Fanann na heascoin sna loċa agus sna
linnte ar feaḋ a sé nó a seaċt de ḃlianta.
Ansan tagann glaoċ na farraige orṫu agus
imíonn siad.
Imíonn siad leo mar a ṫángadar, ṫar
páirceanna, ṫar goirt agus ṫar claṫaċa go
sroiċeann siad an aḃa. Snáṁann siad leo
ansan go sroiċeann siad an Ḟarraige Ṁór.
Ṫíos sa ḃfarraige, na mílte míle siar amaċ
ó Éirinn, a ḃeireann siad a gcuid uḃ. Nuair
a ḃíonn na huiḃe beirṫe acu ġeiḃeann siad
bás.
Bíonn na huiḃe ar snáṁ sa ḃfarraige nó
go ndeineann eascoin óga ḋíoḃ. Is cosúil
le ribíní beaga tanaí na heascoin óga, agus
d’ḟéadfá féaċaint tríoṫu fé mar d’ḟéaċfá
tré ġloine.
Nuair a ḃíonn na heascoin naoi mí d’aois
bogann siad leo aniar. Tugann siad aġaiḋ
ar na huiscí ina raiḃ a n-aiṫreaċa agus a
máiṫreaċa rompu. Trí bliana nó mar sin
a ḃaineann sé ḋíoḃ an turas a ċur díoḃ.
Tagann siad go dtí na sruṫáin agus na
loċa, na linnte agus na poill uisce. Caiṫeann
siad a sé nó a seaċt de ḃlianta iontu. Ansan
tagann glaoċ na farraige agus imíonn siad
leo. San earraċ a ṫagann na heascoin óga
|