Bliaḋain áiriṫe ḃeartuiġ Fionn Mac Cuṁaill
Teaṁair a ċosaint. Ḃí sleaġ iongantaċ aige
nárḃ ḟéidir a ṡárú. Ċoṁ luaṫ agus ċuala sé
an ceol siḋe do rug sé greim ar an sleiġ.
Ṫuit na daoine eile 'na gcodlaḋ aċ ċoimeád
an sleaġ Fionn 'na ḋúiseaċt.
Stad an ceol annsan agus ċuala Fionn
duine éigin ag siuḃal go trom. Ḃí ḟios aige
go raiḃ an fear siḋe ag teaċt. Do rug Fionn
ar ċlóca draoiḋeaċta a ḃí aige agus ċuir sé
'na ṫimċeall é. Leis sin ċonnaic sé an fear
siḋe ós a ċoṁair amaċ. Ḃí cuma uaṫḃásaċ
air agus lasair dearg ag teaċt amaċ as a ḃéal.
Ċuir Fionn a ċlóca idir é féin agus an lasair.
D'ionnsuiġ sé an fear siḋe leis an sleiġ agus
ṁairḃ sé é.
Nuair a ḋúisiġ na daoine as an gcodlaḋ
draoiḋeaċta a ḃí orṫa ṫaisbeáin Fionn an
fear marḃ dóiḃ. Ṁol an Rí go hárd é agus
ó'n lá san amaċ ḃí sé 'na ċeannaire ar na
Fianna.
|