ċuċa agus d' iarr sé déirc orṫa. Aċ d' imṫiġ
na saiġdiúirí ṫart gan aon niḋ a ṫaḃairt dó.
fé ḋeire do ṫáinig oifigeaċ óg. Ḃí truaġ
aige do'n ḃfear ḃoċt. Ṫóg sé a ċlaiḋeaṁ agus
ḋein sé ḋá ċuid de'n gclóca ṁór a ḃí air féin.
Ċoimeád sé cuid aṁáin agus ċuir sé an píosa
eile ar ġuailne an ḟir. B'é Mártan an
t-oifigeaċ óg.
An oiḋċe sin agus é 'na ċodlaḋ ḃí
taiḋḃreaṁ aige. Ċeap sé go ḃfeaca sé Íosa
Críost agus an leaṫ-ċlóca a ṫug seisean do'n
ḃfear ḃoiċt timċeall Air. "A Ṁártain," arsa
Íosa leis, "ċuir tú orm an clóca so, mar an
rud a tugtar do'n duine ḃoċt ar mo Ṡon is
dom-sa a tugtar é."
Tamall 'na ḋiaiḋ sin d'ḟág Mártan an
t-arm ċun obair Ċríost a ḋéanaṁ. Deineaḋ
easbog de agus ċaiṫ se saoġal fada ag obair
ar son Dé.
Deirtear sa ḃFrainnc gur gile a ṡoillsiġeann
an ġrian lá ḟéile Mártain ná aon lá eile sa
ḃliaḋain.
|