"Cad 'na ṫaoḃ ná leigfiḋ tú do sna beiṫiḋiġ
an féar a d'iṫe ?" arsa Nóra.
"Mar beiḋ orm cuid de a ċur i dtaisce
ḋóiḃ i gcóṁair an Ġeiṁriḋ," arsa Tomás.
"Cad a ḋéanfaiḋ tú leis na beiṫiḋiġ go
leír ?" arsa Nóra.
"Coimeádfaiḋ mé na ba ċun bainne ṫaḃairt
dom. Díolfaiḋ mé na buláin agus na caoiriġ
agus na muca leis an mbúistéir," arsa Tomás.
"Beiḋ cearca agus laċain agam agus
béarfaiḋ siad uiḃe ḋom. Anois, ná déanfaiḋ
mé mo ċuid féin ar son na hÉireann ?"
"Déanfaiḋ tú, gan aṁras," arsa Nóra, "is
iongantaċ an duine an feirmeoir agus níor
ṫuigeas é go dtí anois. Cuireann sé arán,
leite, feoil, uiḃe, prátaí, glasraí, bainne, im
agus cáis ar faġáil dúinn."
"Agus laḃarfaiḋ mé Gaeḋilg ċoṁ maiṫ leis
na múinteoirí," arsa Tomás.
"Maiṫ an fear!" arsa Nóra.
|