CAILÍN NA MBRÁIṪRE.

Séamuſ ua Duḃġaill.

  Ḃí cailín fad ó i dtiġ na mbɼáiṫɼe aguſ ní ḃíoḋ aon teóɼa
leiſ an méid oibre ḃíoḋ ſí a cur roimpi le déanaṁ.
  Iſ cuma cad a ḃeaḋ gan déanaṁ aguſ b’ḟéidiɼ go mbeaḋ ſé
gan déanaṁ aɼ feaḋ ɼáiṫe, nuaiɼ déaɼfaiḋe leiſ an gcailín é
ḋéanaṁ, ’ſé an fɼeagɼa ḃíoḋ aici i gcoṁnuiḋe: “Ó ḃíoſ ċum
é ſin a ḋéanaṁ mé ḟéin.”  Ċeap na bɼáiṫɼe aɼ dtúiſ go ɼaiḃ
cailín anaḋíċeallaċ aca, aguſ iſ minic a ḃídíſ ag molaḋ an
ċailín aguſ ag maoiḋeaṁ aiſti le bɼáiṫɼiḃ eile.
  Aon lá aṁáin a ṫáinig ſean-ḃɼáṫaiɼ ċuca ó ṁainiſtiɼ eile,
aguſ nuaiɼ a ċuala ſé an t-áɼd-ṁolaḋ aɼ ċailín na mbɼáiṫɼe,
“Beiḋ ḟioſ agam-ſa,” aɼ ſeiſean, “an ḃfuil ſí ċoṁ maiṫ aguſ
deiɼṫeaɼ liom í ḃeiṫ.”
  “Cogaɼ,” aɼ ſeiſean le ceann de na bɼáiṫɼiḃ, “abaiɼ leiſ an
gcailín teaċt iſteaċ i ſeómɼa na leaḃaɼ aguſ, nuaiɼ a ḃeiḋ ſí
iſtiġ ann, abaiɼ léi guɼ ċeaɼt di na leaḃaiɼ a niġe.”
  “Aguſ cad ċuige go gcuiɼfinn obaiɼ óinɼiġe maɼ ſin ɼoimpi?
Ḃeaḋ feaɼg uiɼṫi aguſ b’ḟéidiɼ go ḃfágfaḋ ſí ſinn.  Ní fuiɼiſt
cailín maɼ í ’ḟaġáil geallaim duit.”
  “Déan ɼud oɼm,” aɼſ’ an ſean-ḃɼáṫaiɼ.
  Do ġlaoḋuiġ ſé aɼ an gcailín aguſ ní ɼaiḃ ſí i ḃfad ag teaċt,
aguſ, nuaiɼ a ṫáinig ſí, duḃaiɼt an ſean-ḃɼáṫaiɼ léi go bog
ɼéid :  “Cloiſim guɼ anaċailín ṫú.  Iſ móɼ an t-iongnaḋ liom,
a Ḃɼiġid, na leaḃaiɼ ſeo ḃeiṫ gan niġe agat fóſ.”
  “Ḃíoſ díɼeaċ ċun é ſin a ḋéanaṁ, mé ḟéin, a aṫaiɼ.”
  “Ó ní gáḃaḋ ḋuit é, a Ḃɼiġid,” aɼſ’ an bɼáṫaiɼ eile go ſeaɼḃ.
Ó ’n lá ſain go dtí an lá indiu tá Cailín na mBɼáiṫɼe maɼ ainm
aɼ éinne a ḃíonn “ċun é ſin ḋéanaṁ” i n-ionad é ḃeiṫ déanta.