T. Tá, aċ tá siad ana-ṫrom.
D. Sin é an rud atá ag teastáil uait, a ṁic,
péire trom ċun do ċosa a ċoimeád
tirm.
F. Sin é an péire is fearr sa tsiopa. Is fada
go mbeiḋ bróga ċoṁ maiṫ leo againn
arís.
D. An mór atá orṫa?
F. Púnt glan.
D. Tá siad ana-ḋaor aċ is dóċa gur fearr
péire maiṫ ḋ'ḟaġáil dó.
F. Tá na bróga go léir ana-ḋaor anois agus
ana-ġann ċoṁ maiṫ.
D. Tógfaiḋ mé an péire seo. Seo ḋuit an
t-airgead.
F. Go raiḃ maiṫ agat agus go n-éiriġiḋ do
ḃóṫar leat.
D. Slán agat.
Bíonn sé i gcóṁnuiḋe ag corruiġe aċ níor
ċorruiġ sé riaṁ as a áit? Earball an ṁadra.
|