leadraḋ. Sliasta .i. ceaṫraṁain. Soiċ .i. ṡín. Stuaġleirg .i. cromaḋ na gualan. Suaiṫreaḋ .i. suaiṫreaċt .i. saoṫar saiġdiuiriḋe. Suaṫaintiseaċ .. suaiṫeantasaċ .i. iongantaċ, mór-ċáile. Suḃċas .i. suḃaċas .i. meaḋar, sástaċt. Taġaill, taḋaill .i. ionsuiḋ, tair i ngaor. Taraill .i. ráinig. Tairise .i. dílis, buan-seasṁaċ. --- Ṫéaċtadar .i. ċuadar i ḃfuaire. Teasc .i. bain, scar, ḋeiġilt. Teiċeaḋ, teiṫe, ṫeiṫṁe .i. riṫ le eagla. Téid .i. téiġeaḋ, téiġeann. Teilgṫiḋe .i. caiṫtiḋe, scaoil- tiḋe. Teinneasnaċ -- tinneasnaċ .i. mear, luṫṁar, borb, tréan. Téora .i. a trí. Tiaġam .i. ṫéiġmís. Tiḋe .i. tí. Tiaġam .i. téiġmís. Tiḋe .i. tí. Tille .i. tilleaḋ, filleaḋ, casaḋ. Timḋiḃe .i. gearraḋ, giorruġaḋ, críoċ. Timṫireaċt .i. freastal: dóṫain. Tinteaṁla .i. fíoċḋa, fraoċḋa, teasaiḋe. Tiomain--ṫ ceileaḃrad .i. ṫairg ceileaḃraḋ; tiomnaḋ .i. fág- aint. Ṫiomsuiġeadar .i. ċrapadar, ṫeannadar. Tlaċt .i. brat. Toirċe .i. iomċuir clainne, díbirt, scarṁain. Toisc .i. tosca, turas. Tolg .i. créaċt, máċaill. Tonnġal .i. cuḃar mór. Troċ .i. truaġán báis. Trom-ṫoirċim .i. suan trom. Truaill .i. dúbla, cuṁdaċ. Tualain, is tualaing mise ar .i. is féidir liom. Tuaṫ-ċaoċ .i. caoċ, ciontaċ. Tuisleaḋ .i. sleaṁnaḋ. Uaṁantar, ná huaṁantar uime ṫú; ná tagaḋ sceón ort i n-a ṫaoiḃ. Úiḋ, uiḋ, i. aire. Úiréasca .i. lán-tapaiḋ. Úiréasca .i. lán tapaiḋ. úirṡeice .i. leac oiġre. Uṁalḟosaiḋ .i. uṁlaiḋeaċt. Ur .i. ciuṁais. Uranna .i. rinne gai. Urċóid .i. dioġḃáil, lot. Urċomall .i. geall, cáirdeas. Urlaiḋeaċt .i. treascairt, lead- eaḋ. ---- Muinntir Caṫail, Clodóirí, Baile Áṫa Cliaṫ.