Ḃí fear ag gaḃáil tré ċaṫair lá nuair
ċonnaic sé garsún ag díol éan. Ḃí na h-éin
ḃoċta i gcás aige. Do stad an fear agus
laḃair sé leis an ngarsún :
"An mór atá uait ar na h-éin?" ar seisean.
"Ḋá scilling an ceann," ars' an garsún.
"Aċ an mór atá uait orṫa go léir?" ars'
an fear.
Ċoṁairiġ an garsún iad.
"Púnt glan," ar seisean, "deiċ gcinn atá ann."
Ṡín an fear púnt ċuige agus ṫóg sé uaiḋ an cás.
D'oscail sé doras an ċáis agus d'eiteall na
h-éin in áirde sa spéir.
Ċuir san iongnaḋ ar an ngarsún agus
d'ḟiafruiġ sé de'n ḃfear cé an fáṫ gur ḋein sé é.
"Innseóċaiḋ mé sin duit," ars an fear.
"Ḃí mé im' ṡaiġdiúir tráṫ agus ċaiṫ mé tri
bliaḋna i bpríosún. Nuair a ḃí mé ann ḃeartuiġ
mé ná leigfinn ċoiḋċe d'aon rud ḃeiṫ i
bpríosún dá mbeaḋ ar mo ċumas é ṡaoraḋ."
|