Ċuaiġ an draoi ċun an tobair agus ḃí
Fionn ag taḃairt aire don ḃradán.
Ḃí teas mór ón dtine. D’éiriġ clog ar
ċraiceann an ḃradáin.
“ Ó,” arsa Fionn leis féin. “ Tá sé dóite
agam.”
Ḃuail Fionn a ordóg ar an gclog ċun é
do ḃrú síos. Ḃí an bradán te agus ḋóiġ
sé an ordóg. Ċuir Fionn an ordóg ina ḃéal
leis an dtinneas.
“ Ar ḃlaisis an bradán ? ” arsa an draoi
leis nuair a ṫáinig sé ṫar n-ais.
“ Fuaireas a ḃlas nuair a ċuireas m’ordóg
im ḃéal,” arsa Fionn.
“ Beiḋ fios san ordóig sin feasta,” arsa
an draoi.
As san amaċ, nuair a ċuireaḋ Fionn a
ordóg ina ḃéal, ḃíoḋ ḟios aige gaċ éinní a
ḃíoḋ le titim amaċ.
---
SEANḞOCAIL
Níl aon tinteán mar do ṫinteán féin.
Is gaire caḃair Dé ná an doras.
|