"Ḃí fear gorm ar an mbaile Dé Saṫairn
agus ḃí a ċroiceann ċoṁ duḃ le háirne," arsa
Liam Ó Broin le Seana-Ṫaḋg tráṫnóna. "Deir
Daid go dtáinig sé ó'n Afraic."
"Agus do ṫáinig leis," arsa Seana-Ṫaḋg.
"Ó'n Afraic is eaḋ tagann na daoine gorma
go léir, tá ḟios agat."
"An raiḃ tú riaṁ ann ?" arsa Liam, "nó
an ḃfeaca tú na daoine gorma ?"
"Ḃíos ann go mion minic," arsa Seana-
Ṫaḋg, "agus tá furṁór na ndaoine ann
cosṁail leis an ḃfear san a ḃí ar an mbaile
Dé Saṫairn. Ar ṫug tú fé deara an sórt
gruaige a ḃí air?
"Ó, do ṫugas," arsa Liam, "ḃí sí go casta
dualaċ agus í ċoṁ duḃ le pic.
"Sin é an sórt gruaige atá ar na fir gorma
go léir. Ba ḃreáġ le cuid de sna cailíní in
|