|
eóiɼiḃ aguſ ag feiɼmeóiɼiḃ an t-Sultáin. Ḃí mo ṫuaġ aiɼgid
agam aguſ ċaiṫeaſ leiſ an dá ṁaṫġaṁain é ; aċt, mo ċɼeaċ,
pé coɼ a ṫugaſ do mo láiṁ iſ ſuaſ ſan aeɼ a ċaiṫeaſ é
aguſ ḃí ſé ag eiɼġe iſ ag eiɼġe iſ ag ſíoɼ-eiɼġe, aguſ níoɼ
ſtad nó guɼ ḃuail ſé an ġealaċ. Conuſ a n-eiɼeóċaiḋ liom
teaċt aiɼ aɼíſ ? Ċuiṁniġeaſ go ḃfáſann pónáiɼí na Tuɼcéiſe
go tapaiḋ aguſ go h-áɼd. Ċuiɼeaſ ceann ſa dtalaṁ.
Ṫoſnuiġ ſé ag fáſ iſ ag fáſ iſ ag ſíoɼ-fáſ nó guɼ ẛɼoiſ ſé
an ġealaċ aguſ ċaſ ſé é féin tímpil aḋaɼc íoċtaɼaċ na
gealaiġe ċum go ɼaiḃ ſé ceangailte leiſ an aḋaɼc ſin.
Ní ɼaiḃ le déanaṁ agam anoiſ aċt dul ſuaſ ċum na
gealaiġe aċt ḃíoſ tamall ſaɼ a ḃfuaɼaſ an tuaġ, ḃí gaċ ɼud
ċoṁ geal ann. Fé ḋeiɼeaḋ fuaɼaſ é aguſ 'ſé áit 'na ɼaiḃ
ſé ná aɼ ċaɼn ṁóɼ tuiġe aguſ dɼáḃuíl. Aċt aɼ mo ċaſaḋ
anuaſ fuaɼaſ go ɼaiḃ an gaſ feóite le teaſ na gɼéine aguſ
náɼ ḟéadaſ tuiɼling. Luiġeaſ iſteaċ ċum oibɼe annſan ag
caſaḋ ſugáin aɼ an tuiġe aguſ nuaiɼ a ḃí an tuiġe aɼ fad
ídiṫe, ċeanglaſ an ſúgán le h-aḋaɼc na gealaiġe aguſ ẛlea-
ṁnuiġeaſ ſíoſ. Aċt ní ɼaiḃ ſé fada a ḋóṫain aguſ nuaiɼ
|
|