B'é Ciarán an ċéad naoṁ do rugaḋ in
Éirinn. Innistear na scéalta so 'na ṫaoḃ :
Nuair a ḃí Ciarán 'na ġarsún ḃeag ḃí sé lá
amuiġ sa ṗáirc. Ċonnaic sé seaḃac ag sciobaḋ
éinín as a nead. Ḃí truaġ ag Ciarán do'n
éinín agus ġuiḋ sé go scaoilfeaḋ an seaḃac é
Leis sin ṫuit an t-éinín ar an dtalaṁ. Aċ ḃí an
créatúir boċt ar an dé deiriḋ.
"Éiriġ agus imṫiġ leat," arsa Ciarán leis.
D'éiriġ na t-éinín agus d'eiteall sé leis in
áirde sa spéir.
Ṫáinig Naoṁ Ṗádraig ċuig Ciarán lá agus
ṫug sé cluigín dó.
"Beir leat an cluigín sin go Cluain Mic
Nóis," ar seisean. "Nuair ṡroisfiḋ tú an áit
buailfiḋ sé uaiḋ féin."
D'imṫiġ Ciarán leis agus ċoṁ luaṫ agus
ṡrois sé Cluain Mic Nóis ċrom an cluigín ar
|