ṗiocaḋ ar a ndíċeall. Níorḃ ḟada go raiḃ an
dá ṡoiṫeaċ lán.
"Is féidir linn ár ndoṫain d'iṫe anois,"
arsa Seán, "mar tá ár dteannsáiṫ againn le
taḃairt aḃaile."
D'ḟág Síle an bosca ar ṫaoiḃ an ḃóṫair aċ
do rug Seán an canna leis. D'imṫiġ siad
leo ag piocaḋ agus ag iṫe. Ḃí na sméara go
blasta agus níorḃ ḟada go riaḃ siad tamall
maiṫ ó'n bosca.
D'ḟéaċ Seán siar agus cad a ċonnaic sé aċ
sean-asal ar ṫaoḃ an ḃóṫair.
"A Ṡíle," ar seisean, "féaċ ar an asal.
Riṫ leat nó millfiḋ sé na sméara."
Do riṫ Síle ar nós na gaoiṫe agus ṫóg sí
an bocsa 'na láiṁ.
"Is maiṫ an scéal go ḃfeaca tú é," ar sise
le Seán, "nó ḃeaḋ na sméara 'na bpraiseaċ
aige."
D'imṫiġ an ḃeirt aca aḃaile annsan.
Ḃí áṫas ar Ṁam nuair ċonnaic sí na sméara.
"Leigfiḋ mé ḋuit-se an suḃ a ḋéanaṁ i
mbáraċ," ar sise le Síle.
|