Ar maidin Dé Luain
Cois gleanna do ċuaḋas
Agus mé ag cur tuairisc' mo ġéanna :
Do fuaras a dtuairisc,
Do ċuadar suas
Leis an maidrín ruaḋ agus é ar saoṫar.
Oċ! greadaḋ croiḋe cráiḋte ort,
A ṁaidrín ġránna.
Do rug uaim m'ál breáġ géanna,
Mo ċearca beaga bána,
Mo ċoiliġ ḃeaga Márta,
A's mo laċain do b'ḟearr a ḃí i n-Éirinn.
An maidrín ruaḋ ruaḋ ruaḋ ruaḋ ruaḋ,
An maidrín ruaḋ 'tá gránna ;
An maidrín ruaḋ i n-a luiġe sa luaċair,
A's bárr a ḋá ċluas i n-áirde.
|