AN GAD MARA

AR LORG AN ḂÉARLA.


Séamuſ ua Duḃġaill.

  Tamall maiṫ ó ẛoin anoiſ ḃí daoine ’na gcoṁnuiḋe i n-oileán
ḃeag i n-íoċtaɼ na Éiɼeann aguſ ní ɼaiḃ aca aċt an Ġaeḋilg.
Maɼ ġeall aiɼ go mbíoḋ daoine ſaiḋḃɼe ag teaċt aɼ cuaiɼt aɼ
an oileán anoiſ aguſ aɼíſ ċeap na daoine boċta ná ɼaiḃ uaṫa
aċt an Beaɼla d’ḟoġluim aguſ go mbeidíſ ſaiḋḃiɼ go deó. Lean-
ann an galaɼ céadna móɼán daoine a ċeapann níoſ mó céille
ḃeiṫ aca 'ná ḃí ag muitiɼ an oileáin.
  “Aċt cá ɼaiḃ an Béaɼla?” B’in í an ċeiſt anoiſ.
  Ḃí ’ḟioſ aca go ɼaiḃ Béaɼla i n-Éiɼinn, aċt ċualadaɼ go ɼaiḃ
an Béaɼla dob’ ḟeáɼɼ ’ſa doṁan i mBaile Áṫa Cliaṫ.
  Taɼ éiſ móɼán cainte aguſ coṁɼáiḋ ẛocɼuiġeadaɼ aɼ ḋuine
aca a ċuɼ go Baile Áṫa Cliaṫ aɼ loɼg an Ḃéaɼla.
  An lá ḃí an feaɼ ag imṫeaċt baḋ ḋóiġ leat guɼ go hAimeiɼ-
ice a ḃí ſé ag dul. Ḃí an lá ’na lá ſaoiɼe aɼ an oileán. Ṫáinig
muintiɼ an oileáin go léiɼ, óg aguſ cɼíonna, go dtí Poɼt na
hÉiɼeann aguſ cuiɼeaḋ feaɼ anonn aɼ an dtíɼ ṁóiɼ aɼ an
mbád ba ṁó aɼ an oileán.
  D’ḟág teaċtaiɼe an Ḃéaɼla ſlán aca aguſ d’imṫiġ aiɼ go Baile
Áṫa Cliaṫ. Taɼ éiſ a ḃeiṫ tamall ’ſa ċaṫaiɼ ḃí Béaɼla aige, ḋá
ḟocal, “Good-moɼɼow,” aguſ ċeap ſé go ɼaiḃ ſé i n’am
aige filleaḋ a ḃaile. Ḃí ſé tuiɼſeaċ go leóɼ ó ḃeiṫ ag coiſi-
ḋeaċt, aguſ nuaiɼ a ṫáinig ſé go dtí Féiṫ an Ċiotaiġ i n-aice
na faiɼɼge, ẛuiḋ ſé ſíoſ.
  Ḃí na focail go cɼuinn gaſta aige, ⁊ le heagla go mbeaḋ
ſiad caillte aige, ḃíoḋ ſé ag ɼáḋ maɼ ṗaidɼín “Good-moɼɼow,”
“good-moɼɼow,” “good-moɼɼow.”
  Ḃí an aimſiɼ fliuċ aguſ ḃí Féiṫ an Ċiotaiġ bog. Go deiṁin,
ḃí ſí ’na tóin aɼ bogaḋ, aguſ, nuaiɼ a ḃí an feaɼ boċt ag dul
tɼaſna, ċuaiḋ ſé aɼ láɼ aguſ d’ ḟóbaiɼ dó ḃeiṫ báiḋte. Ṫaɼɼ-
aing ſé é féin amaċ i gcuma éicint aguſ ḃain ſé amaċ an talaṁ
tiɼim. Aċt, mo ċɼeaċ iſ mo ċáſ! ḃí an Béaɼla caillte aige.
  Nuaiɼ a ṫáinig ſé a ḃaile aguſ nuaiɼ d’inniſ ſé an ſgéal do ṁuintiɼ
an oileáin, ḃíodaɼ buaiḋeaɼṫa go leoɼ, aguſ ’ſé duḃaiɼt
gaċ duine aca leiſ féin guɼ ṁóɼ an tɼuaġ naċ é féin a cuiɼeaḋ
go Baile-Áṫa-Cliaṫ.
  Aċt cad a ḃí le déanaṁ anoiſ? Ḃí an Béaɼla caillte i ḃFéiṫ
an Ċiotaiġ aguſ b’ḟéidiɼ go mbéaḋ ſé le fáġail fóſ.
  Do ġluaiſ ſeiſeaɼ de ṁuintiɼ an oileáin anonn aɼ ḃád go
dtí an dtíɼ ṁóiɼ aguſ feaɼ an Ḃéaɼla le n-a gcoiſ. Ṫeaſbáin
ſé ḋóiḃ cáɼ ċaill ſé an Béaɼla i láɼ na Féiṫe.
  Ċɼomadaɼ go léiɼ aɼ an áit a ṫóḃaċ aguſ a ṫaoſgaḋ aguſ
níoɼ ḃ’ḟada ḋóiḃ ag gaḃáil do’n obaiɼ ſeo nuaiɼ do ḃuail gad
maɼa leó.
  “Sin é an focal,” “Sin é an focal,” aɼſateaċtaiɼe an
Ḃéaɼla, “gad maɼa,” “gad maɼa.”