oiḋċe. Ċuaiḋ sé in áirde an staiġre ċun dul
a ċodlaḋ. Ní túisce ṡrois sé an seomra
codlata ná riṫ beirt saiġdiúirí isteaċ ċuige.
Scaoil duine aca urċar aċ níor ḃuail sé an
Tiġearna Éamon agus d' éiriġ leis-sean a
ṁiodóg a ċur tríd an saiġdiúir. Leis sin do
riṫ seisear eile saiġdiúirí isteaċ sa tseomra.
Ṫárla troid ḟíoċṁar. Ṫroid an Tiġearna
Éamon go calma aċ tar éis tamall ṫuit sé
i ḃfanntais. D'ḟill na saiġdiúirí braiṫlín 'ná
ṫimċeall agus ṫugadar leo é go dtí Caisleán
Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Cuireaḋ i bpríosún é
annsan, áit ar cailleaḋ é tar éis cúpla lá.
|