"Ṡoillsiġ an ġrian agus ṡéid an ġaoṫ agus
níorḃ ḟada go raḃamar go léir ċoṁ tirm le
snaoisín. Ṫáinig garsún agus cailín agus
ḋein siad cruaċa beaga ḋínn. Ḃí mise im'
ṡuiḋe ar ḃárr cruaiċe aca agus ḃí mé sásta
go leor. Tar éis cúpla lá ċonnaic mé fear
ag teaċt fé n-ár ndéin. Ḃí trucail agus
capall aige. Do rug sé greim orm-sa agus
ċaiṫ sé isteaċ sa trucail mé. Ġortuiġ sé mo
ċeann aċ ní raiḃ am agam ḃeiṫ ag gol mar
ċaiṫ sé na fóid eile sa ṁullaċ orm. Nuair
a ḃí an trucail lán ġluais sé leis aḃaile.
"Cá ḃfuil ár dtriall ?" arsa fód eile
liom-sa.
"Ní ḟeadar," arsa mise, "agus is cuma liom."
Leis sin d'ísliġ an fear an trucail agus
ċaiṫ sé gaċ fód againn ar an dtalaṁ sa ċlós.
"D'ḟan mé sa ċlós go dtí gur ṫug do Ṁaimi
isteaċ annso mé cúpla nóimeant ó ṡoin.
"Ó! Táim ag éirġe ana-ṫe ! Slán agat !"
|