Ṫáinig an t-ſioṫċáin aguſ leigeaḋ ſaoɼ mé. D'ḟágaſ Caṫaiɼ
Ṗeadaiɼ i gCóiſte an Ṗuiſt ċum dul aḃaile. Ḃí go maiṫ
aguſ ní ɼaiḃ go dona go dtí go ɼaḃamaɼ ag gaḃáil tɼé
ḃóiṫɼín ċam ċuṁang. Duḃɼaſ leiſ an ngáɼda a aḋaɼc a
ẛéideaḋ aɼ eagla go mbeaḋ cóiſte ag teaċt 'náɼ naġaiḋ i
ngan ḟioſ dúinn. Ċuiɼ ſé an aḋaɼc ċun a ḃéil. Do ẛéid,
aċt ní ṫáinig pioc fuaim amaċ aiſte. Do ẛéid aɼíſ aguſ
aɼíſ eile, aċt pé ɼud a ḃí aɼ an aḋaiɼc ní ḋubaiɼt ſí húm
ná há aċt d'ḟan go ſeaſṁaċ 'na toſt. Ḃeil, ṫáɼla an ɼud a
ḃí aɼ m'aigne. Ċualamaɼ cóiſte eile ċuġainn aguſ níoɼ ṁóɼ
dúinn túiɼling. Táim cuiḃeaſaċ láidiɼ, tá'ſ agat, aguſ
ċuiɼeaſ an cóiſte aɼ mo ċeann. Léimeaſ iſteaċ ſa ṗáiɼc ṫaɼ
fáil, a ḃí tɼí ſlataċa, nó maɼ ſin, aɼ aoiɼde. Ḃí ſé beag-
áinín deaċaiɼ é ſin a ḋeanaṁ, maɼ ḃí an cóiſte paſ
beag tɼom. Ṫugaſ on cóiſte liom aɼ mo ċeann aguſ
ṫaɼ an fáil aɼíſ aɼ an dtaoḃ ṫiaɼ de'n ċóiſte eile.
Ċuaḋaſ aɼ aiſ annſan fé ḋéin na gcapall. Ċuiɼeaſ ceann
|
|